Bhí sé ar dhuine de na léirmheastóirí ba ghrinne a scríobh ar an nualitríocht; bhí sé freisin ar dhuine díobh sin is mó a chuir ábhar den tseanlitríocht ar fáil i nGaeilge na haimsire seo; bhain tábhacht ar leith leis i bhforbairt na téarmaíochta. Tá agallamh leis i gcló in Comhar, Aibreán 1981 agus caointear é in eagarfhocal Comhar, Eanáir 1998. Tá cuntas iarbháis ag Nioclás Mac Craith in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 2, 1998. Sa tSráidbhaile, Co. Phort Láirge, mar a raibh muintir a athar lonnaithe ó 1869, a rugadh é 9 Nollaig 1910. Saor cloiche agus tógálaí ba ea a athair Tomás. Ba as Carraig Philib, Baile Uí Dhuibh Íochtarach sa chontae céanna, dá mháthair, Máire Ní Fhearachair (Raher). Trí dhuine déag clainne a bhí acu agus ba é Tomás an ceathrú duine den naonúr a mhair. Is mar seo a bhí a mhuintir i nDaonáireamh 1911 sa tSráidbhaile: Thomas Flynn (40), ‘brick and stone layer’, a bhean Mary (30), Béarla agus Gaeilge acu beirt agus iad pósta le ceithre bliana; a dtriúr mac, ar duine díobh Tomás a bhí trí mhí d’aois, agus iníon.

Thug sé le fios in Inniu 13 Lúnasa 1971 (‘Tomás Ó Floinn ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’) go raibh a lán cainteoirí dúchais Gaeilge sa chomharsanacht nuair a bhí sé óg agus go raibh ‘a bheagán nó a mhórán’ di ag a athair. Múinteoir i mbunscoil an tSráidbhaile, Gearóid Ó Coindealbháin, a d’adhain a spéis sa Ghaeilge: ‘Sin an fear is mó a d’fhág rian ar m’óige, an fear is mó riamh do chuaigh i bhfeidhm orm . . . togha múinteora; cion aige ar an nGaedhilg agus ar stair na hÉireann. Eisean, táim cinnte anois de, do mhúscail mo spéis sa náisiúntacht agus sa Ghaedhilg, spéis nár thréig ionnam riamh ó shin’ (as dialann 1940-43 atá i seilbh a mhic). Le bunmhúinteoireacht a bhí sé ag dul agus bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a chuaigh isteach i gColáiste Chaoimhín, Glas Naíon, coláiste ullmhúcháin a osclaíodh Lá ’le Pádraig 1927. Bhí Mícheál Ó Siochfhradha mar mhúinteoir Gaeilge aige ansiúd agus ba é an duine ba mhó ann a chuaigh i gcion air. Bhí sé ina dhiaidh sin i gColáiste Oiliúna de La Salle, Port Láirge, 1930-1932. I nGaeilge ar fad a bhí na cúrsaí sna coláistí sin. Iománaí agus peileadóir maith é agus bhuaigh sé boinn i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge.

Ní raibh post bunmhúinteora riamh aige. ‘Ba é an Bráthair Ó Muircheartaigh a bhí ina uachtarán ar Choláiste Chaoimhín, agus de bharr a ndúirt seisean faoi, tairgeadh post sa mheánscoil nua lán-Ghaelach, Coláiste Mhuire . . . dó’ (Ó Glaisne). Ó 1932 go 1944 a bhí sé ann. Duine dá dhaltaí ba ea Dónall Ó Móráin: ‘Bhí mé ag ullmhú do scrúdú na hardteistiméireachta i gColáiste Mhuire i mí na Bealtaine 1942 nuair a dhíol mo mhúinteoir Béarla cóip den chéad eagrán de Comhar liom. Ba é siúd Tomás Ó Floinn, a chruthaigh é féin ina dhiaidh sin mar dhuine de na heagarthóirí agus na léirmheastóirí ab fhearr riamh ag an iris’ (Comhar 1942-1982, 1982). Chaith sé 1934-38 ag freastal ar léachtaí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhain BA amach i 1937 agus MA i 1939. I rith na tréimhse sin freisin théadh sé go dtí ranganna Fraincise agus Gearmáinise agus rinne cúrsa Iodáilise i gColáiste na Tríonóide; tá aistriúcháin a rinne sé ar dhánta Fraincise agus Iodáilise i gcló in An Iodh Morainn agus Comhar, agus sa leabhar Ealaín an Scannáin, 1959 tá aistriú a rinne sé ar aitheasc Iodáilise an Phápa Pius XII. Mar bhall de Chraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge ghlacadh sé páirt i gcomórtais drámaíochta agus ba é a bhí i gceannas ar fhoireann drámaíochta Choláiste Mhuire; ba spéis leis dráma a scríobh ach chaill Proinsias Mac Diarmada ceann a scríobh sé sula raibh sé léite aige fiú; tá dráma aonghnímh dar teideal An Luighchán i measc a lámhscríbhinní agus an dáta 5 Deireadh Fómhair 1940 leis ach ní léir gur stáitsíodh é riamh. Bhí sé ina chisteoir ag Cumann na Scríbhneoirí go luath sna 1940idí. Bhí sé ina chigire bunscoile ó 1944, i nDún na nGall an chuid is mó den am, go dtí go ndearnadh cigire meánscoile de i 1947. Tuairiscíodh in Inniu 19 Márta 1965 go raibh sé ceaptha ina Phríomh-Chigire Meánscoile in áit Mhichíl Uí Shiochfhradha a bhí ag dul ar pinsean. Bhí sé ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais ó 1967 go 1975 agus cúram na bunscolaíochta air.

Ba é Éamonn de Barra, eagarthóir An Camán (1931-34), a chuir ag scríobh ‘aistí beaga agus fo-iarracht filíochta’ é; thugadh sé cúnamh in eagarthóireacht na hirise freisin. In An Iodh Morainn, iris ollscoile, a bhí sé ag scríobh ina dhiaidh sin. Dúirt sé leis an nGlaisneach i dtaobh a ndearna sé ar mhaithe leis an iris Comhar a bunaíodh i 1942: ‘Níl aon saghas scríbhneoireachta nach ndearna mé do Comhar—príomhaltanna, fo-altanna, aistriúcháin, filíocht, gearrscéalta, aistí, léirmheastóireacht . . . go mór mór léirmheastóireacht’. Faoin ainm cleite ‘Morann’ scríobhadh sé colún ar chúrsaí reatha. Tá breis is 110 mír leis liostaithe ag Máire de Grás in Comhar: Innéacs 1942-1991, 1992. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris sin ar feadh i bhfad. Roghnaigh Seán Ó Tuama dánta leis in Nuabhéarsaíocht 1939-1949, 1950 agus roghnaigh Tomás de Bhaldraithe gearrscéal dá chuid in Nuascéalaíocht 1940-1950, 1952. D’fhoilsigh Cló Morainn a dhá chnuasach Athbheo, 1955 agus Athdhánta, 1969, leaganacha Nua-Ghaeilge d’fhilíocht na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge. Ina réamhrá le Athbheo deir sé: ‘Is le hintinn roinn shontasach de litríocht dhúchais na hÉireann a chur in aithne do lucht léite na Gaeilge a chuir mé romham, feadh mo chumais, leagan nuaGhaeilge a chur ar na dánta seo a cumadh i dtús réim litearga na teangan. Go dtí seo, ainneoin go bhfuil an Ghaeilge dá saothrú arís mar mheán litríochta le breis is leithchéad bliain, táthar fós i muinín aistriúcháin i mBéarla nó i nGearmáinis nó i bhFraincis le eolas a chur ar an gcuid is sine agus is luachmhaire saibhre den litríocht dhúchais.’ I gcomhar le Proinsias Mac Cana chuir sé Scéalaíocht na Ríthe, 1956 ar fáil. Ba é Micheál Mac Liammóir a mhaisigh an leabhar. Chóirigh sé leagan Nua-Ghaeilge de Aisling Mhic Conglinne, 1980 agus leagan de Toghail na Téibe, 1983.

Faoin ainm ‘Flann Mac an tSaoir’ (ar tagairt é don cheird a chleacht a shinsir) scríobhadh sé aistí ar an litríocht, aistí léirmheasa go háirithe, in Comhar i rith 1942-87 agus foilsíodh cuid de na haistí sin in Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar, 1997, in eagar ag Liam Prút. Deir Liam Mac Cóil sa léirmheas in Feasta, Aibreán 1999: ‘Is éard a bhí in Ó Floinn, léirmheastóir, Flann Mac an tSaoir, an fear léannta ag iarraidh freagairt go hoibiachtúil don saothar liteartha a bhí os a chomhair, é ag tarraingt ar a chúlra oiliúna agus léitheoireachta chun cur síos chomh cruinn agus ab fhéidir leis a thabhairt ar a raibh i gceist sa leabhar nó sa dán agus, ansin, ag iarraidh é a mheas de réir slata tomhais a chuir an cúlra céanna ar fáil dó. Rinne Tomás Ó Floinn é sin go paiteanta is go slachtmhar. Déarfá amanna go ndeachaigh cuid dá raibh le rá aige chomh gar don saothar agus ab fhéidir a dhul.’ Deir Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995: ‘Mar chritic agus mar léirmheastóir tomhaiste ar an nuafhilíocht tá an-tábhacht ag roinnt leis. Bhí sé ar na daoine ba luaithe a thug freagra criticiúil ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin, Mháirtín Uí Dhireáin agus Máirtín Uí Chadhain, mar shampla. Leis an tuiscint a léirigh sé ar an nualitríocht san iliomad alt léirmheasa—go háirithe ar Comhar sna 1940idí nuair a bhí aduaine ag roinnt leis an nualitríocht dar le daoine áirithe—spreag sé glúin léitheoirí chun dúshlán na nualitríochta a thabhairt.’ Cuimhnítear go háirithe ar an sraith alt ar thuairimí Risteard de Hindeberg faoin nuascríbhneoireacht (Samhain 1961-Feabhra 1962), ar ar scríobh sé ar na haistriúcháin a rinne Frank O’Connor ar dhánta Gaeilge in Kings, Lords and Commons (Márta 1960) agus in The Little Monasteries (Deireadh Fómhair 1963), ar an léirmheas a scríobh sé ar The Course of Irish Verse le Robert Farren (Meitheamh 1942). Is é a thuig sé go raibh Ó Faracháin ag áitiú go bhféadfadh filíocht Bhéarla na hÉireann a bheith ‘ina scáthán chomh fírinneach ar aigne agus ar dhúchas an Éireannaigh agus atá filíocht an Bhéarla ar aigne agus ar dhúchas an tSasanaigh, nó filíocht na Fraincise ar aigne agus ar dhúchas an Fhrancaigh’. Is é freagra a thug sé: ‘Ach an bhféadfadh litríocht cheart dhúchasach leithleasach fás i mBéarla sa tír seo, i mbéal an dorais ag foinse an Bhéarla, in éadan meáchan, sampla, margadh, traidisiún agus tréithiúlacht an Bhéarla. Measann Robert Farren gur féidir. Is mór é a mhisneach. I gcomparáid leis an rud ba mhian leis sin a thabhairt i gcrích is obair gan dua é athbheochan na Gaeilge.’ Ní raibh sé féin toilteanach aon ní a scríobh i mBéarla. Ba mhian leis an fód a sheasamh: ‘Tá dhá theanga againn sa tír seo. Caithfidh duine rogha a dhéanamh eatarthu agus más í an Ghaeilge an rogha bíodh sí ina rogha saoil. An té a mheasann go dtig leis dhá mháistreás a fhreastal is mar choillteán a chríochnóidh sé’ (léirmheas ar Scríobh 5 in Comhar, Iúil 1982).

Bhí sé orthu sin ba mhó faoi deara bunú An Bhuanchoiste Téarmaíochta i 1968 agus bhí ina chathaoirleach air agus ar an gCoiste Stiúrtha. Tá an aiste ‘Scéal na Téarmaíochta sa Chóras Oideachais’ i gcló aige in Teangeolas, samhradh 1981. I gcaint ghairid dar teideal ‘The Problems of Minority Languages—The Provision of Authoritative Technical Terminology’, nár cuireadh i gcló, dúirt sé: ‘I first came into contact with an organised Terminological Institute outside Ireland during a visit to Israel in the spring of 1964. During a visit to the Technion in Haifa I was introduced to the head [of] the Committee engaged in the provision of technical terms in Hebrew and learned something of the structure and organisation. It was as a result of that visit that I was instrumental in advising our Department of Education to establish An Buanchoiste Téarmaíochta in 1968.’ Deir Liam Mac Cóil: ‘Bhí sé d’ádh ormsa aithne a chur ar Thomás Ó Floinn agus é ina chathaoirleach ar an institiúid ríthábhachtach sin ar chuidigh sé chomh mór sin lena bhunú, An Coiste Téarmaíochta. B’fhacthas dom amanna, agus é ag lua líne nó véarsa mar léiriú ar bhrí focail nó téarma éigin, go raibh dhá fhoinse liteartha aige a d’fhéadfaí a rá fúthu go raibh siad mar threoir cheilte neamhráite aige agus é i mbun léirmheasa, seanamhráin na Rinne agus filíocht Shakespeare. Ar léann fiúntach domhain den chineál sin a thóg sé corpas léirmheastóireachta a mhairfidh mar léiriú ar an gcuid is fearr de thuiscintí liteartha a linne.’ Ar feadh na mblianta bhí sé ina mholtóir ar chomórtais liteartha an Oireachtais. Bhí sé ina bhall de Choiste Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath 14 Nollaig 1982-31 Márta 1990. Bronnadh DLittCelt air i 1991. Phós sé Sadhbh Máire de Róiste ó Bhaile Mháirtín, Co. Luimnigh, agus Imleach, Co. Thiobraid Árann, 27 Meán Fómhair 1944 agus bhí ochtar leanaí acu. Ba neacht í Sadhbh le Proinsias de Róiste agus ba iad a beirt mhac Micheál agus Tomás a thionscain bailiúchán de scríbhinní an Róistigh, Binsín Luachra: Gearrscéalta agus Seanchas, 2001, in eagar ag Dáithí Ó hÓgáin. Bhí deartháir le Tomás, Micheál (1908-96), ag teagasc i Scoil na Leanbh sa Rinn i 1931-32 agus i gcúrsaí samhraidh Choláiste na Rinne i rith 1931-36, agus bhíodh corrphíosa aige in Comhar. D’éag Tomás 11 Nollaig 1997, an lá a raibh Cion Fir á sheoladh, agus cuireadh é i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath.

Ag seoladh Cion Fir dúirt Aisling Ní Dhonnchadha: ‘Is cuma an ag trácht ar ghnéithe de sheanlitríocht na Gaeilge nó ar ghnéithe de nualitríocht na Gaeilge atá Tomás Ó Floinn, nó ar an Dochtúir Risteard de Hindeberg nó ar aistriúcháin Frank O’Connor nó ar an meadaracht i bhfilíocht an Ríordánaigh, nó ar bhuanna filíochta Airt Uí Mhaolfabhail atá an trácht, nó an léirmheas ar Cré na Cille nó ar Lig Sinn i gCathú nó ar Scríobh atá i dtreis, chítear go ndéanann Tomás Ó Floinn gach ábhar a chíoradh, a scagadh agus a iniúchadh go beo, fuinniúil, bríomhar’ (sliocht atá i gcló in eagarfhocal Comhar, Eanáir 1998). Deirtear freisin san eagarfhocal sin: ‘Léirigh Tomás Ó Floinn… go raibh tathag nár bheag i nualitríocht na Gaeilge. Léirigh sé go dtiocfadh leis an duine ar spéis leis litríocht ábhar machnaimh a fháil inti dá mba mhian leis é a chuartú. . . . Léirigh Ó Floinn go raibh áit ar leith ann don chriticeoir i saol na teanga. Léirigh sé go raibh riachtanas le nualitríocht; le léirmheastóireacht ar an nualitríocht; le smaointeoireacht dhúshlánach.’ (Tá na húdair buíoch de Mhicheál, mac Thomáis, a thug radharc dúinn ar chnuasach atá déanta aige d’aistí, léachtaí, agus de dhánta Thomáis, agus ar dhráma dá dhéantús, ar nótaí agus sleachta as dialann, arb ábhar neamhfhoilsithe cuid mhór de.)

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú