I mBaile Átha Cliath a rugadh é 19 Meán Fómhair 1901. Ba iad an Dr Christopher Ó Briain agus Mary Teresa Rooney a thuismitheoirí agus bhí sé ar scoil i gColáiste Belvedere. Fuair sé céimeanna MA agus LLB sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse i 1920-21 agus bhí ina oifigeach airm 1922-27. Glaodh chun an bharra é i 1926, rinne abhcóide sinsearach de i 1940 agus breitheamh sa Chúirt Chuarda i 1943 agus d’éirigh leis a bheith ina Uachtarán ar an gcúirt sin. Mhol Breandán Ó Beacháin go hard i mbailéad é nuair a thug sé ceadúnas tábhairneora do Mhuiris Caomhánach: ‘Sláinte an Bhreithimh, síol uasal Bhorumha, / Agus sláinte an Chaomhánaigh, cé acu ariú? / Ach Muirisín féin ’s an Phoblacht abú! / Nuair a chaithfimid siar é le Kruger’ (Irish Times 30 Meitheamh 1956). Scríobh sé in Who’s, Who, What’s What and Where in Ireland, 1973: ‘Ambitions: to see the Irish language saved for posterity.’ Scríobh sé The Irish Constitution, 1927. Bhí sé pósta ar Anna Flood agus bhí ochtar iníonacha agus triúr mac acu. D’éag sé ar 27 Meitheamh 1988.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú