Poblachtach ó Bhaile an Fheirtéaraigh (rugadh 1916) a bhí i bpríosún le Breandán Ó Beacháin agus scríobh seisean ‘Jackeen ag caoineadh an Bhlascaoid’ ina onóir: tá véarsa as ar a leac uaighe in aice leis na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. Bunmhúinteoir é ar dtús. Bhí sé pósta ar Nóinín Brugha agus bhí ina bhainisteoir ar shiopa Kingston i Sráid Uí Chonaill. D’éag sé 15 Lúnasa 1981.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú