Ceannródaí i dtionscal na turasóireachta, sa mhéid de a bhain leis an státchóras, ba ea an Gaeilgeoir seo. Foilsíodh cuntas ar a bheatha ar leathanach na marbh san Irish Times 9 Deireadh Fómhair 2004. In Eas Géitinne, Co. Luimnigh, mar a raibh a athair Jack ina choimeádaí ar theach solais na Sionainne, a rugadh é ar 25 Meán Fómhair 1912 agus ann a bhí sé ar scoil ar dtús. Nuair a d’aistrigh an teaghlach go Dún Laoghaire bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa bhaile sin agus ansin i gColáiste na Carraige Duibhe. Teagasc na luathscríbhneoireachta agus na clóscríbhneoireachta an chéad phost aige. I 1944 cheap an Bord Cuartaíochta (ITB), comhlacht stáit nuabhunaithe, é mar chigire óstán; b’fhéidir gur chúnamh dó ina fhoirm iarratais go raibh sé ina bhall bunaidh den Óige i 1931.

Go nuige sin bhí cead ag gach duine óstán a thabhairt ar a theach aíochta. Bhí gá le caighdeán agus le rangú. B’éigin do Sheaghán, agus don triúr cigirí eile a bhí ceaptha, an tír a thaisteal in am sin na hÉigeandála nuair a bhí peitreal gann agus traenacha ag brath ar an móin mar bhreosla. 1,200 teach lóistín a bhí ag iarraidh clárú mar óstáin. Nuair a bhí an t-eiteachas tugtha do chuid mhaith díobh sin b’éigean tosú ansin ar an rangú, próiséas nach raibh i réim go 1947. I 1971 thuill Seaghán Gradam Fhear na Bliana i nGnó na Turasóireachta; ba é ba chionnsiocair le seifteanna mar laethanta saoire i dtithe feirme agus leis an roinn den ghnó a dtugtar ‘Town and Country Homes’ air.

Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ar feadh i bhfad, é tamall ina oifigeach i gCraobh an Chéitinnigh agus tamall eile ina chathaoirleach ar Chraobh na Carraige Duibhe. Bhí baint aige i 1952 le bunú Scoil Lorcáin, ceann de na chéad Ghaelscoileanna, agus bhí ina chathaoirleach ar choiste na scoile sin tamall. Bhí aithne air mar léachtóir i gcraobhacha den Réalt. Bhí sé ina leasuachtarán ar an Óige. Bhí sé pósta ar Shorcha Donnelly ó Nua-Eabhrac agus bhí iníon agus ceathrar mac acu. D’éag sé 23 Meán Fómhair 2004 i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara, mar a raibh cónaí ar an teaghlach le fada.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú