Bhí sí ar dhuine de na mná ba ghníomhaí i gConradh na Gaeilge agus i gcumainn pholaitiúla i bhfíorthosach an chéid. I gCreig an Rí, Conga, Co. Mhaigh Eo, a rugadh í ar 16 Meitheamh 1874. Cléireach ba ea a hathair John Killeen (1840-1924) ag an am, dar leis an teastas breithe. Cainteoir dúchais Gaeilge, agus duine inspéise ina cheart féin, ba ea é. Tá giota d’fhoirm daonáirimh 1851 i seilbh a mhuintire, cóip a fuarthas ón Oifig Iris Phoiblí roimh 1920. Taispeánann sé go raibh John Killeen 10 mbliana d’aois ag an am agus ina chónaí i Roisín Thoir, Co. na Gaillimhe, in éineacht lena mháthair Mary, baintreach a bhí 45 bliana d’aois. An t-aon eolas eile ann go raibh sé i scoil Mr Reaney agus go raibh léamh na Gaeilge aige. Bhí sé i bpríosún tamall i gCaisleán an Bharraigh aimsir na bhFíníní agus b’éigean dó dul go Meiriceá. Phós sé Mary Varley (1858-1933), iníon le Michael Varley agus Bridget Kevin, tuairim 1874. Múinteoir ba ea í. I nDaonáireamh 1911 iarthaistealaí tráchtála an cur síos ar shlí bheatha Sheáin. Bhí sé 69 bliana d’aois. Dúradh gurbh i gContae na Gaillimhe a rugadh é, go raibh Béarla agus Gaeilge aige féin agus a bhean Mary (57), múinteoir scoile a rugadh i gContae Mhaigh Eo. Bhí siad pósta le 37 bliana agus rugadh seachtar dóibh ach ní raibh beo díobh ach ceathrar. Ba leo féin an teach cónaithe ach ba leis an Tiarna Ardilaun gach aon áitreabh eile sa sráidbhaile. Faoi 1914 bhí an lánúin ag cur fúthu ag 7 Bóthar Sheangánaí, Baile Átha Cliath. Tá tuairisc bháis Sheáin in Fáinne an Lae 19 Eanáir 1924. Deirtear ann gur i mBinn Éadair a d’éag sé, go mba threoraí Fíníneach é agus go raibh sé i bpríosún go minic; ‘Gaeilgeoir binn, seanchaí thar cionn’. Tá sé féin agus a bhean Máire curtha i nGlas Naíon. Bhí sise ina príomhoide i Scoil Chonga. Múinteoir ceannródaíoch í chomh fada is a bhaineann sé le Gaeilge. I litir in An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900 dúirt sí go raibh an teanga á múineadh aici le 12 bliana agus tá a hainm i liosta Oifig an Oideachais Náisiúnta (i gcló in An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1902) de na scoileanna a raibh an teanga á múineadh iontu.

Ba í Máire an duine ba shine; buachaillí ba ea an chuid eile den teaghlach a mhair. Bhí fear díobh i bPittsburgh agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 18 Márta 1911 go raibh sé ar dhuine den dream a d’fháiltigh go fial ann roimh Mhicheál Ó Flannagáin [B4] agus Fionáin Mac Coluim [B1]. Tuairim 1898 a chuaigh Máire isteach san Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge agus bhí sí ina ball den choiste an bhliain dár gcionn. Bhí sí ina leasuachtarán ar Iníní na hÉireann agus ar dhuine de na bunaitheoirí um Cháisc 1900. Scríobh Maud Gonne chuig Yeats i nDeireadh Fómhair na bliana sin: ‘I am employing the comparatively idle time afforded me by the General Election in seriously taking lessons in Irish. I have a most charming teacher in Miss Killeen with a wonderful Irish face and the most beautiful black hair I have ever seen’. Bhí sí ina hionadaí ón Ard-Chraobh ag comhdháil an Chonartha i 1900 in éineacht le G.A. Moonan [B2], Robert McSherry Gordon [B4], Eibhlín Ní Dhonnabháin [B4], Risteárd Ó Maoilbhréanainn [B1], Éamonn Ó Néill [B4] agus J. P. Kenny (An Claidheamh Soluis 12 Bealtaine 1900). In éineacht le Breandán Mac Ruaidhrí [q.v.] rinne sí moltóireacht ar chomórtas córacha na bpáistí ag Feis Laighean i 1901 (idem 30 Márta 1901). An mhí chéanna sin, ar an 8ú lá, bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh an Ardeaspaig Mhic Héil, ar do Chonnachtaigh go príomha í (idem 23 Eanáir 1901). Bhí sí ar an gcoiste a ceapadh ar 26 Samhain 1901 chun na réitithe a dhéanamh le haghaidh Oireachtas 1902 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984, le Donncha Ó Súilleabháin) agus bhí sí ar an gCoiste Ceoil agus Ealaíne le haghaidh Oireachtas 1903. Toghadh í ina ball de Choiste Gnó an Chonartha i 1902 agus bhuaigh a daltaí i Scoil Pheadair, Baile Phib, Duaiseanna an Chliabhraigh an bhliain sin (An Claidheamh Soluis 17 Bealtaine 1902). Seachas Scoil Eoin (Séamus Ó Duirinne [B4]) agus Scoil Chaoimhín (Pádraig Ó hAichir [B3]) níor bhain aon scoil eile i mBaile Átha Cliath iad an bhliain sin. An bhliain chéanna sin scríobh sí féin agus Pádraig Mac Piarais [B4] tuarascáil mholtach ar Scoil Eoin. Foilsíodh in An Claidheamh Soluis í Lá Samhna 1902 agus tugadh amach mar bhileog sílteagaisc í ina dhiaidh sin (idem 13 Nollaig 1902).

Tá Máire liostaithe ag an mBord Náisiúnta Oideachais mar dhuine den tríur múinteoir ban i mBaile Átha Cliath a bhí ag múineadh na Gaeilge mar ábhar breise sa bhliain dar críoch 28 Feabhra 1902 (An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1902). Deir Donncha Ó Súilleabháin in Cath na Gaeilge sa chóras oideachais 1893-1911, 1988: ‘Réitigh Pádraig Mac Piarais agus Máire Ní Chillín cláir shamplacha le haghaidh mhúineadh na Gaeilge mar ábhar breise agus d’fhoilsigh an Conradh iad faoin teideal Irish as an extra subject—specimen programmes mar chabhair agus mar threoir do bhainisteoirí agus do mhúinteoirí chun clár a ullmhú le cur faoi bhráid an Bhoird Náisiúnta’.

Deirtear go raibh lámh agus focal idir í féin agus Liam Ó Maolruanaidh a d’éag ar 6 Bealtaine 1901. Is inspéise gur tugadh Craobh Fhear na Muintire ar chraobh den Chonradh i gConga (An Claidheamh Soluis 2 Bealtaine 1903)—bhí ‘Fear na Muintire’ ar cheann d’ainmneacha cleite Uí Mhaolruanaidh. Bhí sí ina ball den Choiste Gnó i 1902 agus 1904 nuair nach raibh ach beirt bhan eile ina mbaill: Úna Ní Fhaircheallaigh [B1] agus Máire Ní Aodáin [B1]. Tuairiscíodh (idem 30 Aibreán 1904) go raibh sí ag moltóireacht ag Feis Shligigh. Bhí éirithe as an gCoiste Gnó aici toisc, b’fhéidir, go raibh sí imithe abhaile go Conga. Phós sí Pádraig Ó Brolcháin [B1], duine de chairde móra Uí Mhaolruanaidh, ann 30 Meitheamh 1904. Pádraig Ó Dálaigh a sheas le Pádraig. Bhí seisear mac acu agus is le Gaeilge a thóg siad iad.

Bhíodh scéalta i gcló aici in United Irishman agus in Bean na hÉireann agus Catholic Bulletin ina dhiaidh sin. In Sinn Féin 17 Feabhra-30 Márta 1912 bhí dráma aici dar teideal Mairghréad. A topical play for national teachers in two scenes. Bhí litir bharrúil aici in An Claidheamh Soluis 1 Feabhra 1908 mar fhreagra ar an tagairt a rinne Edward Martyn don fhigiúir banúil (‘unideal and somewhat absurd figure’). Rinne sí cóiriú i 1912 ar ‘Fuzzy and his comrades: a children’s story in Irish and English’, a tharraing Gearóid Ó Lochlainn ón Danmhargais, agus a d’aistrigh Seán Ó Ceallaigh (‘Sceilg’) go Gaeilge. Chuir sí eagar ar Gill’s Temperance Reader,1913.

Scríobh Cathal O’Shannon in Evening Press i ndiaidh a báis go raibh sí thar cionn ag eagrú ceolchoirmeacha—‘She could fill any hall in Dublin’. Theastaigh ó George Moore, dúirt sé, go múinfeadh sí Gaeilge dá nia ach dhiúltaigh sí; bhí sí róghnóthach. Dúirt sé freisin go raibh cur amach aici ar bhláthanna agus ar a n-ainmneacha Gaeilge. Thug sí cabhair do Sheán Ó Lúing nuair a bhí sé ag scríobh a leabhair mhóir Art Ó Gríofa, 1953. D’éag sí ar 28 Aibreán 1956 i dteach a mhic Cillian i Lenaboy Gardens, Gaillimh, in aois 81 di. Bhí de Valera ag an sochraid i mBaile Átha Cliath. Tá sí curtha i nGlas Naíon. Anuas go 1923 bhí cónaí ar an gclann ag 16 Bóthar na Buaile agus ina dhiaidh sin ag ‘Dún Bríde’, Páirc Nashville, Binn Éadair.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú