STAFFORD, Seán (1924–2020)
Le caoinchead ó Thaibhdhearc na Gaillimhe

Agus sochraid Sheáin Stafford ar a bealach ó Shéipéal na nÍosánach go Reilig Rathúin, rinneadh timpeall d’aon turas le go stopfaí taobh amuigh den Taibhdhearc i gceartlár Chathair na dTreabh. Ansiúd ag fanacht bhí na céadta de lucht amharclannaíochta agus de Ghaeil, iad bailithe go léireodh siad a gcuid ómóis d’fhathach i saol cultúir agus drámaíochta na cathrach – an té ba mhó, b’fhéidir, a shaothraigh sna goirt sin sa gcathair sin riamh.

Nuair a bhásaigh a bhean chéile, an t-aisteoir Máire Stafford, sé bliana roimhe, luadh go mba ise ‘Banríon na Taibhdheirce.’ Ní féidir go raibh Seán ach an oiread i bhfad ón ríchathaoir.

Tar éis dó dul i mbun teagaisc i gCeardscoil Bhóthar an Athar Uí Ghríofa in 1950, chaith Seán Stafford os cionn trí scór bliain ag cur an Ghaelachais agus na drámaíochta chun cinn. San obair sin ar fad – a rinne sé go deonach – níor spáráil sé é féin riamh agus roinn sé a chuid taithí agus a chuid eolais go fial leo siúd ar theastaigh sin uathu.

Ní raibh aon teorainn lena dhíograis agus mura mbeadh ann ach a ndearna sé le hóige na Gaillimhe, ba mhór le rá é. Ach lena chos sin, bhí baint aige leis na céadta léiriú de chuid na Taibhdheirce, mar aisteoir, mar stiúrthóir agus mar chathaoirleach boird. Cuireadh aistriúcháin dá chuid ar stáitse na hamharclainne sin agus bhí sé páirteach i gceoldrámaí agus i ngeamaireachtaí freisin.

Bhí sé ina Uachtarán ar chraobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge, i gceannas ar imeachtaí Gaeilge Fhéile an Tóstail sa gcathair agus chaith sé 25 bliain mar phríomheagraí ar Fheis Cheoil an Iarthair.

Ba sa mbliain 1949 a leag Seán Stafford a chos ar ardán na Taibhdheirce den chéad uair, mar aisteoir in aistriúchán ar an dráma Fraincise Montserrat. As sin gur tháinig an mhílaois, ba bheag dráma a bhí ar bun ansiúd nach raibh lámh de chineál éigin aige ann – ar an stáitse nó ar a chúl. Ar na cinn a d’aistrigh sé, bhí Anybody can rob a bank agus Sunday costs five Pesos. Sa mbliain 1978 agus an amharclann ceannaithe ag an mBord ó Ord na nAibhistíneach, ba é ceoldráma Mozart Così fan tutte (léirithe ag Seán agus aistrithe ag a bhean, Máire) an seó deireanach a cuireadh ar an stáitse ann sula ndearnadh athchóiriú ar an áit. Cuireadh ar stáitse ina dhiaidh sin é in Amharclann na Mainistreach.

Léirigh Seán trí dhráma le hEoghan Ó Tuairisc freisin: De réir na Rúibricí (1961), Lá Fhéile Mhichíl (1963) agus An Hairyfella in Ifreann (1974). Bhí siadsan ann, áfach, a lochtaigh aistriúcháin a bheith á gcur ar an stáitse in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Sa mbliain 1979 agus Seán ina chathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce, cháin an drámadóir Siobhán Ní Shúilleabháin an polasaí agus an cead a tugadh don Irish Theatre Company dráma i mBéarla, The Erpingham Camp, a chur ar an stáitse ann. Mar fhreagra, dúirt Stafford sa nuachtán An Curadh Connachtach go mbeadh seacht gcroí ag an Taibhdhearc drámaí nuascríofa i nGaeilge a chur i láthair an phobail ach a leithéid a bheith ann: ‘We don’t particularly want to put on translations, but I can guarantee you the theatre would be dark if we didn’t,’ a dúirt sé.

Fuair Seán Stafford ardmholadh as an léiriú a rinne sé ar an dráma Mise Raifteirí an file a scríobh Críostóir Ó Floinn. Ba ansiúd a fuair an pobal léargas den chéad uair ar chumas an aisteora cháiliúil Mick Lally agus é i bpáirt an fhile.

Aisteoir aitheanta eile is ea Maelíosa Stafford, mac le Seán agus Máire. Ba i gcuideachta a athar agus a mháthar ba thúisce a leag seisean cos ar stáitse freisin, mar a rinne a dheartháireacha Ruairí agus Conall, mar aon le clann a dheirféar, Fionnuala agus Órfhlaith.

Chomh maith lena chuid oibre leis an Taibhdhearc, bhí Seán, Máire agus Maelíosa in The Threepenny Opera, dráma de chuid Bertold Brecht, nuair a léirigh Comhlacht an Draoi é in 1979. Bhí páirt aige féin agus ag a bhean sa ngearrscannán Fortune, scéal sí nua-aoiseach a léirigh Liam Ó Mocháin in 1996.

Scéal le haithris an oiliúint agus an cúnamh a thug Seán don óige ó thaobh na drámaíochta agus an cheoil de. Bheadh liosta fada ar fáil ach comhaireamh a dhéanamh ar na comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta a ndearna sé moltóireacht orthu.

Sa mbliain 1979 eagraíodh taispeántas de chuid an chineáil ealaíne ar a dtugtar Son et Lumière in Ardeaglais Niocláis ar mhaithe le hathchóiriú na háite. Bhí glór Sheáin ar cheann de na cinn a bhí le cloisteáil sa seó draíochtach sin a raibh an t-ealaíontóir Derek Biddulph freagrach as an soilsiú ann. Bhí baint aige freisin le Féile Ealaíon na Gaillimhe agus leis an gcomhlacht amharclannaíochta Macnas.

In 2003 bronnadh an gradam Rehab Galway People of the Year ar Sheán agus ar Mháire Stafford as ucht a raibh déanta acu ar son na teanga, an chultúir agus na hamharclannaíochta. An bhliain dár gcionn bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Céim Oinnigh sa nGaeilge agus sa Stair ar an mbeirt acu.

I mBaile Mhic Andáin i gCo. Chill Chainnigh a saolaíodh Seán Stafford ar 24 Lúnasa 1924. Tiománaí ab ea a athair, Thomas, agus ba de shliocht na bPaorach a mháthair, Bridget. Aon deartháir amháin, Christy, agus aon deirfiúr amháin, Kathleen, a bhí aige. Ba é a athair a mhúscail a shuim san aisteoireacht. Bhí an drámaíocht thar a bheith láidir i gceantar Bhaile Mhic Andáin agus ba mhinic Thomas ar an stáitse nó i mbun léirithe ar na coirmeacha ceoil agus ar na drámaí a bhíodh ar siúl i bpictiúrlann an Tower ansiúd, nó sna bailte mórthimpeall.

Bhí an t-athair agus an mac le chéile i gceann de na léiriúcháin sin nuair a ghlac Thomas páirt Robby John McCoy sa dráma grinn The Rale McCoy (M. J. J. McKeown) a cuireadh ar an ardán ar 4 Aibreán 1945. Bhí Seán i bpáirt Major Aubrey Bartner.

Faoin am sin bhí a chuid meánscolaíochta críochnaithe ag Seán Stafford i gCliarscoil Ord Bhráithre Phádraig ar an Tulach i gCo. Cheatharlach agus é ag freastal ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach. Ina dhiaidh sin, bhain sé Teastas Timireachta Gaeilge amach, rud a d’fhág cáilithe mar mhúinteoir meánscoile é.

Bhí sé ina bhall de Chraobh Móibhí de Chonradh na Gaeilge agus ba ag cleachtadh do dhráma Laom-luisne fómhair a scríobh Micheál Ó Siochfhradha, a chas sé ar Mháire Fitzpatrick. Bhíodar geallta in imeacht trí seachtaine, cé nár phósadar go dtí an bhliain 1950 nuair a bhí post lánaimseartha múinteoireachta faighte ag Seán sa nGairmscoil ar Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe, tar éis dó cúpla bliain a bheith caite aige i scoil den chineál céanna ar an Dún Mór.

Ba gheal an lá é don amharclannaíocht i nGaillimh nuair a chuir Seán agus Máire Stafford fúthu in iarthar na cathrach sin. Chomh maith lena dhíograis ag cur na Gaeilge agus na drámaíochta chun cinn, bhí an-spéis ag Seán sa ngrianghrafadóireacht agus ba bhall gníomhach é de Chlub Ceamara na Gaillimhe. Rinne sé taisteal go leor freisin agus b’iomaí léacht a thug sé ar fhilleadh dó ar stair agus ar sheandálaíocht na n-áiteanna a raibh cuairt tugtha aige orthu. Níorbh í an Ghaeilge ach an oiread an t-aon teanga a raibh grá aige di. Rinne sé staidéar ar an nGearmáinis, ar an mBreatnais agus ar Esperanto.

Bhásaigh Seán Stafford ar 25 Lúnasa 2020 agus tá sé curtha i Reilig Rathúin, Gaillimh.

Mártan Ó Ciardha