Tá cuntas ar an scríbhneoir seo in Inniu 31 Deireadh Fómhair 1952 (‘Comhaimsirigh’) agus sa pháipéar céanna 22 Meán Fómhair 1972 tá an t-alt ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Micheál Ó Siochfhradha’. I mBaile an Ghóilín, gar don Daingean i gContae Chiarraí, a rugadh é 16 Meitheamh 1900. B’as Uíbh Ráthach dá sheanathair, Donncha Ó Siochfhradha, agus chuaigh seisean chun cónaithe i bparóiste Fhionntrá. Ba iad Patrick Sugrue, maor seilge ag an Tiarna Fionntrá, agus Ellen Cleary a thuismitheoirí. Ba é a dheartháir Pádraig Ó Siochfhradha, ‘An Seabhac’, a rugadh in 1883, an duine ba shine sa teaghlach agus ba é Micheál an té ab óige. Is cosúil gurbh é an Béarla teanga an teaghlaigh, cé nach raibh aon Bhéarla ag na tuismitheoirí ina n-óige, agus in ainneoin go raibh bean ghaoil sa teach le linn óige Mhichíl nach raibh aon Bhéarla aici. Bhí sé tamall i Scoil na mBráithre sa Daingean sular thosaigh bráthair as na Déise ar mhúineadh léamh agus scríobh na Gaeilge. Bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, 1918-20 agus chaith sé cúpla bliain ag teagasc i Scoil Náisiúnta Thrá Lí. ‘Agus ó Mheán Fómhair 1920 go dtí an sos comhraic i mí Iúil 1921, bhíodh sé ar diúité go rúnda ag Arm Poblachtach na hÉireann i dTrá Lí, ag Complacht B de Bhriogáid Chiarraí Uimhir 1’ (Ó Glaisne). D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i 1923 agus bhí poist aige i Scoil Náisiúnta Ráth Maonais, sa Mhodhscoil Láir agus i gColáiste Chaoimhín. Bhain sé céim BA amach i 1927, MA i 1928 agus an tArdteastas Oideachais i 1929. Ó 1928 go 1935 ba chigire bunscoileanna i gContae an Chláir é. Phós sé Máire Ní Réagáin ó Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh i 1932 agus bhí triúr mac acu. Bhí sé ina chigire sna meánscoileanna ó 1935, ina Leas-Phríomhchigire ó 1952 agus rinne Príomhchigire de bliain sula ndeachaigh sé ar pinsean i 1965.

Bhí sé sa láthair nuair a bunaíodh an Comhar Drámaíochta agus bhí ina bhall den choiste sealadach. D’aistrigh sé drámaí ón mBéarla don Chomhar agus scríobh bundrámaí a stáitsíodh sa Gheata, in Amharclann na Mainistreach, sa Phéacóg, i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus in Halla Damer. Ina measc tá Scoil an scannail (The school for scandal, 1936 le Richard Brinsley Sheridan); An tnúth cráidhte, 1944 (The glorious uncertainty le Brinsley MacNamara); Athbharra (Aftermath le T.C. Murray) agus Laom-Luisne fómhair (Autumn fire le T.C. Murray) a foilsíodh i 1930. Bhí páirt aige i ngach léiriú de chuid an Chomhair anuas go dtí 1928. Is iad a chuid bundrámaí: An ball dubh, 1929; Aonmhac Aoife Alban, 1938 agus Deire an chunntais, 1932. Bhunaigh sé féin, Gearóid Ó Lochlainn, Séamus Wilmot agus Annraoi Saidléir an Compántas i 1943 agus bhí sé ina chathaoirleach ar feadh 13 bliain. ‘Ba é a gcuspóir an Ghaeilge a chur i láthair an ghnáthphobail, sna gnáth-amharclanna, i slí nach gcuirfeadh scáth orthu. Is feasach do chách comh maith is d’éirigh leis an iarracht le deich mbliana anuas, agus i Mí na Samhna tá “Sea-Sheo” eile le léiriú acu san Olympia. Sholáthraigh Micheál a lán de na sceitseanna a léirigh an Compántas—“Dlí agus Ceart”, “Bás no Beatha”, etc.’ (Inniu 31 Deireadh Fómhair 1952). Is ar scéal Gaeilge leis a bunaíodh The bucko caol dubh, fronsa dátheangach a léirigh an Compántas in Amharclann an Gheata i 1952.

Ó 1916 ar aghaidh bhíodh gearrscéalta agus aistí i gcló aige in An Lóchrann, Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis, An Reult ... Foilsíodh bailiúcháin dá ghearrscéalta: Seo mar bhí, 1930; Soineann ’s doineann, 1953; Néalán agus gealán, 1972. Is é atá sa chnuasach deiridh sin a rogha de na scéalta sa dá chnuasach eile, móide gearrscéal nua-dhéanta. In An gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940, 1981 pléann Aisling Ní Dhonnchadha a chuid gearrscéalta agus an fhorbairt a bhí tagtha ar a shaothar faoi 1953 agus na difríochtaí idir scéalta an tSeabhaic agus cinn Mhichíl. ‘Ag labhairt liom i dtaobh scéalaíocht na beirte, dúirt Micheál Ó Siochfhradha gur theastaigh ó An Seabhac (agus uaidh féin ina dhiaidh sin) an ruaig a chur ar an ródháiríreacht agus an ghruaim a bhain le daoine áirithe a raibh slánú na Gaeilge is na Gaeltachta ag déanamh scime dóibh’. Deir sí faoi scéalta Mhichíl: ‘Cé nach bhféachtar le ilchastacht nádúr an duine a scagadh ná a iniúchadh sna scéalta, tá éagsúlacht, bríomhaireacht agus drámatacht ag roinnt leo.’ Nuair a d’fhiafraigh Ó Glaisne de cén fáth nár lean sé leis an scríbhneoireacht chruthaitheach d’fhreagair sé: ‘An dream s’againne, bhí támáilteacht ag baint linn. Bhain sé leis An Seabhac go danartha; níor lig sé aon dul laistigh dá phríobháideacht féin. Ní rabhamar sásta ár gcoinsias agus ár n-aigne agus ár gcroí a nochtadh don saol. Bhí sin sa dúchas againn.’

I gcomhpháirt le Ernest de Regge scríobh sé an téacsleabhar Uraiceacht ceoil, 1953; amhránaí binn agus veidhleadóir ba ea é. D’aistrigh sé Monarch the big bear le Ernest Thompson Seton (Tailc tréanmhór an Rí-Bhéar, 1931) agus Masters of Europe le Wilmot Buxton (Taoisigh Eorpa, 1936). Bun-téacsleabhar a chuir Preas an Talbóidigh amach is ea Stair-sheanchas Éireann, 1933 (leabhar nach bhfuil liostaithe in Clár litridheacht na Nua-Ghaedhilge 1, 1938). Chuir sé eagar ar Easy reference: Irish/English English/Irish dictionary (foilsíodh an 4ú heagrán, 1998) agus Combined dictionary—learner’s English Irish Irish English dictionary, 1971. Bhí baint aige leis an nGalf-Chumann ó bunaíodh é agus bhí ina uachtarán air. D’éag sé 31 Eanáir 1986.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú