D’fhoilsigh Coiste Cuimhneacháin Pheait na Máistreasa Peait na Máistreasa: a scéal i mbailéad agus i seanchas. Séamas Ó Cualáin a chnuasaigh, 1984. In The story of handball: the game, the players, the history, 1984 tá sé liostaithe ag Thomas McElligott i measc sárimreoirí an chluiche sin. Ar an Droim i Leitir Mór, áit a raibh a mháthair ag múineadh scoile, a rugadh é. Ba é Peait Liaimín Mac Donnchdha as Béal an Daingin a athair agus ba í Mairéad Ní Chonaola, nó Meaig Pheadair Mháirtín, as Caladh Chúlaim, Leitir Mealláin, a mháthair. Bhí deartháir amháin aige a cailleadh go hóg. Bhí sé ar scoil ag a mháthair ar an Droim agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Carraige Duibhe, mar ar músclaíodh a spéis i lúthchleasa, i liathróid láimhe agus sa pheil.

Chuaigh sé go dtí na Stáit Aontaithe mar a raibh gaolta leis agus chláraigh mar bhall de Chumann Lúthchleasa Nua-Eabhrac. Bhuaigh sé Craobh Shinsearach Nua-Eabhrac sa liathróid láimhe gach bliain ó 1919 go 1923 agus Craobh an Domhain i 1922 agus i 1923. D’fhill sé ar Éirinn i bhFeabhra 1924 agus bhí ag traenáil le cabhair Phádraic Óig Uí Chonaire i bpinniúir Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Dúirt Pádraic Óg faoi: ‘Duine gleoite spórtúil é, ar an lúthnaire is dea-chumtha dá bhfaca riamh’. Bhuaigh sé Craobh Shinsearach na hÉireann agus Craobh na gCluichí Tailteann an bhliain chéanna. ‘When he came to the Ballymun court for the Tailteann Games, he won all his matches without being unduly extended...’ (McElligott). Thairg an Ginearál Eoin Ó Dufaigh post dó mar thraenálaí lúthchleasa ag earcaigh an Gharda Síochána an bhliain sin ach b’fhearr leis cead a chos a bheith aige. D’imigh sé ar ais go dtí na Stáit i 1926 agus deir McElligott: ‘...he was surprisingly beaten by a one-armed player named George Quam in the 2nd round of the National A.A.U. singles championship of 1926’.

Luann McElligott a chumas mar rásaí rothair. Agus deir sé an méid seo i dtaobh na traenála a dhéanadh sé le haghaidh na liathróide láimhe: ‘... he trained in an almost casual fashion, often cycling out from Galway to Barna where there was a 3-wall court and then on to Spiddal—playing anyone who wanted a game’. Chruthaigh sé go maith sa léim ard agus sa léim fhada, agus sa chosrásaíocht. Is maith freisin a bhí sé in ann an meáchan a chaitheamh agus ba é chomhairligh Máirtín Ó Droighneáin i dtaobh an leathchéad a chaitheamh le breis éifeachta. Peileadóir cumasach ba ea é agus ar feadh sé bliana as a chéile i Nua-Eabhrac bhí sé ina chaptaen ar fhoireann peile na Gaillimhe a bhuaigh craobhchluiche ceannais an stáit sin trí bhabhta.

Nuair a chuaigh a mháthair amach ar pinsean sna 1930idí cheannaigh sí teach tábhairne Uí Cheallaigh sa Spidéal. Tháinig Peait abhaile ó na Stáit agus chuir faoi ansin. Mhúscail sé suim sa liathróid láimhe agus sa pheil sa Spidéal. Bhí sé ar bhunaitheoirí chumann peile Chois Fharraige agus cheannaigh sé buanchorn nuair a eagraíodh comórtas idir Ros an Mhíl agus Cois Fharraige. Phós sé Máirín Nic An Rí as an gCaiseal. Fuair sise bás gan coinne. Bhí iníon acu. Dhíol sé an teach ósta le Máirtín Ó Droighneáin i 1944 agus d’imigh go Sasana. Cailleadh é i mí Feabhra 1961 agus tá sé curtha i reilig Kensal Green. Cuireadh leac chuimhneacháin ina onóir in airde i bpinniúr Thír an Fhia i 1983 agus an bhliain dár gcionn d’eagraigh an Coiste Cuimhneacháin comórtas bailéad chun go mbeadh cuimhne bhithbhuan ar a éachtaí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú