DE hÓIR, Éamonn (1920–1975) Éamonn DE hÓIR Muiris Ó Gormáin 1920 1975 Luimneach M Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Uí Sheasnáin, Luimneach An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I gCathair Luimnigh ar 3 Nollaig 1920 a rugadh Éamonn de hÓir, saineolaí ar logainmneacha na hÉireann. Bhí siopa báicéireachta ann ag a athair Eamonn. B’as an nGleann dóibh ó cheart ach d’aistrigh siad go dtí an chathair tar éis 1916. Bhí Éamonn (1895–1972) cairdiúil le Seán Mac Diarmada, é tráth ina gharda cosanta aige. Bhí sé páirteach in Éirí Amach 1916 agus is lena linn a bhuail sé lena bhean, Nóra Ní Dhálaigh. Ba í a thug scéala an Éirí Amach go dtí Cathair Chorcaí. Ba dheirfiúr í le Ned Daly (1891–1916) agus b’uncail léi an Fínín John Daly (1845–1916). Fuair Éamonn óg a chuid oideachais cois teallaigh i dtosach roimh dhul go dtí an scoil náisiúnta. Bhí Éamonn ar scoil sa Rinn i bPort Láirge ar dtús, ansin sa Mhodhscoil, bunscoil lán-Ghaelach i Luimneach agus ansin ag na Bráithre Críostaí, Sráid Sexton, Luimneach. Ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile agus bhain sé céim le honóracha amach tar éis cúrsa i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh sé sparánacht chun oiliúint a fháil san fhoghraíocht agus d’fhreastail ar chúrsa in Institiúid an Ard-Léinn. Bhain sé an chéim M.A. amach freisin.

Chaith sé tamall ag teagasc Gaeilge sa choláiste teicneolaíochta i Sráid Bholton i mBaile Átha Cliath. I 1943 fuair sé post i Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais. Bhí ag méadú ar a spéis sna logainmneacha agus i 1958 aistríodh é go dtí An Coimisiún Logainmneacha. Ó 1962 amach bhí sé ina Phríomh-Oifigeach Logainmneacha. Ba é a d’ullmhaigh Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969).

D’fhoilsigh Clóchomhar a chuntas ar a réamhtheachtaithe féin: Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí (1962). Chuir sé eagar ar Logainmneacha as Paróiste na Rinne, Co. Phort Láirge (1975). Tá “Sracfhéachaint ar logainmneacha Bhaile Átha Cliath” i gcló in Studia Hibernica Uimh. 15, 1975. Tá liosta iomlán a shaothair in Onoma: bulletin d’information et de bibliographie, Iml. XIX (1975), 3.

I 1963 ba é príomhbhunaitheoir an Chumainn Logainmneacha é agus ba é an chéad eagarthóir é ar a n-iris Dinnseanchas (1964-). Chabhraigh sé le dréachtú Acht Logainmneacha 1973.

I 1940 ceapadh é ina rúnaí cúnta ag an gComhchaidreamh agus bhí baint aige leis an eagraíocht sin ar feadh i bhfad. Bhuaigh sé duais ina gcomórtas litríochta le gearrscéal i 1945. Ghnóthaíodh sé duaiseanna Radio Éireann freisin le gearrscéalta a scríobh sé faoin ainm cleite “Muiris Ó Gormáin”.

Phós sé Siobhán Burns as Oakridge, Tennessee, agus bhí mac agus iníon acu. D’éag sé ar 20 Nollaig 1975. Bhí tuairiscí moltacha air i gcló sa North Munster Antiquarian Journal (1975) ag Máirtín Ó Flathartaigh agus ag Deirdre Flanagan san uimhir de Onoma atá liostaithe thuas.