Ó CONGHAILE, Seán (1903–1995)
Le caoinchead ó Bob Quinn

Dírbheathaisnéis is ea a leabhar Saol scolóige, 1993. Tá eolas air ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: an tír aineoil..., 1997 agus ag Nollaig Ó Gadhra sa nóta eagarthóra a chuir sé i 1984 leis an dara cló de Cois fharraige le mo linnse. I mBaile na gCrann sna hAille, trí mhíle taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh é i nDeireadh Fómhair 1903. Ba dhuine é den cheathrar mac agus ceathrar iníonacha a rugadh do Stiofán Ó Conghaile, fear a raibh gabháltas beag talaimh aige, agus a bhean Máire Ní Choncheanainn. Cé gur chaith a mháthair tamall i Meiriceá ní chloistí aon Bhéarla uaithi sa teach ach amháin nuair a thagadh traibhléirí chun an dorais. Cuireadh bunoideachas air i Scoil Shailearna agus bhí ann gur chríochnaigh sé san ochtú rang. D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge ann ach is é an Béarla a bhí in uachtar ann go fóill. Chaith sé ceithre nó cúig bliana i dtús na 1930idí ag freastal ar ranganna oíche Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Ag cabhrú lena athair a bhí sé ó d’fhág sé an bhunscoil agus deir Mac Con Iomaire gur chaith sé os cionn 25 bliain ina shaoiste ag an gComhairle Contae ar bhóithre Chois Fharraige. Bhí sé ina bhall de chomplacht na nÓglach sa Chnoc agus ina gharda i gcúirteanna Shinn Féin. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus deir Ó Gadhra nach nglacfadh sé le fostaíocht Saorstáit sna 1920idí. Bhí sé ina cheannaire ar an LSF ina cheantar féin i rith 1939-45 agus fuair Bonn Chogadh na Saoirse agus Bonn Sheirbhís na Práinne. Thacaigh sé go gníomhach le Clann na Poblachta in olltoghchán 1948; d’éirigh sé cairdiúil leis an Dr Nollaig de Brún dá bharr agus bhí ag múineadh Gaeilge dó. Chuireadh Séamus Ó Duilearga scoláirí Eorpacha agus Meiriceánacha chuige chun an teanga a fhoghlaim. B’fhéidir gurbh é Cathal Ó Sándair an scríbhneoir Gaeilge is mó dá raibh ag foghlaim na teanga uaidh. Bhí sé ag timireacht do Ghael Linn ar feadh 13 bliain, go háirithe in cibé obair a bhain le scoláireachtaí Gaeltachta agus le próiseáil éisc.

D’iarr Ó Duilearga agus Seán Mac Giollarnáth air béaloideas a bhailiú ina cheantar féin. ‘Thosaigh mé ag bailiú seanchais ó dhaoine a raibh stiall mhaith dá saol caite acu. Bhíodh cóipleabhar im’ phóca i dtólamh agam le nod nó eolas ar bith a d’fhaighinn a bhreacadh síos. Bhailigh mé míle go leith seanfhocal i 1933-34.’ I 1946 bhí sé ar dhuine díobh sin a d’athbhunaigh Cumann Díospóireachta Chois Fharraige. Chraol Radio Éireann cuid dá n-imeachtaí. Léiríodh siad drámaí freisin. Ó 1939 ar aghaidh bhuaigh sé cuid mhaith duaiseanna Oireachtais ar aistí agus ghearrscéalta agus sna comórtais ardáin. Tá cuid de na haistí sin in Cois Fharraige le mo Linnse, 1974; leabhar eile leis is ea Stiléirí agus scéalta eile, 1983. Toghadh é ina Uachtarán ar Oireachtas 1976. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Chualáin agus bhí triúr mac agus iníon amháin acu. D’éag sé ar 18 Meitheamh 1995.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú