Tá cuntas ar an scríobhaí seo, ar shagart é, in Scríobhaithe Chorcaí 1700–1850, 1982 le Breandán Ó Conchúir. In The Celebrated Antiquary..., 1996 cuireann Nollaig Ó Muraíle fainic orainn gan é a ionannú le John Conry, ársaitheoir, ar de mhuintir Mhaoil Chonaire i gConnachta é, b’fhéidir, agus ar beag an t-eolas pearsanta atá ar fáil ina thaobh. ‘The precise identity of John Conry has been the subject of a good deal of misunderstanding over the past century and more: he has, for example, been confused with a priest of the diocese of Cloyne, John Conry or Connery, who was also an Irish scholar and scribe later in the century...’. Deir Ó Conchúir gur ‘Connery’ an fhoirm sa Bhéarla a d’úsaideadh an Conaireach s’againne.

D’aimsígh Ó Conchúir fógra báis Uí Chonaire ar an Cork Hibernia Chronicle 8 lúil 1773: ‘Died a few days ago at Cloyne, most deservedly lamented, the Rev. John Connery, a clergyman of the Church of Rome, and an honorary member of the Society of Antiquarians.’ Baineann an t-údar sin an t-eolas seo a leanas as saothar Uí Chonaire féin: go raibh sé ag gabháil d’obair na lámhscríbhinní i rith 1757–70 agus ag aistriú seanmóirí ón bhFraincis i rith 1766–70; go raibh sé i gCluain Uamha, Co. Chorcaí, i 1757 agus ansiúd arís agus i mBaile an Toireadh i 1761, mar a raibh a phátrún an tEaspag Seán Ó Briain ag cur faoi, san Fhrainc i 1765 agus i 1771 i bPáras. Toghadh ina bhall de Choiste na nÁrsaitheoirí, Cumann Bhaíle Átha Cliath, é i 1773, coiste a bhunaigh Charles Vallancey. Cheannaigh an coiste sin roinnt dá lámhscríbhinní. Tá liosta a shaothair ag Ó Conchúir. Deir Proinsias Mac Cana (Collège Irlandais Paris and Irish Studies, 2001) go raibh sé féin agus Michéal mac Pheadair Ó Longáin ar an mbeirt ba mhó a chabhraigh leis an Easpag Ó Briain chun a fhoclóir a scríobh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú