Ó GACHÁIN, Mártan (1882–1959)

Thug Mártan Ó Gacháin dhá scór bliain dá shaol ag múineadh agus ag cur na Gaeilge chun cinn i gContae Ros Comáin agus roimhe sin i ndeisceart Thír Eoghain. Ar an Tearmann, le hais Chuan an Fhóid Duibh, i bparóiste na Cille Móire i nGaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo, a saolaíodh é in 1882. Ba é an ceathrú duine ba shine de sheisear mac a bhí ag Pádraig Ó Gacháin, feirmeoir beag as an mbaile sin agus ag a bhean, Áine Ní Niadh (Needham), arbh as Dumha Thuama, trasna an Chuain, di.

D’fhreastail Mártan ar Scoil Náisiúnta na hEachléime as a bhfuair sé scoláireacht chuig Coláiste Naithí i mBealach an Doirín, Co. Ros Comáin. Ní hamháin go raibh sé ina mhac léinn ansiúd ach leagadh an cúram air freisin roinnt de na ranganna Gaeilge a mhúineadh sa choláiste.

Aon bhliain déag d’aois a bhí an Gachánach nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, eagraíocht a raibh sé go mór faoina hanáil agus é ag teacht in aois fir agus ina dhiaidh sin arís agus é ag déanamh dó féin agus dá chlann. Ní raibh an Conradh i bhfad ar an bhfód nuair a thosaigh siad ag eagrú feiseanna in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus bhuaigh Ó Gacháin duaiseanna ag Feis Mhaigh Eo i gCathair na Mart in 1904 agus ag an gcéad fheis riamh a reáchtáladh i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, an bhliain chéanna. Ar na daoine a rinne moltóireacht ag cuid de na feiseanna sin bhí Dubhghlas de hÍde agus Pádraig Mac Piarais, agus deir Monica Paton, iníon le Mártan Ó Gacháin, atá ag cur fúithi i Sasana anois, gurbh iadsan a mhol dá hathair freastal ar Choláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh, áit ar oileadh é mar mhúinteoir Gaeilge in 1905.

Faoin tráth sin, bhí sé ag obair mar mhúinteoir taistil de chuid an Chonartha ar an Droim Mór i ndeisceart Thír Eoghain, áit a raibh ball de Choiste Gnó na heagraíochta, an tAthair Maitiú Maguidhir, thar a bheith gníomhach i gcur chun cinn na teanga. Faoina stiúir siúd bhí fear eile as Maigh Eo, Pilib de Bhaldraithe, ag obair i dTrileac, láimh leis an áit a raibh Mártan. Blianta ina dhiaidh sin bhí an Gachánach agus de Bhaldraithe mar chomhghleacaithe arís ag déanamh na hoibre sin i gContae Ros Comáin.

D’fhill Mártan Ó Gacháin ar thuaisceart Ros Comáin in 1908 agus thug sé faoi mhúineadh na Gaeilge sa cheantar sin agus freisin i gColáiste Naithí, an áit a bhfuair sé a chuid meánscolaíochta agus áit ar theagasc sé go rialta go ceann dhá bhliain is fiche eile.

Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis go raibh sé ag saothrú go dian dícheallach i mBealach an Doirín, i gCeathrú an Chaisil agus i nGoirtín. Mar chuid dá dhualgas, thaistil sé an dúiche ar a rothar ag múineadh Gaeilge sna bunscoileanna, d’eagraigh sé ranganna oíche agus bhunaigh sé feiseanna.

Ós rud é nach raibh scoileanna traenála ag an Stát ina raibh oiliúint dhátheangach á fáil ag ábhair oidí, thug na húdaráis stádas oifigiúil do scoileanna samhraidh an Chonartha chun sin a chur ina cheart agus bhíodh Ó Gacháin i mbun teagaisc acu siúd. Ag tagairt do chuairt a thug cigire Roinne ar cheann a raibh sé ina bhun, thuairisc an Strokestown Democrat go ndúirt seisean ‘that the senior class of teachers taught by Martin Gaughan passed with distinction, paying special tribute to his teaching.’

Sa bhliain 1922, d’fhostaigh Comhairle Contae Ros Comáin, le cúnamh ón Roinn Talmhaíochta agus Ceardoideachais, ceathrar múinteoirí Gaeilge lánaimseartha. Bhí Mártan ar dhuine acu, mar a bhí a sheanchara Pilib de Bhaldraithe. An Móinteach, Ail Finn, an Chraobh agus Eachroim na ceantair a bhí faoi chúram an Ghachánaigh. Lean sé air freisin ag eagrú feiseanna agus thuairisc an Democrat in 1923 nach amháin gurbh é a bhunaigh an chéad cheann a bhí i mBéal Átha na mBuillí riamh, ach gurbh é freisin a sheas costas cuid de na boinn a bronnadh.

Sa bhliain 1924 phós sé Mary McGarry as Dún Gar, Co. Ros Comáin. Chuir siad fúthu i dTuilsce agus in 1927 rugadh an duine ba shine dá gclann, Frank. D’athraigh siad as sin go Sráid Mhic Eochaidh i mbaile Ros Comáin féin. Ansiúd saolaíodh iníon dóibh, Maureen, ach bhásaigh sise agus gan í ach dhá bhliain agus naoi mí d’aois. Saolaíodh mac eile dóibh, Martin, agus iníon eile, Monica.

Nuair a bunaíodh na Coistí Gairmoideachais in 1930 fuair Mártan Ó Gacháin post mar mhúinteoir Gaeilge sa Ghairmscoil i Ros Comáin, post a bhí aige gur éirigh sé as in 1947. Chomh maith lena chúram sa seomra ranga, lean Ó Gacháin air ag eagrú feiseanna, aeraíochtaí, drámaí, ranganna Gaeilge agus céilithe ar fud an chontae. Bhí sé ar dhuine acu siúd a d’athbhunaigh Feis Chruachan, a bhí ligthe i léig le míle bliain, ón am a mbíodh a leithéid ag Ard-Ríthe Chonnacht a bhí curtha fúthu i Ráth Cruachan, agus ba é Mártan a bhí mar rúnaí ar Fheis Ros Comáin nuair a bhí Éamon de Valera i láthair ansiúd cúpla mí sula ndearnadh Taoiseach de in 1937. Mar aitheantas ar a chuid oibre ar son na Gaeilge, bhí Mártan agus a bhean chéile i láthair ag ocáidí in Áras an Uachtaráin in 1938 agus in 1939, ar chuireadh ó Dhubhghlas de hÍde.

Tar éis dó a dhul ar a phinsean, chuir Mártan Ó Gacháin faoi i mBaile Átha Cliath. Ba ansiúd a bhásaigh sé ar 7 Meitheamh 1959 agus tá sé curtha i Reilig Ghráinseach an Déin.

Mártan Ó Ciardha