Is é seo an t-aon duine amháin de ‘Ceathrar Máistrí Bhaile Bhuirne’ nár de bhunadh an pharóiste sin é. Deirtear gurbh é is mó a dhéanadh an pheannaireacht don triúr eile: Tadhg Ó Ríordáin, Conchubhar Ó Deasumhna, Micheál Ó Loingsigh. I mBaile Sheoinín, Tobar an Iarla, Baile Nóra, i bparóiste Bhaile an Chollaigh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 6 Samhain 1866. Ba iad Denis O’Brien agus Julia Riordan a thuismitheoirí de réir thaifid an pharóiste. Tá ‘M. O’Brien, Ballinora’ sa liosta de mhúinteoirí a raibh teastas Gaeilge acu in 1893 (i gcló in Micheál Ó Lócháin agus ‘An Gaodhal’ (1990) le Fionnuala Uí Fhlannagáin). Thosaigh sé ag múineadh scoile i mBéal Átha an Ghaorthaidh tráth éigin roimh 1897 agus is ann a thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge. D’aistrigh sé go Baile Bhuirne agus thosaigh ag bailiú focal agus nathanna cainte ón triúr eile de na ‘máistrí’. Roinneadh an dara duais air féin agus ar Sheán Ó Cadhla ag Oireachtas 1899 sa chomórtas ‘Scéal nár foilsíodh cheana’. Ó Thadhg Ó Ríordáin a fuair sé an scéal agus i mBaile Mhic Íre a bhí cónaí ar Mhicheál um an dtaca seo. Sceits grinn a scríobh sé i dtaobh Chogadh na mBórach (‘Ar maidin le fáinne an lae’) rinneadh é a reic ag Craobh Londan den Chonradh (An Claidheamh Soluis 17 Márta 1900). Bhuaigh sé duais lena dhán ‘Mo dheartháir’ ag Oireachtas 1901. Tá an t-amhrán a bhailigh sé i mBaile Bhuirne. ‘An Madra’, i gcló san iris chéanna 23 Samhain 1901. Tá scríofa go soiléir ina thaobh ‘Sé Micheál Ó Briain i mBaile Bhuirne do scríobh an t-amhrán seo. Deir sé gur fear atá ina chónaí ina chomharsanacht a dhin é’. Nuair nár cuireadh ainm Chonchubhair Uí Dheasumhna leis bhí míthuiscint ann agus deir Brian Ó Cuív go raibh cathú ar Mhicheál ina thaobh go deireadh a shaoil.

D’éag sé san Home Farm, Clós Colthurst, Baile Mhic Íre, 27 Nollaig 1942. Chuir Brian Ó Cuív eagar ar Cnósach focal ó Bhaile Bhuirne i gConndae Chorcaí. Micheál Ó Briain (1866–1942) a bhailigh (1947). D’fhág sé a chuid lámhscríbhinní le huacht ag an Athair Micheál O.F.M. Cap, agus scríobh seisean nóta i dtaobh Mhichíl in Capuchin Annual faoin teideal ‘Baile Onóra’. Is dóigh gurbh é Micheál ba mhó faoi deara an chabhair a thug ‘Ceathrar Máistrí Bhaile Bhuirne’ don Duinníneach i gcóir an dara heagrán dá fhoclóir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú