Ba gheall le pearsa fhinnscéalach an t-amhránaí seo, d’insítí an oiread sin dá eachtraí; bhí a dhealramh ag teacht lena chlú agus tosaíodh ar ‘007’ a thabhairt air i ngeall ar Sheán Connery a bheith i bpáirt James Bond. Ba dhuine é go háirithe de charachtair Oireachtas na Gaeilge. Tá roinnt eolais ag Breandán Breathnach ina thaobh, mar aon le beagán dá amhráin, in Ceol, Aibreán 1968. Tá cuntas cuimsitheach iarbháis ag Liam Mac Con Iomaire san iris Pléaráca 92 (‘Seán Chóilín Ó Conaire [1913-1991]’). Ar an Turlach i gceantar Ros Muc, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 28 Eanáir 1913. Ba iad Cóilín Ó Conaire, feirmeoir, agus Áine Seoighe a thuismitheoirí. ‘Bhí a athair agus a mháthair “luchtaithe le hamhráin”, mar a deireadh sé féin, agus cé go raibh fonnadóirí maithe go flúirseach ina thimpeall i Ros Muc deireadh sé go mba é Pateen Chóil Shíle Ó Fiannachta (duine den tseisear a bádh go tubaisteach i Snámh Bó le linn a óige) an t-amhránaí ab fhearr dár chuala sé riamh’ (Mac Con Iomaire). D’aistrigh an teaghlach go Co. na Mí sna 1940idí. Chaith sé trí bliana ina shaighdiúir sa Rinn Mhór i nGaillimh agus bhí fostaithe tamall ag Matthew O’ Reilly, Teachta Dála Fhianna Fáil i dtoghlach na Mí 1927-54. I gContae na Mí a casadh a chéad bhanchéile air, Nóra Nic Dhonncha, bean as Doire Choill ar aistrigh a muintir soir. Bhí iníon acu ach fuair Nóra bás go hóg. Chaith sé tamall maith i Sasana; deirtear sa nóta a chuir Cló Iar-Chonnachta amach lena chaiséad Máire Mhór gur fiche bliain ó 1935 amach a bhí sé ag obair in Birmingham. Nuair a chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath, agus é ag obair i nGrúdlann Guinness, phós sé baintreach as Inse Chór. Deir Mac Con Iomaire: ‘Chaith sé tréimhse eile i Sasana níos deireanaí nó gur fhill sé ar Éirinn go buan agus go ndeachaigh sé ag cónaí i nGaillimh, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol.’ Fiche bliain a chaith sé i nGaillimh, is cosúil.

Faoi Dheireadh Fómhair 1989 is fear singil a bhí ann agus cónaí air ag 50 Árasáin Uaitéir Uí Mhaicín sa Bhaile Bán, Gaillimh, nuair a bhain timpiste dó sa chathair. ‘D’fhág an timpiste céanna seachrán ar a chuimhne, rud a d’fhág an stór mór amhrán a bhí ina cheann aige, cé is móite den bheagán atá curtha ar bhuantaifead, ar throigh gan tuairisc’ (Mac Con Iomaire). Chaith sé tamall i dTeach Banaltrais Pháirc Mheirlinne i nGaillimh sular aistríodh é go hOspidéal Naomh Breandán i mBaile Locha Riach. D’éag sé ansiúd ar 3 Nollaig 1991 agus cuireadh é i Reilig Mount Pleasant sa bhaile sin; ag sochraid Dhiarmuidín Uí Shuilleabháin a chuala go leor dá lucht aitheantais scéala a bháis. Um Meitheamh 1992 bhailigh a chairde (Tony McMahon—an fear a thionscain an plean, Micheál Ó Conghaile, Seosamh Ó Cuaig, Máirtín S. Ó Fátharta, Tomás Ó Neachtain, Liam Mac Con Iomaire) airgead: chun go n-aistreofaí a chorp siar go Ros Muc, a fhód dúchais; chun leac chuimhneacháin a chur air; agus chun ócáid cheolmhar bhliantúil a eagrú i Ros Muc ina onóir. Cuireadh é i gCill Bhriocáin, Ros Muc, ar 23 Bealtaine 1993.

Sheinneadh sé an bosca ceoil ina óige ach dar le Breathnach gurbh é an t-orgán béil ba rogha leis níos deireanaí ina shaol. Bhí de cháil air go ndeireadh sé amhrán le fonn éigin a thaitneodh leis agus nach mbacadh leis an ngnáthfhonn; ag Oireachtas amháin bhain an lucht éisteachta greann as ‘Donncha Bán’ á rá aige le fonn ‘Fiach an Mhada Rua’. Ghlacadh sé páirt i gclár raidió Phroinsias Mhic Aonghusa, Aeriris. I 1987 d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta fiche dá chuid amhrán sa chaiséad Máire Mhór. Deir Mac Con Iomaire gurbh fhéidir a rá gurbh é Seán a thug an t-amhrán sin ‘Máire Mhór’ ar ais ón mbás nuair a thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh i 1972. Deir sé freisin: ‘B’fhear é Seán Ó Conaire nár ghlac le máistir ná le máistreacht. Le hais cáil na n-amhrán, b’í cáil na saoirse an cháil mhór eile a bhí air. B’é spiorad na saoirse ar a dhá chois é.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú