Toisc é a bheith sa phost ar feadh 22 bliana agus toisc cion ar leith a bheith ag na mic léinn air ba mhó, b’fhéidir, ná aon ollamh Gaeilge dá raibh i Maigh Nuad roimhe a chuaigh sé i gcion ar ghlún iomlán d’ábhair sagart ann. Le háireamh i measc a ghearrcach bhí cuid de na scríbhneoirí, eagarthóirí, scoláirí agus díograiseoirí ba cháiliúla sa tír ó 1945 i leith: Ó Fiaich, Ó Háinle, Ó Doibhlin, Ó Muireadhaigh, Ó Fiannachta, Pádraig Uiséir ... gan ach beagán díobh a lua.

I gCeann Toirc, Co. Chorcaí, a rugadh é [Denis Paul O’Flynn] ar 12 Meitheamh 1902. ‘Bhí feirm ag muintir an Athar Donnchadh i gCill Barra, baile fearainn i gCill Bhroin’, an tuairisc a thug Pádraig Ó Riain orthu in Seanchas Dúthalla 1978–79. Ceannaí leathair sa Phríomh-Shráid i gCeann Toirc ba ea athair Dhonnchadh, Jeffrey, agus ba í Kate Hayes a mháthair. Sagairt ba ea a dheartháir Pádraig (a bhí 7 mbliana d’aois i nDaonáireamh 1901), agus beirt dá uncailí. Bhí triúr deirfiúracha aige, Anna (sé bliana i 1901), Louisa (5) agus Kathleen (4).

Bhí sé ar scoil i gCeann Toirc sula ndeachaigh sé go dtí an Mhainistir Thuaidh agus ansin go Coláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí. Faoi dhaonáireamh 1911 bhí an chlann imithe ón seoladh i gCeann Toirc mar ar rugadh Donnchadh. Is inspéise gur sa teach díreach os comhair theach Uí Fhloinn i gCeann Toirc, agus timpeall an ama chéanna, a tógadh an tAthair Tadhg Mac Tréinfhir, an ‘Saint’ a thaithíodh teach an Táilliúra i nGaorthaidh na Péice.

Agus é fós ina mhac léinn thug sé cúnamh ar leith do Phádraig Ó Duinnín in obair an fhoclóra (1927). Is amhlaidh a thairg sé an cúnamh sin i samhradh 1924. Deir an Duinníneach sa réamhrá: ‘The Rev. Denis O’Flynn, B.A., N.U.I., of the Archdiocese of Dublin, rendered valuable aid in proof-reading and in other directions, devoting to the work with patriotic zeal for three or four years whatever time and energy he could spare from his ecclesiastical studies’. Agus arís: ‘... I can now point to Mr Gogan [Liam S. Gógan] and Fr O’Flynn whose ability and enthusiasm in the cause of Irish learning are capable of scaling heights entirely beyond my reach’. Ghabh an foclóirí buíochas freisin le deirfiúr an Athar Donnchadh, Laoise Ní Fhloinn.

Oirníodh ina shagart é 1927. Chuaigh sé go Cléire an bhliain dár gcionn agus lean air ag dul ann ar feadh 35 bliana. Ba é an tAthair Diarmuid Ó Donnabháin, sagart paróiste an oileáin, a thug cuireadh ann dó. I dteach Chonchúir [Con Pheadair] Uí Shíocháin a bhíodh sé ag fanacht. Dúirt Cáit, deirfiúr Chonchúir: ‘Nuair a bhíodh an tAthair Donnchadh ina sheasamh ar an altóir agus é ag tabhairt seanmóna uaidh ní bheadh fhios agat ná gurbh é Conchúir féin a bheadh ag caint, thóg sé an teanga chomh cruinn sin leis’ (An Sagart, Fómhar-Geimhreadh 1964). In Irisleabhar Mhaigh Nuat 1929 bhí ‘Dornán Cnuais ó Chuantaibh’ i gcló aige agus cuid de chaint Chléire ann. Ba é a chuir eagar ar Seanchas Chléire, 1964 agus ar Béaloideas ó Chléire, an péire leabhar a chuir Conchúr Ó Siocháin ar fáil.

Chaith sé téarmaí ina shéiplíneach i gColáiste Chaoimhín, coláiste ullmhúcháin i nGlas Naíon, agus san Áras Brianach, Marino, le linn do bheith ina ollamh le Béarla agus loighic i gColáiste na Naomh Uile. Le linn an achair sin freisin bhí sé ina scrúdaitheoir teagaisc Chríostaí.

Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad mar chomharba ar an Athair Gearóid Ó Nualláin. Bhí cúrsaí na teanga in ísle brí sa choláiste ag an am agus ba ghairid gur tugadh faoi deara gur mhór idir an tAthair Donnchadh agus fear mór na gramadaí a bhí sa chathaoir le breis is 30 bliain roimhe. Scríobh Cathal Ó Háinle san uimhir úd de An Sagart i 1964: ‘Ba é ba phríomhchuspóir aige siúd [Ó Floinn] caoi a thabhairt don Éireannach a dhúchas d’athghabháil. Chuir sé roimhe, mar sin, an dúchas a tharrtháil agus an Ghaeilge ba eochair chun an dúchais sin a mhúineadh’. Bhí teacht ar an dúchas sin, deireadh sé lena mhic léinn, sa ‘Dá Ghaeltacht’: na lámhscríbhinní agus an teanga bheo. Chreid sé go láidir go neartódh an dúchas leis an gcreideamh Críostaí agus sin a spreag é chun leabhar mar The integral Irish tradition, 1954, agus an dá bhailiúchán de na haistí a bhí aige in The Far East (Caoga ardú meanman, 1957; Ag Críost an síol, 1972) a chur ar fáil. Bhí sé i measc na n-údar a bhfuil ábhar acu in Our holy places, 1951. Thug An Réalt, ar chuid de Léigiún Mhuire é, aird ar leith ar na tuairimí sin aige agus bhí sé ina shéiplíneach náisiúnta ag an Léigiún féin ar feadh i bhfad.

Bhí sé ina bhall den choimisiún a bhunaigh cliarlathas na hÉireann i 1945 chun leagan Gaeilge den Tiomna Nua a chur ar fáil, leagan a bheadh bunaithe ar an nGréigis. Bhí an Ghréigis ina hábhar aige féin faoin Ollamh Micheál Ó Tiarnaigh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ba iad an tAthair Seán Ó Floinn agus an Mgr Éamann Ó Cíosáin na baill eile. Ba é an tAthair Donnchadh aistritheoir Lúcás, 1964, an chéad toradh a bhí ar obair an choimisiúin. Ba eisean faoi deara Matha, 1966 freisin – d’aistrigh sé ceithre huaire é agus dúirt i litir chuig Pádraig Ó Fiannachta (Feasta, Bealtaine 1969): ‘Níl sé gan locht, ach is é gníomh mo nirt é’. Agus ba é a d’aistrigh caibidlí 1–8 de Marcas, 1972. Nuair a chinn an cliarlathas i 1966 ar leagan den Bhíobla iomlán a chur ar fáil cheap siad é ina bhall den choiste stiúrtha.

Tugtar suas dó gur chuir sé meanma nua i gCuallacht Cholm Cille agus in Irisleabhar Mhaigh Nuad agus is sórt festschrift an uimhir speisialta de An Sagart a foilsíodh nuair a bhí sé ag fágáil na cathaoireach sa choláiste le dul i bhfeighil pharóiste Bhanríon na Síochána i mBré i 1964. D’éag sé ar 2 Aibreán 1968 agus tá sé curtha i reilig Chnocán Iaróm i mBaile Átha Cliath.

In Feasta Bealtaine 1969, dúirt Pádraig Ó Fiannachta ina thaobh: ‘... Seachas m’athair agus mo mháthair, m’athair críonna agus mo mháthair chríonna ní raibh aon duine riamh a chuaigh i bhfeidhm orm mar a chuaigh an tAthair Donnchadh. Mheall sé chun na Gaeilge mé nuair gur leis an bhfealsúnacht a bhí mo lé. D’oscail sé m’aigne agus d’fháisc sé nithe as díreach dála Socrates agus a dhalta.’ Tá cuntas fada air ag Diarmiuid Ó Laoghaire in Maigh Nuad agus an Ghaeilge. Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. I 2006 d’fhoilsigh Cumann na SagartDúchas agus creideamh in Éirinn: more than a language. In éineacht ann le scríbhinní dá chuid tá cuntas ar a bheatha leis an Athair Pádraig Ó Croiligh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú