I gCathair Luimnigh ar 3 Nollaig 1920 a rugadh Éamonn de hÓir, saineolaí ar logainmneacha na hÉireann. Bhí siopa báicéireachta ann ag a athair Eamonn. B’as an nGleann dóibh ó cheart ach d’aistrigh siad go dtí an chathair tar éis 1916. Bhí Éamonn (1895–1972) cairdiúil le Seán Mac Diarmada, é tráth ina gharda cosanta aige. Bhí sé páirteach in Éirí Amach 1916 agus is lena linn a bhuail sé lena bhean, Nóra Ní Dhálaigh. Ba í a thug scéala an Éirí Amach go dtí Cathair Chorcaí. Ba dheirfiúr í le Ned Daly (1891–1916) agus b’uncail léi an Fínín John Daly (1845–1916). Fuair Éamonn óg a chuid oideachais cois teallaigh i dtosach roimh dhul go dtí an scoil náisiúnta. Bhí Éamonn ar scoil sa Rinn i bPort Láirge ar dtús, ansin sa Mhodhscoil, bunscoil lán-Ghaelach i Luimneach agus ansin ag na Bráithre Críostaí, Sráid Sexton, Luimneach. Ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile agus bhain sé céim le honóracha amach tar éis cúrsa i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh sé sparánacht chun oiliúint a fháil san fhoghraíocht agus d’fhreastail ar chúrsa in Institiúid an Ard-Léinn. Bhain sé an chéim M.A. amach freisin.

Chaith sé tamall ag teagasc Gaeilge sa choláiste teicneolaíochta i Sráid Bholton i mBaile Átha Cliath. I 1943 fuair sé post i Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais. Bhí ag méadú ar a spéis sna logainmneacha agus in 1958 aistríodh é go dtí An Coimisiún Logainmneacha. Ó 1962 amach bhí sé ina Phríomh-Oifigeach Logainmneacha. Ba é a d’ullmhaigh Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969).

D’fhoilsigh Clóchomhar a chuntas ar a réamhtheachtaithe féin: Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí (1962). Chuir sé eagar ar Logainmneacha as Paróiste na Rinne, Co. Phort Láirge (1975). Tá “Sracfhéachaint ar logainmneacha Bhaile Átha Cliath” i gcló in Studia Hibernica Uimh. 15, 1975. Tá liosta iomlán a shaothair in Onoma: bulletin d’information et de bibliographie, Iml. XIX (1975), 3.

In 1963 ba é príomhbhunaitheoir an Chumainn Logainmneacha é agus ba é an chéad eagarthóir é ar a n-iris Dinnseanchas (1964-). Chabhraigh sé le dréachtú Acht Logainmneacha 1973.

In 1940 ceapadh é ina rúnaí cúnta ag an gComhchaidreamh agus bhí baint aige leis an eagraíocht sin ar feadh i bhfad. Bhuaigh sé duais ina gcomórtas litríochta le gearrscéal in 1945. Ghnóthaíodh sé duaiseanna Radio Éireann freisin le gearrscéalta a scríobh sé faoin ainm cleite “Muiris Ó Gormáin”.

Phós sé Siobhán Burns as Oakridge, Tennessee, agus bhí mac agus iníon acu. D’éag sé ar 20 Nollaig 1975. Bhí tuairiscí moltacha air i gcló sa North Munster Antiquarian Journal (1975) ag Máirtín Ó Flathartaigh agus ag Deirdre Flanagan san uimhir de Onoma atá liostaithe thuas.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú