Tá sé ar dhuine de ghrúpa thimirí cáiliúla Chonradh na Gaeilge a bhfuil a bpictiúr ar leathanach tosaigh Fáinne an Lae 22 Lúnasa 1903: é féin, Séamas Mac an Bhaird, Peadar Ó hAnnracháin, Pádraig Ó Máille, Pádraig Ó Cadhla, Tomás Ó Míodhcháin, Tomás Ó Concheanainn, Fionán Mac Coluim, Donnchadh Ó Laoghaire.

D’áirigh an Dr Seán P. Mac Énrí é mar dhuine de scríbhneoirí Mhaigh Eo (Freeman’s Journal 16 Iúil 1917). Do ‘Seán Mac Éinrigh ó Mhaigh Eo’ a thagraíonn Dubhghlas de hÍde in Mise agus an Connradh. ‘FitzHenry’ an sloinne Béarla a bhí air, ach is minic an ‘h’ sa chás beag sna tagairtí dó; ‘Henry’ an leagan Béarla a bhí ar shloinne an Dr Seán P. Mac Énrí. Níor shloinne choitianta i gConnachta FitzHenry, ná go deimhin in Éirinn, ach amháin, b’fhéidir, i Loch Garman. Níl ach an t-aon iontráil amháin faoin sloinne in Eolaí Telefóin na hÉireann 07/09 (Cúige Chonnacht agus Dún na nGall) anois.

Seo í an fhianaise i dtaobh cér dhíobh Seán Mac Éinrigh. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 30 Márta 1907 go bhfuair a mháthair bás i Sasana. Bridget FitzHenry ab ainm di siúd agus deirtear sa teastas báis go bhfuair sí bás 17 Márta 1907 in aois 67 di in High Barnes, Sunderland, agus gurbh í baintreach Thomas FitzHenry, ‘General store dealer’, Clonbur (An Fhairche), í. A mac, John FitzHenry, 34 Arranmore Terrace, Baile Phib, Baile Átha Cliath, a thug eolas an bháis don chláraitheoir. Ina uacht luann Seán Mac Éinrigh a bhean Mary. Réitíonn a bhfuil ar eolas faoi, mar sin, lena bhfuil i dteastas pósta John FitzHenry, 21 Brighton Avenue, Gateshead, aois 26, arbh é a athair Thomas FitzHenry, ‘Fruit merchant’, agus Mary O’Malley, arbh fhear faire a hathair. In Eaglais Naomh Seosamh, Gateshead, 23 Meitheamh 1892 a pósadh iad. Rugadh leanbh ar baisteadh John air ar 18 Eanáir 1863 san Fhairche do Thomas FitzHenry agus Biddy Kearney. Ní bheadh sin ag réiteach lena aois sa teastas pósta ach is cinnte gurb é an fear s’againne é. Cé gurb i gContae na Gaillimhe atá an Fhairche is é Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo, an seoladh oifigiúil.

Is mar seo a chuir Seán T. Ó Ceallaigh síos air: ‘Bhí aithne mhaith agam ar Sheán Mac Énrí a bhí ina thimire i gCúige Chonnacht. Dála Fhionáin Mhic Choluim, tháinig sé anall chugainn ó Shasana. Ní raibh sé ró-óg nuair a chuaigh sé i mbun oibre mar thimire ach b’fhéidir nach raibh sé chomh sean is a mheasamar. Chaitheadh sé féasóg i gcónaí agus chuir sin cuma na haoise air. Fear beag a bhí ann ach fear dúthrachtach dílis ar gach slí. Bhí an duine bocht ar leathlámh ach níor chuir sin as dó riamh’ (Seán T.: scéal a bheatha, 1963). In1893-1943 Leabhar Cuimhne is mar gheall ar an máchail sin a luadh in aon anáil é le Micheál Daibhéid !

Tá sé luaite ag Liam P. Ó Riain san alt ‘The Movement in Britain’ In An Claidheamh Soluis 1 Meitheamh 1901—‘an Irish speaker and a scholar’. B’fhéidir go raibh cónaí air i Newcastle-on-Tyne tamall. Nuair a bhíothas ag ullmhú chun Craobh Naomh Aedhán a bhunú in Jarrow tuairiscíodh: ‘Mr FitzHenry of Newcastle-on-Tyne is giving characteristic assistance’ (idem 7 Nollaig 1901) agus is i nGaeilge a labhair sé oíche an bhunaithe—‘and his remarks were understood by a large number of the audience’ (idem 1 Feabhra 1902). Bhí sé ag múineadh na Gaeilge sa chraobh sin i 1902 agus is mar ‘John Fitzhenry of Gateshead’ a rinneadh tagairt dó san iris chéanna 15 Feabhra 1902. Thug sé cuairt ar Londain agus d’fháiltigh Conraitheoirí roimhe mar an té ‘who has done so much for the movement in the North’ (idem 6 Meán Fómhair 1902). Ag cruinniú den Choiste Gnó 6 Nollaig 1902 a ceapadh é ina thimire i gContae Mhaigh Eo (An Claidheamh Soluis13 Nollaig 1902).

Ar Lá Fhéile Bríde 1903 is ea a thosaigh sé sa phost nua. Bhí cuid de chontaetha Ros Comáin, Shligigh agus Liatroma faoina chúram freisin. Faoi bhainisteoirí scoile Dheoise Chill Ala a bhí sé ag timireacht agus ag múineadh Gaeilge, ó 22 Iúil 1903 go deireadh na bliana 1905. Faoin scéim sin bhí ar gach múinteoir freastal a dhéanamh ar chúrsa Gaeilge. D’oibríodh sé go han-chrua, más aon fhianaise é a mhinice atá tagairtí dó in iris an Chonartha. Bhí baint aige le Feis Iorrais, é ina mholtóir sna comórtais liteartha, agus thuairiscigh sé 16 Aibreán 1904: ‘We were very much surprised at the facility with which a crowd of young fellows from around Blacksod and other country districts read any piece of Irish prose or verse which we handed to them. . . Speak to young or old here and you will not get either a blank stare or a cold reply in broken English but a courteous answer’. ‘In Killala Mr FitzHenry finds that the plan of schoolteachers getting the children to bring them Irish translations for certain words and phrases works admirably. The children in some cases search several townlands in order to make sure of their having the proper translations’ (7 Bealtaine 1904). D’iarr Coiste Bainisteoirí Chill Ala go gcoinneoidís é ar feadh bliana eile (14 Bealtaine 1904). Chaith Tomás Ó Concheanainn tamall leis sa deoise agus tuairiscíodh gur múineadh paidreacha agus iomainn Ghaeilge do na sluaite ag an misean i mBéal an Átha—bhí daoine ag doras na hArdeaglaise ag 3.30 a.m. i gcaoi go mb’éigean é a oscailt ag 4.30 a.m.! (12 Samhain 1904).

Faoi 1906 bhí sé ar ais i mbun gnáth-thimireachta don Chonradh. Bhí sé i bPoll an Tómais agus thug léacht sa scoil lásadóireachta Lá Coille (20 Eanáir 1906). An mhí dár gcionn bhí sé i mBéal an Átha agus bhí coinne aige leis an easpag (10 Feabhra 1906). Faoi dheireadh na bliana bhí sé gnóthach ag tuairisciú ar ghalldú Acla—bhí plean aige féin agus ag Tomás Bán chun an teanga a tharrtháil ann (17 Samhain 1906). Bhí ranganna i gcomhair múinteoirí á n-eagrú aige i gCaisleán an Bharraigh (12 Eanáir 1907). D’fhéach sé chuige go mbeadh seanmóirí i nGaeilge á dtabhairt ar fud an cheantair (23 Márta 1907) agus d’éirigh leis a áitiú ar shiopadóirí an bhaile, más fíor, tús áite a thabhairt do Ghaeilgeoirí mar oibrithe (11 Bealtaine 1907).

Is dóigh gur tagairt don obair a rinne sé an uair sin is ea an abairt in Irish Independent 8 Feabhra 1926: ‘B’fhéidir gurbh é “Córas Múinte” a chuir sé ar fáil i bhFairche Chill Ala an buille is bríomhaire a bhuail sé. Rinne sé cion beirte ar feadh i bhfad an uair sin ar fud Chontae Mhaigh Eo’. Tá cuntas ag an gCraoibhín in Mise agus an Connradh ar an teannas a bhí ann maidir leis an gClár Dátheangach i 1905 idir an Conradh, na múinteoirí náisiúnta agus na bainisteoirí ar thaobh amháin agus an Bord Oideachais agus na cigirí ar an taobh eile. Luann sé Seán agus Cill Ala go háirithe sa chuntas sin.

Nuair a bhí an raic faoi James Owen Hannay ar siúl thuairiscigh Sinn Féin 6 Deireadh Fómhair 1906: ‘A Gaelic League organiser—Mr Fitzhenry—then proposed an amendment, the effect of which was to exclude Mr Hannay and the chairman supported the amendment, giving as his reason for doing so that it excluded the Rev. Mr Hannay. Mr Fitzhenry, it is fair to say, stated, after listening to the chairman’s speech “ that he hardly realised that he excluded anyone by the amendment”. Nevertheless, it appears that he did not withdraw the amendment which was eventually carried. We presumed and presume that the Ard-Fheis of the Gaelic League is the supreme governing body and it is a matter of public knowledge that the last Ard-Fheis elected Mr Hannay a member of the Executive of the Gaelic League. We understand that the paid officials of the League are subject to the Executive. If we are right, the action of Mr Fitzhenry was wrong’.

Bhí sé i measc na gcainteoirí ag an gcéad Fheis Acla i 1907. In An Connachtach, Samhain 1907 tuairiscíodh go raibh sé ag obair i gcathair na Gaillimhe. Bhí ranganna sa Mhodh Réidh ar bun aige agus rang faoi leith i gcomhair cainteoirí dúchais. Bhunaigh sé craobh den Chonradh i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe (An Claidheamh Soluis 23 Samhain 1907). D’eagraigh sé Seachtain na Gaeilge i gceantar na Gaillimhe (idem 21 Márta 1908). Cuireadh i gceannas an Claidheamh é nuair a thóg an t-eagarthóir, Pádraig Mac Piarais, saoire chun a dhúthracht a chaitheamh le Scoil Éanna. D’fhill sé ar Ghaillimh ansin ina dhiaidh sin (An Claidheamh Soluis 17 Deireadh Fómhair 1908). É féin agus an tAthair Mac Branáin a labhair le cruinniú de chomhairleoirí contae i dtaobh ceist na teanga in Ollscoil na hÉireann (idem 6 Feabhra 1909). Bhí sé ag timireacht i gceantar na Gaillimhe, soir go hÓrán Mór agus siar go hUachtar Ard. Bhunaigh sé craobhacha in Óran Mór (idem 16 Deireadh Fómhair 1909) agus i mBaile Chláir (idem 6 Samhain 1909).

Mar thimire airgeadais ag obair d’ardoifig an Chonartha a chaith sé an tréimhse 1910-12. Thuairiscigh an Irish Nation 26 Feabhra 1910: ‘During the past few weeks the organiser Seaghán Mac Énrigh visited Oughterard, Moycullen, Killanin, Headford, Oranmore, Maree, Athenry, Tuam, etc in connection with Seachtain na Gaeilge. The timire is visiting Uíbh Maine and Gort districts after which he will visit Ballinasloe, Loughrea and other portions of East Galway’. Deir Donncha Ó Súilleabháin (Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927) gur lean sé air ag déanamh eagarthóireachta ar An Claidheamh Soluis nuair a bhíodh an t-eagarthóir ar saoire. Ceapadh é ina Ard-Timire i Leath Chuinn (An Claidheamh Soluis 16 Márta 1912) agus iarradh air dul i mbun dualgais an Ard-Rúnaí le linn do Phádraig Ó Dálaigh a bheith sna Stáit Aontaithe (idem 4 Bealtaine 1912). Bhí tuairiscí uaidh ar Leabhar na hArd-Fheise gach bliain go 1916. Bhí sé ag obair i gContae an Dúin i 1915. Mar bhainisteoir ar pháipéar an Chonartha agus ar Chlódhanna Teoranta a bhí sé fostaithe ó Dheireadh Fómhair 1920 go Lúnasa 1922.

D’éag sé ar 7 Feabhra 1926 agus tá sé curtha i nGlas Naíon. Iriseoir an cur síos air sa teastas báis. Dhealródh arClár litridheacht na Nua-Ghaedhilge III. Prós i dtréimhseacháin, 1940 nár scríobh sé aon cheo sna hirisí Gaeilge riamh seachas aiste in An Claidheamh Soluis i 1915; b’fhéidir gur sna gnáthnuachtáin a bhíodh sé ag iriseoireacht nó gur ag tagairt dá obair eagarthóireachta a bhíothas. Bhí conaí air ag 84 An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath. Bhí léirmheas ar a leabhar Gearr-scríobhadh na Gaeilge: Pitman’s shorthund adapted to Gaelic i gcló an lá a tuairiscíodh é a bheith marbh. Dúradh go raibh sé ag obair ar an leabhar seo le 16 bliana, gur theip air cabhair chun a fhoilsithe a fháil ón rialtas agus gurbh iad muintir Pitman féin a d’fhoilsigh é. Foilsíodh a Algéabar Gaeilge 1, i 1913. Dúradh in Irish Independent 26 Feabhra 1926 go mbíodh leabhair á ndíol aige. Ní raibh sé bocht ag am a bháis: ina eastát liostaíodh a theach cónaithe féin agus cúpla teach i nDroim Conrach agus i nDún Laoghaire. ‘Fear díreach macánta cráifeach’ an cur síos a bhí air in Fáinne an Lae 13 Feabhra 1926.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú