I Maothail, Co. Liatroma, a rugadh é 25 Nollaig 1879. Tá tuairim ann gurbh as an Ómaigh, Co. Thír Eoghain, dá athair, Edward McAlinney. Bhí seisean ina bhall den Chonstáblacht Ríoga agus is i mBéal Átha hAmhnais a bhí a sheoladh ag an am. Elizabeth Stinson (nó Stenson) ab ainm don mháthair. Dhealródh sé gur aistrigh an chlann go dtí cathair na Gaillimhe nuair a bhí Tomás ina bhuachaill óg. Bhí sé i gColáiste Bhráithre Phádraig ansiúd sula ndeachaigh sé go Coláiste na nGael i bPáras in 1897.

D’éirigh leis chomh maith sin gur tairgeadh dó deis chun leanúint air ag staidéar in Ollscoil Chaitliceach Pháras ach b’fhearr leis dul ag obair sna misin. Ardeaspag Fennelly, Caiseal, a d’oirnigh é 7 Meitheamh 1903. Thoiligh sé dul go dtí deoise Kimberley san Afraic Theas. Chaith sé tréimhse i Rinn an Dóchais agus nuair a bhí deireadh le Cogadh na mBórach aistríodh go Port Elizabeth é. Bhí idir Éireannaigh, Spáinnigh, Phortaingéiligh agus Afraicigh ina chúram ansiúd.

Is le linn dó bheith i Kimberley a thosaigh sé ar Ghaeilge a fhoghlaim. Fear as Conamara a bhí ag obair sna mianaigh a spreag a spéis inti. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Gaelach Phort Elizabeth. D’eagraíodh sé ranganna Gaeilge agus thugadh ardchúrsa i stair na hÉireann. Bhí dúil aige sa taisteal agus chonaic sé cuid mhaith den Afraic Theas; bhí sé i Meiriceá, san Astráil, san India agus i Mauritius. Nuair a glaodh ar ais abhaile air i 1907 ghlac sé leis an deis chun teacht trí Madeira agus Napoli agus chun camchuairt na hEorpa a thabhairt.

I Maigh Cuilinn mar shagart cúnta a bhí sé ar dtús agus ó 18 Meitheamh 1909 go 20 Deireadh Fómhair na bliana sin i Leitir Móir. Bhí sé i láthair ag mórchruinniú in Uachtar Ard in Aibreán 1909 faoi cheist na Gaeilge éigeantaí in Ollscoil na hÉireann agus thagair dá raibh le rá ag an bPápa faoi chead cainte bheith ag daoine maidir le ceisteanna nach mbaineann le creideamh. Thuigfeá ó litir in An Claidheamh Soluis, uimhir Oireachtas 1909, gur theastaigh uaidh a chur in iúl os íseal go raibh sé ag tacú leis an gConradh san aighneas. Ceapadh é ina Dhéan Caitliceach sa Choláiste Ollscoile, Gaillimh, i nDeireadh Fómhair 1909. Sa pháipéar céanna ar an 16 Deireadh Fómhair dúradh: ‘... one of the best Gaelic League workers in the west ... since his appointment to Lettermore he has never used English in the discharge of his religous duties. Although his knowledge of Irish is of very recent date, his energy in the study of the language gave him a ready command over it, and his earnestness in its use would put to shame the evil habit of speaking English, which is notable even among competent speakers of Irish’. Faoi Nollaig bhí sé ina léachtóir cúnta san fhealsúnacht mhorálta. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1910 ar aghaidh.

I 1911 chuaigh sé ar ais chun na hAfraice Theas chun airgead a bhailiú ‘i gcóir an Ard-Teampaill agus i gcóir an Choláiste nua atáthar a thógáil i nGaillimh’, mar a dúradh in An Claidheamh Soluis 7 Deireadh Fómhair 1911. Bhí scata mór ag an stáisiún le slán a fhágáil leis: ‘Níorbh fhurasta a áireamh cé mhéid atá déanta aige ar son na Gaeilge. B’fhéidir go bhfuil an obair a rinne sé ar son Choláiste Chonnacht sa Spidéal ar an obair is tábhachtaí dá bhfuil déanta aige. Bhí sé ina Ollamh re Feallsúnacht ann. Bhí sé ina Rúnaí agus ina Chisteoir ann .... Chaitheadh sé an t-ardtráthnóna amuigh ar a rothar ar lorg lóistíní do dhaoine a tháinig gan fógra agus an Coláiste lán’. Dúirt an Dochtúir S.P.Mac Énrí, Uachtarán Choláiste Chonnacht, faoina obair ansiúd: ‘Ní féidir liom an tAthair Mac Giolla Sheannaigh a mholadh de réir a thuillimh. Is éigean teacht agus a obair a fheiceáil. I mbliana thosaigh sé ar rud ar cuireadh sos leis le míle bliain .i. léachtaí feallsúnachta a thabhairt uaidh’ (idem 9 Meán Fómhair 1911). Ó thaobh riaracháin de measadh go mba chéim chun tosaigh é gur éirigh le Mac Énrí agus é féin seiceanna agus orduithe tuarastail i nGaeilge a fháil don Choláiste (litir ó Chlaud Chavasse in An Camán 2 Iúil 1932)

Tháinig sé ar ais ón Afraic Theas in am d'oscailt an Choláiste 4 Lúnasa 1912. Bhunaigh sé craobhacha agus bhailigh airgead don Chonradh fad a bhí sé san Afraic.

Ceapadh é ina Riarthóir sealadach in Ard Raithin 9 Meán Fómhair 1912. Bhí sé ina shagart cúnta sinsearach i gCinn Mhara ó 31 Deireadh Fómhair go dtí gur ceapadh ina Riarthóir sealadach sa Spidéal é 11 Iúil 1914. Ceapadh ina shagart paróiste ann é 27 Meán Fómhair 1914. Ba é tuairim an Chonartha gur thaispeáin an ceapachán sin go raibh bá ag easpag na Gaillimhe le cúis na teanga. Atoghadh é ina bhall den Choiste Gnó ag Ard-Fheis 1915 agus bhí sé ina bhall arís i 1925 nuair a cuireadh mar chúram air féin, ar Chormac Breathnach agus ar Mhicheál Ó Loingsigh eagar a chur ar an eolas a bhaileofaí le cur faoi bhráid Choimisiún na Gaeltachta mar fhianaise ón gConradh.

I 1915 bhíothas ag fiafraí in An Claidheamh Soluis cérbh é an paróiste ba Ghaelaí in Éirinn. Ar 24 Iúil 1915 scríobh an timire Pilib de Bhaldraithe gurbh é an Spidéal a thuill an teideal agus thug sé an chreidiúint go hiomlán don Athair Mac Giolla Sheanaigh.

Seacht mbliana déag a bhí sé ann. Rinne canónach de 6 Nollaig 1920. Deirtear i dtuairisc a bháis in Ar Aghaidh, Meitheamh 1931, gur bhochtaigh sé é féin ar son a phobail agus gur dhearmad sé a shláinte. ‘Ní feicfear aoire, treoraí agus cosantóir na mbocht, lámh leis ag iarraidh an hata a choinneáil ar a cheann agus ag cosaint a chuid súl ar an mbáistigh shéidte agus clocha sneachta agus an lámh eile ag stiúradh a rothair agus é ag iarraidh a bhealach a bhaint amach siar in aghaidh gála ar na MineRos an Mhíl go léifeadh sé a chéad nó a dhara Aifreann don mhuintir úd aniar as na cnoic agus na portaigh ...’. Is cosúil gur mhinic leis, cibé fliuch fuar an uain, leathchéad míle a thaisteal ar an rothar céanna chun bheith i láthair ag cruinniú de bhord poiblí éigin. Bhí sé ina bhall de chuid mhaith díobh: Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe; Coiste Talmhaíochta na Gaillimhe; Bord Oispidéal Meabharghalrach Bhéal Átha na Sluaighe; Bord Ospidéal Lárnach na Gaillimhe; Bord na nÍoclann. Ba spéis leis go háirithe na bealaí ina bhféachfaí chuige go raibh Gaeilge ar eolas ag aon duine a cheapfadh na boird sin.

Deir Tadhg Ó Concheanainn (Feasta, Márta 1959): ‘Ba mhinic a tháinig na Dúchrónaigh chun a thí leis an íde chéanna a thabhairt dó, b’fhéidir, is thugadar do shagart Gaelach eile – an tAthair Ó Gríofa – dúnmharú danartha agus uaigh portaigh. Thug Dia dó nár rugadh riamh air cé go ndeachaigh sé dubh na hiongan dó go minic’.

Galar aenna ba thrúig bháis dó in aois a 51 bliana 26 Bealtaine 1931. Tá sé curtha ar chúl eaglais an Spidéil. Ba é faoi deara staisiúin na Croiche ó lámh Sarah Purser san eaglais sin. Deirfiúr leis, Bean Emerson, a bhunaigh Óstán Eglinton i nGaillimh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú