Timpeall thús an chéid bhí a ainm in airde i measc lucht ghluaiseacht na teanga i Sasana. I gCnoc Loinge, Contae Luimnigh, a rugadh é ar 18 Deireadh ómhair 1866. feirmeoir ba ea a athair, Daniel Moloney, agus ba í Sally O’Brien a mháthair. Leathchúpla ba ea é. Luaitear deartháir agus deirfiúr a bheith aige. Cailleadh na tuismitheoirí nuair a bhí sé an-óg agus fágadh faoi chúram caomhnóirí é. Fuair sé scolaíocht i gColáiste Naomh Pádraig i nDurlas agus i gColáiste na Croise Naoa i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé ansin go cliarscoil Naomh Cuthbert in Ushaw, Durham, agus oirníodh ann é in 1891. Chaith sé dhá bhliain ina ollamh le Béarla sa choláiste. Chaith sé tamall i bparóiste Walsingham, áit a thaitin leis, sular ceapadh é ina shagart cúnta in Dockhead, Londain.

Bhí sé sa láthair ag cruinniú tionscnaimh Chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge agus bhunaigh sé scoileanna (craobhacha) in Bermondsey agus in Dockhead in 1897. Bhí a lán Éireannach ag cur fúthu sna ceantair sin (Féilire na Gaeilge, 1906). Thugadh sé léachtaí i mBéarla ag scoraíochtaí agus deir Donncha Ó Súilleabháin go raibh Gaeilge á foghlaim aige (Conradh na Gaeilge i Londain, 1894-1917, 1989 ). Bhí sé ina bhall den choiste múinteoireachta sa chathair. D’hreastail sé ar chomhdháil 1901 den Chonradh i mBaile Átha Cliath. D’eagraíodh sé seirbhísí eaglasta i nGaeilge ina pharóiste agus is ansin a canadh don chéad uair leagan Thomáis Uí hlannghaile den iomann ‘Dóchas linn Naomh Pádraig’. I gcomhar le Tadhg Mac Suibhne réitigh sé Leabhar na féile le haghaidh Lá ’le Pádraig 1902. Ba eisean a d’fheidhmigh ag pósadh Sheáin Uí Chatháin agus Caitlín Ní Dhuinnín i 1902. Bhí sé ina theachta ag Ard-fheis na bliana 1903 agus an bhliain dár gcionn bhronn sé duaiseanna ag céad fheis Londan. Ag Ard-fheis 1904 mhol sé éin agus Art Ó Briain go mbunófaí scéim le leabhair agus páipéir Ghaeilge a chur ar díol ar fud na hÉireann. Bhí sé ar choiste Chumann na Scríbheann Gaeilge agus ar choiste an Irish Literary Society. Deirtear in Inis Fáil, Meitheamh 1905, go raibh beartaithe aige saothar Dante agus an Bíobla, mar aon le leabhair eile, a aistriú go Gaeilge.

Fear mór ceoil ba ea é. Bhí baint aige leis na ceolchoirmeacha móra a tionóladh i Halla na Banríona i Londain ó 1901 amach agus bhí an-tionchar aige ar chúrsaí ceoil eaglasta sa chathair. Bhí sé ar bhunaitheoirí an Catholic Plain-Chant Society agus ina chathaoirleach air. I gcomhpháirt le Dom Augustin Gatard, sagart d’ord Naomh Benedict a oileadh sa cheol i Solesmes, bhunaigh sé Cór Dockhead. B’in é an chéad cór i Londain a bhí oilte sa chantaireacht Ghréagórach. Bhí sé cairdiúil le Edward Martyn agus d’fhéach sé chuige go mbeadh deis ag Vincent O’Brien taithí a fháil i Sasana ar an gcantaireacht Ghréagóireach nuair a bhíothas le Cór Palestrina a bhúnú i mBaile Átha Cliath.

Aistríodh go hArdeaglais Westminster é i 1904. Ba é a d’eagraigh an tseirbhís i nGaeilge ann Lá ’le Pádraig 1905. Cé gur éirigh leis an ócáid fágadh i bhfiacha é ina diaidh. Bhí sé leochaileach le fada agus tuairimíodh go ndearna stró na hoibre sin dochar dá shláinte. Deir John Pius Boland: ‘The cathedral was filled to overflowing on every occasion—the galleries full—people standing in the aisles and side chapels. For months in advance Fr. Molony had gone day ater day to Catholic schools in different parts o London so that the Irish children should be trained in the singing of the Irish hymns’ (Irishman’s Day). Dar le Liam P Ó Riain in The Pope’s Green Island go raibh an Cairdinéal Bourne go mór i gcoinne úsáid na Gaeilge san Ardeaglais. Tá leide den teannas a bhain leis an ngnó in Sinn Féin 13 Meitheamh 1908 mar ar tuairiscíodh gur tionóladh ollchruinnithe i Halla an Bhaile in Holborn, ceann de na hallaí ba mhó i Londain, chun gearán a dhéanamh i dtaobh cosc a bheith ar sheirbhísí Gaeilge san Ardeaglais. Dúradh go raibh 10,000 duine ag freastal ar cheann díobh.

Bhí sé ar cuairt in Walsingham nuair a d’éag sé ar 23 Bealtaine 1905. Dúradh in An Claidheamh Soluis 3 Meitheamh 1905: ‘The death of father Moloney is a grievous blow to the Irish Language Movement. It is so lamentable from every point of view that it is diicult to write about it. To those who were not intimately acquainted with ather Moloney, who did not know the riches of his nature, his gifts and his ideals, a just tribute to him might well seem the generous exaggeration of friendship and comradeship. But that were a conventional judgement. Today we do not dwell on the loss of a rare riend as such, painul as that is, nor on the intellectual loss to the League in London, grievous as that is, and coming at a time when the League can ill aford to lose any intellectual actor. What we mostly think of is the loss to Irish Ireland in the broad sense’. Chum an ceoltóir John Roche fonn caointe air. Scríobh Earnán de Siúnta cuntas air in Féilire na Gaedhilge, 1906. Bhí caint ar a chorp a chur abhaile go hÉirinn ach is in Walsingham atá sé curtha. Bhí sé i gceist freisin scoláireachtaí agus comórtas Oireachtais a bhunú ina onóir.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú