‘Ba duine é Seoirse a bhfuil a ainm fite fuaite le gluaiseacht na Gaeilge agus a mbaineann léi, go h-áirid i gContae na Gaillimhe. Bhí sé i mbun is i mbarr na gluaiseachta thoir agus thiar, ba deacair a rá cé an áit ba mhó—ag ranganna, ag feiseanna, ag cruinnithe, ag chuile shórt. Ba oibrí éifeachtach, dúthrachtach agus cúramach é. Bhíodh slacht agus cruinnneas aige ar chuile shórt, ó na céimeanna ins na damhsaí go dtí na pighneacha ins na cúntaisí’ (Eric Mac Fhinn in Ar Aghaidh, Eanáir 1955). Ar 25 Nollaig 1954 bhí cuntais ar a shaol in Meath Chronicle agus Connacht Tribune.

Ag Raithnigh, Carraig Mhachaire Rois,Co. Mhuineacháin, a rugadh é 19 Lúnasa 1887. Peter Connolly, feirmeoir, agus Ann Ward a thuismitheoirí. I Machaire Cluana, Dún an Rí, Co. an Chabháin, a bhí an teaghlach faoi 1901. Is léir gurb iad seo iad sa Daonáireamh: Peter Connolly, feirmeoir (48); a bhean Annie (44), a rugadh i nDomhnach Maighin; Thomas (23); Michael (19); Annie (17); Peter (15); George (13); Patrick (11); William (9); Mary (6); Maggie (1). Níor cuireadh síos go raibh Gaeilge ag duine ar bith díobh. I nGaeilge a líonadh foirm 1911: Peadar (62); Áine (59); Tomás, sclábhaí (33); Micheál (30), sclábhaí; Seoirse (23), múinteoir Gaeilge; Máire (15); Mairéad (11). Dúradh go raibh Gaeilge acu go léir cé is moite de na tuismitheoirí. Deichniúr a rugadh don lánúin agus bhí siad go léir beo.

Thosaigh Seoirse ag obair mar chúntóir siopa san Uaimh, agus ina dhiaidh sin bhí sé i mBaile an Chaisleáin, Co. na Mí. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus de Shinn Féin san Uaimh. Bhí tionchar ag Brian Ó hUiginn air. Dúradh in Connacht Tribune : ‘Closely associated with Arthur Griffith and Brian O’Higgins who is a native of Mr Ó Conghaile’s native district on the Monaghan-Meath border. As a result of this influence Mr Ó Conghaile gave up prospects of a lucrative business career in Dublin in which other members of his family are well-known and threw himself vigorously into the language and National movement’. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 4 Meán Fómhair 1909 go raibh sé ag éirí as rúnaíocht Chraobh Bhaile an Chaisleáin, Co. na Mí, den Chonradh, craobh a bhunaigh sé féin.

Cháiligh sé mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i 1910. I bpáirtíocht leis an Athair Tomás Mac Giolla Sheanaigh agus Séamus Ó Murchú d’eagraíodh sé cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí sa choláiste agus bhí ag obair do Chonradh na Gaeilge. Bhí sé na theachta ag Ard-Fheis 1913 ó Chraobh Thailteann. Ag Oireachtas na bliana sin tugadh ardmholadh dá iarracht i roinn na múinteoireachta agus ba é Carraig Mhachaire Rois a sheoladh ag an am (idem 16 Lúnasa 1913). Faoi 1915 bhí post páirtaimseartha aige faoi Choiste Teagaisc Teicniúil agus Talmhaíochta Chontae na Gaillimhe. Tuairiscíodh in Misneach 30 Aibreán 1921 gur thug na Dúchrónaigh drochíde dó tar éis rang Gaeilge i nGleann na Madadh. ‘Ná níor imigh sé saor ó spídiúlacht na nGall sa tréimhse úd’ (Connacht Tribune 25 Nollaig 1954 ). Ar feadh tamaill tharraing sé ainm bréige chuige féin. Ceapadh é go lánaimseartha i 1922 agus faoi 1925 bhí sé ina chigire agus ina thimire ag an gcomhairle chontae i nGaillimh thuaidh (Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin). Ag Coiste Gairmoideachais an chontae a bhí sé ag obair ón am a bunaíodh é. Meastar gurbh é faoi deara an chéad cheardscoil tuaithe in Éirinn, an ceann a osclaíodh i seomraí a bhí ar cíos ó Choláiste Chonnacht sa Spidéal. Chuaigh sé amach ar pinsean i 1954. I rith an ama sin go léir chaitheadh sé dúthracht mhór le hobair Chonradh na Gaeilge agus le feiseanna i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, go mór mór le Feis Cheoil an Iarthair. Deirtí gur mhór a bhí Comhlacht Gael na Gaillimhe ag brath air le háras an Chonartha i nGaillimh a choimeád ag imeacht. ‘Lárionad spraoi agus spóirt a bhí in Áras na nGael i nGaillimh, mar a bhfuil ceannáras na Craoibhe, i rith blianta deiridh na 1940idí agus bhlianta tosaigh na 1950idí’ (Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993..., 1993). Ba é a bhí ina chisteoir ag an gcomhlacht sin ón am a bunaíodh é i 1935. Bhí sé ina rúnaí ag coiste an chontae den Chonradh agus ina chathaoirleach ar Chraobh na Gaillimhe. Ag tagairt don spadántacht a síleadh a bhí sa Chonradh i ndiaidh Éigeandáil 1939-45 deir Mac Aonghusa: ‘Mar sin féin bhí craobhacha ann a bhí an-bheo ar nós Chraobh na Gaillimhe ar a mbíodh Seoirse Ó Conghaile ina Chathaoirleach ar feadh na mblianta...’. Bhí sé pósta agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha aige. Ar an mBóthar Ard i nGaillimh a bhí cónaí ar an teaghlach. D’éag sé ar 18 Nollaig 1954 agus tá sé curtha sa Reilig Nua i nGaillimh. An tAthair Eric Mac Fhinn a labhair os cionn na huaighe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú