Ba é ionadaí Dháil Éireann sa Bhreatain é ó 1919 go 1922 agus ó 1916 go 1923 bhí sé ina uachtarán ar Shinn Féin ann. I Londain a rugadh é ar 25 Meán Fómhair 1872 ag 121 Lancaster Road, Kensington. Arthur Patrick Donovan a ainmneacha baiste. B’as Corcaigh dá mháthair Henrietta Caroline Myers. B’as Corcaigh freisin dá athair John Francis ar dheartháir é do Ignatius O’Brien, nó an Tiarna Seandúin, a bhí ina Ard-Aighne ag rialtas na Breataine in Éirinn. Dúirt Fiachra Éilgeach (Comhar, Deireadh Fómhair 1949) gur “cheannphort airm i dtír de thíorthaibh dheisceart Eorpa do b’eadh a athair”. Faoin am a rugadh Art is fear gnó a bhí ann (“merchant” atá ar an teastas breithe). Fuair sé bás nuair a bhí Art cúig bliana d’aois.

Chuaigh Art ar scoil go dtí Coláiste St Charles i Londain. Deir Fiachra Éilgeach gur ann a fuair sé eolas maith ar an bhFraincis agus ar an Spáinnis agus go raibh Éireannach, Séamus Mac Muiris, mar mhúinteoir Spáinnise aige, an t-aon duine amhain nár Spáinneach dár glacadh riamh ina bhall d’Acadamh na Spáinne. Dúirt Art féin an méid seo in The Capuchin Annual (1944): “Some years before the Gaelic League was founded – still a boy at college – with no knowledge of Irish apart from odd words occurring in books, (such as The Spirit of the Nation), I came, accidentally, upon a catalogue of books in which were listed O’Reilly’s Irish-English Dictionary and A Selection of Moore’s Melodies translated into Irish by Archbishop McHale. I eventually secured these books, and with their aid, commenced my first attempt to learn my own language: my struggles were complicated and my progress imperceptible. A little later I went to France and that, for the time being, put an end to my studies in Irish”.

Chuaigh sé le hinnealtóireacht agus chaith tamall le mianadóireacht i dtuaisceart na Spáinne. Deir Fiachra Éilgeach (Feasta, Meán Fómhair 1949) gur chaith sé tamall i gcoláiste leictreachais agus go raibh poist a bhain le leictreachas aige i Madrid agus i Havre de Gras. Ní foláir nó bhí sé ar ais i Londain go luath ina dhiaidh sin. Deir sé san aiste “Gaedhil Thar Sáile: some notes on the history of the Gaelic League of London” (Capuchin Annual 1944): “My personal experience on first joining the League will give an insight into the rapid growth of the organisation at this time. It would be about 1899. I had just returned from mining engineering in Spain, and with the exception of political news, I had little information of Irish happenings. One evening I was in the company of two Irish friends, when one of them remarked ‘By the way, O’Brien, I have received a circular today which will interest you’. He handed me a printed letter headed Gaelic League of London, 8 Adelphi Terrace, signed John O’Keane (better known since as Seán Ó Catháin), and I was within a few days duly enrolled a member ..., thenceforth becoming a regular attendant at the classes and other gatherings”. Ba é a d’eagraíodh imeachtaí Lá le Pádraig agus an choirm cheoil bhliantúil i Halla na Banríona.

Thagadh sé ar saoire go Baile Átha Cliath lena mháthair agus a bheirt deirfiúracha agus go Corcaigh mar a raibh uncail leis ina bhainisteoir bainc. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó agus de Chraobh an Chéitinnigh agus deir Fiachra Éilgeach gur mhinic é sa Stad i Sráid Fheardorcha Thuaidh ag plé céimeanna agus figiúirí na rincí leis féin agus le Séamus Ó Caoimh. Sa bhliain 1912 foilsíodh an chéad eagrán de A handbook of Irish dances with an essay on their origin and history, le J. G. O’Keefe (státseirbhíseach, fear eagair Suibhne Geilt) agus Art Ó Briain. Tháinig an 7ú heagrán amach i 1954.

Bhí Art ina rúnaí ag Conradh Londan, ansin ina Leas-Uachtaran agus, nuair a d’éirigh Mac Giolla Bhríde as oifig (Capuchin Annual 1944: “... who resigned owing to disagreement with the attitude of the League on the outbreak of war in 1914”) ina Uachtarán, post ar lean sé ann ar feadh 21 bliana go dtí Iúil 1935. Ón uair a bunaíodh na hÓglaigh bhí baint aige le cúrsai polaitiúla. Ó 1918 amach go dtí 1924 bhí sé gafa go hiomlán le cúrsaí na hÉireann, ar feadh breis is bliain gan phá, ó 1919 go dtí 1922 ina ionadaí oifigiúil ag Dáil Éireann sa Bhreatain, é ag obair go díreach faoi Mhicheál Ó Coileáin, agus ansin ag na Poblachtaigh. Bhí sé ina Uachtarán ar an Irish Self-Determination League ó 1919 go 1925. Ba é ba mhó faoi deara an tsochraid a cuireadh ar Thraolach Mac Suibhne agus ba é a choinníodh scéala i dtaobh na stailce ocrais le preas an domhain. Bhí sé i bpríosún go minic. Ruaigeadh as an mBreatain é i 1923 agus nuair a taispeánadh go raibh sin mídhleathach daoradh chun príosúnachta ar feadh dhá bhliain é. Scaoileadh saor é roimh dheireadh an téarma agus chuaigh sé i mbun gnó arís. De réir na hiontrála in Who’s who bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ar G. D. Ernest Co., foilsitheoirí, agus ina eagarthóir ar an iris Music Trades review ó 1924 go 1935. In Iúil 1935 cheap Rialtas na hÉireann é ina ambasadóir sa Fhrainc agus sa Bheilg agus lean sé sa phost sin go dtí 1938. Chaith sé bliain i San Jean de Luz ag iarraidh faoiseamh a fháil ón airtríteas. Tháinig sé chun cónaithe i mBaile Átha Cliath ansin. Ceapadh é ina Stiúrthóir agus ina Leas-Chathaoirleach ar an Minerals Exploration and Development Co. Ltd. Níor phós sé riamh. A dheirfiúr Gearóidín a bhíodh mar bhanóstach aige agus é ina ambasadóir. D’éag sé ar 12 Lúnasa 1949.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú