Bhí an múinteoir seo ina príomhoide i Scoil Bhríde, ceann de na bunscoileanna ba Ghaelaí, lasmuigh den Ghaeltacht, nuair nárbh ann go fóill do na Gaelscoileanna. Ba í Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh [Louise Gavan Duffy] in éineacht le hÁine Nic Aoidh, banchéile Earnáin de Blaghd, a bhunaigh Scoil Bhríde i 1917 ach ba mheánscoil phríobháideach í go dtí gur thug an Blaghdach, an tAire Airgeadais, isteach sa státchóras í i 1926 trí bhunscoil a dhéanamh di. Ach go ceann tamaill mhaith bheadh cuid éigin den meánoideachas le fáil sa scoil; is mar seo a chuireann Mairéad síos ar an ngné sin: ‘Bhí meán-bharr sa scoil an t-am sin mar d’fhanadh roinnt de na cailíní le cúrsa na meánteistiméarachta a dhéanamh’ (Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus Scoil Bhríde, 1993 in eagar ag Mairéad féin). Dá réir sin, scoil suaithinseach ba ea í i ngeall ar a raibh de mheasúlacht ag baint léi: gurbh iníon le duine de cheannairí na nÉireannach Óga an príomhoide anuas go 1944 agus go raibh sí in Ardoifig an Phoist in Éirí Amach 1916; an bhaint stairiúil a bhí ag an Scoil le Scoil Ídean Phiarsaigh; gaol ar leith a bheith ag an scoil lena comharsa in Ardán Phort an Iarla, Coláiste na hOllscoile. Tá cuntas iarbháis ar Mhairéad in Foinse 25 Meán Fómhair 2005 agus beagán eolais ar a saol sa leabhar sin ar stair Scoil Bhríde.

I nDumha Locha i nGaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo, a rugadh Mairéad ar 16 Nollaig 1917. Ba iad Micheál Ó Gacháin, saor cloiche a raibh feirm bheag aige, a hathair agus ba í Eibhlín Ní Mháille a máthair. Ba í an dara duine de mhuirín mhór í. Aint ba ea í leis na hiriseoirí Póilín agus Áine Ní Chiaráin. Tar éis bunoideachais i nDumha Locha cuireadh meánoideachas uirthi i gColáiste Ullmhúcháin Thuar Mhic Éadaigh. Cháiligh sí mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí i 1938. Bhí Scoil Bhríde ar tí cúntóir breise a cheapadh agus bhí d’ádh ar Mhairéad – nó de luach saothair – gur chuir an Coláiste a hainm i liosta chuig an Scoil. Iníon Uí Dhufaigh a chuir agallamh uirthi agus ceapadh í sa phost i mí na Samhna 1938, coicís sula raibh sí bliain is fiche d’aois. I measc na múinteoirí a fuair sí ann roimpi bhí Máire Ní Chathaláin, a bheadh ina príomhoide i Scoil Lorcáin, agus Máire Ní Cheallacháin, iníon le David O’Callaghan, múinteoir cáiliúil Árann, a bheadh ina príomhoide sa scoil ar feadh 1944-50. Chaith Mairéad seacht mbliana faoi shonas ann sularbh éigean di filleadh abhaile i ngeall ar dhrochthinneas. Nuair a tháinig biseach uirthi chaith sí tamaill ag múineadh i nGaoth Sáile agus i gCnoc an Logha sular ceapadh í i Scoil Dhumha Locha. ‘Chaith sí sé bliana ansin ó 1946 go 1952 agus bhí roinnt dá hiarscoláirí ón tréimhse sin ag tochailt a huaighe agus á líonadh ar lá a curtha, nós áitiúil a thaitin i gcónaí léi’ (Foinse).

Bhí sí ar ais i Scoil Bhríde ó 1952 go 1970, na trí bliana deiridh díobh ina príomhoide ann. Bhí post múinteora ag deirfiúr léi i Sligeach agus sin a tharraing go dtí an baile mór sin í agus chaith sí deich mbliana ag teagasc i Scoil Chaitríona, Clochar na Trócaire. ‘Ba spéis léi i gcónaí iad siúd a bhí ar an ngannchuid agus chaith sí tréimhse ag teagasc lucht siúil i Sligeach’ (Foinse). I ngach áit a raibh cónaí uirthi, i mBaile Átha Cliath agus i Sligeach go háirithe, bhí sí bainteach le gluaiseacht na Gaeilge trína bheith páirteach in obair an Réalt nó an Chonartha nó ina ball de cibé cumann Gaelach nó ciorcal comhrá a bhí ann. Bhí spéis aici i stair Dhumha Locha, i stair a seanscoile féin go háirithe. D’éag sí ar 6 Meán Fómhair 2005.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú