In aiste ar Scéala Éireann (29 Meán Fómhair 1981) scríobh Nollaig Ó Gadhra: “Seans go raibh Donnchadh Ó Briain ar dhuine de na daoine deireanacha úd a mbítí ag súil le Gaeilge uathu i gcónaí nuair a théidís i mbun cainte sa pharlaimint náisiúnta.”

I gCluain Cath, Baile an Gharraí, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 17 Samhain 1897. B’as ceantar Lios a’ Bhaird idir Ros agus Cloich na Coillte dá athair David O’Brien. Bhí seisean ina bhainisteoir uachtarlainne i gCluain Cath. Deir Peadar Ó hAnnracháin in Fé bhrat an Chonnartha: “Is mór meas Dhonnchaidh ar chrích dhúchais a athar, agus ar an nGaeilge a thug a athair ón mball sin leis. Ní fheadar ná gurbh ann a fuair sé féin cuid den Ghaeilge bhlasta atá aige mar is ann a chaitheadh sé laethanta saoire agus bhailigh sé eolas i dtaobh filí agus filíocht an cheantair”. Ba í Kathleen Casey ó Bhaile Uí Ghúill i gContae Luimnigh máthair Dhonnchaidh agus bhí Gaeilge ón gcliabhán ag a tuismitheoirí. Bhí beirt eile chlainne aici féin agus David, buachaill agus cailín.

Tar éis tamaill ar Scoil Náisiúnta Achadh an Lín chaith Donnchadh tamall ar scoil ag na Slánaitheoirí in Mt St Alphonsus, Luimneach. Ag cabhrú san uachtarlann agus sa tsiopa a bhí ag gabháil leis a bhí sé ina dhiaidh sin. Bhí sé i gceist go rachadh sé go dtí an ollscoil ach bhí taomanna den drochshláinte air ag an am.

Deir Peadar Ó hAnnracháin gur faoi thionchar an Athar Tomás de Bhál a chuir sé spéis i gcúrsaí na teanga. Luaitear freisin sa chomhthéacs seo múinteoir taistil i Luimneach i mblianta tosaigh an chéid, Tomás Ó Cumbá. In ainneoin na drochshláinte úd ghlac Donnchadh páirt ghníomhach i gCogadh na Saoirse, é i gceannas ar chúrsaí poiblíochta i mBriogáid Iarthar Luimnigh. D’ainmnigh Conradh na Gaeilge é mar dhuine de na 19 rúnaithe dúiche i mí na Nollag 1920. Bhuaigh sé scoláireacht a thairg an Coiste Gnó d’ábhair timirí agus chaith téarma ag freastal ar Scoil Timireachta an Chonartha i mBaile Átha Cliath faoi stiúir Sheáin Uí Mhurthuile agus Choilm Uí Mhurchadha. Ceapadh é an bhliain dár gcionn mar mhúinteoir taistil i gContae Luimnigh. Nuair a mharaigh na Dúchrónaigh Liam Ó Scolaidhe, timire, i gCill Mocheallóg, ceapadh Donnchadh ina áit. Luann Aindrias Ó Muimhneacháin a shaothar in Dóchas agus duainéis mar shampla ar a fheabhas a bhí ag éirí leis an gConradh sa leath tosaigh de 1922. “I gContae Luimnigh, mar shampla, d’éirigh le Donnchadh Ó Briain, an timire, 90 Craobh a chur faoi sheol, eagar a chur ar 18 gCoistí Ceantair agus 13 mhúinteoir taistil a chur i mbun na ranganna a theagasc”. Bhí Cúige Mumhan ar fad faoina chúram tamall. Ag an am sin freisin bhíodh sé ina ardmháistir ar Choláiste Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh gach samhradh. Dar le Proinsias Mac Aonghusa in Ar Son na Gaeilge:Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1995, ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge in 1929 ina chomharba ar Phroinsias Ó Fathaigh T.D. Bhí baint mhór aige le An Fáinne. Bhí sé tamall ina chomheagarthóir le Pádraig Ó Caoimh ar An Camán. Bhí sé ina bhall de Choimisiún na Rinncí Gaelacha ó 1929 amach. Ar feadh cúpla tréimhse b’éigean dó dul i bhfeighil eagarthóireacht Fáinne an Lae. Mar seo a chuireann Aindrias Ó Muimhneacháin síos air: “Fear a raibh deich mbliana duainéiseacha caite go dúthrachtach dílis um an dtaca sin aige ina thimire don Chonradh sa Mhumhain, agus cuid mhaith de sin féin gan aon tuarastal aige as.”

Bhí sé trí bliana sa phost sin. Faoi dheireadh na tréimhse sin bhí sé ina rúnaí ag Fianna Fáil. Bhí sé ar bhunaitheoirí an Pháirtí i mBealtaine 1926. Sheas sé in olltoghchán 1932 i ndáilcheantar Luimnigh ach theip air suíochán a bhuachan. Ach d’éirigh leis i ngach olltoghchán ó 1933 go 1944 i Luimneach agus ó 1948 go 1965 i Luimneach Thiar. Sna tréimhsí 1951–54 agus 1957–61 bhí sé ina Rúnaí Parlaiminte ag an Taoiseach agus an Aire Cosanta. Chaith sé blianta fada ina Phríomh-Fhuip ag Fianna Fáil. Bhí an cháil air sa phost sin nach ndeachaigh sé riamh siar ar aon socrú a bhí déanta aige leis an bhfreasúra.

Tar éis do de Valera imeacht as an bpolaitíocht ba é Donnchadh príomhthaca na teanga sa pháirtí ach b’fhéidir go raibh sé as cor leis an gcineál nua polaiteora a bhí tagtha chun tosaigh agus nárbh é an té ab oiriúnaí chun bheith ag tathant ar a chomhghleacaithe bheith dílis do bhunaidhmeanna a bpáirtí.

Phós sé Eibhlín Liston, Lios an Uisce, banaltra, i 1940. Bhí feirm acu ar feadh tamaill in aice le Ráth Caola sular thóg sé teach i gCluain Cath. Ní raibh aon chlann acu. D’éag Donnchadh ar 22 Meán Fómhair 1981. Tá cuntas air in ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann, 26 Meitheamh 1954.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú