MAG RUAIDHRÍ, Patsaí Dan (1944–2018)
Le caoinchead ó Sylvie Bargain

Rugadh Patsaí Dan Mag Ruaidhrí in Otharlann Naomh Anna, Baile Átha Cliath, ar an 12 Márta 1944 agus baisteadh in Eaglais Naomh Aindriú é sa chathair chéanna. Patsaí Dan Mag Ruaidhrí (nó Pasty Dan Mac Ruairí, agus fiú Patsy Dan Rodgers) an t-ainm agus an sloinne atá i mbéal an phobail ach Pádraig Mac Ionrachtaigh (nó Patrick Joseph Enright) a ainm ceart baiste, bíodh is nach bhfuil teacht ar a theastas breithe.

Tugadh isteach go hOileán Thoraí ar altramas é sa bhliain 1948 agus é ceithre bliana d’aois. Ba iad an lánúin Dónall Mag Ruaidhrí (Dan Rodgers) agus a chéile, Bríd – Bríd Ní Fhuaraisce sular pósadh í – na tuismitheoirí uchtála a bhí aige. Mar chomhartha ar an ghlacadh a bhí le Patsaí ar an oileán tugadh ‘Patsaí Dan’ air amhail is gur mhac le Dan Rodgers a bhí ann – agus athraíodh a shloinne go hoifigiúil ó Enright go Mag Ruaidhrí/Rodgers, nuair a bhí Patsaí ceithre bliana déag d’aois.

Ní raibh aon chuimhne ag Patsaí ar shaol a óige ar tír mór sular tugadh isteach go Toraigh é ach is cuimhin leis Gaeilge a fhoghlaim i ndiaidh é teacht go Toraigh mar ba í Gaeilge teanga an tí agus gnáth-theanga an oileáin. Bhí agus tá traidisiún na scéalaíochta, amhránaíochta agus damhsa an-láidir i dToraigh. D’fhéadfaí a rá go raibh Patsaí ar maos sa chultúr sin agus bhí clú tuillte aige mar bhocsadóir ceoil – ceird a d’fhoghlaim sé ón oileánach Pól Mag Ruairí.

Fuair sé cibé scolaíocht a bhí aige ar Scoil Cholm Cille ar an oileán, ó cheithre bliana go leith go ceithre bliana déag. Iascaireacht agus minfheirmeoireacht an tslí bheatha a bhí ag Dónall Mag Ruaidhrí agus chuaigh Patsaí ag obair lena athair ar fhágáil na scoile dó. Cé nach raibh amharc na súl rómhaith ag Dónall, chaith sé cúpla séasúr ag obair in Albain, nós a bhí coitianta ag fir Thoraí sna laethanta úd, ach nós ar tháinig deireadh leis faoin am a raibh Patsaí Dan in aois stócaigh. Rinne Dónall roinnt curach agus chaith sé féin agus Patsaí blianta fada ag iascaireacht i gcuideachta a chéile.

Ó 1958 ar aghaidh, thugadh an t-ealaíontóir Sasanach Derek Hill (1916–2000) cuairteanna bliantúla ar Thoraigh. Le linn na gcuairteanna sin, spreag sé agus thug chun cinn glúin úr de phéintéirí óga. ‘Scoil Phéintéireachta Thoraí’ a tugadh ar an ghluaiseacht sin agus bhí Patsaí Dan go mór chun tosaigh inti ó na 1960idí i leith. Níl aon amhras ná gur thuill a bhua mar ealaíontóir agus a dhlúthchairdeas le Derek Hill cáil do Phatsaí Dan. Tig cairde eile de chuid Thoraí a lua cosúil le Lord Hugh Douglas Hamilton (1946–95) nó an Meiriceánach Dorothy Harrison Therman, údar Stories from Tory (1989). Eagraíodh taispeántais do phéintéirí Thoraí i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath, Dún Éideann agus Páras. Thaistil Patsaí go dtí na dánlanna sin i gcuideachta na cuideachta ach nuair a socraíodh taispeántas i Meiriceá do Phéintéirí Thoraí dúirt Dan Rodgers go raibh sé ag éileamh agus b’éigean do Phatsaí fanacht sa bhaile. Idir sin agus deireadh a shaoil, bhí an ealaín mar chuid thábhachtach d’ioncam Phatsaí, go háirithe ó 1993 i leith nuair a rinneadh Rí de, rud a chuir lena chlú go mór.

Olc is mar a bhí infreastruchtúr na Gaeltachta le linn an 20ú céad, bhí Toraigh in áit na leathphingine go háirithe. Bhí sé ar cheann de na háiteanna deireanacha a fuair leictreachas agus ní raibh seirbhís rialta bád farantóireachta ann. Bhí baol ann go dtiocfadh deireadh ar fad le lonnú daonna ann le linn na 1970idí. Idir 1974 agus 1980, cuir i gcás, tugadh iomlán mhuintir Inis Bó Finne amach go tír mór agus d’imigh 50% de bhunadh Thoraí go tithe Comhairle Contae ar an Fhál Charrach. Ag an am chorrach úd, d’fheidhmigh Patsaí agus baicle eile mar ghníomhairí agus urlabhraithe pobail, agus iad ag iarraidh go bhfanfadh daoine ar an oileán agus go gcuirfí níos mó seirbhísí agus acmhainní ar fáil ann. Ba mhinic i mbun agóide agus agallamh raidió agus teilifíse Patsaí san am, chomh maith le daoine eile cosúil leis an Athair Diarmaid Ó Péicín (1917–2008), Íosagánach as Baile Átha Cliath a tháinig go Toraigh sa bhliain 1979 agus a chuaigh i mbun feachtasaíochta fosta le feabhas a éileamh ar na húdaráis rialtais do shaol agus chaighdeán maireachtála na n-oileánach.

Maireann seantraidisiún ársa an Rí i dToraigh i dtólamh agus in 1993 rinneadh Rí de Phatsaí Dan. Bhí Rí ann roimh Phatsaí, Pádraig Óg Mag Ruairí (athair Phóil Mhig Ruairí, an bocsadóir ceoil). Ba é Pól a bhí i dteideal a bheith ina Rí i ndiaidh bhás Phádraig Óig, ach ní raibh Pól ag iarraidh an ról a ghlacadh agus d’iarr sé ar Phatsaí Dan seasamh isteach ina áit. Dúirt Patsaí nach nglacfadh sé leis an ról gan tacaíocht an phobail. Eagraíodh cruinniú idir na hoileánaigh agus toghadh Patsaí mar Rí. Teideal oinigh a bhí ann ach ghlac Patsaí go fonnmhar leis an teideal agus sna blianta a lean, d’imíodh sé síos chun na cé le fáilte a chur roimh na turasóirí a thagadh isteach ar cuairt go Toraigh. Idir a róil mar Rí, mar cheoltóir, mar ealaíontóir agus mar agóidí bhain sé aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta amach dó féin.

Bíodh go raibh labhairt na Gaeilge ar a thoil ag Patsaí Dan, ní raibh scríobh na Gaeilge aige agus chuir sin isteach air. Sa bhliain 2013 d’fhiafraigh sé de chara leis, A.J. Hughes (Léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Béal Feirste), cuidiú leis scéal a bheatha a chur ar pár. Sna cúig bliana a lean chuireadh Hughes agallaimh rialta ar Phatsaí Dan faoina shaol pearsanta féin agus faoi shaol an oileáin chomh maith leis an seanchas agus na traidisiúin a bhain le Toraigh. Tháinig an leabhar amach in 2018: Rí Thoraí: Ó chathair go creig/The King of Tory from city to crag. D’éirigh Patsaí Dan tinn le linn an leabhar a bheith á chur le chéile ach bhí bród air go bhfaca sé scéal a bheatha i gcló. Bhuail tinneas é in 2017 agus chuaigh an ailse chun olcais. Cailleadh Patsaí i nDeireadh Fómhair 2018 in Otharlann an Mater, Baile Átha Cliath agus a theaghlach cruinn thart air. Tugadh a chorp chun an bhaile go Toraigh agus cuireadh ar a oileán dílis é.

I measc na ngradam a bronnadh air, bhí an Proclamation of the City of New York (1992); Máistreacht Oinigh sa Cheol ó Ollscoil Uladh, Coláiste Mhig Aoidh, Doire (1992); agus Gradam Mhic Ádhaimh, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste (2017).

Phós sé Caitlín Bean Mhig Ruaidhrí (née Ní Dhubhchain) ar an 8 Feabhra 1977 agus bhí ceathrar clainne acu: Breda, Majella, Seán agus Christina.

Rinne sé roinnt iarrachtaí agus é ina fhear óg eolas a lorg faoina mháthair bhreithe agus thug cuairt ar Bhaile Átha Cliath ach ní bhfuair aon eolas riamh cérbh í. ‘Dá mbeinnse i mo mhac ag Teachta Dála nó ag Aire de chuid Dháil Éireann nó ag Senator ní bheinn i bhfad go bhfaighinn amach mo chúlra ach, ar an drochuair, níl. Gheobhainn amach gasta go maith an raibh m’athair agus mo mháthair beo nó caidé iad, ach ní sin mar atá!’ (Rí Thoraí, lch 46). Ba phianmhar leis, mar a bheifí ag súil, an easpa eolais sin. Ach ina ainneoin sin bhí sé breá sásta lena shaol agus a thógáil ar Thoraigh, oileán a chroí is a anama agus mar a bhfuil a leaba cré anois:

Tá mé fíorbhuíoch do phobal an oileáin agus go bhfuil mé ó chroí amach sásta go dtáinig mé go dtí an t-oileán, gur tugadh go dtí an t-oileán mé. Go fíorspeisialta go bhfuil mé ag tabhairt míle buíochas do m’athair agus do mo mháthair (atá ar shlí na fírinne anois) agus a thug iarraidh fear maith a dhéanamh domh agus a d’fhág dílis mé don oileán agus do phobal an oileáin. Bhéarfaidh mé míle buíochas do phobal Thoraí as ucht a bheith chomh cineálta liom agus chomh cairdiúil liom agus go dtug siad aitheantas dom a bheith i mo Rí ar Oileán Thoraí. (Rí Thoraí, lch 342)

A.J. Hughes

Leabhair

  • Hughes, A.J.[eagarthóir, aistritheoir] (2018) Rí Thóraí: ó Chathair go Creig – Patsaí Dan Mag Ruaidhrí/The King of Tory: from City to Crag – Patsy Dan Rodgers. Béal Feirste: Ben Madigan Press.