Ar Charraig na Damhaire, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, a bhí cónaí ar James Hallissey, táilliúir, agus a bhean Julia Hoare. Bhí deichniúr clainne acu agus orthu sin bhí triúr a bhí chun tosaigh i gConradh na Gaeilge i dtús an chéid: Mairéad (1870–1956), Síle, agus Séamus (1880–1907). Bhí páirteanna acu go léir i ndráma Thomáis Uí Aodha, Seán na Scuab, ag Oireachtas 1904.

Ar 30 Meitheamh 1874 a rugadh Síle. Bhí páirt aici sa léiriú a rinne Craobh an Chéitinnigh ar dhráma Phádraig Uí Dhuinnín, Creideamh agus Gorta, in Amharclann na Mainistreach i 1905 agus tugadh ardmholadh di. Bhuaigh sí duais i gcomórtas amhránaíochta Oireachtas 1906 agus bhí páirteach in éineacht le duaiseoirí ag Oireachtais eile roimhe sin i mór-cheolchoirm. Is mar seo a thagair Pádraig Mac Piarais do scata díobh: ‘There are three or four singers (all more or less products of the Oireachtas) who have been working on the lines we suggest. Among them are Mairéad Ní Annagáin, Séamus Clanndiolúin, Pádraig Ó Sé and Síle Ní Ailgheasa. All of these are palpably Irish: not one of them is out-and-out traditional. They form in our opinion the nucleus of a native school of vocal art: and their method has been to develop that which they have either inherited or assimilated from the folk among whom they were born and have lived’ (An Claidheamh Soluis 9 Meitheamh 1906). ‘One of the few good singers who have a proper regard for Irish pronunciation’ an tagairt a rinneadh di san iris chéanna ar 14 Bealtaine 1910 tar éis di páirt a ghlacadh i gceolchoirm na Féile Pádraig i Halla na Banríona, Londain. Bhí cónaí uirthi i ndeireadh a saoil ag 88 Bóthar Laighean, Ráth Maonais, agus d’éag sí i dTeach Naomh Monica, Plás Belvidere, Baile Átha Cliath, ar 14 Bealtaine 1956. D’fhág sí £100 le huacht ag Conradh na Gaeilge. Fuair Mairéad bás tamall gairid roimpi. Bhí sise i gceannas ar rang na mban i gCraobh Uí Ghramhnaigh.

Chuaigh Séamus le múinteoireacht. Teanór ba ea é agus bhuaigh sé an dara duais sa roinn sin ag Oireachtas 1902. Is mar seo a cuireadh síos in An Claidheamh Soluis 19 Deireadh Fómhair 1901 ar a cheapachán mar thimire: ‘We are able to announce the appointment of two additional Gaelic League organisers by the Executive. The choice has fallen on Mr James Hallissey and Mr Patrick O’Malley [Pádraig Ó Máille B3].... Mr Hallissey is a native of the great southern stronghold of Irish, Múscraí. He, too, is a good Irish speaker and writer, and has won several remarkable distinctions for his literary knowledge of Irish.... Mr Hallissey will be engaged in Leath Mhogha’. Ag múineadh i scoil náisiúnta Bhaile an Stáibléaraigh, Domhnach Dheá, Co. Chill Dara, a bhí sé ag an am. Scríobh sé chuig an Coiste Gnó le rá nach bhféadfadh sé glacadh leis an tairiscint agus ceapadh Peadar Ó hAnnracháin [B1]. Is mar seo a chuir seisean síos ar na cúrsaí sin in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Amhránaí binn b’ea Séamus, agus togha na Gaeilge aige, agus ní hionadh gurbh é rogha an fhochoiste é. Mhothaigh sé féin ina dhiaidh sin go mbeadh an obair ródhian air mar ní raibh an tsláinte rómhaith ar fad aige’. Ba é an chéad mhúinteoir é ag Craobh an Náis den Chonradh. Fuair sé bás i dteach a dhearthár i nDún Mánmhaí 3 Samhain 1907. Luaitear in Fáinne an Lae 1 Aibreán 1899 gur bhuaigh Micheál Ó hAilgheasa duais i gcomórtas próis ag Feis Dhún Mánmhaí agus is dóigh gurbh eisean an deartháir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú