‘Tá suas le leathchéad sgéal aige.... Ní cuimse mhór an méid sin, ach níl a leithid beo in Éirinn le feabhas innseachta’. Sin é a dúirt Seán Mac Giollarnáth faoi in Loinnir Mac Leabhair agus sgéalta gaisgidh eile, 1936. Dúirt Séamus Ó Duilearga mórán an rud céanna in Irish folk-tales collected by Jeremiah Curtin, 1943: ‘He was the finest story-teller I have ever known’.

B’as Cill Bride in aice le Loch Measca do mhuintir a athar agus ba de mhuintir Mhic Chonaola a mháthair. I Loch Conaora in aice le Cill Chiaráin i bparóiste Charna a bhí cónaí air ó bhí sé dhá bhliain d’aois, cé is moite de thréimhse a chaith sé ina mhaor i nGabhlán. Ag plé leis an talamh agus leis an bhfarraige a shaothraiodh sé a bheatha. Ba mhinic ag iascaireacht é lena uncail Antoine Mac Conaola agus le linn na n-oícheanta fada ar an bhfarraige a d’fhoghlaim sé go leor dá scéalta uaidh.

Nuair a bhí Jeremiah Curtin sa cheantar in 1892/3 chuala sé tuairisc ar Sheán. Séamus Ó Laidhe, cléireach an tséipéil, a d’aistríodh na scéalta de réir mar bhíodh Seán á n-insint. Ní raibh aon Bhéarla ag Seán. An rud is iontaí ar fad nár scríobh éinne scéal eile síos uaidh gur casadh Seán Mac Giollarnáth san áit daichead bliain i ndiaidh an Churtánaigh. Den mhéid a thóg seisean uaidh tá trí scéal in Loinnir Mac Leabhair. I 1932 chuir Mac Giollarnáth Seán in aithne do Shéamus Ó Duilearga. Bhí an chuimhne chomh maith ag an scéalaí is bhí sé riamh agus chaith an Duileargach roinnt seachtainí ina chomhluadar. Mar a tharlaíodh go minic lena leithéidi, ní raibh an bailitheoir fiú nóiméad róluath ag teacht. D’éag Seán ar 1 Eanáir 1934.

Ar Scéala Éireann ar 8 Eanáir dúirt Seán Mac Giollarnáth an méid seo: ‘In the telling of his stories Seán Ó Briain became possessed by the spirit and power of their genius. The very flow of the language seized him and his delivery in the heroic tales was like that of an actor; he could not pause or suffer interruption to the end of the passage. He recited with great clarity and always as if before a large audience.... It was a great pleasure to hear his humorous tales. In them the story-teller found an unfailing delight which he was able to communicate even to those who had repeatedly heard them. His heroic tales are unexcelled in folk-lore’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú