Bhí sé ar dhuine de na hairí rialtais is mó a bhí ag tacú le gluaiseacht na Gaeilge. Bhí sé ar dhuine de mhic Gerald Boland (1885-1973) a bhí ina aire rialtais ag Fianna Fáil idir 1933 agus 1954 agus ar dheartháir leis Harry Boland a bhí ina rúnaí ag Sinn Féin 1917-22. Rugadh é ar an 15 Deireadh Fómhair 1917 i bhFionnradharc, Baile Átha Cliath. Cuireadh meánoideachas ar Chaoimhín Scoil Iósaif, Marino, ar cheann de na A-scoileanna é. Toghadh é mar Theachta Dála den chéad uair i 1957 thar ceann Fhianna Fáil i dtoghlach Chontae Bhaile Átha Cliath agus atoghadh é 1961 agus 1965. I 1969 toghadh é i gContae Bhaile Átha Cliath Theas. Bhí sé ina Aire Cosanta (1957-61), ina Aire Leasa Shóisialaigh (1961-66), ina Aire Rialtais Áitiúil (1966-70). D’éirigh sé as an rialtas Bealtaine 1970 nuair a briseadh Charles Haughey agus Neil Blaney as a bpoist agus d’éirigh sé as Fianna Fáil an mhí dár gcionn. Bhunaigh sé páirtí nua, Aontacht Éireann, i 1971 ach níor éirigh leis. Tá léiriú ar a dhearcadh ina leabhar We won’t stand (idly) by,1972. D’éag sé ar 23 Meán Fómhair 2001.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú