Is i measc lucht bailithe béaloidis is minice a luaitear é, ach bhí spéis mhór sa litríocht aige. B’fhéidir gur mhó an toradh a bhí ag an mbéaloideas ar a phrós ná ar dhéantús aon duine eile de scríbhneoirí a linne, an chuid díobh nár chainteoirí dúchais Gaeilge iad.

I gCoill an Bhogaigh, Goirtín i bparóiste Bhaile Mhic an Bhaird, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 13 Meán Fómhair 1880. Bhí naonúr clainne ag a athair Pádraig (bhí tamall caite aige i Meiriceá; d’éag sé in aois seachtó bliain dó 23 Feabhra 1912) agus a mháthair, Brigid Curley, agus ba é Seán an buachaill ba shine. Bhí siopa agus feirm bheag ag an lanúin. Breac-Ghaeltacht ba ea an ceantar ach ní raibh an teanga ag an máthair, cé go raibh cailín aimsire ó Ros Muc sa teach agus gan ach beagán den Bhéarla aici. Tar éis bunscolaíochta fuair Seán breis oideachais óna uncail ar mhúinteoir scoile in aice an Ghoirtín é. D’éirigh leis post státseirbhíse a fháil i Roinn loncam an Stáit, Teach Somerset, Londain.

I gConradh na Gaeilge thall dhéanadh sé freastal ar na ranganna agus d’éirigh sé cairdiúil le Micheál Breathnach agus Pádraic Ó Conaire. Tá cuid dá chuimhní ar Phádraic i gcló ag Tomás de Bhaldraithe in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn (1982). Is i Londain a ghlac sé mionn Bhráithreachas na Poblachta.

D’fhill sé abhaile 1908 agus bhí ina eagarthóir ar An Connachtach, iris nár mhair ach tamall gairid. Níos deireanaí an bhliain chéanna ceapadh é ina leaseagarthóir ar An Claidheamh Soluis agus ar ball ina eagarthóir i gcomharbacht ar an bPiarsach. ‘Mac Giolla an Átha’ an leagan dá shloinne a d’úsáideadh sé ag an am. Scríobhadh sé féin san iris faoi na hainmneacha ‘Maine’ agus ‘Tadhg Ó Ceallaigh’. San iris freisin a foilsíodh a chéaduair in 1913 Mac na mná déirce, aistriúchán ar The Shuiler’s child le Seamas O’Kelly a rinne sé féin agus Micheál Mac Ruaidhrí . D’fhoilsigh an Gúm é 1933.

Cheangail sé leis na hÓglaigh ach bhí sé i nGoirtín Seachtain na Cásca 1916. Bhí litir ag an gcruinniú den Choiste Gnó uaidh 9 Lúnasa 1917 á rá leo gur mhian leis éirí as eagarthóireacht An Claidheamh Soluis.

Bhí sé ina theachtaire ag Arm na Poblachta i rith Chogadh na Saoirse. Thosaigh sé ag freastal ar léachtaí an Incorporated Law Society. Bhí cead aige bheith ag tuilleamh a bheatha i rith an chúrsa bliana. Cháiligh sé mar aturnae 1920 agus thosaigh ag cleachtadh na ceirde seo i mBaile Átha an Rí.

Tá cuntas ag Criostóir Mac Aonghusa in Scéala Éireann 28 Feabhra 1970 ar an gcaoi ar roghnaíodh é mar bhreitheamh sna cúirteanna poblachtacha i gConamara. Cúntóir ag Aibhistín de Staic, a bhí ag feidhmiú mar Aire Gnóthaí Baile, ba ea Seoirse Mac Niocaill (an Seoirse ba dheartháir le hEibhlín) agus d’fhiafraigh seisean de Phádraic Ó Domhnalláin i Sráid Uí Chonaill lá cé a chuirfí siar. Insíonn Mac Aonghusa scéalta i dtaobh an chaoi a stiúradh Seán na cúirteanna a bhí faoina chúram tar éis gur ceapadh ina bhreitheamh dúiche é 1925. Ba mhinic duine dá lucht aitheantais féin á chúiseamh agus ba mhinic a d’íocadh sé an fhíneáil má shíl sé an duine a bheith róbhocht. Tá a ainm luaite i leagan den amhrán ‘Oakum an Phríosúin’. Chuaigh sé ar pinsean 1950 agus thosaigh ag cleachtadh ceird an aturnae arís. Bhí se pósta ar Thríona Ní Fhearáin. B’as Machaire Fíolta di agus bhí deirfiúr léi pósta ar an Dr Séamus Ó Ceallaigh. Bhí sí síolraithe go díreach ó Neilí Óg Ní Cheallaigh an amhráin (in Dhá chéad de cheoltaibh Uladh). Bhí cónaí orthu i nGaillimh agus triúr mac acu. D’éag Seán 28 Eanáir 1970. Bhronn Ollscoil na hÉireann LL.D. air in 1959 i ngeall ar a raibh d’obair an bhéaloideas a bhailiú déanta aige.

Thapaíodh sé an deis a thug obair na gcúirteanna dó chun scéalta agus seanchas a bhailiú. Ba iad na bailiúcháin ab iomráití dá ndearna sé Peadar Chois Fhairrge (1934), ábhar a thóg sé ó Pheadar Mac Thuathaláin (d’éag 1930), agus Loinnir mac Leabhar agus sgéalta gaiscidh eile (1936), a scríobh sé síos ó Sheán Ó Briain, Micheál Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, agus Seán Mac Con Rí, agus Annála beaga ó Iorras Aithneach (1941). Ba é Mac Giollarnáth a chuir Seán Ó Briain in aithne don scoláire Séamus Ó Duilearga agus dúirt seisean ina thaobh: ‘He was the finest storyteller I have ever known’ (Irish folk tales collected by Jeremiah Curtin, 1943).

Bhí spéis ar leith aige i seanchas a bhain le héin agus le hainmhithe. Scríobh sé Saoghal éanacha (1925), agus Féilire na nÉan (1940). D’aistrigh sé Birdland le Oliver G. Pike faoin teideal Ríoghacht na nÉan (1935), agus The seashore le J. H. Kelman agus Rev. T. Wood (Cladach na fairrge, 1947). Thug sé liosta d’fhocail a bhain le héin don Duinníneach.

Is é Mo dhúthaigh fhiáin (1949) an sampla is fearr den chaoi ealaíonta a ndéanadh sé eolas faoin dúlra, an béaloideas, agus a fhealsúnacht féin a fhí le chéile i bprós simplí nádúrtha. Bhuaigh an leabhar sin Duais an Chraoibhín agus déanann Proinsias Mac Cana cur síos ar a cháilíochtaí in Comhar, Iúil 1950.

Scríobh Seán i mBéarla Patrick H. Pearse, a sketch of his life, c.1917 – bhí tamall caite aige ag múineadh i Scoil Éanna – agus Conamara (1954), leabhrán do Chomhar Chultúra Éireann. Leabhar do pháisti is ea Fí-fá-fum (1931). D’aistrigh sé Emil und die detektive le Erich Kastner faoin teideal Emil agus na lorgairí (1938). D’fhoilsigh an Gúm Éirghe na gealaighe, a aistriúchán ar dhráma an Bhantiarna Gregory in 1935; in aon cheangal leis tá Rogha Ruaidhrí, aistriúchán ar Rory wins le Seamus MacManus.

Ag Risteárd Ó Glaisne in Ceannródaithe: tuairisc iriseora (1974) atá an cur síos is cuimsithí ina thaobh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú