Is é seo an scríbhneoir Gaeilge is bisiúla a rinne freastal ar an aos óg; meastar gur timpeall 160 leabhar a scríobh sé, a bhfuil cuid díobh gan foilsiú, agus tá liosta 106 teideal i gcló i gcatalóg an Ghúim, Leabhair agus Ceol: Liosta Ginearálta, 1962. Leabhair leis nach bhfuil i liosta sin 1962 is ea: Prionsa, Rí na Madraí, 1963; Rún m’Athar, 1964; Mo Ghaiscíoch, Micheál, 1965; Prionsa Arís, 1965; Mo Chara, mo Namhaid, 1967; Uafás i mBrú na Bóinne, 1970; An Glór Glé Glinn Fadó, 1980; Fáilte ar ais, a Réics!, 1981; Réics Carló in Oileán Mhanann, 1984. I gcomhthéacs ‘úrscéal na coitiantachta’ deir Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge, 1991: ‘Is é gaisce scríbhneoireachta Chathail Uí Shándair an gníomh aonair pinn is éachtaí i stair an úrscéil Ghaeilge. Ní thagann aon scríbhneoir eile úrscéalta i ngiorracht tobar dúigh dó ó thaobh toirte, iomadúlachta nó raidhse a shaothair. . . . Má bhí an céad éigin úrscéal a scríobh sé dírithe ar an aos scoile, agus margadh rialta le fáil acu ina measc dá réir, féachadh ar a shaothar mar chloch bhunúsach san iarracht leanúnach a bhí ar siúl gnáthléitheoireacht a sholáthar go rialta don ghnáthléitheoir.’ Ag Micheál Mac Aonghusa in Comhar, Márta 1996 atá an cuntas is iomláine ar a shaol. Ag an údar céanna tá cuntas in Anois 17 Iúil 1988. Tá cuntas ag Caoimhín Ó Góilidhe sa cholún ‘Comhaimsirigh’ (Inniu 9 Márta 1957).

In Weston-super-mare, Somerset, Sasana, a rugadh é ar 15 Iúil 1922. B’as Dorset dá athair Simon Saunders; faoin ainm Darkey Saunders ba dhornálaí gairmiúil aitheanta Simon agus chuaigh sé isteach san arm tamall gairid i ndiaidh dó Jimmy Wilde a throid ar 3 Bealtaine 1916. Ba í Florence Elliot ó Shráid Camden, Baile Átha Cliath, máthair Chathail agus bhí sise ag obair i monarcha muinisin i mBriostó nuair a casadh Simon uirthi; faoin am seo is ag tiomáint tramanna a bhí sé. Bhí triúr deartháireacha agus aon deirfiúr amháin ag Cathal; dornálaí nótáilte a dheartháir Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla i 1937 agus 1938. Nuair a d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath liostáil Simon in arm an tSaorstáit agus ba é a bhí mar thiománaí tamall ag an Aire Kevin O’Higgins. Cuireadh oideachas ar Chathal i Scoil Treasa, Ascaill Dhún Uabhair, agus i meánscoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge. Múinteoirí sa dá scoil sin a chuir i dtreo na Gaeilge é; chuir fear sa bhunscoil Cathal a bhailiú airgid do Chiste na Teanga agus gan ach ocht mbliana slánaithe aige. Ní raibh sé ach deich mbliana d’aois nuair a chuir Coiste na bPáistí go dtí an Ghaeltacht é an chéad uair agus is i dteach Sheáin Uí Chonghaile i gCois Fharraige a bhí sé ar lóistín. Chaith sé tamall sna Bráithre Críostaí i gColáiste Chiaráin i mBré agus deirtear gurbh é, in aois 16 bliain dó agus faoin ainm cleite ‘Cuan Aoibheann’, a scríobh an chéad ghearrscéal Gaeilge dár foilsíodh in An Gael Óg. Ansin liostáil sé san Aer-Chór i mBaile Uí Dhónaill. Bhí sé ina bhall de Chraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge agus ina dhiaidh sin ina bhall de Ghlúin na Buaidhe, a bpáipéar Inniu á dhíol aige agus fógraí á mbailiú aige. Scríobhadh sé go rialta sa pháipéar sin agus labhraíodh ag cruinnithe sráide Ghlúin na Buaidhe. Nuair a bunaíodh an Roinn Soláthairtí, roinn sealadach in aimsir an chogaidh, chaith sé tamall ag obair ann. Nuair a cuireadh deireadh leis an roinn sin chuaigh sé isteach sa tSeirbhís Chustaim agus Máil agus bhí ag obair i gceantar Chairlinn i , post a thug deis dó aithne a chur ar sheancainteoirí Gaeilge in Ó Méith agus i ndeisceart Ard Mhacha.

Laistigh de shé mhí díoladh 20,000 cóip de phaimfléad Béarla a scríobh sé do Ghlúin na Buaidhe, Tusa agus an Ghaeilg: A Word to the Worker, 1944 (Inniu 1 Nollaig 1950), ach níor cuireadh ainm údair leis. I 1942 a foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, Tríocha Píosa Airgid. Ba é Seán Mac Giolla Fhaoláin, fear a raibh post ard aige sa Ghúm, a mhisnigh é chun tabhairt faoi shraith de leabhair bhleachtaireachta agus foilsíodh i 1943 Na Mairbh a d’Fhill, an chéad scéal faoi laoch na sraithe, Réics Carló. Díoladh 30,000 cóip. Le Réics a bhaineann tuairim céad dá leabhair. In alt in Inniu 15 Bealtaine 1953 mhaígh sé go raibh tuairim 1,500,000 focal scríofa aige go nuige sin. ‘Do leanaí scoile a scríobhann sé go príomha agus tá gach genre trialta aige: thar na blianta tá leabhair faoi spástaistealaithe, faoi spiairí, faoi bhuachaillí bó agus araile cumtha aige. I ngach cás, gan amhras, níor mhór timpeallacht inchreidte a chruthú agus cur síos uirthi ar bhealach nádúrtha, réalaíoch, rud a d’fhág gur leathnaigh sé stóras focal na mílte léitheoirí’ (Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh). Deir Brady agus Cleeve (A Biographical Dictionary of Irish Writers, 1985) i dtaobh a chuid leabhar: ‘These had an enormous, and for publications in Irish, an unheard-of success. For the first time Irish children were being offered something to read that they wanted to read, in Irish, and they devoured the adventures of Réics Carló and Réamonn Óg, Captaen Toirneach and Captaen Spéirling as eagerly as their English contemporaries devoured Sexton Blake or the Saint.’

Bhí sé mhí caite aige i gConamara i 1953 faoi scéim i gcomhair scríbhneoirí a bhí á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus deir Mac Aonghusa gur éirigh sé as a phost an bhliain dár gcionn chun a bheith ag scríobh go lánaimseartha; tuairim an ama seo a foilsíodh a úrscéal Béarla Bullets are Trumps sa tsraith i dtaobh Sexton Blake, bleachtaire. Sholáthraíodh sé lán leathanaigh do Inniu gach seachtain agus i measc an ábhair bhí an tsraith An tEiteallán Dofheicthe, an chéad ghreannán Gaeilge, dar le Mac Aonghusa. In Irisleabhar Má Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’) tugann Dorothy Ní Uigín cur síos ar a shaothar ar son Inniu: ‘Ar 26 Eanáir 1951 cuireadh tús le “Scéal Lorgaireachta” le Cathal Ó Sándair; sraith scéalta a bhí anseo do dhaoine óga a raibh Réics Carló ina laoch iontu. Ba bhleachtaire é seo agus bhí scéal le fáil go seachtainiúil ar Inniu faoi as sin amach. Ó 23 Eanáir 1953 bhí cartún de Réics Carló ar Inniu chomh maith—an chéad sraith comic-strip sa Ghaeilge. Faoi dheireadh 1953 bhí leathanach iomlán ag Cathal Ó Sándair sa nuachtán do dhaoine óga le Réics Carló, comórtais áirithe, agus píosaí beaga eolais a gcuirfeadh daoine óga suim iontu.’ D’éirigh go maith leis ar dtús mar scríbhneoir lánaimseartha ach tar éis tamaill bhí sé fágtha gan mórán de theacht isteach aige. Deir Mac Aonghusa gur bhagair sé dul ar imirce go Ceanada mura nglacfaí ar ais sa státseirbhís é ach nach ndeachaigh sé riamh ann, cibé míthuiscint ba chúis le Brady agus Cleeve a rá go ndeachaigh. ‘Sa deireadh, tar éis dó cúnamh a fháil ó mhórán cairde, d’éirigh leis cinneadh a bhaint amach ag bord an Rialtais féin go ligfí ar ais é sa bhliain 1963. Agus é ina oifigeach custaim athuair cuireadh ó áit go háit é amhail is dá mba earcach óg é. Chaith sé tréimhsí i gCorcaigh, i bPort Láirge agus sa tSionainn’ (Mac Aonghusa). Gan amhras chiallaigh an tréimhse mar scríbhneoir lánaimseartha gur pinsean laghdaithe a fuair sé. Bhí staidéar déanta aige ar na teangacha Ceilteacha go léir. Scríobh sé ‘Leabhar na Laethanta’, féilire mór ina bhfuil 65 imleabhar clóscríofa d’imeachtaí a bhaineann le hÉirinn, saothar a bhí rómhór gan amhras lena fhoilsiú. Ba é an chéad duine é ar bronnadh Gradam Bhord na Gaeilge air. B’as Co. Ard Mhacha dá bhean Máire McGeown agus bhí ceathrar clainne acu. D’éag sé 18 Feabhra 1996.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú