NÍ BHROLCHÁIN, Muireann (1955–2015)

Bean ildánach ab ea Muireann Ní Bhrolcháin arbh iomaí réimse de shaol na hÉireann ar fhág sí a lorg orthu. Léachtóir spreagúil le Sean-Ghaeilge a mbíodh mic léinn faoi gheasa aici, bean chúise a thug dúshlán an Stáit faoi scrios suíomhanna stairiúla i dTeamhair na Rí agus Scrín Cholm Cille, gníomhaí pobail i gceantar Mhaigh Nuad agus scríbhneoir ficsin do dhéagóirí.

I mBóthar na Trá, Gaillimh, a rugadh Muireann Ní Bhrolcháin ar an 15 Bealtaine 1955, iníon le Cillian Ó Brolcháin, ollamh le fisic i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, Baile Átha Cliathach a raibh ceangal aige le Co. Dhún na nGall, agus a bhean, Máiréad Ní Chochláin, cainteoir dúchais Gaeilge ó Co. Chorcaí, múinteoir agus scrúdaitheoir eacnamaíocht bhaile roimh phósadh di. Le Gaeilge a tógadh Muireann agus a deirfiúracha, Clíona agus Deirbhile. D’fhreastail sí ar Scoil Fhursa agus ar mheánscoil Íosa agus Muire – Salerno, áit ar mhinic i bpríomhpháirt i gceoldrámaí í.

Ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh di, rinne sí staidéar ar an nGaeilge agus ar an mBéarla, chomh maith leis an bhfealsúnacht agus an stair. Tar éis di MA a bhaint amach sa tSean-Ghaeilge in 1978, ábhar, mar a tharla, a ndearna a seanathair athartha staidéar air roimpi, chaith sí trí bliana san Institiúid Ard-Léinn, i mbun taighde do thráchtas dochtúireachta ar an mbanseanchas. Seo mar a labhair sí in agallamh ar Beo.ie in 2006:

Bhí na blianta sin go hiontach. Ní raibh tada le déanamh agat ach taighde. Bhí chuile dhuine ann: bhí James Carney fós beo, David Greene, Brian Ó Cuív, Proinsias Mac Cana. Bhí siad ar fad ann, na seanfhondúirí sin. Tá siad ar fad marbh anois. Bhí Heinrich Wagner ann freisin agus bhí Breandán Ó Buachalla ann ar feadh tamaill agus mise ansin. Tá sé go hiontach siúl isteach chuig na mic léinn agus a rá leo, “Bhuel, bhí aithne agam ar na daoine seo ar fad”.

Is mar léachtóir páirtaimseartha sa Nua-Ghaeilge a thosaigh sí i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, in 1981, ach in 1983 d’aistrigh sí go Roinn na Sean-Ghaeilge mar ar shaothraigh sí go lánaimseartha ag cur oiliúint ar mhic léinn i litríocht ársa na Gaeilge ar feadh breis is tríocha bliain. Chuir sí an Ghaeilge agus cúrsaí cultúrtha chun cinn, agus scríobh sí ailt ar irisí léannta agus an leabhar Maol Íosa Ó Brolcháin (1986). Ó thaobh an léinn de, is sa bhanseanchas, sa mhiotaseolaíocht agus i ról na mban sa luathlitríocht agus sa nualitríocht is mó ba shuim léi. Toradh a cuid saineolais agus a cuid teagaisc an leabhar An introduction to Early Irish Literature (2009). Dúradh fúithi i gcuntas iarbháis ón gcoláiste go raibh ‘a croí sa mhúinteoireacht agus bhí na mic léinn faoi gheasa ag an bhfuinneamh, an léann agus an greann. Ní dhéanfaidh na glúinte mic léinn a oileadh faoina cúram dearmad ar an bhfonn lena dtabharfadh sí faoin teagasc.’

Ba ann freisin don fhiuchadh foinn san fheachtasaíocht gan ghéilleadh a rinne sí chun Teamhair na Rí agus Scrín Cholm Cille a chaomhnú ina séadchomharthaí beo d’oidhreacht na hÉireann. Thuill sí aitheantas forleathan faoin bpáirt ghníomhach a ghlac sí san fheachtas sin. Cuid de ab ea eagrú Feis Teamhair/A Turn at Tara. Cé gurbh aisteoir agus fonnadóir ar an sean-nós í ina hóige, ag an ócáid spleodrach seo d’fhágadh sí an stáitse faoi na scríbhneoirí agus faoi na ceoltóirí aitheanta, Paul Muldoon agus Seamus Heaney ina measc.

B’údar bisiúil í Muireann a scríobh leabhair Ghaeilge do dhéagóirí, Ar ais arís (1991), Eachtraí samhraidh (1992), Dialann Chaoimhe (1994), An solas sa chaisleán (1994) agus An bád sa chuan (1990) a bhuaigh duais Oireachtais.

I gcuntas iarbháis thar ceann Chomhairle Phobail Mhaigh Nuad scríobh Paul Croghan i Nuachtlitir Mhá Nuad go raibh siad go mór faoi chomaoin ag Muireann faoina tacaíocht fhonnmhar thar thréimhse tríocha bliain. Ní raibh páirt ar bith nár ghlac sí chuici, dar leis. Orthu sin bhí rólanna na n-oifigeach ar fad, stiúrthóir agus urra ar scéimeanna fostaíochta pobail, eagarthóir na nuachtlitreach, páirt ghníomhach i bhfochoistí Lá ’le Pádraig agus an fhéile bhliantúil. Léirigh sé sin spéis Mhuireann sa phobal a raibh cónaí uirthi ann.

Ball gníomhach de Pháirtí an Lucht Oibre ab ea í, agus urlabhraí Gaeilge acu i rith reifrinn na 1980idí. D’oibrigh sí le Emmet Stagg agus le Micheál D. Ó hUiginn, a d’fhreastail ar a sochraid. San agallamh sin le Beo.ie in 2006, léirigh sí míshuaimhneas go raibh an páirtí tar éis bogadh ón eite chlé go dtí an lár, ach dúirt go bhfanfadh sí leo mar gur chreid sí go raibh an iomarca teachtaí neamhspleácha go dona don Dáil. Bhí sí ina ball den Tom Johnson Foundation agus de Choimisiún na Lámhscríbhinní. Chomh maith leis sin, bhí sí ina Cathaoirleach ar an gCoimisiún chun Ról na nEagras Deonach a Scrúdú a bhí ina shuí le linn 1996–7. Ba é Treo 2000 (1997) an toradh a bhí ar obair an Choimisiúin sin.

I saol na hamharclainne i nGaillimh in 1975 chas Muireann ar Jim Cunningham. Phós siad agus bhí beirt iníonacha acu, Eithne agus Rachel, agus le himeacht ama scar siad. In 1986 bhuail Muireann lena páirtí saoil, Don Foley. Bhásaigh sí ar an 14 Aibreán 2015.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Éilis Ní Anluain

Ailt

    Agallaimh