I mBaile Átha Cliath a rugadh é 23 Meán Fómhair 1905. Ba iad a thuismitheoirí Pádraig Ó Brolcháin agus Máire Ní Chillín. Bhí cúigear deartháireacha aige agus is le Gaeilge a tógadh iad. Fuair sé céim BSc sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1925 agus MSc i 1926. Thug scoláireacht taistil go dtí Ollscoil Graz san Ostair é agus rinne obair a thuill PhD dó faoi V.F. Hess, buaiteoir dhuais Nobel. Ceapadh é ina léachtóir le Fisic i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Chuir sé suim ar leith sna cúrsaí ollscoile trí mheán na Gaeilge. I 1934 ceapadh é ina Ollamh le Fisic Thurgnamhach. Bhí sé ina Dhéan ar Dháimh na hEolaíochta agus chuir spéis ní hamháin i gcúrsaí trí Ghaeilge ina dháimh féin ach in úsáid na Gaeilge i ngnóthaí an Choláiste i gcoitinne. Bhí sé ar dhuine de stiúrthóirí Thaibhdhearc na Gaillimhe sna 1940idí. B’éigean dó scor den obair de dheasca drochshláinte i 1973 agus d’éag sé i nGaillimh 13 Nollaig 1976. Bhí triúr iníonacha aige.

Chuaigh duine de dheartháireacha Chilian, Ruairí (1913–1992), go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 1931 chun staidéar a dhéanamh ar Eacnamaíocht agus Polaitíocht. Bhí sé bainteach leis an gCumann Gaelach ann agus ina Reachtaire ar an gCumann 1933–1934. Bhí seachtar clainne orthu, cúigear buachaillí agus beirt chailíní. Thóg sé agus a bhean chéile, Kathleen Geary, a gclann le Gaeilge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú