Duine de shagairt na Gaeilge ba ea é agus bhí sé gníomhach i gCogadh na Saoirse. I gCliafuine, Co. Shligigh, a rugadh é 4 Feabhra 1877. Ba é Henry Brennan, ‘merchant’, a athair agus ba í Bridget Foley a mháthair. Deirtear go raibh Gaeilge aige ón gcliabhán. Taispeánann Daonáireamh 1901 go raibh siopa agus teach tábhairne ag an athair a bhí 54 bliana d’aois agus arbh i gContae Ros Comáin a rugadh é, gur 45 bliana a bhí ag a bhean agus gurbh i gContae Shligigh a rugadh í. Bhí seirbhíseach sa teach agus bhí Gaeilge ag gach duine.

Bhí sé i gColáiste Chnoc an tSamhraidh roimh dhul go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad , dó. Oirníodh é san Ardeaglais i Sligeach ar 14 Aibreán 1901. Bhí sé ina shagart cúnta sa Chaisleán Riabhach, i mBéal na mBuillí, sa Chealtrach agus sa Mhóinteach. ‘On Caltra where Irish has never ceased to be spoken ... he has induced the parents to turn their backs to a great extent on English’ (An Claidheamh Soluis 26 Lúnasa 1911). Ceapadh ina shagart paróiste ar Chill Ghlas é i 1926 agus aistríodh go hÁth Eascrach é i 1930. Rinne canónach de i 1941, Ard-Deagánach i 1955 agus Déan ar Ail Finn i 1962.

Ní foláir nó bhí a ainm in airde mar Ghaeilgeoir go luath ina shaol. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 1 Aibreán 1905 go raibh sé ag tabhú clú i mBéal na mBuillí. ‘The young craobh which he planted there only a few months ago is now the most vigorous in Roscommon’ agus rinneadh tagairt dá raibh curtha i gcrích aige sa Chaisleán Riabhach. Dúradh ar 5 Lúnasa 1907: ‘Today Béal Átha na mBuillí is gliding rather than marching back to Irishism of speech as well as of heart’. B’fhiú leis An Claidheamh Soluis 20 Iúil 1907 bás a athar, leaschathaoirleach Chomhairle Chontae Shligigh, a thuairisciú. D’eagraíodh sé feiseanna sna blianta luatha sin. Ainmníodh don Choiste Gnó é i 1907 agus toghadh é an bhliain dár gcionn. Bhí sé ina bhall anuas go 1929. Nuair a cuireadh craobh ar bun sa Chealtrach dúradh: ‘Is é an tAthair Mac Branáin atá ós a cionn agus tá sé ag cur fuinnimh agus éifeachta sa chraobh’ (idem 4 Aibreán 1908). Air féin agus ar Sheán Mac Éinrigh a thit sé labhairt i dtaobh ceist na teanga in Ollscoil na hÉireann le comhairleoirí contae na Gaillimhe (idem 6 Feabhra 1909). Bhí sé i láthair ag comhdháil den United Irish League chun an cheist a phlé agus dúradh: ‘The calm and logic of Mr Boland and Father Mac Branáin carried with them the full intellectual assent of the audience’ (idem 20 Feabhra 1909). Tuairiscíodh 22 Bealtaine go raibh éirithe as ballraíocht an Choiste Gnó aige agus as rúnaíocht Fheis Uí Maine, feis a bhunaigh sé féin an bhliain roimhe sin. ‘He is we believe no longer free to remain in the ranks of active Gaels and the fact that he has been obliged to sever his connection with both the local and central coistí deprives us of one of our most active workers. He will be long remembered for his work in Ros Comáin but it was at the U.I.L. Convention in February last that he performed his most signal service in the cause of the Irish language. We cannot say if the Bishop of Elphin has forbidden the Gaelic League to his young priests but an tAthair Mac Branáin is not the first of them who has suddenly found it necessary to retire from the League within the past half-year’. Ach bhíodh sé ag cruinnithe den Choiste Gnó i rith 1909-10 agus atoghadh é an bhliain sin (idem 13 Lúnasa 1910). Is ag cruinniú den Choiste a glacadh le rún gearánach a bhí molta aige i dtaobh oifigigh pinsin gan Ghaeilge a bheith á gceapadh sa Ghaeltacht (idem 22 Eanáir 1910). Tá tagairtí dó ag Liam P. Ó Riain in The Pope’s Green Island, 1912 mar ‘one of the ablest of the younger priests’ agus mar ‘a power in Connacht’. ‘He and the teachers of his parish are fighting a winning battle on the border line where the Gaeltacht and Galltacht meet’, a dúradh i bpáipéar an Chonartha 3 Bealtaine 1913. Craobh Thaidhg Mhóir Uí Cheallaigh an t-ainm a bhí ar an gcraobh a chuir chuig an Ard-Fheis é an bhliain sin (idem 26 Iúil 1913). Chuir sé halla Shinn Féin á thógáil sa Chealtrach i 1919. Faoi dhó thug fórsaí an rialtais fogha faoina theach agus is ar éigean a thug sé féin agus a mháthair a n-anam leo. Nuair a aistríodh don Mhóinteach é scaoileadh leis le linn dó a bheith ag rá aifreann an Domhnaigh. Bhí baint aige le cúirteanna Shinn Féin in oirthear na Gaillimhe.

Bhí baint aige le Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe ó thosach agus bhí ina chathaoirleach ar feadh tríocha bliain. Bhí sé ina uachtarán uair ar Chumann na gCoistí Gairmoideachais. Toghadh é ina uachtarán ar an Oireachtas i 1950. Bhí sé ina shagart paróiste in Áth Eascrach, Co. na Gaillimhe, le 37 bliana nuair a cailleadh é ar 27 Márta 1967 agus is ann atá sé curtha.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú