I Sráid Phádraig, Mainistir Fhear Maí, mar a raibh siopa agus teach ósta ag a hathair James Aherne, a saolaíodh í 31 Márta 1895. De réir Dhaonáireamh 1901 bhí Gaeilge ag James agus ag a bhean Ellen O’Brien. Beirt mhac agus triúr iníonacha a bhí acu sa teach an oíche úd i 1901 agus ba í Seosaimhín an duine ab óige díobh. Tar éis meánoideachais i Scoil Loreto bhain sí BA amach sna nuatheangacha sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Mhúineadh sí rang sinsearach Chonradh na Gaeilge i Mainistir Fhear Maí, le linn di bheith ar saoire, dar le Pádraig Ó Braoin in An dá shaol, 1983.

Bhí a céad phost aici i gCoillte Mach agus ansin fuair sí post múinteora sa chlochar Ursalach i nDurlas. In Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus Scoil Bhríde, 1993 in eagar ag Mairéad Ní Ghacháin, áirítear í i measc na múinteoirí a bhí ann nuair a bunaíodh an scoil 5 Meán Fómhair 1917. Bhí baint aici le Conradh na Gaeilge ansiúd agus casadh uirthi Piaras Mac Cana. Bhí sé ar an duine ba cheannasaí sa ghluaiseacht náisiúnta i dTiobraid Árann. Bhí sé socair acu pósadh ach d’éag seisean i bpríosún Gloucester den fhliú mór Márta 1919.

Bhí sí gníomhach i gCumann na mBan i dTiobraid Árann Theas agus i mBaile Átha Cliath agus faoin sos cogaidh bhí sí ina ball de choiste gnó an chumainn.

Phós sí James Mac Neill (1869–1938), deartháir Eoin Mhic Néill, i 1923. Bhí a shaol gairmiúil anuas go 1914 caite aige i seirbhís Impireacht na Breataine. Thacaigh sé leis an ngluaiseacht náisiúnta a luaithe a d’fhill sé abhaile. Ó 1923 go 1928 bhí sé ina Ard-Choimisinéir ag an Saorstát i Londain. Ceapadh ansin é ina Phríomh-Ghovarnóir i gcomharbacht ar Thadhg Ó hÉalaithe. Deir Pádraig Ó Braoin gur sa Chlub Éireannach a casadh ar a chéile iad an chéaduair. Dúradh ag an am go raibh Seosaimhín ábhairín róreibiliúnach mar bhean ag Príomh-Ghovarnóir. Ach ba mhór an chabhair aige í. ‘A woman of noted charm and intelligence; her success as a hostess in the Viceregal Lodge was widely acclaimed in newspapers of the time .... This apparently conventional woman with the air of a hostess in a Pinero play was an adventurous and romantic spirit’ (Irish Times 21 Samhain 1969). Ach deirtear freisin go raibh sí an-chúthaileach agus gurbh amhlaidh gur chabhraigh Lady Lavery go mór léi chun dualgais shóisialta na hoifige a chomhlíonadh.

Nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht 1932 thosaigh de Valera agus a airí rialtais ag caitheamh go tarcaisneach leis an oifig agus briseadh Mac Néill as a phost nuair a d’fhoilsigh sé an comhfhreagras a bhí aige le de Valera.

Cheangail sí le Clann na Poblachta sna 1940idí agus ceapadh í mar Aire na hÉireann sa Háig Feabhra 1950. Ba é an chéad uair in Éirinn é post dá leithéid a bheith ag bean. Chaith sí tréimhsí mar ionadaí san Iorua, sa tSualainn agus san Ostair. Ba í ionadaí na hÉireann í ag Comhdháil UNESCO i bPáras 1949.

Pianadóir maith ba ea í agus an-spéis aici i gceol, sa cheol traidisiúnta go háirithe. Bhí spéis aici sna healaíona i gcoitinne agus toghadh í ina ball den Chomhar Cultúra. Bhí sí tamall ina cathaoirleach ar choiste gnó Bhantracht na Tuaithe. Níor scríobh sí ach an t-aon leabhar amháin: Finnsgéalta ó India, 1933 (aistriúchán).

Bhí cónaí uirthi ag 29 Ascaill Pháirc Leeson, Baile Átha Cliath. D’éag sí 20 Samhain 1969 agus tá sí curtha i reilig Chill Bharróg, Co. Bhaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú