Ó 1939 amach is é a hainm is mó a bhíonn chun tosaigh nuair a luaitear Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus bunú Amharclann Ghaoth Dobhair. Ar an gCarraic i nGaoth Dobhair a rugadh ‘Annie Chonaill’ 2 Aibreán 1910 agus ba iníon í le Conal Anna Mac Giolla Bhríde agus Máire Nic Giolla Easbuic. Is mar seo a tuairiscíodh ar an lánúin sa Charraic i nDaonáireamh 1911: Connell McBride (64), éadaitheoir agus grósaeir, agus a bhean Mary (42). Bhí siad pósta le 20 bliain agus rugadh dháréag leanaí dóibh a raibh deichniúr díobh beo. Bhí Gaeilge agus Béarla ag gach duine. Bhí Áine bliain d’aois. Deirfiúr ba ea í le Eoghan Mac Giolla Bhríde (1898-1939). Ba é Eoghan a bhunaigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair i 1931 agus a chuir drámaí ar fáil dóibh. Nuair a cailleadh Eoghan is ar Áine a thit cúram na nAisteoirí. San aiste ‘Corradh le Leathchéad Bliain: Mo thréimhse le hAisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981’(Comhar, Samhain 1990) tugann sí scéal an fhiontair: ‘Ní raibh de chaitheamh aimsire eile ann ach oícheanta airneáil, imirt chartaí nó damhsaí sna tithe. Tháinig an t-aos óg seo le chéile i lochta nó scioból le hÉamonn Mac Giolla Easpaig [a n-uncail] agus faoi threoir Eoghain Mhic Giolla Bhríde cuireadh tús leis an gcleachtadh den chéad dráma Gaeilge, An tAonach.’ Ag tagairt don chéad léiriú deir sí: ‘Dúirt seanbhean amháin liom agus í ag cuachadh a seál thart uirthi féin ag dul amach an doras “Bhí oíche rua againn. Cá huair a bhéas an chéad “concert” eile agaibh?” Ní raibh an focal “dráma” san fhoclóir acu go fóill.’ Chuidigh Gearóid Ó Lochlainn, aisteoir agus cigire drámaíochta na scoileanna, leo agus chaitheadh seal ag aisteoireacht leo. Bhuaigh na hAisteoirí Corn an Chairdinéil Ó Domhnaill ag Feis Thír Chonaill i 1932. Idir sin agus 1955, nuair a stad siad de bheith ag dul chuig féilte, bhí an chéad áit bainte amach acu ag cúig fhéile is fiche ar fud na tíre agus bhí siad trí bhabhta sa dara háit. Bhuaigh siad Corn an Tóstail (Craobh na hÉireann) (1952-55) agus Corn an Oireachtais (1952-55). Thug siad cuairteanna ar Albain i 1954 agus arís i 1957. ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair an chéad dream agus an t-aon dream a thug dráma Gaeilge amach as an tír.’ Ba é cathaoirleach an Chonartha i nGlaschú, Pádraig Mac Pháidín, a thug anonn iad. ‘Stad muid ag taisteal chuig na féilte nuair a chuir muid tús le ciste na hAmharclainne.’ D’oscail Siobhán Nic Cionnaith Amharclann Ghaoth Dobhair 3 Meán Fómhair 1961 agus ba é an chéad léiriú ann méaldráma le hÁine féin, Cor na Cinniúna. Tá cuntas ag Pádraig Ó Siadhail (‘Aisteoirí agus Amharclann Ghaoth Dobhair’) in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 agus deir sé: ‘Is tuar dóchais de shaghas éigin é go bhfuil idir Aisteoirí agus Amharclann Ghaoth Dobhair ann fós. Ach an gealladh úd a bhí faoin ghasra is faoin amharclann, níl sé tagtha i gcrích ar aon bhealach. An díograis agus an éitir a ghríosaigh muintir Ghaoth Dobhair chun a díorma is a hamharclann féin a bhunú, ídithe a bhí sí faoin am a bhfuair siadsan an t-áras féin, ar an drochuair.’ Ba ar stáitse na hamharclainne a tháinig triúr den ghrúpa Clannad agus cúpla duine de na Caisidigh os comhair an phobail den chéad uair. Múinteoir scoile ba ea Áine agus bhí sí ag múineadh i scoil Bhun an Inbhir, scoil a bhuaigh an chéad áit ag Féile Náisiúnta an Chumainn Scoildrámaíochta gach bliain idir 1955 agus 1958 agus arís i 1965. Bhí sí ina huachtarán ar Oireachtas 1975. Bronnadh an gradam ‘Pearsa Thír Chonaill’ uirthi i 1983. D’éag sí 24 Lúnasa 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú