Ó FLATHARTAIGH, Máirtín (1912–2005)

Ba é príomhbhunaitheoir an Chomhchaidrimh é; ba é a mhol an chéad lá go mbunófaí é agus ba é an chéad uachtarán ar an eagraíocht sin é (‘Bunú an Chomhchaidrimh’ in An Comhchaidreamh, crann a chraobhaigh: cnuasach aistí, 1985 cóirithe ag Stiofán Ó hAnnracháin). Tá cuntas iarbháis in Irish Times 19 Márta 2005 agus tá cuimhní T. K. Whitaker agus Ruairí Uí Uiginn i gcló in Comhar, Meitheamh 2005. Deir Ó hUiginn faoin gComhchaidreamh gurb ‘as nó tríd nó lena chabhair a tháinig ann do Comhar, do Ghael Linn, don Chlóchomhar, do Chumann Merriman, agus dá lán eile a chuaigh agus a théann fós chun leasa na teanga is na saoithiúlachta Gaelaí’. Ó 1959 go ndeachaigh sé ar pinsean i 1978 bhí sé ina Rúnaí in Oifig Rúnaí an Uachtaráin ag ceathrar d’Uachtaráin na hÉireann: De Valera, Childers, Ó Dálaigh agus Ó hIrghile. Post é a bunaíodh in Acht Teaghlachais an Uachtaráin (1938) agus post é a bhí ar chomhleibhéal le Rúnaí Roinne sa chuid eile den státseirbhís.

Sa Chaorán Mór, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 11 Samhain 1912. Ba é an duine ab óige é den seachtar clainne a bhí ag Colm Ó Flathartaigh (1872-1919) ón gCaorán Mór agus Bríd Bhreathnach (1867-1952) as Poll Uí Mhuirinn, Garmna. Baintreach ba ea Bríd nuair a phós sí Colm agus bhí triúr páiste aici lena céad fhear, Micheál Mac Donnchadha. Ní raibh Máirtín ach seacht mbliana d’aois nuair a cailleadh a athair den fhliú mór i 1919. Chuaigh an muirín ar fad, seachas Máirtín agus a dheartháir Vail, ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí aintín Mháirtín, Bríd Ní Fhlathartaigh, pósta le Seán Ó Conchubhair, príomhoide Scoil na hAirde i gCarna; ní raibh aon chlann orthu agus thug siad Máirtín chun cónaithe leo ar an Aird. Sin a chuir ar a chumas scoláireacht a bhuachan go Coláiste Iarlatha, Tuaim, agus ina dhiaidh sin go Coláiste Sheosaimh, Béal Átha na Sluaighe (‘Garbally’). Mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe bhí sé gníomhach ag pointe amháin in ocht gcinn de na cumainn, rud nárbh annamh i measc a chairde. ‘Níor fhágamar obair na gcumann sin gan déanamh ar ndóigh, ach cheangail muid Gaeilge le gníomh is le gustal. Ba é a thoradh sin ar fad, toradh ár mbeartais, go mbíodh an-chuid Gaeilge le cloisteáil faoi áirse an Choláiste agus i hallaí cruinnithe, rud a d’fhág a rian ar roinnt mhaith de chéimithe óga na linne sin.’

Chuir Séamus Mac Mathúna, Rúnaí um Ghnóthaí Acadúla, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tuairisc seo ar réim Mháirtín sa Choláiste Ollscoile chuig Donla Uí Bhraonáin, iníon le Máirtín, 15 Samhain 2006: ‘Tháinig sé isteach i 1931 agus ceann de Scoláireachtaí na Gaeltachta ón Roinn Oideachais aige - mar a bhí aige gach bliain suas go dtí deireadh 1936-7. Bhain sé amach Céadonóracha san BA i 1934 agus san MA i 1936. Ceapadh ina Chúntóir le Ranganna Comhrá é i 1935-6 agus 1936-7, agus bhí sé mar ionadaí ag an Ollamh T. Ó Máille ar feadh seachtaine i Nollaig 1936. In Eanáir 1937 d’íoc an Coláiste táillí de £7.5.0 le hOllscoil Bangor ina leith – é sin ar iarratas ón Roinn Oideachais, a d’íoc ar ais leis an gColáiste an méid sin. Ar 8 Deireadh Fómhair 1937 ceapadh ina chúntóir sealadach le Gaeilge é go dtí go líonfaí an Chúntóireacht sin. Chuir sé isteach ar an bpost ach níor éirigh leis. I Meitheamh 1938 bhí sé mar iarrthóir ar an Ollúnacht le Sean- agus Meán-Ghaeilge agus Fileolaíocht Cheilteach, ach cuireadh san tríú háit é. Ghnóthaigh sé Duais (seachas Scoláireacht) Chiste Theach an Ard-Mhéara sa Ghaeilge i 1934.’

Mar chomhalta den Chumann Éigse agus Seanchais a bhí sé i láthair oíche Dhomhnaigh an 17 Feabhra 1935 in Óstán Eglinton, Bóthar na Trá, Gaillimh, ag díospóireacht idirollscoile, agus mhol sé comheagraíocht a bhunú, rud ar aontaigh teachtaí eile chumainn Gaelacha na n-ollscoileanna leis go fonnmhar. Bhí de thoradh ar an moladh sin gur bunaíodh an Comhchaidreamh ag cruinniú de theachtaí na gCumann Gaelacha in 86 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, 30 Márta 1935. Máirtín a toghadh mar chéad uachtarán. Mar chomhaltaí coiste toghadh E. Ní Mhórdha (Ollscoil na Ríona), Riobard Mac Laghmainn, Ruairí Ó Brolcháin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), Conchubhar Ó Cuileanáin, Caoimhín Ó Góilí mar Rúnaí, David Greene mar chisteoir, G. Mac Oscair (Ollscoil na Ríona), Seán Ó Tuama, Pádraig Ó Finneadha. Ag Comhdháil 1941 an Chomhchaidrimh ba é Máirtín a mhol go mbunófaí coiste chun iris a fhoilsiú. Dá thoradh sin a tháinig Comhar ar an saol an bhliain dár gcionn agus bhí Máirtín ina bhall den chéad choiste.

Bhí sé ag múineadh Gaeilge i rang na ndéagóirí sa samhradh in Ardscoil Mhichíl Bhreathnaigh ó 1933 agus is ann a chuir sé aithne ar Thomás de Bhaldraithe. Phós sé Máire, deirfiúr Thomáis, in Aibreán 1942 agus ba é Tomás a sheas leis. Tá cuntas ar a chaidreamh le Tomás in Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde, 1997, in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa.

Tar éis dó MA a fháil sa Léann Ceilteach thug scoláireacht taistil é go hOllscoil Bangor ag foghlaim Breatnaise agus teangacha Ceilteacha eile. Bhí tionchar mór ag Tomás Ó Máille air. Deir Ó hUiginn: ‘Níor chuir sé iontas orm nuair a dúirt sé liom go raibh sé i gceist aige dul leis an saol acadúil, agus gurbh é sin a bhí i gceist ag an Máilleach dó. Ag réiteach chuige sin a bhí sé nuair a buaileadh an Máilleach tinn agus nuair a cailleadh é tamall ina dhiaidh sin.... Chuir sin Máirtín dá chúrsa agus b’éigean dó gairm eile beatha a leanacht, rud a rinne sé go héifeachtach dearscnaitheach.’ Ceapadh é ina bhall den Choiste Téarmaíochta sa Roinn Oideachais ar bhás Uí Mháille i 1938. Bhí sé ag tabhairt ranganna Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Chuir sé isteach ar phost mar oifigeach riaracháin sa státseirbhís i 1939 agus fuair an chéad áit sa chomórtas. Sa Roinn Gnóthaí Eachtracha a bhí sé ar dtús agus aistríodh é go dtí an Roinn Oideachais ar ball. Sna blianta luatha sin bhí sé ar phainéal na léitheoirí nuachta i Radio Éireann. Faoi 1959 bhí sé ina Rúnaí Cúnta sa Roinn nuair a ceapadh é ina Rúnaí in Áras an Uachtaráin. Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir an post sin agus post an rúnaí phríobháidigh. Deirtear gurbh amhlaidh a d’aithin de Valera cáilíochtaí Mháirtín ón uair a bhí sé féin ina Aire le Gnóthaí Eachtracha agus Máirtín mar dhuine dá fhoireann.

Ní raibh in Áras an Uachtaráin ach foireann bheag agus ar Mháirtín a thiteadh an chuid ba throime den obair eagraíochta a bhain leis na cuairteanna a thug ceannairí domhanda mar John F. Kennedy agus an Ginearál de Gaulle ar an Áras agus leis na turais thar lear a thugadh Uachtaráin na hÉireann. Anuas ar an ngnáthobair a bhain leis an rúnaíocht bhí air, i gcás de Valera go háirithe, súil a choimeád ar a raibh ag tarlú sa pholaitíocht. D’éag Erskine Childers agus gan é ach tamall san oifig agus d’éirigh Ó Dálaigh as go tobann nuair a mhaslaigh aire rialtais é. Deirtear san Irish Times: ‘The private secretary was able to provide some continuity during those unprecedented changes of president.’ Chuaigh sé amach ar pinsean i 1978. Dúirt sé leis an Uiginneach gur mhó an luí a bhí aige le stair ná le cúrsaí teanga agus litríochta; rinne sé cuid mhór saothair ar stair na Ceathrún Rua agus ar stair pharóiste an Chillín i rith a bhlianta deireanacha.

D’éag a bhean Máire 22 Aibreán 1985 agus d’éag sé féin i mBaile Átha Cliath ar 13 Márta 2005. Bhí ceathrar iníonacha aige agus mac. Cuireadh é i Reilig Ghráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú