Chaoin sí a fear céile sa dán ‘A nAinm an Spioraid Naoimh h’Imríghe ’Uaithne’. Tá an dán i gcló agus cuntas uirthi in Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002, sa chaibidil ‘Courts and Coteries II’ in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha. Ba í an séú leanbh í ag Domhnall Ó Briain agus a bhean Sláine agus ba é Donnchadh Ó Briain, dara hIarla Thuamhumhan, a huncail. Phós sí ar dtús Tomás Mac Muiris, tiarna Lic Snámha, Co. Chiarraí. Shéan seisean í agus phós sé a leasdeirfiúr i 1579. Phós sí ansin Uaithne Mór Ó Lochlainn, taoiseach sa Bhoireann; b’fhéidir gurbh é Iarla Thuamhumhan a rinne an cleamhnas sin. Bhí cónaí orthu i gcaisleán Shean-Mhuicinis in aice le Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir. Ní raibh sliocht orthu. Fuair Uaithne bás i 1617 agus déanann sí achainí sa chaoineadh go dtabharfaí tús áite di ar ghaolta ban a fir. Nuair a ainmníodh na mná sin mar oidhrí i 1625 b’éigean di an caisleán a fhágáil. ‘In accordance with Irish custom, she was entitled only to the repayment of the dowry she had brought to the marriage.’ Tá an dán in eagar maille le haistriúchán agus plé ag Liam P. Ó Murchú in Éigse 27, 1993. Is faoin gcaisleán a bheith tréigthe a bhaineann an dán ‘Tuar guil, a cholaim, do cheol’ (i gcló in An Duanaire 1600-1900..., 1981 le Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú