DE RÓISTE, Proinsias (1866–1961)

Tá cuntas ar an mbailitheoir ceoil agus seanchais seo in Binsín Luachra: Gearrscéalta agus Seanchais, 2001 in eagar ag Dáithí Ó hÓgáin, arb é atá ann gearrscéalta, scéilíní agus rannaireacht ón mbéaloideas a scríobh sé síos idir 1930 agus 1939. Cainteoir dúchais Gaeilge a athair agus deir Ó hÓgáin gur chuig Proinsias ‘a bhí tagtha anuas an drithle dheiridh den Ghaeilge labhartha’ in oirdheisceart Chontae Luimnigh. Iníon dearthár leis ba ea Sadhbh, bean Thomáis Uí Fhloinn agus deir Dáithí gurbh iad a beirt mhac a thionscain Binsín Luachra. I gCnoc Teorann i bparóiste Chnoc Loinge, Co. Luimnigh, a rugadh Proinsias 13 Lúnasa 1866. ‘Ba é an ceathrú duine clainne é de mhuirear naonúir a bhí ag Seán de Róiste ón áit sin, agus ag a bhean chéile Mairéad Breathnach.’ Níor mhair triúr den naonúr agus fuair Mairéad bás in 1878. Ní ró-mhaith a bhí an tsláinte ag Proinsias féin. D’fhreastail sé ar scoil náisiúnta Bhaile na Tóna. Múineadh rince agus ceoil an cheird a bhí ag Seán agus chuireadh sé Proinsias agus beirt eile dá mhic gach Satharn a fhoghlaim ceoil ó Ghearmánach i gCorcaigh. Ó d’fhág sé scoil in aois 16 bliain dó is ag dul timpeall lena athair ag múineadh ceoil, rince agus dea-iompair a bhí Proinsias. Bhuaigh sé craobh na Mumhan sa rince. Ba ghairid gur thosaigh sé ag bailiú ceoil rince. Tuairim 1892 bhunaigh an triúr mac agus a n-athair acadamh ceoil i Luimneach ach d’fhill siad ar a ndúiche féin i 1907 agus lean orthu ag múineadh ceoil ansiúd. Fuair an t-athair bás i 1911. Foilsíodh bailiúchán ceoil Phroinsias in dhá imleabhar i 1912 faoin teideal The Roche Collection of Irish Traditional Music; An tAthair Cathaoir Ó Braonáin a scríobh an réamhrá. Tháinig eagrán méadaithe amach i 1927. Cuireadh athchló den dara heagrán amach i 1982. ‘D’fhoilsigh sé leabhar amháin eile ceoil ... sa bhliain 1932. Airs and Fantasies a thug sé mar theideal air sin, agus ba é a bhí ann rogha de mhíreanna ceoldrámaíochta, de bhailéidí, agus d’fhoinn thraidisiúnta, agus iad go léir curtha in oiriúint don bheidhlín aonair’ (Ó hÓgáin). Níor phós sé agus fuair sé bás i Luimneach 11 Iúil 1961.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú