Ba iad ceirníní an amhránaí seo is túisce a tharraing aird phobal na hÉireann ar chaoinbhinneas amhráin ghrá Chúige Connacht agus is túisce, b’fhéidir, a thug dóibh tuiscint éigin do stíl thraidisiúnta amhránaíochta na Gaeltachta. Ní mhaireann aon duine dá sliocht ná de shliocht a hathar is a máthar. Tá cuntais uirthi ag Pádraic Ó Raghallaigh agus ag Seán Mac Réamoinn ar chlúdach an cheirnín (CEF 029) a d’eisigh Gael Linn i 1971. Tá iontráil ina taobh ag Henry Boylan in A dictionary of Irish biography, 3ú heagrán, 1998 agus ceann ag Kit agus Cyril Ó Céirín in Women of Ireland, 1996. Tá cuntas gairid moltach ag an Athair Robert E. Lee in Connacht Tribune 5 Iúil 1985. Gheofar tagairtí ag Nollaig Ó Gadhra di in ‘Na Forbacha agus Coláiste Éinde’ ar an idirlíon. Tá taifid a rinne sí le Pádraic Ó Raghallaigh, Proinsias Mac Aonghusa, Nollaig McCarthy agus Pádraic Dolan i gCartlann Raidió RTÉ. Tá cur síos uirthi ag an Dólánach in RTE Guide 21 Aibreán 1978.

Ag 60 Bóthar San Iognáid i gceantar cláraithe Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, a rugadh í (Mary Anne Gabriel) ar 24 Bealtaine 1909, de réir an teastais breithe. Iníon ba ea í le Michael Scully, taistealaí tráchtála ag am a breithe ach a bhí tamall ina sháirsint i gConstáblacht Ríoga na hÉireann. Ba í Mary Kavanagh ó Dheilgne, Co. Chill Mhantáin, a máthair (d’éag sise i dteach Mháire, Inis Ealga, An Bóthar Ard, Gaillimh 19 Deireadh Fómhair 1961). Is in Bellevue, Deilgne, a rugadh a deirfiúr Mona Teresa ar 26 Feabhra 1911; sa teastas breithe cuireadh síos go mba iarsháirsint de chuid an RIC a hathair Michael agus gurbh in Bellevue a bhí cónaí air um an taca sin. Is mar seo a bhí an teaghlach in Bellevue Demense, Deilgne, i nDaonáireamh 1911: Michael Sweeney (51 bliain d’aois), gníomhaire árachais a rugadh i gContae Chill Dara; a bhanchéile Mary (29), a rugadh i gContae Chill Mhantáin. Bhí an lánúin pósta le sé bliana (dá mb’fhíor) agus bhí an triúr leanaí a rugadh dóibh beo: Michael John Joseph (4), a rugadh i mBaile Átha Cliath; Mary Anne Gabriel (2) a rugadh i mBaile Átha Cliath; Mona Teresa (dhá mhí) a rugadh i gCill Mhantáin. Is ar 16 Iúil 1906 a phós na tuismitheoirí in eaglais Naomh Eoin i gCluain Tarbh. Dúirt Máire féin i gceann de na hagallaimh raidió sin go raibh beirt deartháireacha aici: fuair Michael Joseph bás agus é ina leanbh óg go fóill agus Bill, a shíltear a fuair bás san Aifric Theas. Is cosúil go raibh cónaí ar mhuintir Chaomhánach i nDeilgne le fada an lá; is ann a rugadh Mary Kavanagh ar 5 Eanáir 1885 do John Kavanagh, gabha, agus Elizabeth Ratchford.

Mhisnigh na tuismitheoirí na páistí chun spéis a chur sa cheol. Sa Mhodhscoil Láir, Baile Átha Cliath, ba í Bean Uí Ghallchóir a mhúin ceol do Mháire. Baratóin cáiliúil ba ea a fear céile, M.J. Gallagher. An bhean sin a d’ullmhaigh í chun cur isteach ar an bhFeis Ceoil. Ba í an duine ab óige í sa chomórtas ach fuair sí an chéad áit. ‘May Scully, The Gas Company, D’Olier St.’, a bhuaigh an chéad duais agus an Bonn Óir do ‘Irish Contralto’ ag an bhFeis Ceoil 10 Bealtaine 1923. Ghlac sí páirt i gCeolchoirm na mBuaiteoirí (cuntas ar an bhFeis agus grianghraf de Mháire in Evening Herald 12 Bealtaine 1923 agus cuntas in Freeman’s Journal 11 Bealtaine). Bhuaigh sí duaiseanna ag Feis Maitiú freisin agus ag Aonach Tailteann, Feis Chonnacht agus Feis Luimnigh. D’iarr Séamus de Chlanndiolúin uirthi amhráin a chraoladh ar 2RN nuabhunaithe agus chabhraigh léi go mór. Bhí rincí Gaelacha foghlamtha aici ó mhúinteoir aitheanta, Peg Medlar, agus bhí sí tamall ag taisteal le compántas Jimmy O’Dea.

Mhínigh sí do Phádraig Ó Raghallaigh gurbh iad a múinteoirí a bhí ag tathant uirthi dul le múinteoireacht agus gur cheart di tamall a chaitheamh sa Rinn. Chaith sí mí nó sé sheachtain ann agus chuir spéis a chéaduair sa sean-nós, tar éis d’amhránaithe mar Labhrás Ó Cadhla agus Nioclás Tóibín draíocht a chur uirthi. Is chun páirt a ghlacadh sa bhFeis a chuaigh sí go Gaillimh i 1927. D’áitigh Seoirse Ó Conghaile uirthi fanacht sa chathair agus amhránaíocht agus rince a mhúineadh. Ar ball tháinig a deirfiúr Mona chun cabhrú léi. Chuir sí cór agus claisceadal ar bun i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe faoi scáth an Chumainn Éigse agus Seanchais. Chuireadh sí oiliúint ar chóracha sna scoileanna. Ag pointe éigin sular fhág sí Baile Átha Cliath bhí cáilithe aici mar cheadúnach de chuid Choláiste Ceoil na Tríonóide, Londain. ‘Máire, a mezzo-soprano, combined what she had learned of sean-nós singing in the Gaeltachtaí with her training in classical music and was one of the few singers ever to do so with complete success’ (Ó Céirín).

Scríobh Roibeard Ó Maoildhia, T.D. in City Tribune 12 Iúil 1985: ‘I believe that at one stage they were both going to leave Galway for the United States but certain Galway people persuaded them to stay. The Galway people had taken them to their hearts.’ Bhí ról Ghráinne aici sa chéad dráma a léiríodh i dTaibhdhearc na Gaillimhe 27 Lúnasa 1928, Diarmuid agus Gráinne le Micheál Mac Liammóir. In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 deir Pádraig Ó Siadhail: ‘Ag tús Lúnasa, trí seachtaine roimh oscailt na hamharclainne, tharraing bean Thomáis Mhic Enrí siar as an dráma—más fíor a reictear, níor thaitin sé lena fear céile go mbeadh uirthi fear eile—Mac Liammóir!—a phógadh is ba í Máire Ní Scolaí a tugadh isteach i bpáirt Ghráinne ina hionad.’ In All for Hecuba, 1946 tá seo ag Mac Liammóir: ‘I was playing Diarmuid myself, Liam [Ó Briain] was Fionn, and Máire Ní Scolaidhe, a lovely dark girl with astonishing golden eyes, was Gráinne. Of course she wasn’t up to a part that contained the stuff for a mature and lyrical tragedienne, but for sheer beauty and charm she was more than one could have hoped for, and I have never ceased to be grateful for the hours of work she gave us, or for the grace of her movements.’ Bhí an méid seo i gcló in Connacht Sentinel 28 Lúnasa 1927: ‘Good acting, clear diction, beauty, grace, loveliness, she combined in a portrayal of rare merit. She reminds one forcibly of Miss Eileen Crowe in her early days in the Abbey Theatre. But we doubt if even that talented actress could bring anything better to the stage than the dignity and stateliness and ability of Miss Scully . . .. Mr Ernest Blythe, at the conclusion of the performance, in conversation with me, highly praised Miss Scully. She was only a short time rehearsing the part, but she has the true artistic insight.’ D’éirigh sí as an aisteoireacht nuair a shíl sí go raibh dochar á dhéanamh dá guth. Ba í a léirigh Caitlín na Clúide le Pádraic Ó Conaire sa Taibhdhearc 17 agus 19 Nollaig 1930 (Ó Siadhail). Phós sí Liam Ó Buachalla, léachtóir le heacnamaíocht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe, in Eaglais na hOllscoile, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, 9 Meán Fómhair 1931. San Oileán Ealtanach i nGaillimh a bhí cónaí uirthi ag an am sin.

Is dóigh gurbh i ndiaidh di aithne a chur ar Liam a thosaigh sí ag bailiú amhrán; bhí suirbhé canúineolaíoch de chineál éigin ar bun aigesean agus ag Tomás Ó Máille agus bhailigh sí amhráin ó chuid de na cainteoirí dúchais a bhí páirteach sa suirbhé. An Máilleach a mhúin fuaimeanna na Gaeilge di nuair a thosaigh sí ag aisteoireacht sa Taibhdhearc. Ón uair a chuir sí fúithi sa chathair d’éiríodh sí go moch ar maidin chun an teanga a fhoghlaim agus chun í a labhairt le fear an bhainne. Bhí sí féin, Mona agus Bridie Folan ag craoladh faoin ainm ‘The Galway Trio’. Ghlacadh sí páirt sna cúrsaí in Ardscoil Mhichíl Bhreatnach in Indreabhán, scoil a raibh Liam ina bun. Tugann Ó Raghallaigh cuntas ar na deiseanna foghlama a bhí aici ansiúd: bhí Eric Mac Fhinn, Tomás Ó Raghallaigh, Pádraig Ó Finneadha agus Máirtín Ó Flatharta, príomhbhunaitheoir an Chomhchaidrimh, ar an bhfoireann teagaisc. ‘Ag na céilithe chuile oíche bhí amhráin agus ceol le cloisteáil ó fhonnadóirí is ó cheoltóirí maithe—leithéidí Cháit Ní Dhonncha, Phádraic Uí Chúláin, Liam Mhic Fhlanncha. Phádraic Learaí Uí Fhínneadha, agus Sheosaimh Uí Choisdeala ... agus ó cheoltóirí eile ar nós Mháirtín Uí Fhatharta, Mhaidhc Ging nó Mhaitiú Uí Chúláin ...’. Agus bhí Gaeilge bhlasta le cloisteáil ag na hoícheanta airneáin agus na cúirteanna bréige.

Bhí baint aici le gluaiseacht na teanga sa chathair; ar feadh na tréimhse 1973-85 bhí sí ina Cathaoirleach ar Chomhlucht Gaedheal na Gaillimhe (Comhlucht Gaedheal na Gaillimhe 1938-1988, 1989 le Tríona Ní Chinnéide). Pearsa a raibh aithne mhaith aici air sna luath-thríochaidí ba ea an tAthair Liam Ó Beirn; thug sí d’údair an chuntais seo na litreacha a scríobh sé chuici (tugadh do Thomás de Bhaldraithe iad lena gcur ar coimeád in Acadamh Ríoga na hÉireann). Bhain sí ardcháil amach mar amhránaí agus bhí ar dhuine de na príomhaíonna ag coirm cheoil an Oireachtais athnuaite i 1939. Í féin a bhailigh cuid de na hamhráin a bhí ar na ceirníní aici agus luaitear gur thug Cáit Ní Choisdeala (Bean Uí Chonluain), máthair Fheistí Uí Chonluain, agus Eibhlín Ní Chonláin (Bean Mhic Conmara), Lios Uí Chathasaigh, Co. an Chláir, cuid de na hamhráin di. Bhailigh sí amhráin ó Bhridie Folan freisin. Ag an tSiúr Angela Lawless, duine dá daltaí, a d’fhág sí a bailiúchán ceoil. Tuairiscíodh in An Saol, Nollaig 2002 gur seoladh dlúthdhiosca Chór na Mara, Gaillimh, Carúil na Nollag—Ó bhailiúchán Mháire Ní Scolaí. Chraoladh sí ar BBC, raidió na Vatacáine, sa Fhrainc, agus thug athcheadail in Covent Garden agus in Queen’s Hall i Londain. Sa cheirnín fadsheinnteach sin a d’eisigh Gael Linn ‘is ó chartlann RTÉ a fritheadh na hamhráin ar thaobh a 1 agus is ós na múnlaí a bhain le seancheirníní HMV a tógadh an chuid atá ar thaobh a 2’. Chas sí amhráin ag an Eisteddfod, ag Mod na hAlban agus ag féilte sa Bhriotáin agus in Oileán Mhanann. D’éirigh sí as a bheith ag tabhairt coirmeacha ceoil sna 1950idí; ghlac an tAthair Sidney McEwen, teanór cáiliúil, páirt sa cheann deireanach a thug sí. D’éag sí ar 29 Meitheamh 1985. Colm Ó hEocha a thug óráid na huaighe i reilig Rathúin. D’fhág sí airgead le huacht ag Ollscoil na Gaillimhe le duaiseanna i gcuimhne Liam Uí Bhuachalla a mhaoiniú. Tá portráid phinn Sheáin Uí Shúilleabháin ar coimeád sa Ghailearaí Náisiúnta. Bhí a deirfiúr Mona pósta ar James Costello, oifigeach bainc, uncail le Peter Barry a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha. D’éag sise ar 28 Eanáir 1968 agus is ar Bhóthar Hainault, Carraig an tSionnaigh, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí cónaí uirthi ag an am.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú