Tá cuntas cuimsitheach ar an sagart seo agus a shaothar ag Diarmaid Ó Muirithe in Maigh Nuad agus an Ghaeilge: Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Tá iontráil ina thaobh ag Norman Moore in Dictionary of National Biography agus déanann Patrick Corish trácht air in Maynooth College 1795-1995, 1995. In Ríocht na Mí, 1999 tá aiste ag Séamus Mac Gabhann, ‘Dr Paul O’Brien of Cormeen (1763-1820), folk poet and Maynooth professor’. Tá cur síos comhaimseartha air in A Chronological Account of Nearly Four Hundred Irish Writers with a descriptive Catalogue of their Works, 1820 le hÉadbhard Ó Raghallaigh.

File ó Chontae an Chláir nó, b’fhéidir, ó Uíbh Fhailí a shin-seanathair, Liam Ó Briain, táilliúir. Deirfiúr le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin (1670-1738) ba sheanmháthair dó, dar le Ó Muirithe agus Corish, cé go ndeireann Ó Raghallaigh agus Moore gurbh í a shin-seanmháthair í. Feirmeoir i mBréachmhaigh i gceantar Mhaigh nEalta, Co. na Mí, a athair, Cathal, agus ba í Máiréad Downs a mháthair. Chaith sé tamall i scoil scairte agus bhunaigh sé ar ball scoil i gCúl an Bhile, ar theorainn Ard Mhacha agus Mhuineacháin. Is cosúil ar na dánta a chum sé tuairim an ama seo, atá i gcló in Amhráin na Midhe, 1933 in eagar ag Énrí Ó Muirgheasa agus in Duanaire na Midhe, 1914 in eagar ag Seosamh Laoide, go raibh sé ceanúil ar na mná agus dúil aige san ól. Cuireadh mar ábhar sagairt ó dheoise Ard Mhacha chun na Fraince é ach d’fhill abhaile nuair a thosaigh Réabhlóid na Fraince. Deir Corish gur i Maigh Nuad a lean sé lena staidéar agus deirtear in Ríocht na Midhe, 1971 gurbh i Maigh Nuad a oirníodh é in 1803. Ceapadh é ina mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, in 1801 agus trí bliana ina dhiaidh sin, ar 20 Iúil 1804, ceapadh é ina ollamh. Deir Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille 1972: ‘The language in his later poems becomes stilted and includes many literary words no longer current in ordinary speech. Perhaps the most successful poem of his Maynooth days was the one written towards the end of his life for inclusion in Eoghan Caomhánach’s Irish translation of Think Well on it by Bishop Challoner . . .’.

Deir Jeremiah Newman in Maynooth and Georgian Ireland, 1979: ‘The salary which he [O’Brien] received when appointed to his Chair was from the general funds of the College, derived from a legacy for the teaching of Irish made in August [?1804] by John Kinin or Keenan—of £1,000—to give £60 per annum. In fact this legacy was not paid to the trustees until June, 1820, after a lawsuit which began in 1815.’ Deirtear in Warburton’s History of Dublin, 1815, sa tagairt do ghanntanas na sagart le Gaeilge: ‘To remedy this a pious scrivener, of the name of Keenan, sunk one thousand pounds of his hard-earned property, the produce of a long, laborious and economical life, for £60 per annum to support an Irish professor “for teaching and instructing the students of the College of Maynooth the Irish language in the Irish character”.’

Dhealródh sé ar shliocht as The Life of Archbishop Crolly of Armagh, 1851 le George Crolly, atá i gcló ag Ó Muirithe, gur mhisnigh Ó Briain mic léinn, ollúna óga agus léachtóirí sóisearacha chun Gaeilge a labhairt os ard i bproinnteach an Choláiste, fiú mura raibh ach beagán den teanga ar eolas acu—an Fhraincis is mó a labhraíodh cuid mhór de na hollúna. ‘This proceeding soon had the desired effect; for the Gallican party were glad to compromise matters, by making English the ordinary medium of communication at table.’

Bhí sé cairdiúil le Mícheál Óg Ó Longáin, Éadbhard Ó Raghallaigh agus Donnchadh Ó Floinn. Bhí sé ina bhall den Gaelic Society in 1807, agus tá dán leis i gcló san aon imleabhar amháin d’imeachtaí an Chumainn sin. Bhí sé ina bhall den Iberno-Celtic Society a bunaíodh in 1818 agus den Harp Society. Foilsíodh A Practical grammar of the Irish language in 1809. Bhí sé ar cheann de na leabhair a chaill Tomás Rua Ó Súilleabháin i gcuan Bhéil Inse: ‘Bhí Pól Ó Briain an t-eagna, / Go soiléir chuir Gaeilge in anachruth, / Thug riala laoithe is leabhartha / Do chách le léamh’ (‘Amhrán na Leabhar’); ‘Who put Irish into shape for us’ an t-aistriú a rinne Corish ar an dara líne ann. Deir Ó Muirithe i dtaobh an leabhair: ‘Déarfaimisne inniu gurb é an locht is mó a bhí ar an nGramadach ná gur loit an tAthair Pól é le hársaíocht agus le bréagársaíocht, agus go gcaithfeadh duine a bheith ina scoláire paiteanta chun é a thuiscint in aon chor.’ Deir Corish gur tairgeadh uachtaránacht Acadamh Ríoga na hÉireann dó ach ní thugann aon fhianaise air sin. Tamall maith i ndiaidh a bháis chuir Laurence Renehan, uachtarán Mhaigh Nuad, leacht á thógáil ag an uaigh i reilig an choláiste agus tugtar 13 Aibréan 1820 mar dháta báis air, dáta atá, gan amhras, ag údair eile. 20 Bealtaine atá ag an DNB. In Freeman’s Journal 25 Bealtaine 1820 tá an tuairisc seo: ‘On the 18th inst at Maynooth College . . ., the Rev. Paul O’Brien, for many years Professor of the Irish Language in that Establishment, Author of an Irish Grammar etc. Rich treasures of Celtic erudition sink with him into the grave. His private character was most estimable.’ Scríobh Ó Longáin, Mac Giolla Choille agus filí eile marbhnaí.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú