Bhain sé le réanna den phrós Gaeilge a bhí an-difriúil le chéile: bhuaigh sé duais Oireachtais ar ghearrscéal 1913, agus tháinig a leabhar deiridh amach 1975. Bhí sé ar na scríbhneoirí Gaeltachta ba dhíograisí a bhí ag féachaint le hábhar a chur ar fáil do dhaoine ar chaitheamh aimsire amháin acu an léitheoireacht. Ag an am céanna bhí Pádraic Óg in ann áilleacht agus fiántas na gceantar Gaeltachta a chur in iúl le friotal a mothódh an léitheoir boladh an tsáile agus na feamainne ann. Feiceann Micheál Ó Conghaile difriochtaí an-mhóra (Conamara agus Árainn 1880–1980: gnéithe den stair shóisialta, 1988) idir Ceol na ngiolcach (1939) agus Déirc an díomhaointis (1972) mar phictiúir den saol thiar. Thuigfeá ó thráchtas Uí Chonghaile gur foinse shaibhir fhianaise i dtaobh ghnéithe den saol sin is ea saothar Phádraic Óig.

Sa Turlach Beag, Ros Muc, Co. na Gaillimhe a rugadh é 11 Márta 1893. Pádraic a bhí ar a athair agus ba í Nan Ní Fhéinneadha a mháthair. Bhí aon deirfiúr amháin aige. Má bhí gaol aige le Pádraic Ó Conaire (1882–1928) ba ghaol i bhfad amach é. Ó Maolchonaire an leagan den sloinne a d’úsáideadh seanathair Phádraic Óig agus de réir sheanchas na clainne is anoir a tháinig muintir Uí Mhaolchonaire go Ros Muc sa tseanaimsir, nó anoir aneas, b’fhéidir, ó oirthear an Chláir.

I Ros Muc a fuair Pádraic bunscolaíocht agus bhí sé ar na daltaí ba thúisce a d’fhreastail ar Scoil Éanna, Ráth Fearnáin: chuaigh sé isteach ann 7 Deireadh Fómhair 1908. Fuair sé scoláireacht le dul ann. Dúirt sé le Inniu 3 Samhain 1958 gur bhuail an Piarsach é uair faoi gur ghoid sé canta den cháca milis a bhí á choinneáil do chuairteoirí!

Bhí sé ar an gcéad duine riamh i ról Sheana-Mhaitiais nuair a chuir buachaillí Scoil Éanna dráma Iosagán ar siúl in Amharclann na Mainistreach. Fuair sé teastas múinteora i gColáiste Laighean samhradh 1910 agus é ina dhalta i Scoil Éanna go fóill. Rinne sé cúrsa oiliúna i gColáiste Chonnacht sa Spidéal 1911.

Ó Dheireadh Fómhair 1910 ar aghaidh bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil. Go 31 Iúil 1911 is i gCill Scíre, Co. Thír Eoghain, a bhí sé. Cuireadh an dlí air i dTríleac mar gheall ar bheith ag rothaíocht gan solas. D’fhág sé an chúirt agus gan focal Béarla labhartha aige. Um Shamhain na bliana sin ceapadh é ina mhúinteoir taistil in Iorras in áit Choilm Uí Ghaora. Béal an Átha an seoladh a bhí lena ainm nuair a bhuaigh sé an chéad duais ag Oireachtas 1913. I nGaillimh a bhí sé ar feadh cuid den tréimhse 1911–17.

Ceapadh é ina mhúinteoir taistil i dtuaisceart Uíbh Fhailí i nDeireadh Fómhair 1917. Cúpla mí ina dhiaidh sin tuairiscíodh go raibh 16 rang aige in aghaidh na seachtaine i Suí an Róin, Biorra, Beannchar. Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 26 Eanáir 1918: ‘King’s County Independent contains the first instalment of an interesting and well-written novel of present day life in Ireland by Pádraic Óg Ó Conaire, the organiser of Offaly’. I Meán Fómhair na bliana sin ceapadh é ar bhuanfhoireann Choiste Teagaisc Teicniúil Chontae Uíbh Fhailí Thuaidh, an chéad uair b’fhéidir ag múinteoir taistil post a fháil ó údarás áitiúil i gceantar tuaithe. Ó 1920 go 1924 bhí post den chinéal céanna aige i gCill Dara agus ó 1926 go 1931 bhí sé fostaithe ag Comhairle Contae Luimnigh. Bhí cúrsai Gaeilge á reáchtáil aige i Ros Muc idir 1925 agus 1928 agus Colm Ó Gaora agus Criostóir Mac Aonghusa páirteach iontu.

Chaith sé scór bliain ina mhúinteoir Gaeilge agus thaistil cuid mhaith den tír ar a rothar. B’fhéidir gurbh fhearr chun na hoibre é ná cuid dá chomhghleacaithe: fear mór liathróide láimhe agus caitheamh meáchan ba ea é ina óige. Bhí sé tugtha don rothaíocht agus don fhoghlaeireacht mar chaithimh aimsire. Ní chaitheadh sé tobac ná ní óladh sé, cé gur bhreá leis comhluadar an tí tábhairne.

In 1913 chuir Seán T.Ó Ceallaigh faoi mhionn Bhráithreachas na Poblachta é agus ghlac sé páirt i gCogadh na Saoirse. Thug sé teachtaireacht ó Sheán Mac Diarmada go Béal Easa roimh Éirí Amach 1916.

Bhí sé ina ollamh i gColáiste an Spidéil ar feadh naoi mbliana déag. Ó 1931 go 1958 bhí sé ina aistritheoir sinsearach i dTeach Laighean. Nuair ba é polasaí Radio Éireann féachaint lena ceart a thabhairt do gach príomhchanúint, ba é Pádraic a scríobhadh agus a léadh téacs na nuachta thar ceann na gConnachtach, cé go raibh sé féin ar son an chaighdeáin nua. Ghlacadh sé páirt freisin sa chlár 'Conas a déarfá?' ar cuireadh tús leis 1947.

Bhí sé tamall ar choiste Chumann na bPiarsach agus bhí baint aige le bunú na hiarsmalainne i Ros Muc. D’eagraíodh sé oilithreacht bhliantúil go dtí é. Oilithreacht eile a rinne sé ar feadh dhá scór bliain ba ea Turas na Cruaiche. D’iompair sé lasta de chadhnraí suas go dtí an mullach nuair a bhí an chéad chraoladh á dhéanamh. Seachtain nó mar sin roimh a bhás dhreap sé an sliabh mar ba ghnách leis.

Ba iad na bunleabhair a scríobh sé: Mian a croi (1922); An fraoch bán (1922); Solus an ghrádha [1923]; Cóilín Ó Cuanaigh (1923); Anam an pháiste (1924); Cara an mhic léighinn (1924); Seoid ón iarthar órdha (1924); Draoidheacht na fairrge (1927); Droichead na Gaedhilge (1927) (le T. Ó hEighneacháin); Éan cuideáin (1936); Ceol na ngiolcach (1939); Athaoibhneas (1959); Fuine gréine (1967); Déirc an díomhaointis (1972); Liam Ó Maolruanaidh (1975). Bhuaigh sé an chéad duais ag Aonach Tailteann 1924 le Seoid ón iarthar órdha.

Aistriúcháin leis is ea: Bean an fheilméara (1936) (ar dhráma le Eden Philpotts): Ór Spáinneach (1938) (Spanish Gold, le G.A. Birmingham); Lá samhraidh (1938) (Summer’s day, dráma le Maura Molloy); An Tiarna Eadbhard (1944) (Lord Edward, dráma le Christine Longford); An t-éan príosúin (1944) (The jailbird le George Shiels); An Choróinn v. an Ceallach (1953) (Trial at Green Street Courthouse, dráma le Roger McHugh); Seanchas na hóige (1955) (ar leabhar le M.P. O’Connor). Chuir sé eagar ar Le linn m’óige (1944) le Micheál Mac Ruaidhrí. Chumadh sé filíocht. Bhí comórtas filíochta ar siúl nuair a bhíothas ag oscailt an Ghairdín Cuimhneacháin i gCearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath, agus bhuaigh sé an dara duais.

Phós sé Anastasia O’Connell ó Chluain Átha Buí, Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo 1913 agus bhí triúr mac acu, agus iníon a fuair bás go hóg. Múinteoir ba ea Anastasia i mBéal Átha na Muice agus is ann a bhí a mbuanseoladh acu go dtí gur shocraigh Pádraic síos i bpost úd an aistritheora i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ag iascach lena mhac Piaras i ngleoiteog i gCuan Chasla nuair a tháinig tinneas a bháis air agus d’éag sé 5 Lúnasa 1971. Tá sé curtha i mBéal Átha na Muice.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú