‘Le breis is trí scór bliain anuas tá Tomás de Bhaldraithe ag plé le léann na Gaeilge. Is beag duine nach n-admhódh go bhfuil a chuid oibre i rith na mblianta sin tar éis cur go mór le stádas na Gaeilge sa saol acadúil agus sa tsochaí trí chéile’; is mar sin a bhain Vivian Uíbh Eachach an ceann dá agallamh fada le Tomás in Comhar, Feabhra agus Márta 1995. Ba bheag gné de shaol na Gaeilge nach raibh baint aige léi: ról ceannasach aige sa bhfoclóireacht 1945–94; tacaíocht á tabhairt aige go leanúnach don fhoilsitheoireacht agus don nualitríocht; poist thábhachtacha aige in eagraíochtaí deonacha agus in institiúidí. Léiriú ar a ghníomhaíocht agus ar mhéid a thionchair is ea go raibh sé: ina bhall de Choiste Riartha Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1973–79); ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha (1981-96); ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Scoil an Léinn Cheiltigh (1985–95); ina Leas-Uachtarán arAcadamh Ríoga na hÉireann (1965-66 agus 1981–83); ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Merriman in 1967 agus ina chathaoirleach 1973–76; ina chathaoirleach ar an gClóchomhar ar feadh i bhfad; ina Éarlamh ar Oireachtas na Gaeilge in 1991.

Chuir Seosamh Watson eagar ar Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe (1986). Chuir Proinsias Mac Aonghusa eagar ar Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997); chomh maith le haistí ann lena dheirfiúr Caitlín, lena chliamhain Máirtín Ó Flathartaigh, a iníon Clíona agus a mhac Pádraic, tá cuntais ann ag Liam de Paor, Proinsias Mac Aonghusa, Proinsias Mac Cana, Seán Mac Réamoinn, Eilís Ní Bhrádaigh, Anraí Ó Baoighealláin, Art Ó Beoláin, Tomás Ó Concheanainn, Brian Ó Cuív, Stiofán Ó hAnnracháin, Éamonn Ó hÓgáin, Máirtín Ó Murchú, Úna Uí Bheirn, agus Seosamh Watson, chomh maith lena ndúirt Micheál Mac Craith OFM ag Aifreann éagnairce Thomáis agus le leabharliosta cuimsitheach le Marion Gunn. In Anois 27-28 Aibreán 1996 tá cuimhní agus eolas ag Máirtín Ó Murchú. In Comhar, Meitheamh 1996 tá ómós tugtha dó ag an eagarthóir, agus in Feasta, Iúil 1996 tá an óráid a thug Proinsias Mac Aonghusa ag a uaigh i nGráinseach an Déin, Baile Átha Cliath, 27 Aibreán 1996. Diarmuid Ó Sé a scríobh a bhfuil in Éigse, 1997.

I mBaile na Cora, Luimneach, a rugadh é 14 Nollaig 1916. Ba é an tríú duine clainne agus an mac ba shine é ag Patrick Waldron agus Elizabeth McNamara. Bhí triúr deirfiúracha aige agus deartháir. B’as an Maigh Mhín idir Carraig an Chobhaltaigh agus Cill Chaoi i gContae an Chláir don mháthair ach i Luimneach a bhí cónaí uirthi ó bhí sí ina leanbh; cainteoir dúchais Gaeilge ba ea a hathair, John McNamara as Cill Chleitheáin sa dúiche sin. Dúirt Tomás le Risteárd Ó Glaisne in Inniu 8 Nollaig 1972: ‘Bhí an Ghaeilge ó dhúchas ag mo sheanathair ... ach níor thuig mé an tábhacht a bhí leis sin, cé go mba cheart dom é a thuiscint, mar bhí mé ar an ollscoil sular cailleadh é.’ Col ceathar ba ea é le Ceit, banchéile Shéamais Daltún agus bhí siad a dó is a dó i ngaol le chéile: cúpla ba ea aithreacha Cheit agus Thomáis agus deirfiúracha a máithreacha. B’as an Aonach, Co. Thiobraid Árann, d’athair Thomáis agus ba í a obair in oifig an phoist a thug go Luimneach é; bhí Gaeilge foghlamtha aige i gConradh na Gaeilge agus náisiúnaí ba ea é agus b’in é an fáth ar baisteadh ‘Tomás Mac Donnchadha’ ar Thomás. Bhí sé ar scoil i bPáirc Mhucrois ar dtús agus ó 1926 go 1934 i gColáiste Belvedere mar a raibh Tadhg Ó Murchadha mar mhúinteoir Gaeilge aige tamall. In 1933 d’fhreastail sé ar chúrsa in Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh i gCois Fharraige; i rang Mháirtín Uí Fhlathartaigh a bhí sé, fear a bpósfaí a dheirfiúr Máire leis ar ball. ‘Chuir mé suntas i nGaeilge Thomáis, cé go mbíodh sé cúthaileach, mall-labhartha ag caint liom an chéad bhliain sin, bhíodh ceart agus cruinneas i gcónaí ina chuid cainte. D’fhan an mhallbhriathracht leis go dtí an deireadh, mórán, é ag tomhas na bhfocal mar a shamhlófá’ (Ó Flathartaigh). D’fhreastail sé ar chúrsa 1935 san Ardscoil freisin. Ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile in 1934 agus in 1937 fuair céim BA le céad onóracha i bhFraincis agus i nGaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Thug scoláireacht taistil sna nua-theangacha go Páras é in 1938 agus bhí sé ag plé leis an léann Ceilteach, le litríocht mheánaoise na Laidine agus le hábhair eile san École des Hautes Études sa Sorbón agus dhéanadh freastal ar léachtaí Joseph Vendryes faoin teangeolaíocht. ‘Dá n-éiríodh leis fanacht i bPáras tharlódh gur le taobh na litríochta a chlaonfadh sé de réir a chéile, mar bhí an tréith sin ann, ach ní raibh sin i ndán dó’ (Anois). D’fhill sé abhaile nuair a thosaigh an cogadh agus fuair cead an dara bliain den scoláireacht a chaitheamh i gCois Fharraige. ‘Is dócha gurbh é cor na ciniúna fé ndeara dó dul i dtreo na teanga labhartha a oiread is a dhein’ a deir Diarmuid Ó Sé ina thaobhsan. Chaith sé dhá bhliain sa Teach Mór taobh thiar den Spidéal. Bhí céim mháistir le céad onóracha faighte aige sa Ghaeilge in 1939 lena thráchtas ar bhunús na haislinge. In 1941 agus é i gCois Fharraige go fóill chuir sé isteach ar phost i Scoil an Léinn Cheiltigh agus bhí sé ar dhuine díobh sin a ceapadh chun obair a dhéanamh ar chanúintí na Gaeilge. Rinne sé féin, Brian Ó Cuív, Risteard B. Breathnach agus Donn Piatt cúrsa foghraíochta faoi Eibhlín Evans in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus cuireadh siar go Cois Fharraige é chun leabhar foghraíochta a scríobh. Baineann aiste Uí Mhurchú (‘Ceann Easna agus Pairifín: printís an scoláire 1941-43’) in Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde le fadhbanna a bhain le taighde a dhéanamh i measc an phobail aimsir an chogaidh, ar cheann díobh an ganntanas pairifín, agus le ceisteanna a bhain lena choinníollacha oibre. Deir Ó Murchú: ‘Printís mhaith san umhlaíocht d’aon scoláire óg is ea an taighde i measc an phobail, agus bhí le haithint riamh ar Thomás, ar a láichí agus ar a mhodhúlacht, go raibh an mhúnláil sin air. . . ’. Bhronn Ollscoil na hÉireann Ph.D air 25 Iúil 1942. D’éirigh sé as a phost san Institiúid 15 Samhain 1943 agus thosaigh ag obair mar Léachtóir Cúnta sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 16 Samhain. Ceapadh é ina Léachtóir Reachtúil in 1952. D’fhoilsigh an Institiúid The Irish of Cois Fhairrge, Co. Galway: a phonetic study (1945) agus Gaeilge Chois Fhairrge: an deilbhíocht (1953). Deir Diarmuid Ó Sé: ‘Ní miste a rá go bhfuil an dara leabhar acu san ar cheann de na trí saothair is suaithinsí ar an nGaeilge labhartha go dtí seo, fara Irish dialects past and present, with chapters on Scottish and Manx (O’Rahilly) agus Linguistic atlas and survey of Irish dialects Wagner.’

In 1936 bhí sé ina rúnaí ag Cumann Gaelach an Choláiste agus bhí ról tábhachtach aige i mbunú an Chomhchaidrimh in 1936; bhí sé ina uachtarán air in 1938. Nuair a bhí an eagraíocht idir-ollscoile sin ar tí a n-iris Comhar a thabhairt ar an saol i mBealtaine 1942 ceapadh Tomás ina leaseagarthóir. Ceapadh é ina eagarthóir ar an English-Irish Dictionary in 1945. In Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde tugann Eilís Ní Bhrádaigh cuntas ar an tionscnamh seo, ar na fadhbanna go léir a bhain le cúrsaí téarmaíochta, ar a chomghleacaithe san obair, agus ar an gcaoi ar fhoghlaim sé conas déileáil leis na ranna stáit chun an obair a bhrú chun cinn. Foilsíodh é in 1959 agus tháinig mórchuid clónna amach ó shin. Sa chaibidil a chuir sé le Gaelic literature surveyed le hAodh de Blacam deir Eoghan Ó hAnluain: ‘A pervasive and for the most part beneficial influence on Irish usage over the past ten years has been Tomás de Bhaldraithe’s English-Irish Dictionary (1959). It has, to a great extent, standardised terminology and fulfilled its purpose of providing “Irish equivalents for English words and phrases in common use”. It has been perhaps the most practical contribution of scholarship to writing in Irish’ (i gcló ag Ní Bhrádaigh). Ba é an locht ba mhinice a d’fhaightí air nár tugadh eagrán nua amach i rith breis mhaith is daichead bliain; dar le Tomás go raibh sé inmhianaithe eagrán nua a thabhairt amach gach séú bliain. Rinne sé an réamhobair le haghaidh Foclóir Gaeilge-Béarla (1977) agus bhí ina Eagarthóir Comhairleach 1959–77. Chuir sé as go mór dó nuair a chuala sé nach raibh i gceist go mbeadh a ainm ar an gclúdach agus d’fhéach sé chuige go mbeadh. In agallamh le Liam Ó Muirthile (Comhar, Aibreán 1989) mhaígh Niall Ó Dónaill nach raibh ann ach clúdach trialach ach gur shíl Tomás gurbh in é an clúdach a bhí le bheith ann; dhearbhaigh sé nach raibh achrann riamh eatarthu. Ba mhinic Niall rannpháirteach i gclár cáiliúil raidió Thomáis, Fadhbanna Gaeilge.

Bhí sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, 1960–78. Theastaigh uaidh go speisialta go gcuirfí feabhas ar mhodhanna múinte na teanga labhartha; bhí teanglann feicthe aige sa bhFionlainn agus chuir a leithéid ar bun sa choláiste. Rud eile a rinne sé chun spéis a mhúscailt sa chaint bheo ba ea Cartlann na gCanúintí a bhunú. Chuir a fheabhas a bhí eacnamaíocht na tíre i rith na 1960idí ar a chumas cur go mór le líon na foirne. D’fhág sé cathaoir na Nua-Ghaeilge in 1978 agus ceapadh é ina ollamh le Canúineolaíocht na Gaeilge, post a bhí aige go 1986. Ó 1976 go 1994 bhí sé ina Phríomh-Eagarthóir ar Fhoclóir Stairiúil Nua-Ghaeilge Acadamh Ríoga na Éireann. Is mar seo a chuir sé síos ar chineál an fhoclóra sin in Comhar, Márta 1995: ‘Ní foclóir teagascúil é ach foclóir tuarascálach, a thabharfaidh, tá súil agam, tuairisc chruinn ar an gcineál Gaeilge a bhí á labhairt sa nGaeltacht agus a bhí á scríobh ón lá inniu siar go dtí an séú céad déag.’ Ó thús is é a bhí beartaithe gurbh i nGaeilge ar fad a bheadh sé, gurbh i nGaeilge, mar shampla, a bheadh na sainmhínithe go léir. Bhí sé ina Eagarthóir Ginearálta ar na seacht n-imleabhar sa tsraith Deascán foclóireachta (1981–89). Chuir sé eagar freisin ar: Nuascéalaíocht 1940-1950 (1952); Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire (1956); Seacht mbua an Éirí Amach (1967) le Pádraic Ó Conaire; Cín lae Amhlaoibh (1970); Seanchas Thomáis Laighléis (1977); Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin (1985) le Tomás Ó Cléirigh. In The diary of Humphrey O’Sullivan 1827-1835 (1979) d’aistrigh sé na sleachta a bhí roghnaithe aige in Cín lae Amhlaoibh. Ach tugann na 117 alt atá liostaithe ag Marion Gunn tuairim níos fearr ar ilghnéitheacht agus leithne a scoláireachta.

D’éag sé go tobann agus é ag seoladh leabhair le Diarmaid Ó Muirithe, The words we use, i gClub na nEalaíon, Baile Átha Cliath, 24 Aibreán 1996. Pósadh é in 1943 le Vivienne Ní Thoirdhealbhaigh agus bhí naonúr clainne acu, seisear mac agus triúr iníonacha; le Gaeilge a tógadh iad. ‘Ní féidir saol ná saothar Thomáis de Bhaldraithe a mheas mura gcuimhnítear gur dílseoir teangan a bhí ann ó thús deireadh’, dar le Diarmuid Ó Sé. Sa chuntas úd in Anois deir Máirtín Ó Murchú: ‘Ar phobal na Gaeltachta go speisialta a bhí a mheas i gcónaí; ba dhóibh ba sheasmhaí riamh a chion. . . . Ní raibh aon duine san aimsir dhéanach leasaitheach seo a tháinig in aon chóngar dá dhílseacht sin don teanga agus do lucht a labhartha.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú