‘He is one of the comparatively few Irish members who take a keen interest in all phases of the language movement; he keeps himself fully informed on the progress of the Gaelic League, and never loses an opportunity of furthering its principles; while he has from time to time made many valuable suggestions which have helped us along our difficult path’, a dúirt eagarthóir An Claidheamh Soluis 27 Iúil 1901 agus é ag tagairt do litir a bhí ag an mBeolánach in Daily News Londan. Ba é siúd an feisire ba mhó i 1908-9 a bhí ar son an Ghaeilge a bheith riachtanach le haghaidh mháithreánach Ollscoil na hÉireann. Ag 135 Sráid Chéipil, Baile Átha Cliath, a rugadh é 16 Meán Fómhair 1870, de réir an teastais breithe. Scríobh sé cuntas gairid ar a mhuintir faoin teideal Some memories, 1928. Ba é an dara mac é ag Patrick Boland (1840-77), báicéir. B’as Co. Chill Dara dá athairsean, fear a chuir tús le gnó beag bácúis i Sráid Chéipil in 1823. ‘He taught his children their prayers in Irish. Although his native county... was in the English Pale, he must, to some extent at least, have been a speaker of Irish. The language had probably ceased to be generally spoken in Kildare and Dublin when he was young’. Ba é a d’íoc as an séipéal atá in aice Leacht Uí Chonaill i Reilig Ghlas Naíon. Chuir a mhac Patrick go mór leis an mbácús. Ba é a cheannaigh na muilte cáiliúla ar an Rinn in 1873. Bhí feirm aige i Ráth Eanaigh agus in éineacht le Andrew Kettle bhunaigh sé Léag Cosanta na dTionóntaí. Phós sé Mary Donnelly ó Shráid na Ríona, Baile Átha Cliath. Leasdeirfiúr ba ea í le Nicholas Donnelly, easpag teidealach Canea agus údar A Short history of Dublin parishes. B’fhiú beagán faoi bhun £100,000 a eastát ag am a bháis. Fuair a bhean bás in 1882.

A uncail Nioclás a bhí mar athair agus mar chomhairleoir ag John Pius i rith a óige. Bhí sé i Scoil na hOllscoile Caitlicí, Sráid Liosáin, Baile Átha Cliath, ar dtús agus chuaigh as sin go dtí an Edgbaston Oratory in Birmingham roimh dhul go Ollscoil Londan agus ansin go Christ Church in Oxford mar ar bhain sé MA amach agus mar a raibh sé ina uachtarán ar Chumann Newman. Chaith sé tamall ag staideár in Ollscoil Bonn. Glaodh chun an bharra é in 1897. Ag na Cluichí Oilimpeacha san Aithin in 1896 bhuaigh sé na comórtais leadóige idir shingil agus dhúbailte. Tá cuntas ar an tréimhse sin in From Bonn to Athens – single and return. The diary of John Pius Boland, Olympic champion 1896 (Gillmeister 2007). Toghadh é ina bhall parlaiminte i gCiarraí Theas i 1900 agus choimeád an suíochán go 1918. Bhí sé ina aoire sóisearach ag an bPáirtí Éireannach ó 1906 go 1918. Chuaigh sé go Meiriceá uair le John Redmond chun airgead a bhailiú don pháirtí.

Níor múineadh aon Ghaeilge dó ar scoil in Éirinn ach cláraíodh é ina bhall de Chonradh na Gaeilge i Londain 13 Nollaig 1900, an lá céanna a cláraíodh Pádraic Ó Conaire. Bhí sé ar dhuine de leasuachtaráin Ard-Choiste Londan ar feadh i bhfad. Labhair sé Gaeilge uair i nDáil na Breataine. ‘Though only a student of the language and not a native speaker, I was able to reinforce an argument in favour of Scottish Gaelic, when a Scottish Bill was considered in Grand Committee, by using Irish, and the Chairman did not pull me up on that occasion’ (Irishman’s Day: A day in the life of an Irish M.P. ). Thug sé £100 ar iasacht do Choiste an Fhoclóra i 1901. Ba é ba thúisce a mhol don Chonradh scoileanna samhraidh a bhunú chun go n-oilfí múinteoirí Gaeilge (An Claidheamh Soluis 8 Meitheamh 1901). ‘Chonaic sé féin an tairbhe a tháinig as scoileanna den tsaghas sin le linn dó bheith i gceantar na nAdirondacks i Stát Nua-Eabhrac, áit a dtéadh a lán daoine ar saoire—agus a lán acu ag foghlaim san am céanna.’ (An Duinníneach, 1958 le Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair). In éineacht le Tomás Ó Domhnaill M.P. chuir sé Scoil Saoire ar bun i nGleann Beithe. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 9 Aibreán 1904 gur chuir sé ceist i nDáil na Breataine i dtaobh táillí múinteoirí a bhí ag múineadh na teanga agus, coicís ina dhiaidh sin, gur thug sé duaiseanna le bronnadh ag Feis na Mumhan. Agus é ag dul suas in olltoghchán 1906 tuairiscíodh gur i nGaeilge ar fad a bhí a pháipéar ainmniúcháin (idem 27 Eanáir 1906). Bhí sé ar dhuine díobh sin a thug síntiús chun go dtroidfeadh Séamus Ó Beirn in aghaidh na heitinne i gConamara (idem 9 Samhain 1907).

Anuas go 1914 bhí baint mhór aige le hAonach Londan agus deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar son na Gaeilge, 1993: ‘Faoi thionchar agus threoir an Chonartha chuir Boland an-spéis i bhforbairt thionsclaíocht na hÉireann agus sa mholadh do dhaoine earraí Éireannacha seachas earraí coimhthíocha a cheannach’. Faoi Shamhain 1908 bhí sé ina chathaoirleach ar choiste an Aonaigh (An Claidheamh Soluis 21 Samhain 1908). Ba é ba mhó faoi deara i 1906 gur cláraíodh go hoifigiúil an marc trádála ‘Déanta in Éirinn’. Ceapadh é i 1908 ina choimisinéir chun statúidí Ollscoil na hÉireann a dhréachtadh agus ba é a chuir an rún faoin nGaeilge a bheith éigeantach don mháithreánach os comhair chomhdháil náisiúnta an Pháirtí Éireannaigh 10 Feabhra 1909. ‘I do not for a moment believe that any young Irish man or woman entering the University, passing through it and obtaining a degree, will ever have on him the hall-mark of Irish national culture unless at least he has a knowledge of Ireland’s national language’. Thuairiscigh An Claidheamh Soluis 20 Feabhra 1909 gur labhair sé ag comhdháil an United Irish League: ‘The calm and logic of Mr Boland and Father Mac Branáin carried with them the full intellectual assent of the audience’. Glacadh leis an rún ar son na teanga. Tuairiscíodh in Sinn Féin 25 Lúnasa 1909 go ndúirt sé: ‘It was a question of whether they were going to have a National University or a poor instalment of an English University’.

Ba é a d’iarr ar Phádraig Ó Séaghdha (1855-1928) mana Gaeilge a chumadh le cur ar leacht Pharnell i Sráid Uí Chonaill (Some memories, 1928).

Thug an Pápa Ridireacht Naomh Griaire dó i 1918 mar gheall ar a raibh déanta aige sa pharlaimint chun oideachas Caitliceach a chosaint. Bhí sé ina ardrúnaí ag Comhlacht na Fírinne Caitlicí i Londain ó 1926 go 1947. I 1929 bronnadh Pro Ecclesia et Pontifice ar a bhean de bharr na hoibre a bhí déanta aici don Comhlacht. Bhronn Ollscoil na hÉireann LL.D. air i 1950. An bhliain chéanna sin foilsíodh a Killarney and Leprachauns, [c.1950], ar cineál fabhalscéil é. Leabhair eile leis ná The Glenbeigh Summer School, 1902; The European crisis and Ireland’s commercial interests, 1913; Killarney and the leprechauns, 1950. Phós sé Eileen Moloney ó Mhelbourne i 1902 agus bhí mac agus cúigear iníonacha acu. Duine de na hiníonacha ba ea Brigid, drámadóir, agus duine eile díobh ba ea Teachta Dála Fhianna Fáil, Honor Crowley. D’éag sé 17 Márta 1958.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú