STAFFORD, Máire (1923–2014)

Ní raibh aon rian den áibhéil i gceist nuair a tugadh ‘Banríon na Taibhdheirce’ ar Mháire Stafford ag aifreann a sochraide i Séipéal na nÍosánach ar Bhóthar na Mara i gcathair na Gaillimhe agus arís ag an ócáid san amharclann sin cúpla mí dár gcionn nuair a rinneadh comóradh agus ceiliúradh ar na trí scór bliain a chaith sí ansiúd mar aisteoir, mar stiúrthóir, mar léiritheoir, mar dhrámadóir, ag dearadh feistis, ag aistriú ceoldrámaí agus i mbun geamaireachtaí.

Osclaíodh na doirse ar Thaibhdhearc na Gaillimhe den chéad uair ar 27 Lúnasa 1928 nuair a léiríodh dráma Mhichíl Mhic Liammóir, Diarmuid agus Gráinne, ansiúd. Is iomaí duine cáiliúil eile atá luaite leis an áit ó shin i leith, ach go cinnte ní raibh aon duine ba lárnaí ná Máire in imeachtaí na hamharclainne sin ó thús na 1950idí go bhfuair sí bás ar 1 Iúil 2014.

Ar shuíomh idirlín Institúid Amharclannaíochta na hÉireann, www.irishtheatreinstitute.com, tá ainm Mháire luaite le os cionn céad léiriúchán de chuid na Taibhdheirce. Níor leis an amharclann sin amháin a bhain a ríocht. Sheas sí freisin ar an stáitse in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath, d’oibrigh sí le compántais drámaíochta Druid agus an Town Hall Theatre Company i nGaillimh agus bhí páirteanna go leor aici i ndrámaí teilifíse, i bpríomhscannáin agus i ndrámaí raidío.

In Newport na Breataine Bige a saolaíodh Máire ar 6 Márta 1923. Radharceolaí a rugadh in Widnes ab ea a hathair, Edward Charles Fitzpatrick. Rinneadh é a choinscríobh isteach in Arm na Breataine agus goineadh é le linn an Chogaidh Mhóir. Banaltra darbh ainm Mary Kate Fitzgerald, as iarthar Chorcaí ó dhúchas, ab ea a máthair.

Bhásaigh athair Mháire agus gan inti ach naíonán. Dhíol a máthair an gnó a bhí aige sa Bhreatain Bheag agus bhog go Croydon i Londain, áit ar oibrigh sí arís mar bhanaltra. Ach ar an drochuair, bhásaigh Mary Kate freisin agus fágadh Máire ina dílleachta agus gan í ach ocht mbliana d’aois.

Chuaigh Máire ina cónaí ansin lena haintín Julia i gcathair Chorcaí. Bhí sise, a fear céile, Justin McCarthy, agus an t-ochtar clainne a bhí orthu ina gconaí i gCnocán Anna, buailte ar Shiúlán na mBráthar i gceartlár na cathrach, a col ceathracha cuid mhaith níos sine ná Máire.

Bhí muintir Mhic Cárthaigh ar fad sáite sa ghluaiseacht Phoblachtach, na cailíní, fiú, i gCumann na mBan agus ní foláir nó gur ghlac sé tamall ar an ógbhean a raibh tuin Shasana ar a canúint cur fúithi ina measc. Ach ba ghearr go raibh tréith an Phoblachtachais go láidir i Máire í féin agus í níos líofa i dteanga na nGael agus níos dúlaí sa traidisiún a théann léi ná iad siúd a bhí i gCnocán Anna roimpi.

D’fhreastail sí ar Scoil Náisiúnta Shráid na Mainistreach agus ina dhiaidh sin ar Mheánscoil na Toirbhirte ó Dheas ar Shráid Dhúglais.

Agus an Ardteistiméireacht déanta aici fuair Máire post sa státseirbhís ag obair leis an Roinn Iompair agus Tráchtála ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath. Chuir sí fúithi i gceantar Bhaile Phib agus ghlac ballraíocht i gCraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge.

Ba an tráth sin agus gan í ach 23 bliain d’aois a chéadléirigh sí a cumas liteartha nuair a d’fhoilsigh an Talbot Press The green eagle, úrscéal Béarla a scríobh sí agus a bhain le ré Chromail.

Thug a cumas mar cheoltóir isteach sa City of Dublin Girls’ Pipe Band í agus a grá don stáitse in Aisteoirí Moibhí.

Ba ag cleachtadh do dhráma, Laom-luisne fómhair, a scríobh Micheál Ó Siochfhradha, a chas Máire ar Sheán Stafford, ábhar oide óg as Baile Mhic Andáin i gCo. Chill Chainnigh, a bhí ag freastal ar chúrsa oideachais sa phríomhchathair. Bhíodar geallta in imeacht trí seachtaine, cé nár phósadar go dtí an bhliain 1950 nuair a bhí a chuid cáilíochtaí múinteoireachta bainte amach ag Seán, post faighte aige i gCeardscoil Bhóthar an Athar Uí Ghríofa i gcathair na Gaillimhe agus cúpla punt curtha i dtoll a chéile.

Thógadar teach gar don Bhóthar Ard ar imeall thiar na cathrach agus ba ansiúd a thógadar cúigear clainne, Ruaidhrí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith agus Conall.

Thug Máire Stafford (agus Seán lena hais) an chuid eile dá saol agus dá dúthracht ag cur na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn i gCathair na dTreabh. Bhíodar lárnach in imeachtaí Chonradh na Gaeilge, mar bhunaitheoirí ar Fheis Cheoil an Iarthair agus ar an bhFéile Scoildrámaíochta. Bhunaíodar scoil amharclannaíochta, Club na nÓg, agus ba í Máire féin a scríobh formhór na ndrámaí a chuir na páistí ar stáitse.

Ó thaobh a cuid aisteoireachta féin, níorbh iontas gur luaigh sí go raibh páirteanna Big Maggie (faoi stiúir Frank Bailey) agus Moll (Proinsias Mac Diarmada) ar na cinn ab ansa léi, chomh maith leis an Widow Quinn in The playboy of the western world, Freda in The year of the hiker agus Meg in The hostage.

Bhí scil agus eolas thar cuimse ar an gceol aici agus é ar a cumas cóiriú agus aistriúchán a dhéanamh do cheolta chomh difriúil óna chéile le mór-cheoldrámaí agus geamaireachtaí.

D’aistrigh sí os cionn scór ceoldramaí go Gaeilge, ina measc Così fan tutte (Mozart); Die fledermaus (Strauss) agus Lucia di Lammermoor (Donizetti). Bhí Mícheál Ó hAinnín páirteach ina mbunáite siúd agus is é a bharúil nach raibh sárú Mháire le fáil ‘leis an scil a bhí aici na consain agus gutha cearta Gaeilge a chur ar na hard-nótaí agus íseal-nótaí dos na fir agus mná, rud a chruthaigh gur fheil an Ghaeilge Grand Opera níos mó ná a rinne an Ghearmáinis, an Fhraincis ná an Béarla, agus go deimhin go raibh an teanga ar comhchéim leis an Iodáilis sa chúram.’

Ba mhinic a d’oibrigh Máire Stafford agus Risteárd Ó Broin as lámha a chéile ar gheamaireachtaí, agus deir seisean go raibh bua faoi leith aici ag aistriú amhráin ‘ar bhealach a d’fhág go raibh an rann, an rithim agus an bhrí chomh héifeachtach céanna sa dá theanga. Ní raibh cinneadh ar bith léi ag aistriú amhráin Abba, cuir i gcás,’ a deir sé.

Ar na scannáin a raibh páirteanna ag Máire Stafford iontu bhí: Reefer and the model (1988); Fortune (1996); Escape to nowhere (1996); Old age (1996); Angela Mooney dies again (1997); Felicia’s journey (1999); The seventh stream (2001); agus Neighbourhood watch (2009).

Ar na drámaí teilifíse ina raibh sí bhí: eagrán den tsraith bleachtaireachta Maigret, a taifeadadh in Éirinn in 1996, Alice on the run, It’s your age, Criminal pursuit, agus The heist.

Bean fuála den scoth ab ea í freisin agus bhí sí thar cionn ar fad i mbun na bróidnéireachta Ceiltí, rud a d’fhág go raibh agus go bhfuil a saothar le feiceáil ar mhórchuid feisteas damhsa. Ba í a bhí i mbun deartha ar an bhfeisteas i dtríocha léiriúchán de chuid na Taibhdheirce agus lasmuigh den amharclann bhí sí thar a bheith cumasach i mbun ealaíne, sceitseála agus i ndéanamh mósáice.

In 2003 bronnadh an gradam Rehab Galway People of the Year uirthi féin agus ar Sheán as ucht a raibh déanta acu ar son na teanga, an chultúir agus na hamharclannaíochta, agus an bhliain dár gcionn bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim oinigh sa Ghaeilge agus sa stair ar an mbeirt acu.

Bhásaigh Máire Stafford ar 1 Iúil 2014 agus tá sí curtha i Reilig Rathúin i nGaillimh.

Mártan Ó Ciardha