Bhí sé ar dhuine de na múinteoirí taistil ba cháiliúla lena linn. Bhí sé ina thimire freisin agus, cé is moite de na timirí ceannais, ní móide go raibh aon timire eile ag obair i dtrí cinn de na cúigí. Bhailigh sé béaloideas i ngach cúige díobh: in An Lóchrann, Feabhra, Márta, 1930 tá aiste aige dar teideal ‘Seanchaithe Éireann a bhuail liom’.

Sa Droim Bán, míle go leith ó Bhéal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é 23 Samhain 1874. Feirmeoir beag a athair James Waldron agus ba í Brigid Guilfoyle a mháthair. Oíche Dhaonáireamh 1901 cuireadh síos go raibh idir Ghaeilge agus Béarla ar eolas ag gach duine sa teach. ‘Labourer’ an cur síos ar shlí bheatha Philib. Is léir ar thuairisc an Daonáirimh go raibh Gaeilge ag formhór mhuintir an Droma Bháin. Deir tuairisc 1911 gur seisear a rugadh don lánúin ach nach raibh ach cúigear díobh beo.

Nuair a cuireadh craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun i mBéal Átha hAmhnais toghadh Pilib ina rúnaí. Deirtear gurbh in 1898 a thosaigh sé ag múineadh na Gaeilge. Ba é a chuidigh le rún buíochais don Chraoibhín tar éis dó léacht a thabhairt ann agus mhair cairdeas idir an bheirt. Tá tuairisc ar an ócáid sin in An Claidheamh Soluis 2 Márta 1901. Tuairiscíodh sa pháipéar céanna1 Feabhra 1902: ‘In Béal Átha hAmhnais there was a direct attempt made to convert the seoinín, and, curiously enough, he seems to be strongest in Irish-speaking districts and on their borders. During an interval between two parts of an Irish programme, a farce was acted entitled: “The Man we want, or the Shoneen’s conversion.” The writer is Mr Michael Waldron, and Mr Philip Waldron, the energetic secretary, has made the production of the piece possible, for he has faced and overcome jibes and sneers and other sorts of discouragement, and succeeded in bringing an Ghaeilge fá mheas in Béal Átha hAmhnais’. Ach shílfeá ar thuairisc an 21 Meitheamh gurbh é Pilib a scríobh an fronsa: ‘One of the most active branches in Ireland is that of Ballyhaunis. A short time ago Mr P.A. Waldron of that branch wrote a play ridiculing the seoinín. He has now written another play entitled “The Land we love”. We do not know the character of it but the scene is laid in America and Ireland. The branch is organising a large excursion to Dublin, and is securing the services of the best speakers, singers and dancers, in order to show that the West’s awake’. I 1903 ba é Pilib a d’eagraigh an fheis mhór i mBéal Átha hAmhnais ag a raibh Pádraig Mac Piarais i láthair. Ag Oireachtas 1904 bhuaigh sé an chéad duais ar ‘bailiúchán de sheanfhocail atá in úsáid in aon bharúntacht amháin’.

Faoi 1906 bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil i dTríleac, Co. Thír Eoghain. An tAthair Maitiú Maguidhir ba mhó ba chúis leis an iarracht mhór a bhí ar siúl sa cheantar sin. Bhí Eoghan Ó Ceallaigh ina ghasúr scoile agus ba chuimhin leis Pilib go maith (Feasta, Márta 1953): ‘Fear de mheánairde, portúil, lúfar aiclí, a bhí ann, folt ciardhubh aige, éadan leathan, dhá shúil bheoga, féith an ghrinn le feiscint ina cheannaithe, is é gléasta i gculaith bréidín den chéad scoth’. Tharla rud ait dó i dTríleac de réir thuairisc an Leader 22 Deireadh Fómhair 1910. Bhí aturnae na nAontachtóirí ag argóint in aghaidh vótaí a bheith ag Pilib agus ag Áine Ní Oisín. Bhí liostaí vótóirí Thír Eoghain á n-aithbhreithniú. Ní rómhaith a bhí ag éirí leis an aturnae agus ba é an breitheamh a d’iarr ar Philib freagra a thabhairt air i nGaeilge. Rinne sé sin agus fuair sé féin agus Áine an vóta !

Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 29 Meitheamh 1912 go raibh breis agus céad múinteoir Gaeilge á n-oiliúint aige i scoil sa Chaisleán Glas. Agus bhí an píosa seo i gcló ar 29 Iúil: ‘Pilib Ua Bhaldra has fully justified, in the past thirteen months, the financing by the Coiste Gnó of the Tír Eoghain scheme. He has carried the spirit of the League into every townland and into many of the homes of the district. He has strengthened the habit of Irish speech among the parents and has, through the teaching of history, given the children a fervid patriotism.... His working week includes fifty hours of teaching and involves upwards of 150 miles of cycling on the most uneven roads of Ulaidh’. Scríobh sé síos amhráin ó Áine Ní Threasaigh agus a deartháir Éamonn agus chuir i gcló iad in Ulster Herald i 1910–11. Ba mhinic an t-ainm pinn ‘Craoibhín Cnó’ lena ábhar sna nuachtáin. D’éirigh leis cuid de na hamhráin a thabhairt ar ais do mhuintir Thír Eoghain in a chuid ranganna. Is gnách a ainm a nascadh le hÉnrí Ó Muirgheasa mar bhailitheoir. Tá ceithre amhrán in Amhráin Mhuighe Seola a thug sé d’Eibhlín Costello. Is cosúil gur thug sé idir cheol agus fhocail di mar dúirt sé ina láthair iad. In alt i dtaobh an chnuasaigh sin in An Stoc, Márta 1926, dúradh: ‘Bhíodh agus atá fós, is dócha, suas le leathchéad fonn i gceann Philib agus ní raibh seanphaidir ná ortha dá ndúradh i gContae Mhaigh Eo ó Phádraic anall nach mbíodh aige. Is é a thug an fonn “Úna Bhán” d’Anna Ní Oisín agus ba í Anna a thug an ceol do Charl Hardebec a chuir sna Seoda ceoil é. Tá an fonn anois ag barramhránaithe Éireann agus níl a shárú le clos uatha. Chualamar anuraidh go raibh leabhar dá chuid féin á fhoilsiú ag Pilib agus go raibh scoth an mhéid a chnuasaigh sé le fiche bliain anuas aige ann’.

Gheofar tuairim den ardmheas a bhí air timpeall Trílic in Mar chonnacsa Éire, 1937 (an dara cló 1944) le Peadar Ó hAnnracháin. Chuaigh sé a rothaíocht le Peadar agus le Seán Ó Murthuile ar feadh cuid den turas a thug siad ó Thír Chonaill ó dheas go dtí an Sciobairín i ndiaidh Oireachtas 1909.

Fógraíodh ar 5 Deireadh Fómhair 1912 go raibh sé ceaptha ina thimire: ‘Ba é Pilib do sholáthraigh ceol Úna Bhán. Bhailigh sé na céadta paidreacha agus seanamhrán i Maigh Eo. Beidh faill aige feasta bheith ag cruinniú litríochta Gaeilge i nGaillimh’. Tuairiscíodh 11 Eanáir 1913 é féin agus Pádraic óg Ó Conaire a bheith i láthair chruinnithe i gCluain Cearbán: ‘Pilib is full of Mayo history, poetry and proverbs, and he stirs his hearers to earnest action in a way that brings success on the heels of his organising work’.

Bhí sé tamall i ngéibheann i ndiaidh Éirí Amach 1916. Faoi Bhealtaine 1917 bhí sé ag timireacht i gContae Liatroma agus sa bhfómhar chuir an Coiste Gnó i gceannas ar Ghaillimh agus Ros Comáin é. Tugann Donncha Ó Súilleabháin le tuiscint in Na Timirí i ré tosaigh an Chonartha, 1990 gur minic a bhíodh sé i dtrioblóid leis na húdaráis i rith na tréimhse go 1921. Bhí sé ina rúnaí dúiche i gContae Mhaigh Eo an bhliain sin agus chaith a lán dá chuid ama ag múineadh Gaeilge do mhúinteoirí náisiúnta. Níorbh annamh na ranganna ina theach féin aige. Ag múineadh faoin gComhairle Contae a bheadh sé feasta.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha gach bliain ó 1922 go 1931 agus bhí ina rúnaí ag Dáil Chonnacht cuid den am sin agus ina dhiaidh. Bhí dioplóma i léann na Gaeilge aige agus thugadh sé léachtaí i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus i gColáiste Dhún Chéirí. I ndeireadh a shaoil oibre bhí sé ina ardmháistir sa cheardscoil i gCaisleán Riabhach, Co. Ros Comáin. Dúradh in Roscommon Herald 5 Iúil 1952 go mbíodh sé ag múineadh i gColáiste Chloch Chionnfhaolaidh. Bhí baint aige ar feadh tamaill le Coláiste Chonnacht sa Spidéal agus is ann a casadh air an bhean a phós sé, Caitlín Ní Mhaoldomhnaigh, múinteoir scoile ón bhFiacail, Co. an Chláir. Bhí beirt mhac agus ceathrar iníonacha acu: ainmníodh an coláiste réigiúnda teicneolaíochta i gCeatharlach as duine díobh, Austin Waldron.

Nuair a d’éirigh sé as obair chuaigh sé féin agus a bhean chun cónaithe sa bhFiacail. Deir Eoghan Ó Ceallaigh: ‘Ba í an véarsaíocht dob ansa leis ariamh agus bhí sé curtha roimhe aige leabhar urnaí i véarsaí a scríobh nuair a thiocfadh seal an díomhaointis. Fairíor, níor éirigh leis mar gur theip radharc na súl air tamall tar éis éirí as an múinteoireacht’. D’éag sé 28 Meitheamh 1952 san Fhiacail agus tá sé curtha ansin, in aon reilig le Brian Merriman.

I dtuairisc ar chomhdháil na múinteoirí Gaeilge in Fáinne an Lae, Bealtaine 1928, tá an abairt seo: ‘Pilib de Bhaldraithe a thug an tríú léacht. Léacht bhreá mhór fhada ar na seanscéalta. Bhéarfá mionna gur thíos a chois tine sa Ghaeltacht a bhí tú ag éisteacht le seanduine’. Séamus Ó Grianna a bhí ina eagarthóir ar an bpáipéar ag an am agus is dóigh gurbh eisean a scríobh an teistiméireacht sin ar a fheabhas a bhí an teanga ag Pilib.

Faoi ‘Bhaldraithe’ a bhí an fógra báis agus is faoin leagan sin a scríobh sé aistí agus scéalta agus ábhar béaloidis in An Lóchrann, An Claidheamh Soluis, Timire Chroí Naofa Íosa, Irisleabhar Mhaigh Nuad, An Chearnóg, Béaloideas... .

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú