MAC AN tSAGAIRT, Liam (1928–2010)

Bhí sé ar dhuine de na sagairt ba mhó a bhí ag saothrú ar son na Gaeilge i gCúige Uladh. I nDún Dealgan, Co. Lú, a rugadh é ar 17 Deireadh Fómhair 1928 agus ba é an duine ba shine den chailín agus ceathrar buachaillí ag Bernard McEnteggart, siopadóir, agus a bhean Isabella McHugh. Chaith sé trí bliana den mheánscolaíocht i scoil na mBráithre Críostaí, Dún Dealgan, agus an cúpla bliain deiridh i gColáiste Phádraig Ard Mhacha . Bhain sé céim amach sa léann Ceilteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar a raibh tionchar láidir ag Donnchadh Ó Floinn air. Oirníodh é in 1953. Is mar mhúinteoir Gaeilge, Béarla agus Laidine i gColáiste Phádraig Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain, a bhí a chéad phost aige. Ceapadh é ina uachtarán ar an gColáiste (Acadamh na mBuachaillí) in 1961. Ba é faoi deara gur tógadh foirgneamh mór nua don choláiste sin.

In 1984 ceapadh é ina shagart paróiste in Oileán an Ghuail, Co. Thír Eoghain, agus ina dhiaidh sin ina shagart paróiste i nDún Geanainn. Tharraing sé trioblóid anuas air féin in eaglais Oileán an Ghuail lá i mí na Feabhra 1992 nuair a bhí Aifreann éagnairce á cheiliúradh do bheirt bhall den IRA (Kevin Barry O’Donnell agus Seán Farrell). Cháin sé go láidir ón altóir an lá sin, ní hamháin an chaoi ar mharaigh fórsaí na Breataine iad ach an chaoi áirithe ar tugadh na coirp isteach sa séipéal. Is go drogallach a lig sé do bhratach na hÉireann a bheith ar chónraí na beirte. Cé gur náisiúnaí láidir é, bhí sé go mór in aghaidh lámh láidir mar bheartas chun Éire a athaontú. D’éirigh leis bac a chur ar fhroigisí eile de chuid an IRA a bheith sa séipéal. Deirtear gur mar agóid ina aghaidh a shiúil cúpla céad duine amach as an séipéal lá sin na sochraide.

Mar aon lena bheith ina shagart paróiste i nDún Geanainn ba é Biocáire Ginearálta Ard-Deoise Ard Mhacha é. Sna blianta tosaigh sa bhaile sin dó bhí se ina bhall d’Fhéile Drámaíochta Dhún Geanainn . Roimhe sin san Acadamh stiúradh sé dráma gach bliain. Chaith sé a mhórdhúthracht leis an nGaeilge a chur chun cinn i gCúige Uladh agus in Oirialla. Chaith sé dhá théarma ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh agus ó na 1970idí go lá a bháis bhí sé ina chathaoirleach ar an iris An tUltach. Bhí sé ina uachtarán ar Choláiste Aoidh Mhic Bricne, coláiste samhraidh i dTeileann, Co. Dhún na nGall. Scríobh sé Father Larry Murray (1983), beathaisnéis Lorcáin Uí Mhuireadhaigh agus bhí ailt leis i gcló in An Sagart. Bhí sé ina bhall de Chomhairle na Gaeilge sna 1970idí luatha.

Sna 1960aidí déanacha bhí baint mhór aige le hÉigse Oirialla, é ina bhall dá coiste, agus ba mhór an sásamh a bhain sé as páirt a bheith aige i bhfoilsiú imeachtaí na hÉigse sin, go háirithe as eagrán Bhreandáin Uí Bhuachalla de dhánta Pheadair Uí Dhoirnín agus leabhar Dhiarmaid Uí Dhoibhlin ar Nioclás Ó Cearnaigh. Bhí sé ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge bliain amháin.

Ar 26 Deireadh Fómhair 2005 bronnadh an chéim onórach Dochtúir sa Léann air in Ollscoil Uladh. Ba é Séamus Mac Mathúna, a bhí ar dhuine dá dhaltaí i nDún Geanainn, a thug an t-aitheasc an lá sin. D’éag sé ar 22 Lúnasa 2010 agus i nDún Geanainn a cuireadh é. Bhí alt ina thaobh ag Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh, agus múinteoir in Acadamh na mBuachaillí i nDún Geanainn, in Gaelscéal ar 27 Lúnasa 2010 agus bhí beathaisnéis ghairid in The Irish Times ar 11 Meán Fómhair 2010.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Ailt