Ag caint dó ar na 1920idí scríobh Micheál Mac Liammóir (Comhar, Feabhra 1943) nach raibh in Éirinn ar fad ach triúr Gaeilgeoirí a raibh taithí agus cleachtadh acu ar an amharclann: é féin, Gearóid Ó Lochlainn agus Pól Ó Fearghail. Aisteoireacht ghairmiúil a bhí i gceist aige, ar ndóigh.

I Learpholl a rugadh Gearóid (nó Gerald Patrick O’Loughlin) agus ba é an t-aon duine amháin é de sheisear clann nach in Éirinn a rugadh. Níorbh fhéidir teacht ar thaifead a bhreithe i gclárlann Shasana. Ba as Baile Eilís, Co. Loch Garman, dá athair. Fínín ba ea é siúd. D’fhill an chlann ar Éirinn nuair a bhí Gearóid leathbhliain d’aois. I nDaonáireamh 1901 taispeántar go raibh cónaí i Sráid an Teampaill sa Tulach Mhór ar Patrick O’Loughlin (46), ‘commercial clerk in wine and spirit trade’, a bhean Elizabeth (38), agus a mac Gerald (16), a bhí freisin ina chléireach i ngnó biotáille agus fíona, agus triúr mac eile, Michael, Patrick agus John. Ag an athair agus ag Gerald amháin a bhí Gaeilge. Cuireadh síos gurbh i mBaile Átha Cliath a rugadh iad go léir. Ní raibh toradh, áfach, ar chuardach a rinneadh i gClárlann na mBreitheanna i mBaile Átha Cliath. I dtuairiscí báis Ghearóid luadh deartháir darb ainm Pádraig. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí. ‘D’fhoghlaim sé Gaeilge le linn a óige ó chainteoir dúchais’, a deir Muiris Ó Droighneáin in Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge ..., 1936. Chaith cuid éigin dá bhlianta tosaigh sa Tulach Mhór. Ann, is cosúil, a cheangail sé le Conradh na Gaeilge. Bhuaigh sé duaiseanna ag feiseanna an cheantair. Chonaic sé an pharáid mhór a cuireadh ar siúl i gcuimhne ’98 i mBaile Átha Cliath. ‘Bhíos féin sa láthair an lá úd, mé i mo gharsún óg an uair sin agus mórtas orm gur Loch Garmanach é m’athair’ (Ealaín na hAmharclainne, 1966). Bhí an t-athair ina cheannasaí ciorcail ag Bráithreachas na Poblachta agus ghlac Gearóid an mionn nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois (Inniu 8 Nollaig 1956).

Bhí sé i láthair i Halla Naomh Treasa i Sráid Clarendon nuair a léirigh Willie agus Frank Fay Kathleen Ní Houlihan in Aibreán 1902 agus thosaigh sé ag freastal ar an rang aithriseoireachta a bhí ag Frank Fay i seomraí an Chumainn Liteartha Cheiltigh. Cheana féin bhí sé ag freastal ar rang Gaeilge an Chumainn sin. Ba é Seán Ó Conghaile [q.v. faoi Ó CONGHAILE, Caoimhín] a luaigh a ainm le Dudley Digges agus toghadh é ina bhall de na hAisteoirí Náisiúnta.

Ó 1903 amach bhí sé páirteach i ndrámaí Gaeilge. In aiste dar teideal ‘Nollaig aisteora sa Danmhairg’ in Comhar, Nollaig 1943, deir sé go raibh trí nó ceithre bliana caite aige le haisteoireacht sular fhág sé Éire. Luann sé Seán Ó Chonghaile, ‘mo shean-chomhdhalta agus mo chomhaisteoir’ san aiste sin. Luaitear in An Claidheamh Soluis 18 Lúnasa 1906 gur chruthaigh Proinsias Mac Siúlaigh agus é féin go maith sa dráma Talamh, aistriúchán Thorna ar dhráma Phádraic Colum.

Bhí sé i láthair ag léiriú de Playboy of the western world in Eanáir 1907. Níor thaitin sé leis: ‘Chuaigh sé díom a dhéanamh amach cad é an riach a bhí á phriocadh [Synge] nuair a cheap sé an dráma aduain dochreidte seo’ (Ealaín na hAmharclainne).

I bhfómhar 1907 d’imigh sé chun na Danmhairge. Rinne staidéar ar theangeolaíocht, fealsúnacht agus síceolaíocht in Ollscoil Chóbanhávan. Dar le cuntas a scríobh sé in Comhar, Márta-Lúnasa 1945, go raibh sé ag múineadh Béarla in Aarhus ar dtús ach faoi thús 1914 go raibh sé ag obair in Acadamh na dTeangacha i gCobanhavan. Shíl sé gurbh fhearr a d’éireodh leis ansiúd obair amharclainne a fháil. Bhí líofacht Danmhairgise aige agus taithí mhaith aige ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis de bharr an chaidrimh a bhí aige le hoidí na dteangacha sin san Acadamh. Ach síleadh go raibh blas Ioruach ar a chuid Danmhargaise. Bhí scannáin tostacha á ndéanamh agus níorbh aon cheataí rómhór air ansiúd an tuin choimhthíoch. I measc na gcáipéisí a bhí sé a iompar lena thaispeáint go raibh taithí aige ar an amharclannaíocht bhí litir mholtach ón bPiarsach. Ag obair i stiúideonna an Danio Biofilm is mó a bhíodh sé agus casadh air ann duine de mhóraisteoirí na Danmhairge, Emmanuel Larsen. Nuair a fuair seisean post léiritheora san Alecsandra-Teater bhí sé in ann obair sheasta a thabhairt do Ghearóid san amharclann sin. Chaith sé breis is trí bliana ann agus a chuid Danmhargaise ‘ag éirí níos neamhchosúla le hIoruais in aghaidh na bliana’.

Is cosúil go ndéanadh sé obair thaidhleoireachta ar son na hÉireann sa Danmhairg agus ar fud na hEorpa, é ag múineadh teangacha anseo is ansiúd chun na costais a íoc. Is é a deir Seán T. Ó Ceallaigh in Seán T II, 1972: ‘Ba trí Ghearóid Ó Lochlainn (mar a d’oir dá ainm) a rinneadh cibé beagán bolscaireachta díreach a rinneadh sna tíortha Lochlannacha; bhí sé ag cur faoi in Aarhus sa Danmhairg’. Is fiú aird a tharraingt ar na haistí a chuir sé abhaile ón Danmhairg. I 1912 bhain ceann díobh leis an nGearmáin agus leis an gcogadh mór a bhí ag bagairt agus ceann eile leis na pictiúir reatha. Idir 1912 agus 1916 chuireadh sé aistí abhaile, chuig An Claidheamh Soluis go háirithe. Tá na haistí liostaithe in Clár litridheachta na Nua-Ghaedhilge ... III: prós i dtréimhseacháin, 1940. Is dóigh gurbh é a chuir an fógra seo in An Claidheamh 29 Iúil 1916: ‘POST IN ÉIRINN. Gael (30 bl.) atá ina chónaí ar an Mhorthír le roinnt bliain anuas, ba mhaith leis post d’fháil in Éirinn mar mhúinteoir Gaeilge, timire, rúinchléireach, coimeádaí leabhar ... Béarla, Almáinis, Fraincis, Lochlannais, Iodáilis aige; taithíoch ar teanga-mhúinteoireacht, scríbhneoireacht, gnó oifige, clóscríobh. Ard-Teistiméarachta aige. Cuirtear freagraí go dtí “Danar Dubh”, f/ch Oifig An Chlaidhimh Soluis’.

Ní thabharfaí cead dó filleadh ar Éirinn i 1917 ná arís i 1918. Tugtar le tuiscint san aiste úd in Inniu 8 Nollaig 1956 gur chuid den scéim a bhí ag Art Ó Gríofa chun chonsalachtaí a bhunú ar an Mór-Roinn i gcóir na huaire a bheadh féinrialtas ag Éirinn ba ea tréimhse Ghearóid sa Danmhairg. Deirtear ansiúd freisin gur ghníomhaigh sé mar rúnaí príobháideach don Ghríofach ón uair a toghadh é mar uachtarán rialtais gur éag sé Lúnasa 1922. Bhí Gearóid pósta agus clann aige faoin am seo. Deirtear freisin go raibh sé ina chléireach in oifig Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Ó 1923 ar aghaidh bhí baint aige le gach gné den drámaíocht: aisteoireacht, léiritheoireacht, teagasc, scríobh drámaí .... Bhí sé ar dhuine de phríomhphearsana an Chomhair Drámaíochta ó 1923 amach. As drámaí a léirigh Gearóid agus Tadhg Ó Scanaill (1883–1967) agus cuallacht Phiarais Béaslaí , Na hAisteoirí, ag Oireachtas 1923 a d’fhás an Comhar. In Dublin Magazine, Nollaig 1924, scríobh Seamus O’Sullivan: ‘It is now agreed on all hands that last year’s achievement of the Aisteoirí, Gearóid Ó Lochlainn’s brilliant troupe of Gaelic actors, represents a remarkable event in the history of Irish drama’. Tá aiste aige ar an gComhar Drámaíochta in Comhar, Bealtaine 1951, mar fhreagra ar a raibh le rá ina thaobh ag Tomás Mac Anna. Léirigh an Comhar ocht gcinn dá bhundrámaí agus dá aistriúcháin.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Amharclann an Gheata agus ina chomhstiúrthóir air ar feadh i bhfad. ‘For many years as an actor [he] served as a cornerstone in its company’, a dúirt Hilton Edwards agus Micheál Mac Liammóir in Irish Times 27 Iúil 1970.

Bhí sé ina chigire drámaíochta ag an Roinn Oideachais ach níor phost inphinsin é. Nuair a bhí páirt aige in The Rose Tattoo le Tennessee Williams san Amharclann Pike i mBealtaine 1957 agus an dlí á bhagairt ar an gcomhlacht, dúirt sé go gcloífeadh sé le cibé cinneadh a dhéanfadh na haisteoirí eile. Státseirbhíseach neamhbhunaithe ba ea é agus bhí a shlí bheatha i mbaol (Stage by stage, 1985, le Carolyn Swift).

Bhí páirt Monsewer aige in An Giall, le Breandán Ó Beacháin, sa Damer Meitheamh 1958. Scríobh sé leabhar ar a thaithí féin, Ealaín na hAmharclainne, 1966. Foilsíodh bundráma amháin dá chuid, Bean an Mhilliúnaí, 1923, agus Heircileus, 1926, a aistriúchán ar dhráma Adolph Recke, agus a aistriúchán ar dhráma Ibsen, Namhaid don phobal, i 1947. Aistriúchán eile leis is ea Deire an leabhair (The end of the book le Henry Meyers) in An Comhar: Amharclann na Mainistreach, 1926 (Philip O’Leary). Drámaí eile dá dhéantús is ea: Na gaduithe, 1935; Ag an ladhrán, 1946; An balbhán bréige, 1954; An tÉirí Amach,1952; Éamonn an chnuic, Na Fearachoin, 1946. I 1965 tháinig uaidh Radhairc as drámaí Shakespeare. D’aistrigh sé scéalta agus drámaí ón Danmhairgis, ón nGearmáinis agus ón mBéarla. D’aistrigh sé ón Danmhargais Fuzzy and his comrades, a child’s story in Irish and English, 1912. Chóirigh Máire Ní Chillín an scéal seo agus Seán Ua Ceallaigh a chuir Gaeilge air. Bhíodh idir dhánta agus aistí i gcló aige in An Claidheamh Soluis agus in Fáinne an Lae. ‘An Lochlannach’ an t-ainm cleite a bhí aige.

Bhí sé pósta ar Dhanar, Ingeborg Bostrop, agus bhí mac agus iníon acu. Ag 53 Bóthar Beaumont, Baile Átha Cliath, a bhí sé ina chónaí nuair a fuair sé bás 21 Iúil 1970. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú