Dar le tuairisc Dhaonáireamh 1911 gur ag 58 Sráid Gloucester Theas, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí ar a thuismitheoirí, Seán Connolly agus Christine Swanzy. Trí dhuine déag a bhí ag cur fúthu ann oíche úd an Daonáirimh. Cuireadh síos go raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla acu go léir. Ba iad clann Michael Connolly, fear geata ar na dugaí, arbh as Cill Dara dó, agus a bhean Mary, arbh i mBaile Átha Cliath a rugadh í, iad go léir, cé is moite de Christine Swanzy. Bhíodh ranganna drámaíochta á stiúradh ag a athair, Seán, i gCraobh Cholm Cille, Plás Blackhall. Rugadh eisean ar 12 Aibreán 1882 in Ascaill Dhún na Mara, Dumhach Thrá, Baile Átha Cliath. Ba iad a thuismitheoirí Michael Connolly, mairnéalach agus dugaire, agus Mary Ellis. Cuireadh oideachas ar Sheán i Scoil Náisiúnta Sráid Liam Thuaidh agus i Scoil Sheosaimh na mBráithre Críostaí in Marino.

Tugtar d’eolas sa tuairisc chéanna sin gur rugadh sé dhuine déag clainne don seanlanúin. Orthusan a bhí as láthair bhí L. Ní Chonghaile a phós R.A. Eady in Bayswater, Londain, ar 12 Deireadh Fómhair 1909, dar le Donncha Ó Súilleabháin in Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989. Is é an fáth a luann Donncha an pósadh sin gurbh i nGaeilge ar fad a bhí an searmanas, an chéad uair riamh in Bayswater.

Fear an-inspéise is ea Seán Connolly. ‘Commercial clerk’ an cur síos atá air sa tuairisc agus bhí sé 29 bliana d’aois. 22 a bhí Christine agus dar le tuairisc in Inniu 2 Feabhra 1979 gurbh amhránaí aitheanta í. Tugtar de thuairisc uirthi sa teastas pósta (19 Deireadh Fómhair 1910) go mba iníon í le William Swanzy, oibrí coitianta, 43 St Mary’s Road, An Trá Thuaidh, Baile Átha Cliath.

Bhí Seán ar Scoil Naomh Seosamh i bhFionnradharc (Inniu 4 Deireadh Fómhair 1957). Tugann Sean O’Casey in Pictures in the hallway, 1942 pictiúr dúinn de in 1898 nuair a bhí an bheirt acu, an Conghaileach mar ‘dispatch clerk’, ag obair do mhuintir Eason. Laoch Gaeilge ag an gCathasach ba ea é ar feadh na gearrthréimhse sin. Castar orainn arís é in Drums under the windows, 1945 agus é go bródúil mar chaptaen in Arm na Saoránach an Domhnach úd in Iúil 1914 ar tugadh na raidhfilí i dtír i mBinn Éadair. I litir a chuir sé chuig T.A. Jackson, Irish Freedom, i mBealtaine 1942 dúirt O’Casey nach ligfeadh a chreideamh don Chonghaileach mionn Bhráithreachas na Poblachta a ghlacadh. ‘He was, I think, a natural actor and one of the handsomest and truest young Irishmen then living’ (Letters ... 1942–1954, 1980). In Conversations with Sean O’Casey (Mikhail) tuairimítear gurb air atá carachtar Clitheroe in The Plough and the Stars bunaithe.

Chuir Arm na Saoránach léirsiú ar siúl i bhFaiche Stiabhna ar 25 Meán Fómhair 1914 nuair a bhí Asquith i dTeach an Ardmhéara ag cruinniú earcaíochta. I ndiaidh dóibh briseadh trí throdam na bpóilíní stop siad taobh amuigh de Theach na Parlaiminte i bhFaiche an Choláiste agus ba é Seán a threoraigh iad ansiúd ag canadh ‘A Nation once again’.

Bhí páirt aige in An Scrabhadóir, dráma Thomáis Uí Aodha, nuair a tugadh an chéad léiriú dó ag Oireachtas 1909. Ó Eanáir 1913 amach bhíodh sé ag obair go minic in Amharclann na Mainistreach agus is léir ar éagsúlacht na ról (feic Ireland’s Abbey Theatre, 1951, le Lennox Robinson) gurbh aisteoir cumasach go maith é. D’oscail na Cluicheoirí Coláiste Chonnacht sa Spidéal Lúnasa 1914 le Dubhairt sé dabhairt sé agus bhí ról aige ann. Bhí sé ina bhall freisin de na Liberty Players, complacht a chuireadh ceolchoirmeacha ar siúl i Hall na Saoirse. Deir R.M. Fox in The story of the Irish Citizen Army go raibh ceolchoirm impromptu ar siúl ann oíche Dhomhnach Cásca 1916: ‘Seán Connolly who could hold an audience in rapt attention with his recitations made his last appearance on a concert platform that night’. In Catholic Bulletin, Iúil 1916, deirtear faoi: ‘A delightful elocutionist, he was connected in turn with the Abbey Theatre and the National Players [Cluicheoirí na hÉireann] and was one of the most popular figures on the Dublin concert platform’. Cuireann ‘Seán de Búrca’ (ainm cleite) síos air in Comhar, Nollaig 1951: ‘Bhíodh Seán Ó Conghaile le cloisteáil ag na haeríochtanna agus na coirmeacha ceoil go léir agus bhí gean agus gnaoi ag óg agus aosta air. Aithriseoireacht a dhéanadh sé agus anois féin ní deacair dom a aghaidh shoilbhir, a mheanga gáirí agus a thuin doimhin cainte a thabhairt ar ais chun mo chuimhne. Deireadh sé thar cionn “The Man from God knows where” ... agus na píosaí breátha magúla a chum Art Ó Gríofa ar nós “The Wreck of the Bugaboo”.’

Luan Cásca 1916 bhí sé i gceannas an díorma ba thúisce a ghluais ó Halla na Saoirse. An aidhm a bhí acu Halla na Cathrach a ghabháil, rud a d’éirigh leo a dhéanamh. Deir R.M. Fox go raibh post oibrí oifige aige sa Halla ag an am sin. Ba é Seán an chéad duine de na ceannarcaigh dár maraíodh san Éirí Amach nuair a lámhachadh é ar an díon agus é ag iarraidh an trídhathach a ardú. I mbaclainn Helena Moloney, aisteoir ón Mhainistir, a d’éag sé. ‘Mairg gan mé im’ chéile báis agat, a athair liom,/ An lá uasal úd ar an díon’, a scríobhfadh a mhac Caoimhín ar ball. Is cosúil gurbh é a bhí beartaithe acu ná Caisleán Bhaile Átha Cliath féin a ghabháil agus deir Nora Connolly O’Brien (in Survivors ... 2ú heagrán, 1987 le Uinseann Mac Eoin) gur mhinic a deireadh sé lena chuid fear le linn cleachtaithe: ‘One more charge, boys, and the Castle is ours’.

Agus é ag cur síos ar a raibh de phríosúnaigh i mBeairic Risteamain tar éis an Éirí Amach deir Liam Ó Briain: ‘Bhí Joe Ó Conghaile ann, fear a bhí le bheith ina cheannphort ar bhriogáid múchta dóiteán na cathrach na blianta ina dhiaidh sin. Duine de na saighdiúiri ab fhearr san I.C.A. ab ea Joe. Bhí a mhuintir go léir san Éirí Amach, a athair, a dheartháireacha uile, agus a dheirfiúr, sílim, agus maraíodh a dheartháir Seán sa troid ag geataí Chaisleán Bhaile Átha Cliath an chéad lá den seachtain. Aisteoir maith a bhí ann agus ba chuimhin liom é ag déanamh páirt Roibeard Emmet go han-mhaith na blianta roimhe sin ar stáitse Amharclann na Mainistreach’ (Cuimhní cinn, 1951).

Scríobh an Bhantiarna Gregory dán faoi: ‘O branch that withered without age/ Would we could see you where you’re missed./ Step airy on the Abbey stage,/ Play there the Revolutionist – / And fill with laughter pit and stalls/ With Bartley Fallon’s croak and cry – / You first to dare those Castle walls,/ We mourn you Sean Connolly’. Bhí an méid seo a leanas faoi i bpríomhalt An Claidheamh Soluis 3 Meitheamh 1916: ‘Maraíodh daoine san gcogadh nach ndearnadh aon trácht orthu. Duine acusan ab ea Seán Ó Conghaile. B’as Baile Átha Cliath dó agus bhí seanaithne ag daoine ar fúd na cathrach air mar bhí sé ina amhránaí agus ina chluicheoir agus ina fhear grinn, agus bhí cáil mhór air le greann agus le cluicheoireacht. Bhí sé ina chluicheoir críochnaithe agus thaitin sé go mór le lucht stiúrtha na Mainistreach. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge agus thug sé cúnamh do na Cluicheoirí go minic’.

Ag 58 Sráid Gloucester Theas a rugadh a mhac Caoimhín 8 Nollaig 1912. Kevin Michael a baisteadh air. Bhí beirt eile pháiste sa chlann, Aodán agus Mairéad. Phós an mháthair in athuair fear darb ainm Seosamh Mac Cárthaigh. Cailleadh í tamall beag de laethanta roimh Chaoimhín in aois 90 bliain di.

I ndiaidh an Éirí Amach chaith Christine agus na leanaí tamall ina gcónaí i dteach Uaiteir Mhic Cumhaill i gCearnóg Mhoinseo (litir ó M. Ó Conghaile in Inniu 23 Lúnasa 1957). Bhí beagán den teanga foghlamtha ag Caoimhín óna athair agus cuireadh síos é chuig muintir Thuama, Tuairín Dubh, Béal Átha an Ghaorthaidh. Ceithre bliana a chaith sé ansiúd, é ag freastal ar bhunscoil Chéim an Fhia, agus bliain ansin in aice an Spidéil i nGaillimh mar a raibh Mairéad agus Aodán ar scoil. Deireadh sé go raibh an Ghaolainn agus an Ghaeilge aige de thoradh na mblianta sin.

Tar éis bliana i gCill Mhantáin chaith sé tamall i Scoil Naomh Lorcán Ó Tuathail i bPlás Bhelvedere i mBaile Átha Cliath sular thosaigh sé i gColáiste Bhelvedere. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus chaith breis mhaith agus ceithre bliana déag ag múineadh sa Mhodhscoil in Inse Chór agus i Scoil Mhuire na Dea-Chomhairle i nDroimneach. Deireadh sé gurbh í an tréimhse ba mhó a thaitin leis an t-am a bhí na bunmhúinteoirí ar stailc, ó 19 Márta 1946 go 30 Deireadh Fómhair na bliana céanna ! B’fhuath leis saol Bhaile Átha Cliath, ‘an gleo agus an hurla-má-boc go léir’. Shíl sé saol cráite a bheith aige ann.

Chaith sé sé bliana anuas go 1946 ag staidéar agus bhain céim B.Mus. amach i 1944, BA i 1945, agus H.Dip. in Ed. an bhliain dár gcionn. Ceapadh é ina chigire ar ball agus bhí sé ina chónaí i mBealach an Doirín agus i mBaile an Mhóta sular shocraigh sé síos i gCorcaigh. Phós sé Úna Patricia Gibney, iníon le Edward Gibney, conrathóir tógála, 29 Ascaill Pháirc Líosáin, Baile Átha Cliath, 24 Iúil 1939. 5 Bóthar Palmerston an seoladh a bhí ag Caoimhín am a phósta. Bhí Úna faoi bhun 21 bliana ag an am. Rugadh ar a laghad ochtar leanaí dóibh.

Bhain Caoimhín duais Oireachtais lena dhán ‘Do sheasas lá’. Ba é an chéad dán riamh aige i nGaeilge, cé go raibh sé go maith os cionn 30 bliain d’aois. ‘Oíche amháin sna daichidí is mé ag siúl abhaile ó na pictiúir lem’ bhean thug mé garrán ard crann ag crosbhóthar Chinnmhaí faoi deara. Bhí mé ag smaoineamh faoi airde na gcrann i gcomparáid lem’ airde féin is faoi airde na réalt nárbh fhiú tada airde na gcrann i gcomparáid leis. As an smaoineamh sin a d’eascraigh mo chéad dhán’ (‘Obair idir lámha’ in Comhar, Aibreán 1963). Go nuige sin is i mBéarla a bhí a chuid iarrachtaí, cé go raibh cleachtadh éigin aige ar chineál áirithe cumadóireachta i nGaeilge. ‘Timpeall na bliana 1935 bunaíodh “An Dáréag”. Dream iad seo a chraoladh gach saghas amhráin ó Radio Éireann. Iarradh ormsa Gaeilge a chur ar chuid de na focail. Ba bhreá an phrintíseacht é do chumadh filíochta. Ag an am céanna casadh Roibeard Ó Faracháin orm. Níor bheag é tionchar a chomhrá is a mhacántacht aigne orm’ (idem). Roghnaigh Séamus Ó Céileachair dán leis dá Nua-Fhilí 2 1953–1963, 1968. Tá dán dá dhéantús in Rogha an fhile, 1974, in eagar ag Eoghan Ó Tuairisc. Foilsíodh dhá chnuasach leis: Dánta, 1964; Báidíní páipéir, 1971. Bhí cnuasach eile, Caismirt na ngealbhán ullamh aige sula bhfuair sé bás.

D’fhoilsigh Brún & Ó Nuallain Taibhsí, dráma do pháistí sna 1940idí. I litir a scríobh sé chuig Radio Éireann 1 Meán Fómhair 1947 dúirt sé: ‘Bhí teagmháil agam leis an nGúm timpeall trí bliana déag ó shin agus mhaolaigh an crá a fuaireas uathu ar mo shodar scríbhneoireachta gur dhein snámh seilmide dhe’. Is léir ar an alt sin in Comhar, Aibreán 1963, gur scéalta a theastaigh uaidh a scríobh ar dtús. ‘Bhí sé leagtha amach agamsa go mbeinn i mo scríbhneoir Gaeilge. Rinne mé postchúrsa scríbhneoireachta is thug mé faoin ngearrscéalaíocht. Ní ag iarraidh bheith ag cumadh litríochta a bhí mé ach scéalta soléite a chur ar fáil do dhaoine óga. Rud éigin cosúil leis an rud a dhein Cathal Ó Sandair ina dhiaidh sin ach go mba ghearrscéalta a bheadh agamsa .... Chuir mé beart acu chuig cumann foilsitheoireachta áirithe. Tar éis bliain go leith de chomhfhreagras ... is é a thuig mé ar na litreacha nach raibh acu á dhéanamh ach milseacht bhriathar agus sinteoireacht aimsire. Chuir sé deistin orm agus gheall mé nach scríobhfainn prós Gaeilge fad a mhairfinn mar go raibh mo dhóthain dua is crá im’ shaol cheana féin agam ...’. Ag an am sin bhí cúpla gearrscéal foilsithe aige san iris Éire. Le fada theastaigh uaidh úrscéal a scríobh ar an drochshaol in Uíbh Laoghaire ach faoi 1963 bhí a fhios aige nach scríobhfadh sé é. Le tamall bhí sé ‘luite amach ar an bpéinteáil’. ‘Tá sé faighte amach agam go bhfuil éifeacht bheag éigin liom mar phéintéir’. Ó Charles Lamb a bhíodh sé ag foghlaim na healaíne sin.

Bhí ardspéis aige sa cheol, é ina bhall de chuid mhaith coistí ag leithéidí na Dublin Orchestral Players, Feis Cheoil, Dublin Musical Centre .... Chaith sé cúpla samhradh sna 1940idí ag foghlaim stiúrthóireachta ón stiúrthóir cáiliúil Jean Martinon. Bhí sé ina stiúrthóir ceoil ag Ard-Chraobh an Chonartha agus bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais. Chóirigh sé ceol do Casadh an tSúgáin nuair a léiríodh in Amharclann na Mainistreach é 1947. Bhí eolas aige ar an nGearmáinis, an Iodáilis agus an Fhraincis.

D’éag sé ina áit chónaithe, 3 Sunview Terrace, Bóthar an Choláiste, Corcaigh, 3 Eanáir 1979. Tá sé curtha in Inse Geimhleach. Deir cuntas Inniu go raibh sé ina chónaí go haonraic in árasán uaigneach. A iníon Úna a thug an t-eolas don chláraitheoir. Mac le Caoimhín is ea Kiev Connolly (Caoimhín MacDara Gearóid Ó Conghaile a rugadh i mBealach an Doirin 5 Aibreán 1956), an t-amhránaí a ghlac páirt ar son na hÉireann i gcomórtas amhránaíochta Eurofíse.

Bhí an dán ‘Dom’ Athair’ i gcló in Feasta, Bealtaine 1951: ‘Ní thig liomsa cloch ná umha/ ná marmar plúrgheal/ D’ardú chun do chuimhnese,/ Ná fiú le ceol na mbuabhall/ Aire an tslua a dhíriú ar t’íbirtse./ Dreonn gach leac dá cruacht/ Is don cheol ní buan/ Ach in uair a sheinte amháin;/ Ach an fhaid a bheidh saoirfhir buach/ Sí a saoirse cumhdach do chuimhneacháin.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú