Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 371
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí sé ar dhuine de na cumadóirí ba mhó cáil i saol na Gaeilge i rith na tréimhse 1930-60; sna deich mbliana tosaigh den Oireachtas b’fhéidir a rá gur phearsa lárnach é in imeachtaí ceoil na Féile ··· Níl a fhios conas a d’fhoghlaim sé Gaeilge; bhí a dhóthain aige di chun teacht slán in aon chomhluadar nó in aon ghnó a bhí idir lámha aige; ag Oireachtas 1940 thug sé léacht i nGaeilge ar ‘An ceol Gaelach agus an lá atá inniu ann’ agus Domhnall Ó Corcora [q.v.] mar chathaoirleach aige ··· Ag an gcéad Oireachtas athbhunaithe i 1939 bhí sé ina bhall den choiste thar ceann an Cheol-Chumainn agus sheinn ‘Píosaí ó Phetrie’ ag an gceolchoirm ··· Bíonn a ainm le feiceáil go han-mhinic i dtorthaí na gcomórtas ceoil agus sna cláir, é ina mholtóir, ina stiúrthóir ar an gceolfhoireann, agus ina bhall d’fhochoiste an cheoil; bhí sé féin agus Mollie ag seinm ag Ceolchoirm Iubhaile an Oireachtais i 1947. B’fhéidir a rá gurbh fhear amharclainne é ··· Cuimhnítear freisin ar Loisceadh na Teamhrach, ar mheascán de cheoldráma agus de ‘dhamhas-dráma’ é, ag Oireachtas 1943. Thug an tOireachtas coimisiún dó chun ceoldrámaí a scríobh: Nocturne sa Chearnóig (25 Deireadh Fómhair 1944 sa Ghaiety), agus Trá na Taoide (21 Deireadh Fómhair 1945 i gColáiste na Carraige Duibhe
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar ghearrscéal agus ar an dán ‘An Londubh sa Choill Phéine’ in 1947 ··· Bhuaigh ‘Oíche Nollag’ (‘Dá mbeadh mileoidian agamsa / Ní bheadh Críost gan cheol anocht’) duais Oireachtais dó in 1948 agus bheadh ar cheann dá dhánta aitheanta ··· Bhuaigh sé príomhdhuais ag Oireachtas 1961 le Cúirt an mheán oíche ··· Bhuaigh sé duais Oireachtais, Duais an Chlub Leabhar, agus Gradam an Oireachtais ··· Thug sé léacht an Oireachtais in 1965
Is faoina stiúir a bhuaigh Craobh Uíbh Ráthach Sciath an Oireachtais sna blianta 1906 agus 1907 ··· Ach ba é tuairim Risteáird Uí Ghlaisne gurbh ainm cleite é, ainm a roghnaigh sé dó féin i gcomhair chomórtais an Oireachtais: ‘Agus níl aon ainm cleite a sheas chomh fada ná chomh buacach le ainm cleite Phádraig Uí Shiochfhradha—“An Seabhac” ··· Ag Oireachtas 1918 ghlac sé páirt sa chomórtas veidhleadóireachta agus bronnadh duais speisialta air. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh nuair a bunaíodh iad agus bhí sé ina oifigeach ceannais ar Óglaigh Chorca Dhuibhne ··· D’fhág sé an tseirbhís phoiblí i 1932 agus as sin amach bhí sé ina eagarthóir, agus níos deireanaí ina stiúrthóir, sna comhlachtaí foilsitheoireachta, Comhlucht an Oideachais agus Clólucht an Talbóidigh. Bhí sé ar an dream a d’fhéach chuige go mbeadh an tOireachtas ar siúl arís ··· ‘Ba mhaith an lá sin don Oireachtas, mar d’éagmais a chumais is a threorach is a dhúthrachta ní éireodh linn choíche faoi mar a d’éirigh
Ball de Chomhairle an Oireachtais é in 1900 ··· Bhuaigh sé an chéad duais ar aiste staire ag Oireachtas 1904 ··· Ba é a thug óráid Oireachtais 1914 i gCill Airne, agus ag Oireachtas 1916 léigh sé an óid thar ceann Pheadar Uí Annracháin a bhí i bpríosún ··· Do cheap sé dráma a bhain an chéad duais ag an Oireachtas trí bliana ó shin, An Dochtúir Bréige ··· Léiríodh é ag an Oireachtas i mbliana’
I 1955 ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge agus ina rúnaí ar Oireachtas na Gaeilge ··· Bhí sé ina Stiúrthóir ar an gConradh agus ina Rúnaí ag an Oireachtas ó 1969 gur éirigh sé as obair i 1979 ··· Bhí sé ina Uachtarán ar an Oireachtas i 1988 ··· Cé go raibh aithne go forleathan air mar Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge chuir pobal i bhfad níos leithne aithne air mar Rúnaí ar an Oireachtas, go háirithe nuair a bogadh imeachtaí an Oireachtais amach faoin tír, mar ansin bhí sé ag déileáil le coistí áitiúla ar fud na tíre ··· Sa tréimhse fiche cúig bliain sin ag obair don Oireachtas dó, chuir sé stró nach beag air féin ar mhaithe le Gaeil’ (eagarfhocal Feasta, Iúil 1989). Bhí rí-spéis aige sa drámaíocht
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ó 1937 go 1964 bhí príomhpháirt aige in Oireachtas na Gaeilge agus ba é ba thúisce a chuir chun tosaigh in 1937 go ndéanfaí an fhéile a athnuachan agus ba é a bhí i gceannas na réamhoibre ··· Thuig an pobal trí chéile cé hé Aindrias agus sin comhartha measa i dtír ar bith.’ Bhí sé ar Choiste Gnó an Chonartha ar feadh 1930-70, ina chathaoirleach ar an gcoiste a d’athbhunaigh an tOireachtas in 1937-39, ina Chathaoirleach ar an Oireachtas ar feadh 1945-62, ina uachtarán ar Oireachtas 1964 agus ina phátrún ag an bhféile as sin amach ··· Thug sé óráid an Oireachtais in 1942 agus arís in 1948; bíodh go raibh sé solabhartha mar óráidí ba mhó, b’fhéidir, a bhaineadh daoine pléisiúr as stíl nósach agus gothaí na hóráidíochta aige ná as substaint a chuid cainte ··· Scríobh sé Dóchas agus Duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932, [1975], leabhar a bhuaigh Comórtas Dhonncha Uí Laoire do shaothar taighde ag Oireachtas 1974; roghnaigh an Club Leabhar an leabhar sin don séasúr 1975-76
Ag Oireachtas 1902 bhuaigh sí an chéad duais ar aiste i dtaobh an Tiarna Edward FitzGerald ··· Ba í a bhain an dara duais ag Oireachtas 1908 sa roinn "Seanlitríocht na nGael agus nualitríocht na hEorpa curtha i gcóimheas lena chéile féachaint cé acu is fearr mar cheap agus mar sholaoid nualitríochta do scríbhneoirí na Gaeilge" (i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Eanáir 1909) ··· Léiríodh dráma ceithre ghníomh dá cuid, Cois Abhann Araglainn, ag Oireachtas 1911 ach níor foilsíodh riamh é. In 1923 foilsíodh Scéalta ó Ghrimm, aistriúchán a rinne sí, agus in 1936 b'uirthi a thit sé eagar a chur ar Peig agus ar Machtnamh seana-mhná, le Peig Sayers ··· Mar mhac léinn bhí sí ar an mbeagán ban ar foilsíodh ábhar uathu in St Stephen's, iris Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Sna 1920idí luatha bhí sí an-ghníomhach i gcúrsaí an Chonartha agus an Oireachtais, í ina leasuachtarán ar an gConradh ··· Ba í a ceapadh thar ceann an Chonartha agus thar ceann Chomhdháil na Múinteoirí Náisiúnta mar chathaoirleach ar an gcoiste speisialta a bunaíodh in 1920 chun clár na Gaeilge sna scoileanna a leagadh amach, an clár ar ghlac an Rialtas Sealadach leis in Eanáir 1922. Ba dhuine de bhunaitheoirí Chumann na Scríbhneoirí í le linn Oireachtas 1920. Bhí a hiníon Niamh ina haisteoir aitheanta i ndrámaí Gaeilge
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2015 Bhí baint riamh ag Úna Uí Lachtnáin le gluaiseacht na Gaeilge – An Réalt, Pobal Chluain Tarbh, Fondúireacht an Phiarsaigh, ach thar aon rud eile, bean Oireachtais go smior ab ea í ··· Bhí sí páirteach in eagrú na n-imeachtaí bliantúla ag an eagras: Éigse Chluain Tarbh; turais stairiúla; ciorcal cainte; aonach cártaí Nollag, etc. In 1960 feictear a hainm, Úna Nic Shíomóin roimh phósadh di, ar choiste an Oireachtais den chéad uair, agus í mar ionadaí An Réalt ··· In 2011 toghadh í d’aonghuth don ról oinigh mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge. Rinne sí ionadaíocht thar ceann an Oireachtais i mórán áiteanna, ag cruinnithe agus ar choistí éagsúla in Éirinn ··· D’fhreastail sí mar theachta bráithreachais ar na féilte Ceilteacha eile: Am Mòd Nàiseanta Rìoghail in Albain, Eisteddfod Genedlaethol Cymru sa Bhreatain Bheag agus Yn Chruinnaght ar Oileán Mhanann, agus bhí sí thar barr ag cur fáilte rompu siúd a thagadh ó na tíortha sin chuig an Oireachtas ··· Chuir sí de dhua uirthi féin an Bhreatnais a fhoghlaim agus bhí an teanga sin líofa go leor aici. Seo mar a chuir Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtais, tús le cuntas uirthi ar Chlár Oireachtas na Samhna, Cill Airne, 2014: Níor chuala mé Úna riamh ag casadh amhráin ná ag seinm ceoil, ní heol dom gur scríobh sí dán riamh ná amhrán
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 In aiste faoin gcéad Oireachtas in 1897 (An Glór 24 Bealtaine 1947) scríobh Tadhg ó Donnchadha [B1]: ‘Ní nach ionadh do chabhraíomar go léir leis an obair, oiread agus ab fhéidir linn ··· Ach tar éis an clár a shocrú thit urmhór an dua ar an rúnaí Séamus Ó Cathasaigh, agus is ábalta a rinn sé a chion, ní hamháin don chéad Oireachtas, ach do gach ceann ina dhiaidh sin go bhfuair sé bás... ··· Má bhí an lá leis an gcéad Oireachtas is dósan atá barr moladh ag dul’. Mac ba ea é le William Casey, cléireach ··· Nuair a beartaíodh ar 25 Lúnasa 1896 Féile an Oireachtais a chur ar bun ceapadh triúr de bhaill an Ard-Choiste chun na socraithe a dhéanamh: Séamus, Pádraig Mac Cathmhaoil (Keawell) agus Dónall Ó Conchubhair [q.v.]. Dúirt Torna: ‘Bhí taithí aige ar ghnó rúnaíochta ina oifig ag ceann an bhóthaír iarainn ag Droichead an Rí agus thugadh sé a chuid eolais agus a dhúthracht don obair a dhéanadh sé do Chonradh na Gaeilge... ··· Dúirt Risteárd Ó Foghludha[B1] in Misneach 22 Deireadh Fómhair 1919 go raibh sé ag cruinniú de choiste an Oireachtais an Satharn roimhe sin ‘agus é chomh himníoch i gcúrsaí na gcomórtas liteartha is mar bhí sé aon bhliain go dtí seo, ón lá a céadchuireadh an tOireachtas ar bun...
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais filíochta — foilsíodh roinnt dá dhánta in Feasta ··· ‘A new feature of the Oireachtas this year was the introduction of a prize for the encouragement of our native dances which were in no less danger of dying out ··· Ghnóthaigh sí an chéad duais ag Oireachtas 1901 sa phort dúbailte agus sa ríl ··· Fuair sí an chéad áit i gceann de na comórtais ag Oireachtas 1908 (idem 15 Lúnasa 1908) ··· Ghnóthaigh sí an chéad duais sa veidhleadóireacht ag Oireachtas 1913 (idem 16 Lúnasa 1913)
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais an bhliain sin (idem 27 Lúnasa 1909) agus arís i 1911. Tá mórchuid tagairtí dó sa Claidheamh i rith 1909-11: é ina mholtóir agus ina scrúdaitheoir ag feiseanna ar fud na hÉireann; é ag seinm an veidhlín ag aeraíocht i mBaile na Carraige san Iarmhí; ag seinm i gceolchoirm sa Chreagán i nGaillimh; ina rúnaí ar an bhfochoiste le breathnú isteach i meastacháin an Chonartha; dráma nua a bheith scríofa aige, Áine Ní Ruairc, a léireofaí ag an Oireachtas (4 Meitheamh 1910); é ina Ollamh Cúnta i gColáiste Chonnacht sa Spidéal; é a bheith ag breacadh síos cuid de na foinn a bhí á seinm ag Feis Chonnacht i 1910; comhfhreagras le Tomás Ó Máille[B3] ar siúl aige i dtaobh staid na teanga i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; gur aistrigh sé ‘The Wreath’ le Sir Julius Benedict ar mhaithe le ceolchoirm ag an Ard-Chraobh (17 Feabhra 1912); gur léiríodh dráma beag a scríobh sé i gcomhair Fleadh na Nollag—staicín áiféise a dhéanamh de dhream an Litrithe Shimplí fáth a scríofa (14 Eanáir 1911). In alt ar Scoil Éanna in Irish Independent 2 Aibreán 1938 scríobh Jerome F ··· Thug sé léacht ar cheol traidisiúnta na hÉireann ar 2 Lúnasa 1911 ag comhdháil a tionóladh i rith an Oireachtais. Bhí aistí i gcló aige idir 1908 agus 1912 in An Claidheamh Soluis, An Macaomh, An Barr Buadh ··· Bhí Cluicheoirí na hÉireann lena léiriú ag Oireachtas 1910 ach b’éigean é a chur ar ceal mar gheall ar fhadhb a bhain le cearta aisteoireachta ··· Léirigh siad a bhundráma Áine agus Caoimghín ag an Oireachtas sin agus foilsíodh é an bhliain chéanna ··· Lean sé air ag teagasc i gColáiste Laighean go 1913 (idem 18 Deireadh Fómhair 1913) agus léigh sé páipéar do Chúirt Chumann na hÉigse ag Oireachtas 1914 (idem 8 Lúnasa 1914) ach is beag má tá aon tagairt dó sna hirisí ina dhiaidh sin
Chum sé ‘Fantasia of Irish airs’ i gcomhair an Oireachtais in 1897 (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897) ··· Thabharfá leat ó thuairisc ar cheolchoirm an Oireachtais in An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1899 gur phíobaire maith freisin é: ‘He plays in the traditional style, with the simple melody first presented, and then the characteristic variations’ ··· In éineacht le Breandán Mac Ruaidhrí[q.v.] bhí sé ina mholtóir ar cheol uirlise ag Oireachtas 1901 (idem 2 Márta 1901). Sa pháipéar céanna tá tagairt dó in imeachtaí Choiste na bhFoilseachán den Chonradh: ‘The committee have in contemplation the publication, at a popular price, of a collection of harp music, the editing of which will be undertaken by Mr Owen Lloyd’ ··· Bhí sé ina bhall de choiste ceoil agus ealaíne an Oireachtais (idem 19 Iuil 1902) ··· Bhí sé ina ollamh i Scoil Éanna agus mhúineadh sé an veidhlín agus an chláirseach (idem 15 Lúnasa 1908). Sheinn sé ag an gcéad Oireachtas agus bhí baint aige leis an bhféile anuas go 1920
Chínn ceathrar acu le linn na nOireachtas fadó ··· Bhí sé ina chathaoirleach i 1904 ar fhochoiste a scrúdaigh rúnta i dtaobh an Oireachtais le haghaidh na hArd-Fheise ··· Bhuaigh sé an dara duais ag Oireachtas 1921 ar aiste ar chúrsaí tionscail agus ar fheabhsú shaol an phobail ··· Bhí sé ina bhall d’fhochoiste a ceapadh i 1937 chun an tOireachtas a athbhunú agus ina bhall de choiste an Oireachtais i 1939 agus den fhochoiste a bhí ag plé leis na cumainn Ghaelacha éagsúla
Bhí páirteanna acu go léir i ndráma Thomáis Uí Aodha [B2], Seán na Scuab, ag Oireachtas 1904. Ar 30 Meitheamh 1874 a rugadh Síle ··· Bhuaigh sí duais i gcomórtas amhránaíochta Oireachtas 1906 agus bhí páirteach in éineacht le duaiseoirí ag Oireachtais eile roimhe sin i mór-cheolchoirm ··· Is mar seo a thagair Pádraig Mac Piarais [q.v.] do scata díobh: ‘There are three or four singers (all more or less products of the Oireachtas) who have been working on the lines we suggest ··· Teanór ba ea é agus bhuaigh sé an dara duais sa roinn sin ag Oireachtas 1902
Rugadh iníon amháin dóibh, Máire, a bhuaigh bonn óir Oireachtais ar amhránaíocht sean-nóis. Fuair sé post múinteora Gaeilge i gCúil Aodha i 1924 ··· Scríobhadh sé féin filíocht, scéalta, drámaí agus sceitseanna agus is iomaí duais Oireachtais a bhuaigh sé ··· Chum sé an sluaghán ‘An Ghaeilge marbh, Éire balbh’ don Oireachtas ··· Bhuaigh a dhráma Uisce na dTrí dTeorann duais ag Oireachtas 1944 agus foilsíodh é i 1953 ··· Aistriúchán a rinne sé féin agus Dónall Ó Céileachair ar Hugh Roach the Ribbonman le James Murphy is ea Aodh de Róiste, 1931. Labhair sé leis an slua i Halla Damer 29 Deireadh Fómhair 1956 nuair a bhí tionól ann ag Muintir Chúil Aodha i ndiaidh an Oireachtais
Tháinig sí os comhair shaol na Gaeilge nuair a ghnóthaigh sí duais ar aiste faoin teideal “Brí na teanga i gcúis na náisiúntachta” ag an gcéad Oireachtas in 1897 ··· Bhuaigh sí duais san amhránaíocht ag Oireachtas 1898 ··· Idir shúgradh is dáiríre dúirt sí freisin: “The beginning of modern Irish drama was in the winter of 1898 when Douglas Hyde and Miss Borthwick acted in Irish in a Punch and Judy show”. Norma agus Torna a chuir eagar ar imeachtaí foilsithe Oireachtas 1898 ··· Comhthoghadh í ina ball den Choiste Gnó in 1899 agus bhí sí ina rúnaí ar Oireachtas na bliana sin ··· D’éirigh sí as obair an Choiste Gnó agus as rúnaíocht an Oireachtais i Samhain 1899
Deir Máighréad: ‘This brings the present setting of this air (‘An Craoibhín Aoibhinn’) back 150 years or almost to the time Father William English [Liam Inglis B7] was writing.’ In ómós do Dhubhghlas de hÍde[B4] a chanadh Máighréad an t-amhrán sin ag na hOireachtais. D’éag sí 28 Eanáir 1952 agus is é atá sa taifead báis go raibh sí 72 bliain d’aois ··· Amhránaí aitheanta ba ea í i dtús an 20ú haois agus ag Oireachtas 1901 bhain sí an chéad duais i gcomórtas amhránaíochta na mban ··· Ghlac sí páirt i gceolchoirmeacha Oireachtais 1906, 1913, 1917 agus 1919 ··· In Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 tá i gcló ag Donncha Ó Súilleabháin [B8] an méid a scríobh Pádraig Mac Piarais [B4] in An Claidheamh Soluis 9 Meitheamh, 1906 ar ‘Traditionalism’: ‘There are three or four singers (all more or less products of the Oireachtas) who have been working on the lines we suggest ··· They form in our opinion, the nucleus of a native school of vocal art: and their method has been to develop that which they have either inherited or assimilated from the folk amongst whom they were born or have lived.’ Bhuaigh sí duaiseanna ag Oireachtais 1909 agus 1910 ar chumadóireacht cheoil
Bhí scoil timireachta ar bun aige i mBaile Átha Cliath i 1918 agus arís i 1919 (Fáinne an Lae, 24 Bealtaine 1919) agus bhí ina rúnaí ag coiste Bhaile Átha Cliath ag Oireachtas 1920 ··· Tá tagairt in Inniu 4 Bealtaine 1952 do cheann díobh: ‘Scríobh sé dráma a léiríodh ag Oireachtas i gCill Airne ··· Ba é seo Pósadh an iascaire a bhuaigh an chéad duais ag Oireachtas 1913 ··· Ag Oireachtas 1920 bhí páirt Chú Roí aige i ndráma Sheáin Uí Cheallaigh [B3]. D’inis Micheál Ó hAodha (1889–1976) scéal ina thaobh (i gcló in Kevin Barry and his time)
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Seo é an file a bhí ina rúnaí ag an Oireachtas ó 1939 go 1944 ··· Tá dánta leis i gcló in Éire, bliainiris Gael, 1943. Bhí sé ina rúnaí go sealadach ag an gcoiste a d’athbhunaigh an tOireachtas ach i gclár Oireachtais 1944 tá fógra i ngeanchuimhne air a deir go raibh sé ina rúnaí oinigh ag an bhféile 1939-43 ··· Tá sé i measc mhuintir an Oireachtais sa chartún deas atá ag Seosamh Mac Crosáin in Scéala Éireann 28 Deireadh Fómhair 1940
Bhuaigh a aiste léirmheasa ‘La Pléiade’ duais ag Oireachtas 1919 agus foilsíodh in Gaethe gréine é ··· I gcomhar le Séamus Ó hAodha[B3], a raibh gaol cleamhnais aige leis, scríobh sé dráma míorúilteach An clochar a léirigh scoláirí Scoil Chlochar na Trócaire ag Oireachtas 1919 i gCorcaigh ··· Thug sé Léacht an Oireachtais ag an gcéad fhéile athbhunaithe in 1939 ar ‘An Stát agus an Duine in Athbheochan na Gaeilge’ ··· B’é príomhfhealsamh agus smaointeoir Ghluaiseacht na Gaeilge é’ (Inniu 15 Eanáir 1965). Bhíodh a phictiúir i dTaispeántas Ealaíne an Oireachtais agus ceapadh ina bhall é den Chomhairle Ealaíne 1952-56 ach níor fhreastail ach ar bheagán de na cruinnithe
now an tSiúr Ciarán in Callan Convent of Mercy, won several prizes for drama at recent festivals of the Oireachtas, some under the pen-name of “Bean Dubh an Ghleanna”, a name she signed to many Irish contributions in the press before she entered’ ··· Bhuaigh sí duais Oireachtais lena dráma Bean Sí agus Bean Tí ··· Ag Oireachtas 1941 ghnóthaigh a dráma Coisc na Mná Feasa duais ar ghearrdhráma do dhaoine óga; faoin ainm cleite ‘Carraigín na mBocht’ a chuir sí isteach é (Ar Aghaidh, Deireadh Fómhair 1941) ··· Bronnadh duais speisialta uirthi ag Oireachtas 1946 ar scéal do dhaoine óga
Bíonn a ainm le feiceáil i gcláir agus i dtorthaí chomórtais an Oireachtais ó 1940 amach: duaiseanna ar amhráin a ghléasadh, ar chnuasach amhrán, ar fhoinn a chumadh; Cór Chraobh an Chéitinnigh agus Ceolfhoireann an Oireachtais féin á stiúradh aige; é ina bhall de Fhochoiste an Cheoil ··· Fuair sé Duais Uí Chearbhalláin ón stáisiún agus duaiseanna ó Acadamh Ríoga an Cheoil, ón Oireachtas agus ón bhFeis Cheoil
Rinne sé cór seasca guth a oiliúint le ‘Dán-mholadh na Gaeilge' agus ‘An Spailpín Fánach’ a chanadh ag Oireachtas 1900 ··· Faoi a fágadh na socruithe ginearálta ceoil le haghaidh Oireachtas 1901 a dhéanamh; bhí sé ina mholtóir ar amhránaíocht agus, in éineacht le Owen Lloyd [q.v.], ar cheol uirlise ··· I 1903 bhí sé ina bhall de Fhochoiste Ceoil an Oireachtais
Bhí an tOireachtas ar siúl lá arna mhárach agus scríobhadh an nóta seo in An Claidheamh Soluis 17 Bealtaine: ‘A protest having been made against the association of Mr George Moore’s garden-party with the Oireachtas, it is necessary to state that Mr Moore’s entertainment is an entirely private one, for which neither the Executive Committee nor the Oireachtas Committee have any responsibility’ ··· These lectures, which will be continued from time to time, are being organised by Coiste na gCailíní’. Ag Oireachtas 1907 fuair sí an chéad áit sa chomórtas ‘Taisbeántas don mhodh múinteoireachta is fearr a oireann don Ghaeilge’
Bhuaigh sé bonn óir ar amhrán úrnua ag Oireachtas 1902 agus duais eile ar amhrán úrnua in 1904 ··· Bronnadh duais air as Óid i gcomhair Oireachtas 1914 a scríobh agus foilsíodh é in An Claidheamh Soluis 22 Lúnasa 1914 ··· Ghlac sé páirt sna comórtais scéalaíochta ag Oireachtas 1941 agus bhuaigh sé an chéad duais in 1954 agus arís in 1955
Ag Oireachtas 1902 bhuaigh sé an chéad duais ar óráid ullmhaithe i dtaobh lánstaonadh ón ólachán agus ar óráid impromptu (An Claidheamh Soluis 31 Bealtaine 1902) ··· Bhuaigh sé an chéad duais ar liosta de logainmneacha ag Oireachtas 1904. I Márta 1903 bhí sé ar dhuine den cheathrar a chuir isteach ar phost eagarthóir An Claidheamh Soluis ··· Tuairiscíodh in Sinn Féin 3 Samhain 1906 gur shroich ‘An Déiseach’ (Pádraig Mac Suibhne) Cúirt Uachtarach Chomhaltas an Phléimionnaigh. Iarradh air óráid an Oireachtais a thabhairt i 1906 agus tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis 25 Lúnasa 1906
Dúirt an Seabhac faoin gCraobh a bhí ansin: ‘Do sháraíodar craobhacha Átha Cliath is na hÉireann uile ag an Oireachtas sa bhliain 1906 agus 1907 ··· Bhuaigh sí duais Oireachtais i 1909 leis an scéal ‘An Cara Fealltach’ agus bhí sé i gcló in Weekly Freeman 11 Nollaig 1909 ··· Faoin ainm Mrs McDonough Mahoney a scríobh sí é (Prose Literature of the Gaelic Revival: Ideology and Innovation, 1994 le Philip O'Leary). Bhí ainm Mháire in airde mar aisteoir ag Oireachtas 1911
Bhí sé ina bhall den chumann sin agus fuair an chéad duais Oireachtais ar an bhfeadóg i 1902 (Scéal an Oireachtais 1897-1924 le Donncha Ó Súilleabháin) ··· Tuairim an ama sin d’éirigh leis post mar chléireach sóisearach a fháil i Roinn an Oideachais. Bhí Francis O’Neill[q.v.] in Éirinn tuairim 1911 agus thug an cuntas seo air in Irish Minstrels and Musicians: with numerous dissertations on related subjects, 1913: ‘Séamas Mac Aonghusa—otherwise James Ennis—of the Dublin Pipers’ Club, who was awarded second prize [ag Oireachtas 1912], is a new Richmond in the field of piping ··· Comhartha ar a cháil mar phíobaire lena linn is ea gur roghnaíodh é féin agus an píobaire William Andrews (a bhuaigh an chéad duais ag Oireachtas 1911) chun seinm ag oscailt oifigiúil 2RN, an córas náisiúnta craolacháin, 1 Eanáir 1926
Ag Oireachtas 1904 bhuaigh muintir Oisín an chéad duais ar ‘chomhrá i measc líon tí’ (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin) ··· Tuairiscíodh gur bhuaigh a deirfiúr Áine comórtas na sinsear agus na sóisear, rud nach ndearnadh riamh cheana, agus gur roinn Mairéad an chéad áit cúig huaire agus an dara háit i gceann amháin de na comórtais (An Claidheamh Soluis 13 Lúnasa 1904). Tá an t-aguisín seo i dtaobh Chorn Airgid an Oireachtais i leabhar sin Dhonncha Uí Shúilleabháin: ‘Fógraíodh ar Chlár Comórtas 1906 go raibh Corn Airgid le gnóthú ag an iomaitheoir is mó marc sa roinn litríochta agus i roinn na teanga ··· Ghlac Áine páirt i gceolchoirm an Oireachtais i nGaillimh i 1913
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí baint mhór aici le hathbhunú Oireachtas na Gaeilge i 1939 agus bhí sí ar an duine, b’fhéidir, a thug an tréimhse seirbhíse is faide riamh, seachtó bliain, do Chonradh na Gaeilge ··· I 1939 bhí sí i measc phríomhbhunaitheoirí an Oireachtais athbhunaithe agus, ó ba spéis léi riamh an chuntasaíocht, bhí sí ina comhchisteoir ag an bhféile ··· Bhí baint aici freisin le bunú Thaispeántas Ealaíne an Oireachtais
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí an fonnadóir seo ina Uachtarán ar Oireachtas 1980 i nGaoth Dobhair, Co ··· Tá aiste (‘Mo pháirt san Oireachtas ó 1939’) aige in Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, 1997 in eagar ag Seán Mac Mathúna ··· Bhuaigh sé an chéad áit san amhránaíocht sean-nóis, in agallamh beirte agus in amhrán saothair ag Oireachtas 1942
Thar rud ar bith eile d’fhéadfá a rá go mba fhear mór Gaeilge é a bhí gníomhach i gConradh na Gaeilge agus a raibh dlúthbhaint aige leis an Oireachtas ··· Dúradh faoi nár chaill sé Oireachtas le breis agus tríocha bliain’ (Ó Raghallaigh) ··· Ceapadh é ina Uachtarán ar Oireachtas 1996 i nGaoth Dobhair
Le feirmeoireacht a chuaigh sé féin agus ag Oireachtas 1900 bhain sé an chéad duais ar bhailiúchán de scéalta nár foilsíodh cheana ··· Ag Oireachtas 1924 bhuaigh sé an dara duais ar ‘Cnuasach de sheanamhráin ó bhéal na ndaoine ach gan na hamhráin a bheith foilsithe cheana’ ··· Iarradh air Óid an Oireachtais a chumadh i 1906
Aimsir an Oireachtais leis, gach bliain, níor dhóichí rud ná go bhfeicfeá an triúr agus scata carad ina dtimpeall ag croitheadh lámh leo agus ag traoslú leo duaiseanna éigin a bhíodh buaite acu’ (Seana-bheist in An tIrisleabhar, iris na n-oifigeach cánach, Meán Fómhair 1938). Bhuaigh Tadhg duais Oireachtais den chéad uair in 1898 ··· Ag Oireachtas 1905 ghnóthaigh sé bonn óir an Freeman’s Journal ar aiste
Joyce [q.v.] ina gcomhairleoirí ag an gcéad Oireachtas a thosaigh an lá roimh an chéad Fheis Cheoil ··· Bhí sí i gceannas chór speisialta an Oireachtais a chan an curfá ··· Bhí sí mar mholtóir ceoil ag Oireachtas 1898. Ó 1897 go 1908 bhí cónaí uirthi i Londain agus in 1909 chuaigh sí chun cónaithe i gCorcaigh agus bhí ina horgánaí in Eaglais Naomh Áine (An Seandún)
In Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1897, tá scéal Fiannaíochta a fuair sé ó bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair, an Cnoc Dubh, Cuilinn, agus fuair sé duais Oireachtais in 1899 ar scéal eile ón bhfear céanna ··· Arís ag Oireachtas 1902 fuair sé duais sa chomórtas ‘Dornlach de sheanscéalta nár cuireadh i gcló riamh fós’ ··· Bhí iarracht istigh aige ar chomórtas Oireachtas 1906
Ghnóthaigh sé an dara duais ag Oireachtas 1912 lena dhráma Cú Chulainn agus Cú Roi agus bhí sé mar chisteoir ag an gcomplacht Na hAisteoirí a bunaíodh in 1913 ··· Is inspéise gur bhuaigh amhrán a chum sé, ‘Sinn Féin amháin’, bonn óir ag Oireachtas 1905 ··· Aistriúchán ar dhráma le Séamus Mac Maghnais is ea Liúdaidhe óg na Leargadh Móire (1905). Tá léiriú maith ar scóp a chuid scríbhneoireachta sna duaiseanna Oireachtais a bhain sé ó 1901 amach (liostaithe ag Donncha Ó Súilleabháin in Scéal an Oireachtais, 1984)
Bhí a dheartháirsean ina bhall den Choiste Gnó—Seán Mac Caoilte—agus cúpla duais Oireachtais buaite aige lena chuid drámaí. Ba mhaith le Pádraig ón gcéad lá spéis leanaí sa Ghaeilge a mhúscailt ··· Ghnóthaigh dráma a scríobh sé, An siodhbhradh, duais Oireachtais ··· Chuir Pádraig imlitir amach chuig na scoileanna i 1944: ‘Tá an leabhar coiscithe sna scoileanna ó cuireadh i gcló é ceithre bliana ó shin agus ós rud é nach féidir é a dhíol dá dheasca táthar á scaipeadh in aisce ionnas go dtuigfear cad é an saghas dráma nach ceart duais a thabhairt dó agus chun ná déanfaidh moltóirí an Oireachtais an botún céanna arís
Chiarraí. Tháinig sé os comhair an phobail i dtosach nuair a bhuaigh sé an chéad duais ag Oireachtas 1902 sa chomórtas “Dornlach filíochta a cuireadh síos ó bhéalaithris agus nár cuireadh i gcló riamh fós” ··· Bhí spéis ar leith aige sa Mhodh Díreach agus i 1906 bhí iarracht istigh aige sa chomórtas Oireachtais do mhodhanna múinte. Sa Bheilg a tháinig an chéad bhabhta den phliúrasaí agus den asma air ··· D’éirigh sé as an tseirbhís i 1947. Bhí baint aige le heagrú an Oireachtais i 1922–24 agus timpeall an ama sin chuir Brún agus Ó Nualláin amach a shraith de léaráidí balla a bhí déanta aige mar chúnamh do mhúinteoirí, agus lámhleabhar, An modh ceart, ag gabháil leo
Ag Oireachtas 1898 bhuaigh sé an duais ar “Thrí scéal ghreannmhara” ··· Bhí sé ina mholtóir sa chomórtas próis ag Oireachtas 1901. Is é Beirt fhear ón dtuaith an leabhar is mó a chuir a ainm i mbéal an phobail léitheoireachta agus ba é a thug a leasainm dó ··· In 1910 bhí comórtas Oireachtais do ‘Leabhar ar nós Beirt Fhear ón dTuaith ach amháin go gcaithfear cur síos go cruinn ann ar ghnáth-shaol na cathrach’
Tar éis an Éirí Amach bhí sé ina oifigeach i gComplacht C de Bhriogáid a hAon Chorcaí. Bhí sé ina bhall den choiste i gCorcaigh a d’eagraigh Oireachtas 1919 ··· Air a thit cúraimí rúnaíocht an Oireachtais freisin ··· Bhí poist éagsúla aige i Sinn Féin, bhí sé ina Thánaiste ag an gConradh tamall agus ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1956
Bhíodh sé i gceannas ranganna amhránaíochta san Ard-Chraobh agus i gCraobh an Chéitinnigh agus ba é a bhí freagrach as an bhfoghraíocht ag Córan Oireachtais i dtús an chéid ··· Léiríodh Seán na Scuab ag Oireachtas 1904 – bhí páirt ag Tomás féin ann – agus Seabhac na Ceathramhan Caoile ag Oireachtas 1906
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Duine tábhachtach é i stair Chomhaltas Uladh agus bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas 1970 ··· ‘Iar-Uachtarán an Oireachtais a bhí ann ach thar gach rud eile ba doiligh Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge a lua gan ainm Aoidh a nascadh leis… ··· Toghadh é ina uachtarán ar Oireachtas 1970
Tá duaiseanna a bhuaigh sé liostaithe in Eolaí Chló Iar-Chonnachta: ‘An chéad áit i gComórtas Fhéile na Máighe 1975, An tOireachtas 1977 ar dhán fada, An tOireachtas 1980 ar aistriúchán, Listowel Writers’ Week, an dara háit, Duais Bhord na Gaeilge 1981, An tOireachtas 1983 ar dhán, Nora Fahy Awards/ New Series Departures 1997’
Ba í an duine deireanach í a bhuaigh an Bonn Óir, príomhdhuais an Oireachtais d’amhránaíocht ar an sean-nós anuas go dtí 1959, agus an bhliain dár gcionn ba í an chéad duine a bhuaigh Corn an Chomhlacht Oideachais (Corn Uí Riada anois) ··· Bhí sí gníomhach mar mholtóir i gcomórtais amhránaíochta an Oireachtais go dtí deireadh a saoil ··· Bhuaigh a deirfiúr Cití comórtas sean-nóis an Oireachtais freisin agus bhí cáil na hamhránaíochta ar a deartháir Hiudaí Beag, a d’ímir peil shinsireach le foireann an chontae agus le foireann Chúige Uladh.
Cuntas magúil ar an oiliúint a cuireadh ar na hábhair gardaí, na rúcaigh, is ea De Réir Uimhreacha (1969); tá sé liostaithe mar úrscéal ag Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge (1991) agus is mar úrscéal a bronnadh duais Oireachtais air ··· (1983) (a bhuaigh duais Oireachtais in 1982) ··· Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge in 1987
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí baint nár bheag aige le hOireachtas na Gaeilge, é ina chathaoirleach ar an bhféile ó 1971 go 1973 ··· Fág an tOireachtas ar leataobh, ní cosúil go raibh sé riamh chun tosaigh i gcúrsaí Chonradh na Gaeilge ··· Is mar ionadaí ó chumainn eile a thosaigh sé ag obair don Oireachtas sna 1960caidí
Bhí sé ina bhall den Choiste Téarmaíochta, den Choimisiún Logainmneacha agus thug tréimhse mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge. Taobh amuigh de sin ar fad, comhluadar den scoth a bhí ann agus cibé áit a raibh sé, mhéadaigh agus d’fheabhsaigh an comhluadar dá réir ··· Ba mhinic ina mbun é ag an Oireachtas agus ag féilte nó éigsí, agus ba mhaith uaidh oíche amhránaíochta a choinneáil ag imeacht nó go mbeadh sé domhain san oíche ··· Thacaigh muintir Ráth Chairn go láidir leis nuair a insealbhaíodh ina Uachtarán ar an Oireachtas é in 2009
Bhíodh sé ag obair fosta ar dhrámaí raidió Ghael-Linn agus ba é stiúrthóir Chomórtais Liteartha an Chomhchaidrimh é de réir comhfhreagrais le hOireachtas na Gaeilge in 1961. ‘Dual athar dom bainistíocht a dhéanamh ar amharclann,’ a dúirt Ó Marcaigh agus é ag scríobh faoi na trí bliana idir 1957 agus 1960 a chaith sé mar bhainisteoir ar amharclann an Damer i bhFaiche Stiabhna ··· Níor mhaolaigh a shuim sa scríbhneoireacht riamh agus bronnadh roinnt duaiseanna Oireachtais air lena linn as saothair éagsúla
Ba as an Trá Bháin a máthair, Máire Thomáis Pheadair (Ní Chualáin), a raibh dhá bhliain déag caite aici i mBostún Mheiriceá nuair a phós sí. Ceathrar clainne a bhí orthu: Máire; Sarah (a phós Mick Shiel as Ceatharlach); Pádraig (a fuair bás ina pháiste); agus Tomás, an t-amhránaí cáiliúil a bhuaigh Comórtas Sean-Nóis na bhFear faoi dhó ag Oireachtas na Gaeilge sna 1960idí ··· Col ceathrar leo ab ea Máire Cholman Johnny Mac Donnchadha as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua, buaiteoir Oireachtais eile i agus amhránaí sean-nóis a bhain clú agus cáil amach
Ba é a rinne cearnairí (trófáithe) an Oireachtais agus cearnairí Scéala an Domhnaigh. 1 Aibreán 1914 i gCarraig Ruacháin, Baile an Chollaigh, Co ··· Bhí sé ina bhall de choiste ealaíne an Oireachtais agus den National Council for Educational Awards
Bhain Bior duais Oireachtais i 1965 agus bhuaigh an leagan Béarla, Saville Row, Lr, duaiseanna ag féile drámaíochta i gCorcaigh agus ag Féile Drámaíochta na hÉireann 1965 i mBaile Átha Luain ··· Toghadh é ina bhall den Irish Academy of Letters agus bhain sé Duais an Bhuitléaraigh agus duaiseanna Oireachtais. In Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 chuir sé síos ar na mianta a bhí aige: ‘To see a posthumous Nobel Prize for the Celtic World awarded to the late author Máirtín Ó Cadhain, a personal friend, whose giant literary achievements are surely deserving of one
Cuireadh cibé plean a bhí aige sa treo sin glan as a cheann nuair a casadh air an bhean a phósfadh sé ar ball, Caitlín Ní Chiarghusa, iníon leis an scríbhneoir Seán Ó Ciarghusa[B2], bean a raibh duais Oireachtais ar amhránaíocht buaite aici ··· Nuair nach dtabharfaí cead a chinn dó ba nós leis siúl amach as cruinnithe.’ Cruinnithe a bhain leis an Oireachtas a athbhunú a bhí i gceist
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 An Tréigean Cló Iar-Chonnacht Eisithe ar Cumar (2000). Bhuaigh an t-amhránaí seo Corn Uí Riada sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós ag Oireachtas 2008 i gCorcaigh agus deirtear gurbh é an duine ab óige riamh a bhain an duais sin ··· Ar ball ba mhinic ag Oireachtas na Gaeilge agus ag Fleá Cheoil na hÉireann é agus is iomaí sin duais a bhain sé
Bhuaigh sí an chéad duais ar scéalaíocht ag Oireachtas 1988 i dTrá Lí ··· Bhídís le chéile go minic ag éigsí agus oireachtais agus ar chláir Raidió na Gaeltachta
Mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge dúirt Nollaig Ó Gadhra (Foinse, 27 Márta 2005): ‘Seans gurb é an rud is tábhachtaí a rinne Pól ina shaol poiblí ná gur dhiúltaigh sé Béarla ar bith a labhairt san Oireachtas nuair a ceapadh é idir 1989 agus 1993 ··· Seans gurb é an duine deiridh de bhaill an Oireachtais san fhichiú haois a labhair Gaeilge i gcónaí mar ionadaí poiblí...
Bhuaigh sé duaiseanna ar ghearrscéalta ag Oireachtais 1988 agus 1995
Bhí dlúthbhaint aige le bunú na scoileanna pobail, na scoileanna cuimsitheacha agus na gcoláistí réigiúnda teicneolaíochta. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe a dhráma Ach ní castar na cnoic 17-20 Márta 1955 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail) agus bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar ghearrscéalta agus ar dhrámaí ··· Bhuaigh a chéad úrscéal An fear aduaidh, 1978 Duais Speisialta Cuimhneacháin Sheáin Uí Éigeartaigh ag Oireachtas 1975
Bhí pearsantacht oiriúnach aige, bhí guth maith ceoil aige-bhuaigh sé bonn óir Oireachtais i gcomórtas amhránaíochta-bhí dúil aige sna rincí gaelacha agus bhí sé go maith chun feiseanna agus aeraíochtaí a eagrú ··· Toghadh é ina Uachtarán ar an Oireachtas i 1958
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais i 1900 agus i 1901 sna comórtais a bhain le hainmneacha éisc, le téarmaí a bhaineann le tionscal na hiascaireachta agus le téarmaí talmhaíochta ··· Bhuaigh a dheirfiúr Cáit (‘Bean thar lear’) duais Oireachtais i 1900 le ‘Cnuasach de dhánta nár foilsíodh cheana’
Ag Oireachtas 1899 bhuaigh sé duais ar théarmaí teicniúla (faoin ainm ‘Mac Cumhaill’) agus duais ar aiste an bhliain dár gcionn ··· Bhuaigh sé an dara duais ar amhránaíocht ag Feis Laighean agus thug an t-airgead do Chiste an Oireachtais (An Claidheamh Soluis 17 Feabhra 1900)
Is mar sin a tharla i láthair é ag an gcéad Oireachtas in 1897 ··· Faoi 1900 bhí iomathóiri ón sráidbhaile ag buachan cuid mhaith de na duaiseanna ag an Oireachtas
Bhuaigh sé duais Oireachtais le haistriúchán fileata ar Der Rattenfanger von Hameln ··· Dhearaigh sé cuid mhaith de chártaí Nollag Bhriain Uí Uiginn. Bhí sé ina uachtarán ar an Oireachtas bliain amháin. Phós sé Peig Ní Bhuachalla
Is maith an chomhartha air seo nach raibh oiread is focal Gaeilge ag Iníon Nic Éinséar nuair a tháinig sí ann ar dtús timpeall bliain go leith ó shin ach chuaigh sí chomh mór san i bhfeabhas faoi cheann leathbhliana, ó bheith ag éisteacht leis na Gaeilgeoirí gur cuireadh isteach ar chomórtas in amhránaíocht ag an Oireachtas í, agus ar a shon nach bhfuair sí an chéad duais chuaigh sí dian go leor air go háirithe” ··· Bhí sé ar dhuine de chéad léiritheoirí drámaí i nGaeilge, go háirithe drámaí ag Oireachtas na Gaeilge
“His voice was strong and resonant, and when he was finished, I put on the repeating apparatus; and his delight was unbounded, as he listened to his own voice, exclaiming from time to time: ‘Well, well, it beats everything’.” Ag Oireachtas 1901 bhuaigh sé bonn óir ar amhrán nua a chur le seanfhonn agus iarradh air an Óid a scríobh d’Oireachtas 1905 (“Gabham le chéile”)
Ba é Seana-Sheán, mar a thugtaí anois air, a chuir orduithe druilleála i nGaeilge ar fáil don Chath. Ag Oireachtas 1924 bhuaigh sé an chéad duais ar dhráma trí ghníomh, Boramha Laighean ··· Léiríodh sa Mhainistir é ar 23 Deireadh Fómhair 1944. Ag an Oireachtas céanna bhuaigh Seán duais freisin ar bhailiúchán de scéalta a tharraing sé ó theanga iasachta
Ag Oireachtas 1910 bhuaigh sé bonn óir ar óid Oireachtais, bonn airgid ar “Scéal gairid ag baint le heachtra éigin as seanchas na hÉireann” agus bonn airgid agus duais £5 (an chéad duais) ar “Scéal ag baint leis an saol faoi láthair”. Idir 1915 agus 1956 scríobh sé 15 leabhar: gearrscéalta, léitheoirí, stair na hÉireann, drámaí, aistí
Fuair sí bás ag 15 Ardán Phort an Iarla ar 5 Eanáir 1941. Glacadh léi mar bhall d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge i Samhain 1900 agus bhí sí i bhfeighil na lónadóireachta ag Oireachtas 1902 ··· Luaitear mar bhuaiteoir i gcomórtas logainmneacha ag Oireachtas 1912 “Cathal de Paor, Rúnaí, Cumann Dinn-seanchais na hÉireann”
Bhí Coláiste Samhraidh aige i gCiarraí Luachra in 1918. Seán a d’eagraigh Oireachtas 1914 i gCill Airne ··· Ag Oireachtas 1912 bronnadh an dara duais don ghearrscéal air
Ag Oireachtas 1907 ghnóthaigh sé an dara háit leis ··· Tugadh aitheantas dá shaothar freisin nuair a toghadh ina Uachtarán ar an Oireachtas i 1953 é
Phós sé Máighréad Ní Annagáin, amhránaí agus cainteoir dúchais Gaeilge ó na Déise a bhain an chéad duais san amhránaíocht in Oireachtas 1901 ··· Ba mhinic ag moltóireacht ag Oireachtaisí agus feiseanna é. As na céadta de choirmeacha ceoil ag a raibh sé ag ceol is fiú cuimhneamh ar an oíche mhór i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath nuair a fáiltíodh abhaile roimh phríosúnaigh 1916
Ag an gcéad Oireachtas in 1897 ghnóthaigh sé duais sa bhfilíocht ··· Ní hionadh gur air a thit sé ‘Duan Aithbheochain an Oireachtais’ a chumadh agus a léamh ag Oireachtas 1939. Ceann de na chéad leabhair scolártha dár fhoilsigh sé ba chnuasach d’fhilíocht Sheáin Uí Mhurchadha na Ráithíneach (1907) é agus b’é ‘a ghníomh dílseachta deireanach’, mar a thug Seán Ó Tuama air, eagrán níos iomláine a chur ar fáil (1948)
An tOireachtas a thug an deis dó agus in 1898 bhain sé duais leis na gearrscéalta a foilsíodh in An Buaiceas i 1903 ··· Thug sé óráid an Oireachtais i 1900 agus arís i 1904
In alt in The Irish Times 4 Samhain 1939, lá tosaigh an Oireachtais athbheoite, tá léiriú le fáil ar an tuiscint áirithe sin a a bhí aige ar an nGaeltacht: ‘Caithfear a thuiscint gurb é fear an bháinín an fear ar fónamh i saol na hÉireann, agus má tá Coiste an Oireachtais ag rith ar a leas tabharfaidh siad tús áite d’fhear na Gaeltachta agus cúl don bhoicín.’ Bhí sé seal ina mhúinteoir, seal eile ag cigireacht agus seal eile fós ina Phríomhfheidhmeannach ag Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath ó 1925 go dtí gur ceapadh é ina léachtóir le Gaeilge agus le Matamaitic i gColáiste na Tríonóide in 1929, post a bhí aige go ceann tríocha bliain
Rosc (1951– ) a tugadh air nuair a rinne coicíseán de. Bhí cáil na scríbhneoireachta air riamh ón uair a bhuaigh sé duais Oireachtais i 1943 lena ghearrscéal ‘Ceithre peacaí a ghlaodhann ar Neamh’ ··· Bhuaigh scríbhinn leabhar na Siúire an chéad duais ag Oireachtas 1981
Scríobhadh sí cuid mhaith filíochta i rith na tréimhse sin agus ghnóthaíodh duaiseanna Oireachtais lena déantús ··· In 1968 toghadh í ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge
Bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ag mórchruinniú i gCill Chainnigh um Cháisc 1897 agus bhí i measc lucht an ardáin ag an gcéad Oireachtas ··· Bhí sé ina uachtarán ar Chumann na bPíobairí. Thug sé £10 don Oireachtas in 1907 agus ní minic a ainm le feiceáil ina dhiaidh sin
Bhí lámh is focal eatharthu le fada. Bhuaigh Cré na cille duais Oireachtais ar úrscéal in 1947 ··· Agus cheana féin bhí cáil na troda agus na bríomhaireachta air i measc léitheoirí toisc léachtaí a thug sé ar an litríocht (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ in Feasta, Samhain 1949) agus ar an mbéaloideas (in Feasta, Márta 1950). Bhuaigh an t-úrscéal Athnuachan duais an Chlub Leabhar ag Oireachtas 1951
Ag Oireachtas 1904 bhuaigh sé an chéad duais ar ‘bailiúchán de sheanfhocail atá in úsáid in aon bharúntacht amháin’. Faoi 1906 bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil i dTríleac, Co ··· Chuaigh sé a rothaíocht le Peadar agus le Seán Ó Murthuile[q.v.] ar feadh cuid den turas a thug siad ó Thír Chonaill ó dheas go dtí an Sciobairín i ndiaidh Oireachtas 1909. Fógraíodh ar 5 Deireadh Fómhair 1912 go raibh sé ceaptha ina thimire: ‘Ba é Pilib do sholáthraigh ceol Úna Bhán
Bhí sé ag bailiú béaloidis in Uíbh Ráthach i rith na tréimhse agus bhuaigh duaiseanna faoin ainm cleite ‘Séamas Dubh’ ar amhráin agus scéalta ag na hOireachtais 1898–1900 ··· My instructions from the Minister of Education, Eoin Mac Néill, were that I was to be more than a mere official, that I was to lecture bodies of teachers and others and that, above all, I was to prepare school editions of O’Donovan’s Ordnance Survey Letters so that every senior pupil would have a cheap copy of that dealing with his own county and base his new Irish speech and lore on that of a century earlier when O’Donovan heard it spoken generally in the locality’ (It all happened). Ceapadh é féin, an tAthair Micheál Ó Flannagáin agus Énrí Ó Muirgheasa [B1] ina mbaill de fhochoiste Oireachtais i 1940 chun cúrsaí logainmneacha a chíoradh, Dhréachtaigh siad scéim trína scríobhfaí gach ainm pearsanta agus áite i nGaeilge amháin i dtaifid na scoileanna chun go n-adhainfí spéis daoine sa Ghaeilge a labhraítí ina n-áit dhúchais. Cara mór leis ba ea Pádraig Ó Duinnín [q.v.] a chaitheadh Lá Nollag ina theach ar Bhóthar Chluain Tarbh go minic. Chuaigh sé ar pinsean i 1939 agus scríobh Lughaidh Breathnach[B2] chuig Énrí Ó Muirgheasa: ‘When you and your Kerry friend leave the Department it will be the end of our hopes for saving Irish in the schools’ (It all happened, lch 338). Bhí spéis ar leith aige sa dialannaí Amhlaoibh Ó Súilleabháin agus i nDónall Ó Conaill
Bhuaigh a dhán ‘Speal an ghorta’ (i gcló in Nuabhéarsaíocht, 1954 in eagar ag Seán Ó Tuama) Gradam an Oireachtais 1945 ··· Bhuaigh sé an chéad duais ag Oireachtas 1947 le ‘Ceol na gComhchoiscéim’, dán fada faoi Chogadh na Saoirse
Chuireadh sí iarrachtaí ar nós liostaí focal isteach ar chomórtais an Oireachtais agus tá ‘Máire Ní Mhaoileoin’, múinteoir i mBealach an Tirialaigh, luaite i nDuilleachán an Oireachtais 1904 mar dhuine a fuair duais an Chliabhraigh
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhain sé le réanna den phrós Gaeilge a bhí an-difriúil le chéile: bhuaigh sé duais Oireachtais ar ghearrscéal 1913, agus tháinig a leabhar deiridh amach 1975 ··· Béal an Átha an seoladh a bhí lena ainm nuair a bhuaigh sé an chéad duais ag Oireachtas 1913
I ndiaidh dóibh briseadh trí throdam na bpóilíní stop siad taobh amuigh de Theach na Parlaiminte i bhFaiche an Choláiste agus ba é Seán a threoraigh iad ansiúd ag canadh ‘A Nation once again’. Bhí páirt aige in An Scrabhadóir, dráma Thomáis Uí Aodha[q.v.], nuair a tugadh an chéad léiriú dó ag Oireachtas 1909 ··· Bhí sé ina stiúrthóir ceoil ag Ard-Chraobh an Chonartha agus bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais
Sheas sé féin, Annraoi Ó Liatháin [B1], agus Tomás Ó Muircheartaigh [B1] sa toghchán d’uachtaránacht an Chonartha 1950 nuair is ag an Liathánach a bhí an bua. Ar nós a athar bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar fhilíocht ··· Deirtear gur leis ba thúisce a rith an smaoineamh comórtas iomána a bheith ina chuid den Oireachtas athbhunaithe. Phós an tAthair Seosamh Ó Muirthile é féin agus Caitríona Ní Chorragáin, bunmhúinteoir, 25 Lúnasa 1952 in Eaglais Naomh Aindriú, Baile Átha Cliath
Bhuaigh sí duaiseanna ag feiseanna i Sasana agus roinneadh an chéad duais sa roinn ‘An modh múinteoireachta’ uirthi féin agus ar iomaitheoir eile ag Oireachtas 1913 ··· Thug Domhnall Ó Ceocháin, an Suibhneach Meann, Seán Eoin Ó Súilleabháin agus Domhnall Ó Mulláin freagraí air. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais, ina measc ceann ar ghearrscéal (1912), agus duais ar Ghaeilge a chur ar dhán de chuid Longfellow
For that little incident he is suspected of patriotism – the latest crime – and is being sent on a foreign mission, so that the foreigner’s mind, no less than the foreigner’s rule, may hold sway in his native land.’ B’éigean do Aindrias scríobh chuig an eagarthóir nach raibh sé fíor go rabhthas lena ionarbadh. Bhí duaiseanna Oireachtais go leor buaite aige idir 1903 agus 1907 ··· Chum sé Óid an Oireachtais i 1910. Um Shamhain 1916 a thosaigh sé ag léachtóireacht in Ollscoil Illinois in Urbana tar éis dó glacadh le comhaltas taighde a thairg an ollscoil dó (feic SCHOEPPERLE)
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Thug an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich léacht ina thaobh ag Oireachtas na Gaeilge i nGaoth Dobhair i 1977 (i gcló in Meascra Uladh 2 arna chur in eagar ag Micheál Ó Máirtín) ··· Go luath i 1902 bhíothas ag iarraidh go dtarraingeofaí siar cuireadh a tugadh don Athair Mac Pháidín chun óráid an Oireachtais a thabhairt toisc gurbh eisean ba mhó faoi deara gur ceapadh fear gan Ghaeilge ina Mháistir ar Theach na mBocht na nGleanntach, cé go raibh eolas na teanga ar cheann de na cáilíochtaí riachtanacha san fhógra
Cuireadh a ainm i measc síntiúsóirí an Oireachtais in An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair 1900 ··· Bhí sé istigh ar chomórtais rince Oireachtas 1901 agus roinneadh an dara duais don phort dúbalta agus don ríl air féin agus ar Shéamus Ó Breasail, Béal Feirste
I went to the Donegal Gaeltacht’. Tar éis dó amhráin a bhailiú ansin rinne sé freastal ar an Oireachtas agus chuir aithne ar amhránaithe mar Mhairéad Ní Annagáin agus Áine Ní Oisín ··· Ba é a rinne an tionlacan pianó an bhliain sin agus ag gach Oireachtas go dtí 1918. Chaith sé ceithre bliana mar ardmháistir i Scoil Cheoil Chathartha Chorcaí agus mar ollamh i gColáiste Ollscoile Chorcaí
Moltóir ar rincí ba ea é ag an Oireachtas agus bhí sé ina bhall den choiste ceoil agus ealaíon i 1903 agus ina rúnaí ag an gCoimisiún Fiosrúcháin a chuir an tOireachtas ar bun d’fhonn a chinntiú cad ba rince gaelach
Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán le cur isteach i gcomórtais Fheis an Daingin i bhfíorthosach an chéid agus bhuaigh duaiseanna Oireachtais i 1904 agus 1905 ··· Bhuaigh sé duais ar ghearrscéal ag Oireachtas 1912
É féin, Séamus Ó Cathasaigh [q.v.] agus Pádraig Mac Cathmhaoil a ceapadh 25 Lúnasa 1896 chun na socraithe a dhéanamh don chéad Oireachtas ··· Bhaile Átha Cliath. Col cúigir leis ba ea Donncha Ó Súilleabháin (1913–1989), ardrúnaí agus staraí Chonradh na Gaeilge agus an Oireachtais.
Ní raibh ainm an údair ar eolas (ach amháin ag Rúnaí an Oireachtais, is dóigh), agus níorbh fhéidir a thomhas cérbh é féin ··· Ag Oireachtas 1950 bhuaigh sí duais ar ghearrscéal
Ba chara leis Sean O’Casey, drámadóir, agus chuireadh seisean síntiús chuig Séamus le haghaidh obair an Choiste. Bhí sé ina bhall den choiste a d’athbhunaigh an tOireachtas 1939 ··· Bhí sé ina chisteoir ag an bhféile ar feadh ocht mbliana anuas go 1965, agus toghadh ina Uachtarán é ar Oireachtas na bliana sin. Mar mhúinteoir i gceardscoileanna Bhaile Átha Cliath a thuilleadh sé a bheatha – leithéidí Sráid Bholton, Sráid na Danmhairge, Sráid Pharnail – ag teagasc luathscríbhneoireachta agus clóscríbhneoireachta agus ceoil iontu
Roinneadh an dara duais air féin agus ar Sheán Ó Cadhla[B3] ag Oireachtas 1899 sa chomórtas ‘Scéal nár foilsíodh cheana’ ··· Bhuaigh sé duais lena dhán ‘Mo dheartháir’ ag Oireachtas 1901
Bhí guth binn aige agus bhain sé duaiseanna go leor ag feiseanna agus ag Oireachtais ··· Chorcaí. Bhí cáil ar leith ar an deartháir eile Pilib (‘Sliabh Rua’) de bharr na n-amhrán a chum sé agus na dtéarmaí Gaeilge a chuir sé ar fáil do lucht na gcluichí Gaelacha; bhuaigh na téarmaí duais Oireachtais i 1906—bhí cuid díobh i gcló in An Claidheamh Soluis chomh luath le 5 Deireadh Fómhair 1907
Bhí sé ar stáitse an Oireachtais sa Rotunda 9 Lúnasa 1906 ··· Synge an méid seo i litir dar dáta 12 Lúnasa 1906 chuig an Bantiarna Gregory: ‘I went to the Oireachtas on Thursday to see their plays
Ainmníodh é i nGlas Naíon mar iarrthóir san olltoghchán ach tharraing sé siar ar mhaithe le Philip Cosgrave. Gheofar tuairim i dtaobh a chumais chun aisteoireachta ó pháirt Naoise a bheith aige i léiriú de dhráma Thomáis Uí Cheallaigh [B1], Déirdre, ag Oireachtas 1909 ··· I gcomórtais liteartha an Oireachtais bhain sé an dara duais ar ‘dhráma fada oiriúnach do mhuintir na Gaeltachta’ i 1914, agus i 1918 roinneadh an chéad duais do dhráma nua air féin agus ar Phádraic Ó Conaire [B2]
Bord na Gaeilge agus an tOireachtas i gcomhar le chéile a choimisiúnaigh Seán Ó Coileáin chun Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 a scríobh faoin scéim a thionscain siad i 1978 ··· An bhliain roimhe sin, bhuaigh sé duais Oireachtais le ‘Leigheas’. Fuair a mháthair bás ar 21 Eanáir 1945
Ba é a thug óráid an Oireachtais i 1908 (i gcló in An Claidheamh Soluis 15 Lúnasa 1908). Bhí spéis aige sa bhéaloideas agus sna hamhráin tíre ··· Bhí aistriúchán a rinne sé ar The Cloud le Shelley in An Claidheamh Soluis 19 Deireadh Fómhair 1909. Mac leis ba ea Conchubhar Alasdar Maguidhir (1889–26 Meán Fómhair 1971) a bhí ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1962
Faoin teideal Lig Sinn i gCathú bhuaigh an t-úrscéal sin príomhdhuais Oireachtais i 1975 agus bronnadh Gradam an Oireachtais ar Bhreandán
Bhuaigh siad Corn an Tóstail (Craobh na hÉireann) (1952-55) agus Corn an Oireachtais (1952-55) ··· Bhí sí ina huachtarán ar Oireachtas 1975
Bhaineadh sé duaiseanna ar dhánta ag an Oireachtas go luath ina shaol agus aitheantas ar leith ba ea é a dhéantús a bheith in Nuabhéarsaíocht (1939-1949), 1950 in eagar ag Seán Ó Tuama ··· ‘Bhuaigh Tomás duais an Oireachtais anuraidh lena thráchtas ar Chaighdeánú na Gaeilge, agus mheas na moltóirí, An tArd-Deochan Mac Giolla Ceara[B3] agus Tomás Page[B1], a iarracht sin bheith ar chomhchéim le ceann Néill Uí Dhomhnaill[q.v.], a foilsíodh faoin teideal Forbairt na Gaeilge (Inniu 1957)
Deirtear (Irish Times) gur theastaigh ó Earnán de Blaghd [B5] go mbainfí úsáid as an bhfocal ‘teilís’ ach gur éirigh le hÁine ‘telefís’, téarma atá níos gaire d’fhocal de Bhaldraithe, a chur chun cinn. Bhí baint aici le Conradh na Gaeilge óna hóige agus bhí sí ar an gcoiste a d’athbhunaigh an tOireachtas i 1939 ··· Ba í a thug óráid an Oireachtais i 1945
Ba dhuine é go háirithe de charachtair Oireachtas na Gaeilge ··· Bhí de cháil air go ndeireadh sé amhrán le fonn éigin a thaitneodh leis agus nach mbacadh leis an ngnáthfhonn; ag Oireachtas amháin bhain an lucht éisteachta greann as ‘Donncha Bán’ á rá aige le fonn ‘Fiach an Mhada Rua’
Ó 1939 ar aghaidh bhuaigh sé cuid mhaith duaiseanna Oireachtais ar aistí agus ghearrscéalta agus sna comórtais ardáin ··· Toghadh é ina Uachtarán ar Oireachtas 1976
Bhuaigh sé mórchuid duaiseanna i gcomórtais liteartha an Oireachtais; chastaí Mainchín Seoighe air i gcruinnithe den Chonradh i Luimneach agus b’eisean a d’iarr air cur isteach ar na comórtais ··· Maidir le Mo Chara Peatsaí, a scríobh sé i 1960, roinneadh duais an Oireachtais air sin agus ar Mac Uí Rudaí Mhairéad Ní Ghráda
Deir Ó Glaisne go raibh Hóiméar á aistriú go Gaeilge aige. Ní léir go raibh sé riamh ina bhall díograiseach d’eagraíocht Ghaeilge ar bith ach iarradh air aitheasc oscailte an Oireachtais a thabhairt i 1964 agus bhí sé ina uachtarán ar an bhféile sin i 1972 agus arís i 1973 ··· Déanann Ó Glaisne cur síos ar an gcaoi ar dhiúltaigh Ardeaspag Thuama an chomaoineach naofa a thabhairt dó ag Aifreann speisialta an Oireachtais i 1972 agus ar an gcaoi ar thug an tAthair Tom Stack ar ball cúiteamh dó sa bhfaillí sin
Thug siad ceadail ar fud na hÉireann, bhí go minic ag Córfhéile Chorcaí, ag an Oireachtas, ag an Eisteddfodd, agus bhí in Bonn agus Miulheim-Ruhr ··· Dhéanadh Pilib moltóireacht ag an Oireachtas. Thug sé oiliúint do chuid de na hamhránaithe i gCór Cois Laoi chun a bheith ina stiúrthóirí
Ag Oireachtas na bliana sin fuair sé an chéad duais san óráidíocht sóisearach agus roinneadh an chéad duais san aithriseoireacht air féin agus ar Pheadar Ó Gráinne agus an chéad duais sa scéalaíocht air féin agus ar Mhathúin Ó Loingsigh (idem 5 Lúnasa 1905) ··· Bhuaigh Tadhg Ó Sé áirithe duaiseanna ar aistí ag Oireachtas 1913 (idem 16 Lúnasa 1913) agus ceapadh duine den ainm ina chláraitheoir i gColáiste na Mumhan (Freeman’s Journal 21 Feabhra 1914).
Bhuaigh sé duais Oireachtais i 1921 ar aiste i dtaobh cúrsaí tionscail agus feabhsú shaol an phobail ··· Sa mhéid sin tá a áit féin aige i stair na tíre, agus i stair an oideachais in Éirinn.’ Bhí sé ar dhuine de na moltóirí liteartha ag Oireachtas 1939 (Oireachtas na Gaeilge 1897-1997, 1997, in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa)
Bhí sé ina chathaoirleach ar an Oireachtas 1967-70 agus deirtear gur éirigh leis cur le tábhacht Thaispeántas Ealaíne na féile sin ··· Iománaí ba ea é ina óige agus bhí sé ina chathaoirleach tamall ar an gcomhchoiste a d’eagraíodh comórtas iomána an Oireachtais
Mac Fhinn freisin a mhol dó dul go dtí an tOireachtas athbhunaithe in 1939; théadh sé chuig an bhFéile nach mór gach bliain agus bhuaigh 19 duais sna comórtais scéalaíochta ··· Bhuaigh sé duais Oireachtais le gearrscéal sna 1960idí
Tugadh léirithe eile dó gan mhoill: ag Feis Chonnacht (idem 27 Lúnasa 1904); ag Oireachtas 1905; i gCarna (idem 20 Eanáir 1906); léiriú Scoil Haverstock Hill i mí Bealtaine 1906 (Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 le Donncha Ó Súilleabháin); ag Feis Chonnacht sa Spidéal (An Claidheamh Soluis 3 Meán Fómhair 1910); léiriú Chraobh an Spidéil ag Oireachtas 1913 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin)
Bhí sé ina bhall den ghasra oirirc ardáin ag an gcéad Oireachtas agus ina iomaitheoir sa chomórtas aithriseoireachta—moladh a iarracht go hard (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897) ··· Thug sé óráid an Oireachtais, ‘Ár náire nó ár n-onóir’, in 1899 (An Claidheamh Soluis 24 Meitheamh agus 1 Iúil 1899)
Ag Oireachtas 1901 ghnóthaigh sí an chéad duais ar dhráma aonghnímh ‘Suipéar Dhiarmuda Mhic Pháidín’ ··· Ba mhinic a hainm i measc na mbuaiteoirí Oireachtais anuas go 1924
Ag Oireachtas 1902 bhain Bríd Ní Cheit ó Fhairche an chéad duais sa chomórtas ‘Dán úrnua ar cheist ar bith, gan thar 300 líne ann’ ··· Bhain Seosamh go leor duaiseanna Oireachtais idir 1902 agus 1920 ar aistí, scéalta agus drámaí
Is léir go mba dhuine an-ghníomhach é: mhúineadh sé rang i gCraobh Mhaoilre Uí Raghallaigh, bhí ina chomhrúnaí ag Feis Laighean i 1901 agus faoi Dheireadh Fómhair 1902 bhí sé ina rúnaí cúnta ag Coiste CeantairBhaile Átha Cliath; ba bhall é de Choiste na bhFoilseachán agus dhéanadh sé moltóireacht ar an bhfilíocht agus an drámaíocht ag an Oireachtas. Scríobhadh sé aistí i mBéarla agus i nGaeilge agus b’fhéidir gurbh í an ceann ba mhó a tharraing aird na léitheoirí aiste dar teideal ‘’dTeastaíonn foclóir uainn?’ Tharraing sin searbhas Banba, Meitheamh 1903: ‘.. ··· Chóirigh sé ón bhFraincis é agus léirigh Craobh na gCúig gCúigí é ag Oireachtas 1911
Bhronn a bhaintreach dhá chorn ar an gCumann Scoildrámaíochta i gcuimhne air. Bhí sé ina bhall de na hAisteoirí agus bhuaigh duais ag Oireachtas 1918 ar dhráma a aistriú ··· Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais freisin ar amhrán nuachumtha, ar chnuasach de sheanphaidreacha agus duaiseanna sna comórtais mhodh múinteoireachta
D’éag ‘Gael na nGael’ i 1949 agus ba é ‘An Suibhneach Meann’ a chomharba sa Dámhscoil. Ó athbhunaíodh Oireachtas na Gaeilge i 1939 bhí baint mhór aige leis an bhféile sin ··· Bhuaigh sé duais ar liric an chéad bhliain sin (‘An Peidhleachán’ a rinne Seán Ó Ríordáin [B3] a chóipeáil ina dhialann nuair a cuireadh i gcló é in Scéala Éireann 7 Márta 1940) agus i 1941 iarradh air Óid an Oireachtais a scríobh
Ag Oireachtas 1945 bhuaigh sé an chéad duais ar dhráma ilghníomh agus ba é a sheoladh 72 Bóthar Haddington, teach Pheadair Uí Annracháin; is cosúil go bhfuair sé leaba na hoíche ann uair agus go ndearna athbhaile den teach ··· Scríobh sé script an tóstail ‘An Gnáthphobal’ a cuireadh ar siúl ar fhaiche Choláiste na Tríonóide le linn Oireachtas an Iubhaile Órga i 1947. Le linn a thréimhse thosaigh sa Mhainistir bhí sé ina léiritheoir ag an gComhar Drámaíochta
Bhí sé ag Oireachtas agus ag Comhdháil 1899 i mBaile Átha Cliath ··· Ba é a sholáthair na duaiseanna sa chomórtas reacaireachta ag Oireachtas 1902
Ag Oireachtas 1906, faoin ainm cleite ‘An Seabhac’, bhuaigh sé duais ar aiste, agus foilsíodh é i 1908 faoin teideal Fiacha Mac Aodha Ua Broin ··· An bhliain chéanna sin bhuaigh sé bonn óir Oireachtais an Freeman’s Journal le haiste ar Eoghan Ó Comhraí
San iris Shan Van Vocht, tá giotaí i dtaobh an Fhínín sin ag scríbhneoir a thugann ‘A Drangan Boy’ air féin agus b’fhéidir gurbh é Keawell é. Bhí sé ar dhuine den triúr ball den Choiste Riartha a rinne na socruithe don chéad Oireachtas in 1897 ··· In aiste ar Phádraic Ó Conaire [B2] in Blackrock College Annual 1982 maíodh gur thrí thionscantacht Keawell a ceapadh Tomás Bán Ó Concheanainn [B2] ina thimire. Léigh sé páipéar i dtaobh an dátheangachais san oideachas ag Oireachtas 1899 (An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1899)
Mar bhall de Chraobh an Pharóiste Thuaidh ghlac sé páirt in Oireachtas 1903 agus ba é an t-aon iomaitheoir sóisearach nárbh as Baile Átha Cliath dó ··· Lean a spéis sa Ghaeilge agus bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1917 go 1923 agus bhí ar choiste áitiúil an Oireachtais i gCorcaigh i 1919. Fuair sé post i mBord Soláthair an Leictreachais nuair a bunaíodh é agus bhí ag obair i mBaile Átha Luain agus i mBaile Átha Cliath mar chuntasóir acu
Deir Micheál freisin go raibh sé ar fhoireann Choláiste na Rinne ar Bhóthar na Sop. Bhí sé sa tríú háit ag Oireachtas 1907 sa chomórtas ‘Taispeántas don mhodh múinteoireachta is fearr a oireann don Ghaeilge’ ··· Ag Oireachtas 1908 ghnóthaigh sé an chéad áit in ‘Aithris agus Óráid’ (An Claidheamh Soluis 15 Lúnasa 1908)
Bhuaigh sé cuid mhaith duaiseanna liteartha ag an Oireachtas idir 1939 agus 1954 agus tá a dhéantús le fáil i nduanairí mar Nua-Fhilí (1942-52) agus Nua-Fhilí 2 (1953-1963) le Séamus Ó Céileachair agus i leabhrán duaisiarrachtaí Oireachtas 1944 in eagar ag Pádraig Ó Siochfhradha[q.v.]
Bhí sí ar an gcoiste a ceapadh ar 26 Samhain 1901 chun na réitithe a dhéanamh le haghaidh Oireachtas 1902 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984, le Donncha Ó Súilleabháin) agus bhí sí ar an gCoiste Ceoil agus Ealaíne le haghaidh Oireachtas 1903
Toghadh é ina bhall de choiste an Oireachtais (idem 13 Feabhra 1909) ··· Rinneadh sin ag Oireachtas 1909 agus ceapadh é ina rúnaí (idem 21 Lúnasa 1909). Scríobhadh sé aistí agus scéalta faoin ainm cleite ‘Colm na Scoile’ in The Irish Nation sna blianta 1909-10
Chuir siad Seán agus Frank chuig Scoil Éanna. Ag Oireachtas 1907 bhuaigh Searlot an dara duais ar ‘Taispeántas don mhodh múinteoireachta is fearr a oireann don Ghaeilge’ ··· Bhuaigh sí duais ar dhráma ilghníomh ag Oireachtas 1912
An bhliain dár gcionn bhuaigh sé an chéad duais riamh ar scéalaíocht ag an Oireachtas: ní raibh an comórtas sa chlár go nuige sin (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin) ··· Ghnóthaíodh sé duaiseanna Oireachtais go minic anuas go 1910
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ba é seo an duine a bhuaigh an chéad duais ar aithriseoireacht ag Oireachtas 1897 agus arís i 1900 ··· AgOireachtas 1901 bhí sé ina mholtóir ar an gcomórtas céanna in éineacht le Pádraig Mac Piarais[B4] agus Dubhghlas de hÍde[B4] (An Claidheamh Soluis 2 Márta 1901)
How nominal was the responsibility will be gathered from the fact that from 17 March 1917, to the opening of the Gaelic LeagueOireachtas in Waterford in August, I was traversing County Cork by bicycle, from Castletown Bere to Youghal and from Charleville to Clonakilty, making contact with the principal officers of the Gaelic League there and getting them to organise collections for the Gaelic League funds
Bhí sé i gceist freisin scoláireachtaí agus comórtas Oireachtais a bhunú ina onóir.
Bhuaigh sé duais Oireachtais le haiste ar iascaireacht i 1904
Bhí a ainm le litir ag iarraidh go dtabharfaí costais taistil d’iomaitheoirí ag an Oireachtas (idem 9 Nollaig 1905)
Bhí sí féin agus Stiofán Bairéad ar an gcoiste a ceapadh in 1896 chun an chéad Oireachtas a eagrú
Is minic a tháinig sí isteach chughainn chun bheith ag caint lem’ mháthair agus ní miste dhuit a rá go raibh meas mór ag mo mháthair uirthi i dtaobh a cuid Gaolainne’. Bhuaigh sí an dara duais sa chomórtas amhránaíochta ag Oireachtas 1899 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin)
An bhliain sin bhí sé ina bhall de Choiste an Oireachtais agus eisean a mhol gur i gCill Airne a bheadh Oireachtas 1914
Is de réir a chéile a tharla an t-athrú meoin: bhí sé ar dhuine de na moltóirí i gcomórtais ceoil an Oireachtais i 1955; scríobhadh sé corralt faoi ainm cleite in Comhar d’fhonn pinginí a shaothrú; chuaigh na hOícheanta Seanchais i Halla Damer i gcion air; thar aon ní eile, chuir cuairt ar Dhún Chaoin i 1959, ar chuireadh an Athar Tadhg Ó Murchú [B1], duine dá mhúinteoirí i bhFearann Phiarais, draíocht air
I gcomhpháirt le cuid de lucht gnó Dhún Garbhán bhunaigh sé tionscail sa cheantar: an Dickens Leather Company (bhí sé ar cheann de na chéad tionscail Éireannacha a bhí ar stocmhargadh Bhaile Átha Cliath) agus an Dungarvan Glue and Gelatine Company. Is mó comhartha aitheantais agus onóra a tugadh dó: bhí sé ina bhall de Sheanad Éireann agus den Bhord Turasóireachta; bhí sé tamall ar Choiste stiúrtha Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; toghadh é ina uachtarán ar an Oireachtas i 1949; chaith sé tamall ina uachtarán ar Chumann Choistí Gairmoideachais na hÉireann; bhronn Ollscoil na hÉireann LL.D
Ag Oireachtas na bliana sin tugadh ardmholadh dá iarracht i roinn na múinteoireachta agus ba é Carraig Mhachaire Rois a sheoladh ag an am (idem 16 Lúnasa 1913)
Dhéanadh sé moltóireacht ar iarrachtaí drámaíochta i gcomórtais liteartha an Oireachtais. Léiriú áirithe ar a mheas ar an bhfilíocht an turas a thug sé ar Chúirt an tSáirséalaigh i gCorcaigh 2 Feabhra 1977 nuair a bhí Seán Ó Ríordáin [B3] ag fáil bháis ann: ‘Ní fhéadfadh aoinne bheith níos deise, níos míne, níos muinteartha liom, ná níos imníchí fúm’, a dúirt an file (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 le Seán Ó Coileáin)
Timpeall an ama sin a chaith sé tréimhsí ag múineadh i gColáiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh. Bhí baint aige leis na socruithe don chéad Oireachtas athbhunaithe i 1939 agus ar feadh dhá bhliain bhí sé ar choiste na féile mar theachta ón bhFáinne
Ag Oireachtas 1960 bhuaigh sé duaiseanna ar aiste eolais agus ar ghearrscéal.
Ghlac sé páirt sa chomórtas aithriseoireachta ag Oireachtas 1901 (Donncha Ó Súilleabháin)
Thug sé Léacht an Oireachtais i 1951
Iarradh air uair bheith ina Uachtarán ar an Oireachtas ach b’éigean dó diúltú mar gheall ar dhrochshláinte (The Echo 14 Bealtaine 1971)
I litir dar ceannteideal ‘An tOireachtas’ in An Claidheamh Soluis 26 Lúnasa 1911 iarrann sé go mbainfí leas as an mBéarla i gcásanna áirithe
Cé go raibh Osborn Bergin [B2], Tadhg Ó Murchadha (1843-1919) [B1] agus Shán Ó Cuív [B2] sa láthair ba é Wayland a bhí sa chathaoir ag an gcruinniú sin agus arís i mí na Nollag (An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair agus 29 Nollaig 1900). Tuairiscíodh san iris chéanna 24 Deireadh Fómhair 1908 gur fostaíodh é féin agus banna de phíobairí cogaidh le haghaidh Oireachtas 1908 in ainneoin gur sheinn sé ag an Taispeántas Idirnáisiúnta i nDroichead na Dothra a thosaigh 4 Bealtaine 1907 agus ar chuir na gluaiseachtaí náisiúnta baghchat air. Tuairiscíodh in Sinn Féin 26 Deireadh Fómhair 1912: ‘Mr Wayland is on his way to Australia and at Toulon in France, Naples in Italy and Port Said in Egypt he paraded the streets in Irish costume, playing the Irish pipes
Bhíodh sé ina mholtóir ar an amhránaíocht ag an Oireachtas. I 1949 chuir B.B.C
Bhuaigh sé an chéad duais agus Corn Mhichíl Bhreathnaigh [B2] ag Oireachtas 1914 sa chomórtas ‘An Modh múinteoireachta’
Iarradh air an t-aitheasc a thabhairt ag an bhfáiltiú do lucht léinn na gcoláistí oiliúna ag Oireachtas 1955
Ba mhinic a ghlacadh an scoil páirt in imeachtaí an Oireachtais agus spreagadh sé muintir na háite chun cur isteach ar na comórtais. Pósadh é féin agus a chomhoide Sibéal Ní Dhubhaigh ar 14 Aibreán 1931 in Ardeaglais Naomh Adhamhnán, Leitir Ceanainn
Toghadh é ina chathaoirleach ar an Oireachtas dhá uair
Toghadh é ina uachtarán ar an Oireachtas i 1950
Aisteach le rá, is annamh a bhíodh fidil ina sheilbh féin agus bhíodh sé deacair ceann a bheadh chun a shástachta a fháil ar iasacht. Bhuaigh sé an chéad áit ag Oireachtas na bliana 1947
Thug sé trí ghiní don Oireachtas i 1901, méid ab ionann agus pá maith seachtaine an uair sin, nuair a bhí an Conradh i Londain ag iarraidh £20 a thabhairt don fhéile
Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge in 1918 agus bhí baint mhór aige le heagrú an Oireachtais i gCorcaigh in 1919. Bhain sé céim san fhealsúnacht amach in 1907 de bharr scrúduithe na hOllscoile Ríoga
D’oibríodh sé go crua; bhíodh snas ar gach fearas a sholáthraíodh sé agus shábháil sé lab mór airgid’. Baineann Aguisín 3, ‘Duais an Mhaolánaigh nó an Mullen Bequest’, in Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin, leis an gcaoi a bhfuair an Conradh an t-airgead agus leis a gcaoi ar chaith siad é, agus lena raibh le fáil ag an Oireachtas le caitheamh ar dhuaiseanna
Bhí sé ina chathaoirleach ar an Oireachtas i 1913-14
Le béaloideas Ghleann Aichle a bhaineann an tsraith sin. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 3 Lúnasa 1907 gur thairg sé corn airgid don té ab fhearr saothar ag an Oireachtas
Bhuaigh sé Duais an Mhairtínigh [ Martyn, Edward] [q.v.] ar aiste (‘Tionscail tuatha sa Ghaeltacht’) i gcomórtas a bhí teoranta do mhuintir na Gaeltachta ag Oireachtas 1940, agus an chéad duais arís i 1947 sa chomórtas ‘Aiste tuarascálach ar phearsa éigin nach maireann a bhaineann le ceantar dúchais an iarrthóra’
Bhí alltacht ar an scríbhneoir go raibh iarrta ar Mhac Pháidín Óráid an Oireachtais a thabhairt an bhliain sin
Thuairiscigh An Claidheamh Soluis 6 Deireadh Fómhair go raibh an dara £100 le teacht ón Airgintín agus go raibh duaiseanna Oireachtais á dtairiscint ag The Southern Cross
Chuir sí isteach ar chomórtais aithriseoireachta ag Oireachtais 1901 agus 1902 agus tugadh ardmholadh dá hiarrachtaí (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1901; An Claidheamh Soluis 31 Bealtaine 1902)
Ghlac sé páirt i gcomórtas díospóireachta ag Oireachtas 1909
Ba mhinic é ag canadh ag ceolchoirmeacha i Londain 1897–99 agus tugadh ardmholadh dó ag Oireachtas 1899.
Ach tugadh cuireadh dó léacht a thabhairt ag Oireachtas athbheoite an Chonartha in 1939. Bhí taithí aige ar an gcló rómhánach riamh ó léadh sé iris an PhiarsaighAn Barr Buadh in 1912
Bhuaigh a n-iníon Deirbhile duaiseanna Oireachtais ar amhránaíocht
Marbhán [Seán Ó Ciarghusa] [B2] is north and the Paorach south from us’. Is le linn dó a bheith ag Oireachtas 1906 a fostaíodh é mar mhúinteoir taistil faoin timire Séamus Ó hEocha [q.v.] agus thosaigh sé ag obair i ngeimhreadh na bliana sin
a man with such a good ear that he could speak any dialect of Irish to anyone and sound like a native to a Donegal man as well as to a Coolea man’. Faoi 1947 bhí cáil air mar údar ar an sean-nós amhránaíochta agus ag Oireachtas an Iubhaile Órga an bhliain sin chuir sé sa láthair seisiún dar teideal ‘Léiriú agus míniú ar amhránaíocht na Gaeltachta’ a lean ar feadh trí lá
Bhí sé ina theachta ó Bhaile Mhic Gearóid ag Oireachtas 1909 (idem 7 Lúnasa 1909)
Moladh go hard a iarrachtaí sa chomórtas aithriseoireachta agus sna comórtais le haghaidh aistí ar ‘Baint urlabhra le náisiúntacht’ agus ‘Céard is fírinne ann?’ ag an gcéad Oireachtas (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897)
Chuireadh sé iarrachtaí isteach i gcomórtais liteartha an Oireachtais: duais speisialta, faoin ainm ‘Ó Tórna’, ar ghearrscéal chomh luath le 1941, agus i 1959, faoin ainm Tundar, duais aitheantais ar dhráma aonghnímh
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais i 1943 agus scríobh Óid na féile sin i 1944
Le haghaidh Oireachtas 1917 scríobh Port Láirge agus na Déise—a Gaelic guide to Waterford and the Déise country
Ina Uachtarán ar Oireachtas 1954
Ag Oireachtas 1940 bhuaigh an chéad duais ar aiste ar Mhicheál Breathnach
I 1959 bhí sé ina uachtarán ar an Oireachtas
Bhuaigh sé an chéad duais ag Oireachtas 1940 le haiste ar an Athair Micheál Ó hIceadha
Bhuaigh craobh an Oireachtais d’amhráin mhallcheoil agus d’amhráin mhearcheoil i 1942
Bhuaigh Comórtas na bhFear san amhránaíocht aonair ag Oireachtas 1898
I dtuairisc a bháis in Freeman’s Journal dúradh: ‘The Very Reverend gentleman who was President of the Gaelic Society and of the Drogheda Teetotalers, was distinguished no less for his unflinching patriotism than by his efforts to revive the national music and language of his country.’ Agus chuir Seanchas Ard Mhacha mar eireball lena gcuntas: ‘Finally we may well wonder if the Drogheda Bardic festival of 1843 with its address in Irish and the speaker’s confidence regarding the future of the language in a self-governing Ireland was the last of its kind until the first Oireachtas na Gaeilge in 1897.’
In 1899 bhuaigh sé duais Oireachtais ar aiste
Looking at it from the angle of history, it seems tragic that the most generous scheme ever embarked upon in the history of Radio Éireann should have ended so unhappily, and that the object of getting an Irish conductor for the most important Irish orchestra should not have been achieved’ (Gorham). Tuairim an ama sin bhíodh sé ag moltóireacht ag comórtais an Oireachtais
Bhí sé ar dhuine de chairde Uí Chadhain; luann seisean é i gceann de na litreacha a sheol sé chuig Tomás Bairéad[B2] ón gCurrach (As an nGéibheann, 1973) agus i 1947 bhí sé ar dhuine de na cairde a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mhairtin Ui Chadhain , 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin); d’fhuaraigh an cairdeas sna 1960idí
Bhí an Poblachtach seo gníomhach i gConradh na Gaeilge sna 1930idí agus bhí tamall ina bhall den Choiste Gnó; bhí baint aige le hathréimniú an Oireachtais
Bhí baint aige le Taispeántas Ealaíne an Oireachtais
Timpeall 1938-39 bhí baint mhór aige le hathréimniú Oireachtas na Gaeilge
Léiriú ar a ghníomhaíocht agus ar mhéid a thionchair is ea go raibh sé: ina bhall de Choiste Riartha Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1973–79); ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha (1981-96); ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh (1985–95); ina Leas-Uachtarán arAcadamh Ríoga na hÉireann (1965-66 agus 1981–83); ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Merriman in 1967 agus ina chathaoirleach 1973–76; ina chathaoirleach ar an gClóchomhar ar feadh i bhfad; ina Éarlamh ar Oireachtas na Gaeilge in 1991. Chuir Seosamh Watson eagar ar Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe (1986)
Má bhí meas amhránaí air ina pharóiste féin agus i measc na ndaoine a chaitheadh tamaill saoire i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh, níor chuir pobal na Gaeilge i gcoitinne aithne air gur bhuaigh sé Corn Chomhlacht an Oideachais ag Oireachtas 1970 agus go dtí gur chuir sé amhráin ar cheirnín do Ghael Linn 27 Eanáir 1977 [CEF 063]. Gheofar tuairim dá thábhacht sa nóta a scríobh Seán Ó Tuama ar chlúdach an cheirnín sin: ‘An té a rachadh ag triall ar cheol i gCorca Dhuibhne is é is dóichí ar fad gur ag triall ar Sheán de hÓra is túisce a rachadh sé
Thug sé léacht an Oireachtais i 1975 (‘Gaelachas agus Éireannachas—fadhb nó réiteach?’) agus bhíodh aistí aige in Comhar idir 1962 agus 1985
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais don Dán Fada sna blianta 1979, 1981, 1983
Bhuaigh sé Duais na Comhdhála ag Oireachtas 1951 ar aistí eolaíochta agus bhuaigh Duais an Chlub Leabhar i 1964
Bhuaigh sé an Bonn Óir sa chomórtas Sean-Nóis ag Oireachtas 1953
Réitigh sí Taispeántas Ealaíne an Oireachtais bliain amháin
Ba mhinic ag spochadh as a chéile iad i dtaobh dhuaiseanna Oireachtais agus foilseachán ...’
Bhunaigh sé coláiste samhraidh Anagaire; i 1961 bhailigh sé seanchas ó Annie Bhán Nic Grianna[q.v.], a bhí fostaithe aige mar sheanchaí sa choláiste faoi 1962 agus ar dheirfiúr í le Séamus Ó Grianna[B2] agus Seosamh Mac Grianna[q.v.]. Thug sé Léacht an Oireachtais i 1964 (‘Cad é atá i ndán don Ghaeltacht?’)
Ba é a roghnaíodh ina chathaoirleach nuair a thug Domhnall Ó Corcora[q.v.] léacht ag an gcéad Oireachtas athbhunaithe i 1939. Dúirt Earnán de Blaghd[q.v.] ina thaobh: ‘Ag féachaint siar ar bhlianta anacracha tosaigh an choláiste [Coláiste Mhuire] dom, cuirim in iontas é ó uair go chéile go mbeadh an buan-rath agus an síormhéadú ar an Choláiste dá mbeadh Ard-mháistir eile seachas an Bráthair Ó Tatháin againn’
Ag Oireachtas 1916 i bPort Láirge bhí sé ina mholtóir sa chomórtas a bhain le seanchas na haimsire (An Claidheamh Soluis 18 Márta 1916). Ní raibh aon phrós aige sna hirisí ó 1905 go 1924 nuair a thosaigh sé ag foilsíu ábhair in The Leader, An Branar, Fáinne an Lae
Bhaineadh duine acu, Siobhán, duaiseanna Oireachtais ar amhránaíocht ar an sean-nós agus bhí duine eile díobh, Cáit, i measc na ndaoine a thug amhráin don Athair Pádraig Breathnach[B3]
Thagadh an Éigse le chéile ag an Oireachtas ina dhiaidh sin (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin)
In éineacht le Risteárd Ó Maoilbhréanainn[B1] agus Pádraig Archer[B3] bhí sé ar na daoine ba mhinice a dhéanadh moltóireacht ar rince ag feiseanna agus ag an Oireachtas
Ag Oireachtas 1948 bhuaigh sé an chéad duais ar aiste i dtaobh ‘Ceardaighnis agus a réiteach’
Bliain i ndiaidh bliana ghnóthaigh sé duaiseanna i gcomórtais filíochta an Chomhchaidrimh agus i gcomórtais filíochta an Oireachtais
Ba mhinic ag moltóireacht é i gcomórtais filíochta an Oireachtais agus anois is arís sna comórtais amhránaíochta. Bhí air éirí as an múinteoireacht de dheasca drochshláinte i 1977
leo gur faoina seanmháthair féin a chum Pádraig Mac Piarais an scéal “Bríd na nAmhrán”, an bhean as Conamara a shiúil go Baile Átha Cliath chuig an Oireachtas’ (Mac Con Iomaire)
Bhuaigh píosa leis duais ag Oireachtas 1960
Bhuaigh Bidí agus Bríd Anna araon duaiseanna Oireachtais ar scéalaíocht
An bhliain chéanna sin mar dhuine d’aisteoirí na hArd-Chraoibhe bhí ról aige in Na Gaiscígh, dráma le Pádraic Ó Conaire [B2] ag an Oireachtas sa Rotunda (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin [q.v.]); bhí sé ar dhuine de chairde Uí Chonaire
Bhuaigh sé Duais an Mháirtínigh [Edward Martyn] ar ghearrscéal ag Oireachtas 1953
Dúirt sé le Pearse Hutchinson gurbh óna mháthair a d’fhoglaim sé cuid mhór dá amhráin. Bhí Seán Ó Coisdealbha agus a bhean Íde mar mhúinteoirí sa scoil ansin agus deirtear gurbh í Íde a mhisnigh é chun cur isteach ar chomórtais an Oireachtais sna 1940idí
Gheofar tuairim den tábhairne sa mhéid a deir Máirín Firtéir faoin aifreann éagnairce: ‘Ofráladh ansan foclóir an Duinnínigh[B3], an foclóir a bhí laistiar dá chuntar agus a tógadh amach go minic, chun réiteach a lorg ar chruacheist éigin i rith an phlé agus an áitimh a bhíodh ar siúl ag lucht léinn agus Gaeluinne san “Acadamh” a chruthaigh sé ina thigh tábhairne; ba é féin an fealsamh, an t-Ollamh, an Boss.’ ‘Tríd na blianta bhíodh ceol agus amhráin le clos go minic tráthnóntaí i dtigh Dhónail ach is dóigh liom go raibh sé ina airde lán timpeall an ama i dtús na seachtóidí a bhuaigh Seán de hÓra[q.v.] comórtas an tSean-Nóis ag an Oireachtas
In Mairfidh na filí má mhaireann ár gcuimhne, 1999 deir Conall Ó Domhnaill[q.v.] agus é ag tagairt do na himeachtaí go léir a bhí ar bun ag muintir Dhomhnach Phádraig: ‘Ach tá duine amháin a chuidigh tús agus páirt agus gríosadh a chur san eagraíocht seo uilig agus is é sin Peadar Ó Ceallaigh, an chéad mhúinteoir scoile, a chuir tús le scoil chun teagasc agus treoir a thabhairt do shean agus óg ar mhórán dóigheanna.’ Thug sé an léacht ‘Nua-Oideas na hÉireann’ ag Oireachtas 1942
Bhuaigh an dá leabhar a scríobh sé duaiseanna Oireachtais.
Chuir sí a leabhar ar Phádraic Ó Conaire isteach i gcomórtais liteartha an Oireachtais agus roinneadh an duais ar Chriostóir Mac Aonghusa[q.v.] agus uirthi féin; bronnadh Duais an Chraoibhín uirthi
‘Níor ghá dó a bheith ina Aire Gaeltachta agus dualgas foirmiúil a bheith air dá réir, le freastal ar an Oireachtas, clárú sa Chlub Leabhar nó bheith ina shíntiúsóir agus ina léitheoir rialta ag na tréimhseacháin Ghaeilge…
Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge a tionóladh i nGleann Cholm Cille i 1989
Ní ghlacadh sé páirt san Oireachtas ná in aon chomórtas scéalaíochta
Aistriú ar chuid de shaothar phríomh-ghearrscéalaithe na tíre sin is ea Glór ár ngaolta, 1992, saothar a ghnóthaigh duais Oireachtais
Scríobh sé An réabhlóid sóisialta, 1968 agus thug sé Léacht an Oireachtais an bhliain sin
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar ghearrscéalta agus chraol Radio Éireann tuairim tríocha dá scéalta
Bhuaigh a dhán ‘Cé hé an file?’ an chéad duais i gcomórtas anOireachtais i 1942
Bhí sí ina huachtarán ar Oireachtas 1979
Bhuaigh sí an Bonn Óir i gcomórtas an tSean-Nóis ag Oireachtas 1952 agus bhuaigh comórtas na mban arís an bhliain dár gcionn
Bhí an chaibidil ‘Gaelic Ripples… the Growth of Cultural Awareness’ aici in Victorian Dublin, 1980 in eagar ag Tom Kennedy. Ceoltóir aitheanta ba ea í: ‘Ba cheoltóir tallanach cumasach í féin, agus beidh cuimhne i gcónaí ag a cairde ar an gcaoi a gcuireadh sí faoi dhraíocht muid ag na foinn a sheinneadh sí ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin.’ Dhéanadh sí moltóireacht ag Fleánna Ceoil, ag Slógadh agus i gcomórtais liteartha an Oireachtais
Idir 1937 agus 1939 a bhailigh sé an t-ábhar uaithi. Bhuaigh sé Bonn Óir sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós ag Oireachtas 1958
I 1947 bhí sé ar dhuine de chairde Mháirtín Uí Chadhain a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin ..., 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin). I 1948 bhunaigh Conradh na Gaeilge an míosachán Feasta agus d’fhostaigh siad Seosamh mar bhainisteoir
Ba í a d’oscail Oireachtas 1979 agus ceapadh í ina Leas-Seansailéir ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath an bhliain sin. Deir an Glaisneach: ‘Faraor ghéar, i mblianta deireanacha a saoil, bhuail galar Máirín—easláinte inchinne a dtagann meath intinne agus coirp di diaidh ar ndiaidh, rud truamhéileach ag bean a raibh an-cheann uirthi agus iompar deas neamhspléach fúithi.’ D’éag sí 25 Eanáir 1994 agus tá sí curtha lena fear céile i Snaidhm, Co
Ghnóthaigh sé Gradam an Oireachtais in 1980
Bhuaigh sé an chéad duais i gcomórtas amhránaíochta na bhfear ag Oireachtas 1981
Ar léann fiúntach domhain den chineál sin a thóg sé corpas léirmheastóireachta a mhairfidh mar léiriú ar an gcuid is fearr de thuiscintí liteartha a linne.’ Ar feadh na mblianta bhí sé ina mholtóir ar chomórtais liteartha an Oireachtais
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais sna comórtais d’fhilíocht sa stíl traidisiúnta
Rinne sé moltóireacht ag an gcéad Oireachtas. Rinne Lil Nic Dhonnchadha tagairtí dó sa chomhrá a bhí aici le Risteárd Ó Glaisne (Feasta, Meitheamh 1989): ‘“ministir eile, Séamus Ó Murchadha, a bhí ina ollamh Gaeilge
Ag Oireachtas 1956 bhuaigh sé duais ar stair an choláiste a scríobh
‘Seaneolas sinsir na nGael ar an aimsir, ag tabhairt na gcomharthaí fearthanna agus stoirme agus gach uile shórt comhartha ar an aimsir is eol dos na seandaoine’ is ábhar don tráchtas seo a bhuaigh duais ag Oireachtas 1916
Bhí aithne súl aige air, mar sin, chomh fada siar le 1896, b’fhéidir. Fionán a scríobh Óid an Oireachtais i 1907
Fuair an mháthair bás 26 Feabhra 1914 (An Claidheamh Soluis 7 Márta 1914) agus an t-athair 12 Nollaig 1934 ach níor luadh a hainm sna tuairiscí ar na sochraidí sa Wicklow People, cé gur ainmníodh, i gcás an athar, an cúigear ainteanna a bhí aici san Ord Doiminiceach i gCabrach. I 1914 fuair sí an chéad duais Oireachtais ar ‘Stair na hÉireann ón am ab fhaide siar go teacht na Normánach’
Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas 1957. D’éag sé ar 6 Deireadh Fómhair 1978
Fuair sé an chéad duais ar scéalaíocht ag Oireachtas 1956 agus roghnaíodh é féin agus Áine chun páirt a ghlacadh sna hOícheanta Seanchais ag Gael Linn i ndeireadh na 1950idí
‘Cúig bliana ó shin, ba í a chuir dlús le feis a chur ar bun i Maigh Chromtha, an chéad fheis a bhí in Éirinn tar éis an tOireachtas a thosú’ (ibid 12 Aibreán 1902)
Nuair a thaistil Bob Thompson chuig ceann de na chéad Oireachtais is le cabhair airgid ó Phair é agus is ar phíb Phair a bhuaigh sé duais
Deir Peadar go raibh 103 véarsa sa tsaothar agus tuairimíonn gur chuid díobh a bhuaigh duais Oireachtais do Sheoirse i 1939. Chaith sé tréimhse i nGlaschú idir Meitheamh 1900 agus Aibreán 1901
Thugadh sé síntiús don Oireachtas
Bhí ann go 1928 nuair a fuair sé post príomhoide i Scoil Cholmcille, Sráid Maoilbhríde, an chéad bhunscoil lán-Ghaelach i mBaile Átha Cliath. Ó 1914 ar aghaidh bhíodh páirteanna aige i ndrámaí a léiríodh na hAisteoirí sa phríomhchathair, i ndrámaí ag Oireachtais agus ag féilte drámaíochta, agus in Amharclann na Mainistreach
Is dóigh gurb eisean atá i gceist sa mhír nuachta dar cinnlíne ‘The Irish language in Ring’ in An Claidheamh Soluis 30 Márta 1901: ‘The Oireachtas (Cleaver) prizes were distributed as follows: Mike Kinneally, 1st prize; Pat Terry, 2nd; John Curreen, 3rd...
is excellently done and full of queer tales’. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais i 1906 agus 1907 ar bhailiúcháin de sheanscéalta nár cuireadh i gcló riamh
Thug sé an óráid ag Oireachtas 1913
An bhliain dár gcionn bhuaigh sé cúpla duais Oireachtais, duais díobh i gcomórtas a bhí teoranta do chontae an iomaitheora, le haiste ar Phádraig Denn, agus an duais eile le haiste ar imeacht na nGael thar sáile
Cuireadh síos nach raibh Béarla ag Éamonn ná ag Julia. Bhí Conchubhar ina mhonatóir i mBéal Átha an Ghaorthaidh, agus ag Oireachtas 1901 bhuaigh sé duais ar aiste i dtaobh ‘Na Francaigh i gCuan Bheanntraí’
Toghadh é ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1948 agus 1949. D’éag a bhean i 1937 agus scríobh sé dán caointe (Catholic Bulletin)
Bhí sé ar choiste an Oireachtais an bhliain sin
Ag Oireachtas na bliana sin fuair an dara duais ar bhailiúchán de scéalta nár foilsíodh cheana, agus an chéad duais an bhliain dár gcionn
Ba ghnách leis dul chuig Oireachtas na Gaeilge in éineacht le meithil a d’eagraíodh Dónall Ó Ceocháin [q.v.] agus bhuaigh sé duais na hamhránaíochta uair leis ‘An Poc ar buile’
Bhí ionad aige ar an ardán nuair a osclaíodh an chéad Oireachtas in 1897
Bhí sé ina mholtóir ar cheol ag an gcéad Oireachtas in 1897. Baineann tábhacht lena leabhair ar stair na hÉireann toisc ceann díobh A child’s history of Ireland, 1898, bheith á úsáid sna bunscoileanna agus go raibh tóir mhór ag an bpobal ar bheagán eile díobh, leithéidí Outlines of the history of Ireland, agus A Social history of ancient Ireland, 1903. Ba é an saothar ceannródaíochta ba mhó uaidh na trí imleabhar de Origin and history of Irish names of places, 1869–1913
Thuigfeá ó litir in An Claidheamh Soluis, uimhir Oireachtas 1909, gur theastaigh uaidh a chur in iúl os íseal go raibh sé ag tacú leis an gConradh san aighneas
Bhí pictiúir aici freisin i dtaispeántas an Oireachtais an bhliain sin (idem 11 Lúnasa 1906)
Tá cónaí ar Úna Darmody, aois 93, i dTeach Mealóg, ar an Monsignor Pádraig Ó Dochartaigh, aois 87, in Fresno i gCalifornia agus ar mo mháthair, Caitlín, aois 89, sna Dúnaibh in iarthuaisceart Thír Chonaill.’ Uair éigin roimh 1911 chuir sé faoi i bhFál Carrach. Amhránaí aitheantúil ba ea é ag an Oireachtas timpeall 1911
Cé go raibh sé in ann an teanga a scríobh ba é Seán a chabhraigh leis chun a dhánta a chóiriú i gceart chun go gcuirfí isteach ar dhuaiseanna Oireachtais iad agus chun go bhfoilseofaí iad
Comhartha ar a fhéile a thugadh sé cabhair airgid gur £2, pá seachtaine san am, a thug sé mar shíntiús do chiste an Oireachtais Márta 1902. Bhuail William Bulfin leis sa túr: ‘One of them [Trench] had lately returned from a canoeing trip of hundreds of miles through the lakes, rivers and canals of Ireland...
Bhuaigh sé an dara duais i gcomórtas amhránaíochta Oireachtas 1919 – Conchubhar Ó Luasa, Baile Bhuirne, a bhí sa chéad áit. Bhí sé ag timireacht faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge agus i rith an chogaidh (1939–45) is ar rothar a thaistealaíodh sé ó rang go rang
Cuireadh comórtas gearrscéalaíochta ar bun ina onóir ag Oireachtas 1912.
In 1901 bhuaigh sé an chéad duais do phrós ag an Oireachtas le haiste ar bheatha Mhichíl Uí Chléirigh. Fuair sé bás 3 Bealtaine 1957 agus cuireadh i nGlas Naíon é. Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.
As drámaí a léirigh Gearóid agus Tadhg Ó Scanaill (1883–1967) [B1] agus cuallacht Phiarais Béaslaí [B1], Na hAisteoirí, ag Oireachtas 1923 a d’fhás an Comhar
Bhí sé broidiúil i rith 1915 ag fréamhú na heagraíochta Crann Déagláin mar ghléas le tacú le teaghlaigh Ghaelacha, aithris, b’fhéidir, ar Chrann Eithne a bhunaigh an tEaspag Pádraig Ó Domhnaill [B2] i nDún na nGall. Nuair a beartaíodh Oireachtas 1916 a bheith i gCathair Phort Láirge ceapadh é ina chomhrúnaí ach b’éigean é a chur ar siúl i mBaile Átha Cliath ag deireadh thiar
Tar éis do Cholm bheith ag gabháil don chrua-obair sa Chlochán ar feadh tamaill de 1911 b’éigean dó cúig sheachtain a chaitheamh in ospidéal i mBaile Átha Cliath. Ag Oireachtas 1913 i nGaillimh thug Seán Mac Diarmada mionn Bhráithreachas na Poblachta dó, chomh maith le húdarás chun an ghluaiseacht a bhunú i gConamara
Ag Oireachtas 1920 bhí bonn óir ina chuimhne á thairiscint sa roinn: ‘Múinteoireacht: ceacht a mhúineadh do rang nach bhfuil eolas acu cheana ar an nGaeilge’
Ba é a thug óráid an Oireachtais an bhliain sin
Bhí ina bhall den Chumann Gaelach ansiúd agus ina bhall de Chomhaltas Bhaile Átha Cliath den Chonradh thar ceann an chumainn sin chun réitithe a dhéanamh d’Oireachtas 1920 (Misneach 6 Márta 1920)
Fuair sé duais ar chnuasach de sheanamhráin ag Oireachtas 1924. Chuir sé isteach ar phost buan i Sligeach ach ní raibh sé le fáil aige nuair nach dtógfadh sé mionn dílseachta
Fuair sé an chéad duais sa chomórtas ‘An taispeántas is fearr i modh múinteoireachta’ ag Oireachtas 1906
An chéad rud dár scríobh sé i nGaeilge an cnuasach beag de ghearrscéalta faoin teideal An Tost a chuir sé isteach mar iarracht chun an Oireachtais i 1924
Thagadh sé go dtí an tOireachtas go rialta
Ba chuimhin leis gur chuir muintir na háite an milleán ar an dream i mBaile Átha Cliath nuair nár tháinig na gunnaí. Ag Oireachtas 1923 d’éirigh thar cionn leis na drámaí a léiríodh sa Ghaiety
Bhí bailiúchán mór de shaothar ealaíontóirí Éireannacha aige agus bhí sé ina chathaoirleach ar Fhochoiste Ealaíne an Oireachtais
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais cúpla bliain as a chéile
Bhain sé duais Oireachtais i 1908 lena aiste ar na Fíníní in Uíbh Ráthach
Féasóg fhionnrua a bhí inti ...’. Bhí tosaithe aige ar an scríbhneoireacht cheana féin le ‘Beatha Sheaghain Mhic Éil’, saothar neamhfhoilsithe a ghnóthaigh duais Oireachtais dó i 1902
Bhí sé ar dhuine de cheannairí Chraobh na Laoi a cuireadh “faoi choinnealbhá” (féach Donnachadh Pléimionn). In 1899 bhí sé i láthair ag an gComhdháil Phan-Cheilteach agus ag Gorsedd na Breataine Bige. Bhuaigh sé bonn óir ar thrí dhán liriceacha ag an gcéad Oireachtas
Ag Oireachtas 1903 bhuaigh sé duais lena aiste “Cuan na Mara agus a mhuintir” (foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Márta 1907)
Bhíodh sé ina mholtóir i gcomórtais liteartha an Oireachtais sna blianta tosaigh
Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ó thosach agus i 1903 bhain sé duais Oireachtais le Foclóir an Leagha
Bhuaigh sé an chéad duais sa scéalaíocht ag Oireachtas 1971. Rinne an tAthair Ó Deá agus Jim Connolly, dealbhóir, scannán daite 16 mm i dtaobh Annraoi sula bhfuair sé bás ar 13 Aibreán 1974
Timpeall an ama sin freisin a bhuaigh sé duais Oireachtais lena aiste ‘Scrúdú ar theagasc Descartes’ (i gcló in Gaethe Gréine, 1920) agus a d’fhoilsigh sé ‘Éire—náisiún céasta’ in An Síoladóir. Chuaigh sé a dhéanamh staidéir sa Róimh i 1920
Ag an gcéad Oireachtas in 1897 bhain sé duais lena ‘Laoidh Seilge Beinne Gulban’
Ceapadh Fionán ina rúnaí agus d’fhreastail sé ar an gcéad Oireachtas
Thug sé faoi deara i 1900 nach raibh curtha isteach ag aon Ultach ar na comórtais liteartha san Oireachtas
Bhí aiste in An Claidheamh Soluis aige an bhliain sin agus an bhliain dár gcionn bhuaigh sé an chéad duais ar óid san Oireachtas
Bhí post garraíodóra aige i Stradbrook Hall in aice na Carraige Duibhe. Fuair sé duais Oireachtais ar chnuasach seanfhocal in 1901
Faoin ainm ‘Sairséal’ bhain William O’Byrne, Maigh Nuad, duais in Oireachtas 1898
A fheabhas a bhí ag éirí leis an bhFeis sin faoi deara Oireachtas na Gaeilge a athbhunú
Roinneadh an dara duais idir í féin agus Seán Tóibín[B2] i gcomórtas scéalaíochta ag Oireachtas 1916
B’í ba mhó a bhí ag tacú leis an gCraoibhín ag Oireachtas cinniúnach 1915 i nDún Dealgan in aghaidh na nÓglach agus na bpoblachtach
Chuireadh sé eagar ar chnuasaigh de dhuaisiarrachtaí Oireachtais agus d’aistríodh drámaí agus scéalta ón mBéarla agus ón bhFraincis
Bhí sé ina mholtóir sna comórtais liteartha ag an gcéad Oireachtas in 1897
Bhuaigh sé duais san fhilíocht ag Oireachtas 1900
I 1908 rug sé duais Oireachtais le Ar thaobh na locha
Iarradh air Óid an Oireachtais a scríobh i 1908 agus i 1909 bhuaigh sé an chéad duais don amhrán ab fhearr
Bhain sé féin boinn óir Oireachtais ar óráidíocht
Bhuaigh sé go leor duaiseanna Oireachtais ar phrós agus ar fhilíocht sna blianta 1913 go 1921
Bhí sé i láthair ag Oireachtas 1899
Bhain sé an dara duais ag Oireachtas 1904 do “Stair achomair i gcóir leanaí”
Bhuaigh sé duais Oireachtais in 1904 ar scéal (“Páidín Mháire”) agus duais eile ar aiste (“Seanlitríocht na hÉireann agus nualitríocht na hEorpa”) in 1908 agus go leor duaiseanna Oireachtais eile
Le linn dó bheith ar a choimeád ghlac sé páirt i luíochán sa Driopsach, áit a ndeachaigh urchar trí phíce a chaipín. Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais i gCorcaigh i 1919 ach níor fhéad sé bheith ag na himeachtaí
Deir George Moore go raibh sé mar leideoir ag an gCraoibhín nuair a léiríodh An tinncéir agus an tsidheog i ngairdín Uí Mhórdha i bPlás Ely ag Oireachtas 1902
Chuir siad deireadh leis nuair a thosaigh páipéar Airt Uí Ghríofa, The United Irishman. Bhuaigh sí an chéad duais sa roinn don aiste Bhéarla “How to popularise the Irish language” ag an gcéad Oireachtas in 1897
Bhuaigh an lámhscríbhinn duais ag Oireachtas 1983. Fuair Róise Nic Ghrianna bás ar 6 Aibreán 1964
Ag Oireachtas 1901, bhain sé ceann de na duaiseanna £1 le haiste ar Sheán Pléimeann
Dhá bhliain ina dhiaidh sin agus gach bliain go ceann trí bliana d’oibrigh sé an fómhar in Albain, ag tanú tornapaí agus ag baint sméar agus prátaí an dá bhabhta tosaigh agus le hobair náibhíochta ar an bpíopa uisce idir Broughton agus Dún Éideann an triú bliain. Bhain sé an chéad duais ar thrí scéal ón mbéaloideas ag Oireachtas 1912
Bhí spéis mhór aige i modhanna múinte – bhí duais bainte aige sa roinn sin ag Oireachtas 1906 – agus taithí fhada um an dtaca seo aige ar an mhúinteoireacht
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar fhilíocht sa tréimhse 1902–10 agus bhíodh a dhéantús i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Sinn Féin, Misneach, The Leader ..
Thug Stiofán Mac Enna íde na muc is na madraí air nuair a d’aimsigh sé an focal ‘ruibhéar’ ar abhainn”. Bunaíodh Cumann na Scríbhneoirí le linn Oireachtas 1920 agus bhí Colm ar an dream a bhunaigh é. Ceapadh ina rúnaí cúnta é sa Chéad Dáil
Ghnóthaíodh a dhéantús filíochta duaiseanna Oireachtais agus b’fhiú le hÉamon Cuirtéis é a bheith mar dhuine den 17 bhfile a bhfuil a saothar in Cuisle na hÉigse (eagrán nua ag Ciarán Ó Coigligh 1986)
Bhí sí ar dhuine de na mic léinn i gColáiste Laighean i 1907 agus bhí sí ina ball de Choiste na mBan ag na hOireachtais ón mbliain sin amach
Duaisiarracht Oireachtais ba ea é. Bhí sé ina léachtóir le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú in 1939/40
Bhí sé ina bhall de choiste an Oireachtais ar feadh na mblianta, toghadh é ina uachtarán i 1952 agus lean air ina leasuachtarán ar feadh a raibh fágtha dá shaol. Pearsa mhór é i stair na heitleoireachta in Éirinn
Chuireadh sé ceol freisin le beagán de dhánta na nuafhilí ar nós an Direánaigh. Bhíodh sé ag moltóireacht go rialta ag comórtais amhránaíochta ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge
Mhúineadh sé rince in An Stad agus bhí ina mholtóir ar rince ag Oireachtas1901. Lúithnire cumasach é freisin
Deirtear gur air a bhunaigh Breandán Ó Beacháin an carachtar ‘Monsewer’ in An Giall. Chomh fada siar le 1921 bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar aistí staire, agus bhíodh ábhar aige in Misneach, An Síoladóir, Fáinne an Lae
I measc na síntiús do chistean Oireachtais tá cúig scilling ó ‘James M
The Gaelic League collection in the town totals double last year’s figures’ (An Claidheamh Soluis 28 Aibreán 1917). Chabhraigh sé le reáchtáil Oireachtas 1917 i bPort Láirge
Nuair a shocraigh Sinn Féin i gCorcaigh go n-íocfaidís tuarastal leis d’éirigh sé as a phost múinteoireachta. I 1919 bhí an tOireachtas ar siúl i gCorcaigh agus ba é Liam a d’oscail é nuair nár tháinig Eoin Mac Néill
Thairg sé duais Oireachtais trí ghiní ar aiste faoi dhéantúis na hÉireann Lúnasa 1897. Faoi lár na 1890idí bhí foireann de chló gaelach ceannaithe aige
Bhí sé ina bhall den fhochoiste a d’athréimnigh an tOireachtas
Phós duine díobh, Fiachra, Áine Ní Allúin, a bhí ina riarthóir agus tamall ina cisteoir ag Oireachtas na Gaeilge, agus bhí baint acu beirt le Taispeántas Ealaíne na féile sin.
Bhí sé páirteach i ngach taispeántas a d’eagraigh an RHA i rith 1926-64. Bhí baint aige le bunú Thaispeántas Ealaíne an Oireachtais
Bhuaigh bailiúchán gearrscéalta, Uisce Báis agus Beatha, 1975 duais Oireachtais
Bhí a pictiúir le feiceáil ag taispeántais san RHA, san Oireachtas agus araile
‘Ar na hócáidí eile a bhíonn acu, bíonn Tionól Uí Fhiaich i mí Iúil, oícheanta ceoil oíche Chéadaoine agus Meitheal an Cheoil Dúchais faoi stiúir Ghearóidín Breathnach, buaiteoir Chorn Uí Riada 1996.’ Bhí Eoghan ina rúnaí náisiúnta ag Cumann na Sagart agus chaith tamall mar ionadaí acu ar choiste an Oireachtais
Agus chaithfí an tréimhse 1938-43 a áireamh mar ardphointe dóchais agus mórghníomhaíochta i stair na hathbheochana: forbairt an Chomhchaidrimh, athréimniú an Oireachtais, bunú Chraobh na hAiséirí (Conradh na Gaeilge), Ghlún na Buaidhe, Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, borradh nua sa scríbhneoireacht...
Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas 2004 i Leitir Ceanainn
Léiríodh ansin é i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus bhain sé duais Oireachtais
Bronnadh Gradam an Oireachtais air sa Daingean i 2001
Bhí fadhb ólacháin ag cur air ar feadh tamaill agus nuair a bronnadh duaiseanna Oireachtais air in 2002 agus 2003 ba é an seoladh a bhí aige Cuan Mhuire, Áth Í, Co
Bhuaigh sé bonn ag Oireachtas 1939
Bhí sí ina toscaire ag Ard-Fheis 1901 agus 1902 agus ag Oireachtais na mblianta sin thar ceann a craoibhe.’ Deir Ciarán Ó Coigligh in Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, 1987: ‘Chuir sí spéis mhór i saol agus i saothar Raiftearaí
San Oireachtas athréimnithe ba í cláraitheoir an Taispeántais Ealaíon í (tá aiste aici faoin tionscnamh mór seo in Feasta, Samhain 1951). Deir Turpin: ‘One of the most informed writers to promote a general theory of art and religion in Ireland was Máirín Allen, a graduate of University College Dublin and lecturer in the history of art at the National College of Art, Dublin
Shínigh sé achainí Chonradh na Gaeilge in 1898 chun go ndéanfaí an tOireachtas a mhaoiniú; thug sé airgead le haghaidh duaiseanna
Ar feadh i bhfad bhí sé ina mholtóir ar chomórtais sean-nóis an Oireachtais
Eachtra i gcomhair daoine sna déaga is ea Iníon Keevack (1996) agus bhain sé duais Oireachtais leis
Bronnadh Gradam an Oireachtais air i 1981
Ba é a thug Léacht an Oireachtais i 1992 (‘Forbairt na Tíre le Tríocha bliain anuas’)
Thug sé Óráid an Oireachtais i 1950
Bhí sé ina Uachtarán ar Oireachtas 1986
Dhéanadh sé freastal ar phobail Ghaeltachta i Sasana gach samhradh. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar dhánta agus aistí agus foilsíodh ábhar Gaeilge leis in An Glór, Feasta, Comhar, Christus Rex, Inniu, Scéala Éireann, The Maynooth Union Record, Irish Monthly, Ríocht na Mí, Kildare Archaeological Society Journal
Bhí a dhuaisaiste Oireachtais ‘Dúnghaois iarchogaidh don talmhaíocht’ i gcló in Comhar, Aibreán 1945
Bhain sí ardcháil amach mar amhránaí agus bhí ar dhuine de na príomhaíonna ag coirm cheoil an Oireachtais athnuaite i 1939
Deir de Prionnbhíol freisin: ‘Ceapaim gurbh eisean a chuir tús le hIlchomórtais Iomána an Oireachtais agus a dhein réiteach le RTÉ chun na cluichí ceannais míonúir a chraoladh i nGaeilge
Ba mhinic duaiseanna Oireachtais buaite aige. Chuidigh sé le Tomás de Bhaldraithe i gcás na dtéarmaí míleata in English-Irish dictionary (1959)
Bhí sé ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge bliain amháin. Ar 26 Deireadh Fómhair 2005 bronnadh an chéim onórach Dochtúir sa Léann air in Ollscoil Uladh
Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar aistí i dtaobh fhilí na Rúise agus na hUngáire
Ón uair a chonaic sé léiriú de ‘Oíche mhaith agat, a Mhic Uí Dhomhnaill’ ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair in aois a sheacht mbliana dó ba mhór a spéis i gcúrsaí amharclainne (‘An mhuintir seo againne,’ Scéala Éireann, 27 Feabhra 1960) agus is insuime, agus gan ach an scór bliain aige, agus é go fóill i gColáiste Phádraig, gur stáitsíodh dráma leis, ‘Clocha na Coighcríche’, in Amharclann na Péacóige i rith Oireachtas na Gaeilge (15 Deireadh Fómhair 1950 ar aghaidh)
In 2001 toghadh é mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge agus in 2010 bronnadh Gradam na gCeoltóirí TG4 air
Faoi chomaoin aige bhí eagrais agus institiúidí mar Chumann Merriman, Coláiste na Tríonóide, Coláistí na hOllscoile, Corcaigh agus Gaillimh, Gael-Linn, RTÉ, Oireachtas na Gaeilge, Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath agus iliomad foilsitheoirí leabhar agus irisí Gaeilge
D’eagraigh sé comóradh speisialta céad bliain i gcuimhne an drámadóra Máiréad Ní Ghráda, a saolaíodh i gCill Mháille in 1896. Bhí an-spéis aige i gcúrsaí drámaíochta agus bhí sé ina chathaoirleach ar Chumann Scoildrámaíochta an Chláir agus ina Uachtarán Náisiúnta ar an gCumann Scoldrámaíochta go dtí am a bháis. Ba é an tÉarlamh a bhí ar Oireachtas na Gaeilge nuair a bhí an fhéile sin ar bun i mbaile Inse in 1990
Bhí borradh nua ag teacht faoi ghluaiseacht na teanga faoin am ar aistríodh é go Baile Átha Cliath: an tOireachtas athbhunaithe i 1939, Craobh na hAiséirí den Chonradh, bunú Ghlúin na Bua agus Inniu, bunú Comhar...
Rugadh clann mhór dóibh ach níor mhair ach ochtar, ceathrar mac agus ceathrar iníonacha. Bhí sé ar dhuine de sheanchaithe Choláiste Bhríde agus bhuaigh an chéad áit sa scéalaíocht ag Oireachtais cúpla babhta
Ar feadh tamaill ba í a dhéanadh comórtais ealaíne Oireachtas na Gaeilge a eagrú
D’éag sé in Ospidéal Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath, ar 30 Lúnasa 2007 agus cuireadh é i Reilig Sheangánaí, Baile Átha Cliath. Ar feadh a shaoil, b’fhéidir a rá, bhí sé ag tacú le hathbheochan na Gaeilge, bíodh sin mar uachtarán tamall ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge nó ina chathaoirleach ar Oireachtas na Gaeilge nó ina bhall de Bhord na Gaeilge
Bhí sé gníomhach i saol an léinn taobh amuigh dá ollscoil féin: ghlac sé páirt i dtionól bliantúil Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath in 1987 agus in 1999 agus thug sé Léacht an Oireachtais in 1996
Bhí sé bainteach le Conradh na Gaeilge agus ba é a thiomáin Nioclás Tóibín chun an Oireachtais nuair a bhuaigh seisean an phríomhdhuais amhránaíochta trí bliana as a chéile idir 1961 agus 1963
Bhí amhrán géimiúil aici darb ainm ‘An Bádóirín’ nó ‘An Carraigín,’ a leagtar ar Pheadar Ó Direáin as Leitir Mealláin, agus ba mhaith uaithi an greann nádúrtha a bhí ann a thabhairt amach freisin, mar a rinne sí ag Oireachtas Chorcaí in 1985 agus arís ar an stáitse in 1987 i Ros Muc ag Oireachtas na nGael
Agus bhí baint nach beag aige le hOireachtas na Gaeilge a thabhairt chun na Ceathrún Rua sa mbliain 1983
Chasadh Nóra an t-amhrán ‘Máire Ní Ghríofa’ agus ba dhóigh le duine gurbh í an bhean chéanna seo a mholtar san amhrán a bhí mar mhúnla aici: Mo ghrá thú, a Mháire Ní Ghríofa, is tú is míne ná na mná, Níor iarr mé riamh an cnaigín ort nach líonfá suas an cart, Nuair a shílfinn a dhul á íoc leat, ní dhéanfá díom ach greann, Is ní scarfaidh mo ghrá go héag leat go dtí an geimhreadh thar éis mo bháis. Chuir Nóra suim i gcomórtais amhránaíochta an Oireachtais ar fhilleadh di go hÉirinn agus thug sí fúthu go díograiseach an bhliain chéanna ar fhill sí anall
Chomh maith leis sin, bhí sáreolas aige ar stíl amhránaíochta an tsean-nóis agus ba mhinic a d’iarrtaí air a bheith ag moltóireacht ag comórtais amhránaíochta ar an tsean-nós ag Oireachtas na Gaeilge
Bhí aithne aige ar Mhicí Cumbá Ó Súilleabháin, píobaire agus cainteoir dúchais ó Chathair Dónaill, Ciarraí, a bhuaigh duaiseanna ag an Oireachtas sna blianta tosaigh agus a d’éag i dTeach na mBocht i gCathair Saidhbhín i 1916. Thugadh sé cuairt ar an bpíobaire aitheanta Preispitéireach William Clarke i mBéal Átha Beithe, Co
Is iomaí sin eagraíocht a rinne coimisiúnú ar phíosaí dá chuid oibre le bronnadh ar dhaoine cáiliúla, mar a rinneadh ar an tráchtaire spóirt Micheál Ó Muircheartaigh agus ar Caroline Kennedy, iníon iar-uachtarán na Stát Aontaithe. Bhronn Oireachtas na Gaeilge Buanghradam Cumarsáide ar Dhiarmuid Mac an Adhastair in 2005 as feabhas a chuid saothair ar Ros na Rún. Nuair a tháinig scéala a bháis ar an 10 Iúil 2015 bhí lucht leanta an tsobaldráma sin croíbhriste, mar a bhí na haisteoirí ar fad a d’oibrigh leis ó léiríodh den chéad uair é. Seo cúpla sliocht as an dán a chum Joe Steve Ó Neachtain ina ómós agus a léigh sé ag aifreann sochraide Dhiarmada: “How is the oul lad that wipes his mouth with his cap or with his sleeve?” sin í an cheist a chuirtear ormsa ins chuile choirnéal den tír dá gcastar mé
B’fhíorannamh a ghlacadh sí le táille, ach í ag obair go deonach ar son na cúise. Leabhair do leanaí a scríobh Mairéad i dtosach, Cnoc na sí (1976); Bainne na bó i bpáirt le Clíodhna Cussen (1986); ansin Máire de Buitléir: bean athbheochana (1993), saothar a bhí tar éis duais staire Chonradh na Gaeilge a bhaint amach i gcomórtais liteartha an Oireachtais in 1992