Ó CONAIRE, Seán (c.1739–1773) Seán Ó CONAIRE c.1739 1773 Cluain, Co. Chorcaí M scríbhneoir aistritheoir sagart scríobhaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas ar an scríobhaí seo, ar shagart é, in Scríobhaithe Chorcaí 1700–1850, 1982 le Breandán Ó Conchúir. In The Celebrated Antiquary..., 1996 cuireann Nollaig Ó Muraíle fainic orainn gan é a ionannú le John Conry, ársaitheoir, ar de mhuintir Mhaoil Chonaire i gConnachta é, b’fhéidir, agus ar beag an t-eolas pearsanta atá ar fáil ina thaobh. ‘The precise identity of John Conry has been the subject of a good deal of misunderstanding over the past century and more: he has, for example, been confused with a priest of the diocese of Cloyne, John Conry or Connery, who was also an Irish scholar and scribe later in the century...’. Deir Ó Conchúir gur ‘Connery’ an fhoirm sa Bhéarla a d’úsaideadh an Conaireach s’againne.

D’aimsígh Ó Conchúir fógra báis Uí Chonaire ar an Cork Hibernia Chronicle 8 lúil 1773: ‘Died a few days ago at Cloyne, most deservedly lamented, the Rev. John Connery, a clergyman of the Church of Rome, and an honorary member of the Society of Antiquarians.’ Baineann an t-údar sin an t-eolas seo a leanas as saothar Uí Chonaire féin: go raibh sé ag gabháil d’obair na lámhscríbhinní i rith 1757–70 agus ag aistriú seanmóirí ón bhFraincis i rith 1766–70; go raibh sé i gCluain Uamha, Co. Chorcaí, i 1757 agus ansiúd arís agus i mBaile an Toireadh i 1761, mar a raibh a phátrún an tEaspag Seán Ó Briain[q.v.] ag cur faoi, san Fhrainc i 1765 agus i 1771 i bPáras. Toghadh ina bhall de Choiste na nÁrsaitheoirí, Cumann Bhaíle Átha Cliath, é i 1773, coiste a bhunaigh Charles Vallancey[B6]. Cheannaigh an coiste sin roinnt dá lámhscríbhinní. Tá liosta a shaothair ag Ó Conchúir. Deir Proinsias Mac Cana (Collège Irlandais Paris and Irish Studies, 2001) go raibh sé féin agus Michéal mac Pheadair Ó Longáin ar an mbeirt ba mhó a chabhraigh leis an Easpag Ó Briain chun a fhoclóir a scríobh.