Sa Bhaile Thíos, Fochaill, Leacain, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é. Seoirse ab ainm dá athair. Fuair seisean gabháltas beag talaimh mar spré lena bhean Neansaí Cúipéar. Bean iontach láidir ba ea í. Chun geall a bhuachaint dá hathair d’iompair sí mála 37 cloch mheáchain breis agus 100 slat. ‘Baineadh casadh aisti agus staon sí agus fhobair gur briseadh caol a droma. Ní bhfuair sí aon lá sláinte ón lá sin go lá a báis’. Insíonn Micheál an eachtra sin in Le linn m’óige (1944), cuimhní a dheachtaigh sé dá iníon Bríd (Bean Uí Mhaoltuile).

Tá cuntas ann freisin ar a shinsir agus ar an gcaoi ar chaill muintir a athar a gcuid talaimh 100 bliain sular rugadh é féin. Níor fhéad sé dearmad a dhéanamh air. ‘Tá an Mhéarthóg ag éileamh cuid de thalamh Chlann Ruaidhrí le dhá fhichid bliain ach ní bhfuair sé go fóill é. Níl rialtas dá raibh ann ó tháinig sé in aois fir nár iarr sé orthu é ach ba saothar in aisce dó é’. Bhí de shásamh aige gabháltas beag a cheannach.

Níor chaith sé ach tamall gairid ar scoil. Thug sé cúl don scoil nuair nach raibh ag éirí leis litreacha na haibítre a fheiceáil. Dar leis gurbh é sin an fáth go raibh labhairt na Gaeilge chomh maith sin aige. In áit bheith sa rang bhíodh sé i gcomhluadar na seandaoine. ‘Dá bhfágadh Dia an radharc agam bheinn chomh dona le cách ...’. Ach bhí daoine nár mhaith dó nach raibh léamh agus scríobh aige. Cuireadh an chuid seo de mhiontuairiscí Choiste na bhFoilseachán den Chonradh i gcló in An Duinníneach. Baineann sé le cruinniú 8 Deireadh Fómhair 1903. Bhí litir ón Athair Ó Duinnín os a gcomhair. ‘Mheas seisean nár chiallmhar in aon chor an aiste [ar Aodh Ó Néill] a fhoilsiú fhad is bheadh sé de chlú ar an údar nach raibh léamh ná scríobh aige, agus ba é a thuairim gur cheart don Chonradh bheith sásta i dtosach fá cé acu a bhí sin fíor nó nach raibh. Pléadh an scéal go teasaí ach tar éis don Laoideach a rá gurbh eol dó féin go pearsanta go raibh Mag Ruaidhrí in ann an Béarla a léamh agus a scríobh, dúirt siad siúd a bhí in aghaidh fhoilsiú na haiste go rabhadar sásta agus tugadh treoir don Laoideach dul ar aghaidh leis an saothar’. I Scoil Éanna a bhí cónaí air nuair a bhí Daonáireamh 1911 á dhéanamh. Cuireadh síos go glansoiléir: ‘Can read and write Irish’.

Ní fios cathain a tháinig sé chun cónaithe i mBaile Átha Cliath. Thabharfá leat as Eoin Mac Neill: scholar and man of action (1980) le Michael Tierney go raibh sé sa chathair i mblianta tosaigh Chonradh na Gaeilge. Thugadh sé cuairt ar Mhac Néill agus scríobhadh seisean síos ábhar uaidh. ‘The greatest seanchaí of our time’ a thug Mac Néill air. In 1898, dar le Muiris Ó Droighneáin, a foilsíodh An fiaclóir. Craobh na Carraige Duibhe a d’fhoilsigh agus is é an teideal iomlán: The dentist/An fiaclóir; a little dramatic piece delivered to the boys of the Gaelic League, Blackrock by John Cannon and Michael Rogers. Bhí post garraíodóra aige i Stradbrook Hall in aice na Carraige Duibhe.

Fuair sé duais Oireachtais ar chnuasach seanfhocal in 1901. Foilsíodh Beatha Aodha Uí Néill, an aiste dár thagair an Duinníneach, in 1903. Uilliam Soirtéal a scríobh síos uaidh é agus bhain sé feidhm as an ainm cleite ‘Nochtadh na Fírinne’. ‘Méarthóg Ghoill’ ba ghnách aige ina dhiaidh sin. Foilsíodh Bréaga Éireann (1906), Éan an cheoil bhinn (1908) agus Lúb na caillighe (1910). Foilsíodh Mac mic iasgaire bhuidhe Luimnighe in 1909. Seosamh Laoide a scríobh an brollach agus tá searbhas le brath, b’fhéidir, ar an gcaoi a gcuireann sé síos ar Mhicheál: ‘an file as Conndae Mhuigheo (dar leis féin)’. I gcomhar le Seán Mac Giollarnáth d’aistrigh sé The shuiler’s child le Séamus O’Kelly mar Mac na mná déirce (1933). Is inspéise gur dúradh in Scéala Éireann nuair a cailleadh é: ‘To Douglas Hyde he was known as “The Mayo Poet” because of the musical quality of his Irish’. Tá samplaí dá fhilíocht in Le linn m’óige. Ach chosain an Laoideach Micheál orthu sin a deireadh go gcumadh sé cuid mhór de na focail neamhchoitianta a bhíodh aige.

Bhí cáil na hóráidíochta air. Bhuaigh sé seacht mbonn óir ar óráidíocht agus seanchas. Ach smaointe smolchaite a nochtadh sé sna hóráidí. Ba chuimhin le Seán T. Ó Ceallaigh ardfheiseannna á bhfágáil ag Muimhnigh mhímhúinte áirithe a luaithe a sheasadh Micheál chun labhartha.

‘Tá an “Mhearthóg” d’easpa oibre faoi láthair, agus ba mhaith leis dá gcuireadh fíor-Ghael aimsir air mar gharraíodóir go luath. Micheál Mhag Ruaidhrí, an Bothán Gaelach, Carraig Bhreanndáin, Co. Bhaile Átha Cliath’ (fógra in An Claidheamh Soluis 8 Lúnasa 1908). Ó 1908 amach bhí sé ag obair i Scoil Éanna mar gharraíodóir. Sa réamhrá a scríobh sé do Le linn m’óige tá cur síos ag Deasún Ó Riain ar imeachtaí Mhichíl sa scoil. Ba é seanchaí na scoile é agus thugadh sé léachtaí i dtaobh garraíodóireachta. Bhaineadh na scoláirí spraoi as a úlla a ghoid. ‘An bhéic uafásach a chuireadh sé as nuair a d’fheiceadh sé gasúr i mbradáil! A dhorn in airde aige agus é ar thóir an bhithiúnaigh óig.... “Macaí” an t-ainm a bhí acu air’.

Tá cuntas ag an Rianach freisin ar aitheasc Fíníneach a thug Micheál uaidh tar éis don Cheannfort John MacBride léacht a thabhairt sa scoil i dtaobh Chogadh na mBórach. ‘Is mór a chuaigh caint Mhichíl an oíche sin i gcion ar na buachaillí’.

Deireadh an Piarsach go raibh dhá Mhicheál ann: fear borb garbh nárbh fhiú éisteacht leis ba ea Micheál an Bhéarla; ach fear eile ar fad ba ea Micheál ag Gaeilgeoireacht, é dea-mhúinte, ríúil, cneasta, gealgháireach, é in ann stair nó scéal a ríomh nó píosa grinn a dhéanamh le sult dá chomharsa. Chomhairligh sé don Phiarsach gan bacadh le cúnamh ón iasacht in aon éirí amach a dhéanfaí. Luan Cásca 1916, bíodh gurbh fhear meánaosta pósta é agus iníon óg aige, shiúil sé isteach le hÓglaigh Ráth Fearnáin go dtí Halla na Saoirse, a ghunna ar a ghualainn. In Ardoifig an Phoist ar an Máirt d’áitigh an Piarsach air litir a thabhairt abhaile go Ráth Fearnáin. Gabhadh é san Hermitage i ndiaidh an Éirí Amach. Tugadh go dtí Beairic Richmond é agus as sin go dtí Beairic Coinneála Stafford.

Chuaigh sé i mbun garraíodóireachta i Scoil Éanna arís nuair a scaoileadh saor é. Bhí cónaí air féin, a bhean Éilís de Bhailís agus a n-iníon Bríd i dteach an gheata mhóir. B’as an gCnoc Mór idir Béal an Átha agus Béal Easa d’Éilís. I rang a bhí ag Micheál i mBaile Átha Cliath a casadh ar a chéile iad. Phós siad in 1911. Rugadh Bríd in 1912.

Bhíodh rang aige san Ard-Chraobh anuas go dtí sé mhí roimh a bhás. ‘Ba mhaith é mar mhúinteoir agus ní thuirseodh sé de bheith ag bronnadh orainn “abairt bheag deas eile—níl sé sna leabharthaí”. Bhí lear mór scéalta aige’, a dúirt Proinsias Mac an Bheatha, duine den lucht foghlama (Inniu, 20 Samhain 1959). D’éag Micheál ar 31 Bealtaine 1936 agus tá sé curtha í nGlas Naíon. Cúpla lá i ndiaidh a bháis tháinig scéal sa phost go mbeadh pinsean seirbhíse míleata le fáil aige.

An rud a dúirt Liam P. Ó Riain faoi in The Pope’s green island d’oirfeadh sé mar fheartlaoi: ‘In the mind’s eye of everyone who knows much of Gaelic Ireland, Mr Pearse’s chief gardener, Micheál Mag Ruaidhrí, is a very vivid and racy personage. He overflows with character.... No one who takes grave and formal views of life would understand Micheál Mag Ruaidhri’s place in Ireland. There is a flavour of wild earth and antique saga about him’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú